Fáilte

Is é atá ar an suíomh gréasáin seo bunachar sonraí ina bhfuil Achtanna an Oireachtais agus tiontuithe oifigiúla orthu, i gcás go bhfuil siad ar fáil, ón mbliain 1922 i leith. Tá téacs na nAchtanna sa dá theanga nasctha le chéile ionas gur féidir bogadh go héasca ó théacs Gaeilge Achta go dtí an téacs comhfhreagrach Béarla agus sa treo eile.

Is féidir teanga an chomhéadain a roghnú am ar bith trí chliceáil ar English nó Gaeilge i mbarr an leathanaigh. Níl aon tionchar ag teanga an chomhéadain ar fheidhmiúlacht an tsuímh. Fágann sé sin gur féidir téarmaí Béarla nó Gaeilge a chuardach sa bhunachar Achtanna trí Chuardach nó Cuardach Casta a úsáid gan beann ar theanga an chomhéadain.

I láthair na huaire, tá roinnt tiontuithe oifigiúla Gaeilge nach bhfuil san áireamh sa bhunachar sonraí (go háirithe tiontuithe ar Achtanna a ritheadh idir 1993 agus 1997) ach tá sé i gceist na bearnaí sin a líonadh a luaithe is féidir.

Welcome

This website contains a database comprising the Acts of the Oireachtas and official translations of the Acts, where available, from 1922 to the present day. The text of the Acts in both languages is linked to allow you to move easily from the Irish language text of an Act to the corresponding English language text and in the other direction.

You can choose the interface language at any time by clicking English or Gaeilge at the top of the page. The interface language has no effect on the functionality of the site. This means that Search and Advanced Search allow you to search English or Irish terms in the database, regardless of which interface language you choose.

At present, the official Irish language translations of some Acts are not included in the database (especially Acts passed in the years from 1993 to 1997) but it is intended to add this text as soon as possible.