First Previous (FIFTH SCHEDULE The Text in The Irish Language of the 1996 Protocol)

38 1997

EUROPOL ACT, 1997

SIXTH SCHEDULE

The text in the Irish Language of the 1997 Protocol

Section 2 .

AN PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 41(3) de Choinbhinsiún Europol, maidir le pribhléidí agus díolúintí Europol, chomhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fhostaithe Europol

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Phrótacal seo, Ballstáit an Aontais Eorpaigh

AG TAGAIRT do Ghníomh ón gComhairle an 19 Meitheamh 1997

DE BHRÍ go mbeidh, de bhun Airteagal 41(1) den Choinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol), ag Europol, comhaltaí a orgán agus Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le Prótacal ag leagan síos na rialacha atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit uile,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Phrótacail seo:

(a) ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún’ an Coinbhinsiún ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol);

(b) ciallaíonn ‘Europol’ an Oifig Eorpach Póilíní;

(c) ciallaíonn ‘orgáin Europol’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún, an Rialtóir Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(7) den Choinbhinsiún, agus an Coiste Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 35(8) den Choinbhinsiún;

(d) ciallaíonn ‘an Bord’ an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún;

(e) ciallaíonn ‘an Stiúrthóir’ Stiúrthóir Europol dá dtagraítear in Airteagal 29 den Choinbhinsiún;

(f) ciallaíonn ‘an fhoireann’ Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóirí agus fostaithe Europol dá dtagraítear in Airteagal 30 den Choinbhinsiún amach ón bhfoireann áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 3 de na Rialacháin Foirne;

(g) ciallaíonn ‘cartlann Europol’ gach taifead, comhfhreagras, doiciméad, lámhscríbhinn, sonra ríomhaire agus meán, grianghraf, scannán, taifead amhairc agus fuaime is le hEuropol nó atá á shealbhú aige nó is le haon bhall dá fhoireann nó atá á shealbhú aige, agus aon ábhar eile dá shamhail atá ina chuid de chartlann Europol i dtuairim d'aon toil an Bhoird agus an Stiúrthóra.

Airteagal 2

Díolúine ó phróis dlí agus díolúine ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach

1. Beidh ag Europol díolúine ó phróis dlí i leith an dliteanais maidir le próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí dá dtagraítear in Airteagal 38(1) den Choinbhinsiún.

2. Beidh maoin, cistí agus sócmhainní Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh siad, díolmhaithe ó chuardach, urghabháil, foréileamh, coigistiú agus aon sórt eile cur isteach.

Airteagal 3

Dosháraitheacht na cartlainne

Beidh cartlann Europol, cibé áit ar chríocha na mBallstát agus ag cibé duine a mbeidh sí, dosháraithe.

Airteagal 4

Saoirseacht ó chánacha agus dleachtanna

1. Laistigh de raon feidhme a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh Europol, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.

2. Beidh Europol saortha ó chánacha indíreacha agus dleachtanna a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe agus dochorraithe agus seirbhísí arna bhfáil le haghaidh a úsáide oifigiúla agus a mbeidh caiteachas suntasach ag roinnt leo. Féadfar an tsaoirseacht a dheonú i bhfoirm aisíocaíochta.

3. Earraí arna gceannach faoin Airteagal seo atá saortha ó cháin bhreisluacha nó dleachtanna máil, ní dhéanfar iad a dhíol, ná a dhiúscairt ar dhóigh eile, ach amháin i gcomhréir leis na coinníollacha arna gcomhaontú leis an mBallstát a dheonaigh an tsaoirseacht.

4. Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith cánacha agus dleachtanna is táillí as seirbhísí sonracha arna soláthar.

Airteagal 5

Sócmhainní airgeadais a bheith saor ó shrianta

Gan é a bheith faoi réir aon rialuithe airgeadais, rialachán, ceanglas fógra i leith idirbheart airgeadais, ná mortchairde d'aon saghas, féadfaidh Europol, faoi shaoirse:

(a) aon airgead reatha a cheannach trí bhealaí údaraithe, a shealbhú agus a dhiúscairt;

(b) cuntais a bheith aige in aon airgead reatha.

Airteagal 6

Saoráidí agus díolúintí i leith cumarsáide

1. Ceadóidh Ballstáit d'Europol cumarsáid a dhéanamh faoi shaoirse, gan ghá le cead speisialta, chun gach críoch oifigiúil, agus cosnóidh siad ceart Europol chuige sin. Beidh ag Europol an ceart cóid a úsáid agus comhfhreagras oifigiúil agus cumarsáidí oifigiúla eile a sheachadadh agus a ghlacadh trí theachtaire nó i málaí séalaithe a bheidh faoi réir na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna atá ag teachtairí agus málaí taidhleoireachta.

2. A mhéad a bheidh i gcomhréir le Coinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta an 6 Samhain 1982, beidh ag Europol, le haghaidh a chumarsáidí oifigiúla, cóir nach lú fabhar ná an chóir a thugann Ballstáit d'aon eagraíocht idirnáisiúnta nó rialtas, lena n-áirítear misin taidhleoireachta na rialtas sin, i dtaca le tosaíochtaí maidir le cumarsáidí tríd an bpost, trí chábla, teileagraf, teiléacs, raidió, teilifís, teileafón, facs, saitilít, nó aon mheán eile.

Airteagal 7

Iontráil, fanacht agus imeacht

Éascóidh Ballstáit, más gá, iontráil, fanacht agus imeacht na ndaoine atá liostaithe in Airteagal 8 chun críoch gnó oifigiúil. Ní choiscfidh sin an ceanglas fianaise réasúnta a thabhairt chun a shuíomh go dtagann daoine a éilíonn an chóir dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi na haicmí atá tuairiscithe in Airteagal 8.

Airteagal 8

Pribhléidí agus díolúintí comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol

1. Beidh ag comhaltaí d'orgáin Europol agus comhaltaí d'fhoireann Europol na díolúintí seo a leanas:

(a) gan dochar d'Airteagal 32, agus a mhéad is infheidhme, d'Airteagal 40(3) den Choinbhinsiún, díolúine ó phróis dlí d'aon saghas i leith a bhfocal labhartha nó scríofa agus gníomhartha a rinne siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla; leanfaidh an díolúine sin d'ainneoin go bhféadfaidh na daoine sin bheith tar éis scor de bheith ina gcomhaltaí d'orgán de chuid Europol nó ina gcomhaltaí d'fhoireann Europol;

(b) dosháraitheacht a bpáipéar agus a ndoiciméad oifigiúil uile agus a n-ábhar oifigiúil eile.

2. Comhaltaí d'fhoireann Europol a bhfuil a dtuarastail agus a n-éadálacha inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol mar atá luaite in Airteagal 10, beidh acu díolúine ó cháin ioncaim i dtaca le tuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol. Ar a shon sin, féadfar na tuarastail agus na héadálacha sin a chur san áireamh, agus méid na cánach is iníoctha ar ioncam ó fhoinsí eile á mheas. Ní bheidh an mhír seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleith-iúnaithe.

3. Beidh forálacha Airteagal 14 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar chomhaltaí d'fhoireann Europol.

Airteagal 9

Saoirseachtaí ó dhíolúintí

Ní chuirfear an díolúine arna deonú do dhuine atá luaite in Airteagal 8 i mbaint le caingean dlí arna tionscnamh ag tríú páirtí i leith damáistí, lena n-áirítear díobháil do dhuine nó bás duine, de dheasca tionóisce bóthair a raibh an duine sin ciontach inti.

Airteagal 10

Cánacha

1. Faoi réir na gcoinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag Europol agus arna gcomhaontú ag an mBord, beidh comhaltaí d'fhoireann Europol arna bhfostú go ceann íostréimhse bliana inchurtha faoi cháin chun tairbhe d'Europol ar thuarastail agus éadálacha arna n-íoc ag Europol leo.

2. Gach bliain, cuirfear in iúl do na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí chomhaltaí fhoireann Europol atá luaite san Airteagal seo, maille le hainmneacha aon phearsanra eile arna chonrú chun obair a dhéanamh ag Europol. Eiseoidh Europol do gach duine díobh deimhniú bliantúil ina luafar mórmhéid agus glanmhéid luach saothair d'aon chineál arna íoc ag Europol don bhliain i gceist, lena n-áirítear mionsonraí agus cineál na n-íocaíochtaí agus aon mhéideanna arna gcoimeád siar ag an bhfoinse.

3. Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme ar phinsin agus blianachtaí arna n-íoc le hiarchomhaltaí d'fhoireann Europol agus lena gcleithiúnaithe.

Airteagal 11

An pearsanra a chosaint

Arna iarraidh sin don Stiúrthóir, déanfaidh na Ballstáit gach beart réasúnach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, chun an tsábháilteacht agus an chosaint is gá a áirithiú do na daoine atá luaite sa Phrótacal seo a bhfuil a slándáil i mbaol de bharr a gcuid seirbhísí d'Europol.

Airteagal 12

Díolúintí a tharscaoileadh

1. Is chun leasa Europol a dheonófar na pribhléidí agus na díolúintí faoi fhorálacha an Phrótacail seo agus ní chun leas pearsanta na ndaoine féin. Beidh de dhualgas ar Europol agus ar na daoine go léir a mbeidh na pribhléidí agus na díolúintí sin acu dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhlíonadh ar gach slí eile.

2. Beidh de cheangal ar an Stiúrthóir díolúine Europol agus aon chomhaltaí d'fhoireann Europol a tharscaoileadh i gcásanna ina mbeadh an díolúine sin ina bac ar chúrsa an cheartais agus inar féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna Europol. Beidh oibleagáid dá samhail ar an mBord i leith an Stiúrthóra, an Rialtóra Airgeadais agus chomhaltaí an Choiste Airgeadais. Is iad na Ballstáit faoi seach a bheidh inniúil chun na díolúintí a tharscaoileadh i leith chomhaltaí an Bhoird.

3. Nuair a tharscaoiltear díolúine Europol mar atá luaite in Airteagal 2(2), déanfar na cuardaigh agus na hurghabhálacha arna n-ordú ag údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i láthair an Stiúrthóra nó toscaire arna cheapadh aige, i gcomhlíonadh na rialacha rúndachta arna leagan síos sa Choinbhinsiún nó dá bhua.

4. Comhoibreoidh Europol i gcónaí le húdaráis iomchuí na mBallstát chun riar rianúil an cheartais a éascú agus coiscfidh sé aon mhí-úsáid de na pribhléidí agus de na díolúintí arna ndeonú faoi fhorálacha an Phrótacail seo.

5. Má mheasann údarás nó comhlacht breithiúnach inniúil de chuid Ballstáit go ndearnadh pribhléid nó díolúine arna deonú ag an bPrótacal seo a mhíúsáid, rachaidh an comhlacht atá freagrach as an díolúine a tharscaoileadh de bhun mhír 2 i gcomhairle, arna iarraidh sin, leis na húdaráis iomchuí chun a shuíomh ar tharla aon mhí-úsáid den sórt sin. Mura dtagann toradh atá sásúil don dá thaobh as na comhairliúcháin sin, déanfar an t-ábhar a réiteach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 13.

Airteagal 13

Díospóidí a réiteach

1. Díospóidí maidir le diúltú díolúine de chuid Europol nó duine a mbeidh aige, de bhun a phoist oifigiúil, díolúine mar atá luaite in Airteagal 8 (1) a tharscaoileadh, déanfaidh an Chomhairle iad a phlé i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

2. Nuair nach ndéantar na díospóidí sin a réiteach, cinnfidh an Chomhairle d'aon toil na rialacha mionsonraithe faoina ndéanfar iad a réiteach.

Airteagal 14

Forchoimeádais

Ní fhéadfaidh an Prótacal seo a bheith faoi réir forchoimeádas.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil a rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an mBallstát is ball den Aontas Eorpach ar dháta na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Phrótacail seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin.

Airteagal 16

Aontachas

1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt d'aontachas aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Taiscfear ionstraimí aontachais leis an taiscí.

3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaíonn dó 90 lá tar éis dháta a ionstraime aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 17

Meastóireacht

1. Faoi cheann dhá bhliain tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, déanfar meastóireacht air faoi mhaoirsiú an Bhoird Bhainistíochta.

2. Ní dheonófar díolúine de bhun phointe (a) d'Airteagal 8 (1) ach i leith gníomhartha oifigiúla nach foláir a ghabháil de láimh i gcomhall na bhfeidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 3 denChoinbhinsiún sa leagan a síníodh ar an 26 Iúil 1995. Roimh gach leasú nó leathnú ar na feidhmeanna in Airteagal 3 den Choinbhinsiún, déanfar athbhreithniú i gcomhréir leis an gcéad mhír, go háirithe i ndáil le pointe (a) d'Airteagal 8 (1) agus le Airteagal 13.

Airteagal 18

Leasuithe

1. Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach sa Phrótacal seo leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean ar aghaidh chuig an gComhairle é.

2. Bunóidh an Chomhairle leasuithe d'aon toil agus molfaidh sí iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3. Tiocfaidh na leasuithe arna mbunú amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha Airteagal 15.

4. Cuirfidh Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe in iúl do na Ballstáit uile.

Airteagal 19

Taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach na fógraí, na hionstraimí agus na cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an naoú lá déag de Mheitheamh sa bhliain míle naoi gcéad nócha a seacht, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Sínithe na Lánchumhachtach