An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Phairc do Choinneail i dTreo.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

31 1932

ACHT PÁIRCE CUIMHNEACHÁIN BOURN VINCENT, 1932

CUID IV.

Airneis Phearsanta do Choimead agus d'Usaid.

Míniú ar “an áirnéis sin.”

18. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an áirnéis sin” an áirnéis phearsanta uile do gheobhaidh an tAire fé sna scríbhinní sceidealta no dá réir no fé aon cheann de sna scríbhinní sin no dá réir sin agus foluíonn sí gach is toradh ón áirnéis sin no is méadú uirthi agus fós an áirnéis uile do ghcobhfar in ionad áirnéise díolfar, a caithfear tré úsáid, a dítheofar no dá ndéanfar damáiste.

An dáta ar a seachadfar an áirnéis agus ar a dtiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh.

19. —Seachadfar an áirnéis sin don Aire agus glacfa sé í an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no pé dáta, ina dhiaidh sin (nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1933), ar a socrófar idir Arthur Rose Vincent, Seanadóir (a hainmnítear agus a tuairiscítear sna scríbhinní sceidealta) agus an tAire, agus tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh díreach ar an seachadadh agus an glacadh san do dhéanamh.

Dualgaisí agus comhachta na gCoimisinéirí do chólíonadh agus d'fheidhmiú.

20. —Is fé réir agus do réir orduithe generálta an Aire dhéanfaidh na Coimisinéirí na dualgaisí agus na comhachta do chólíonadh agus d'fheidhmiú a cuirtear ar na Coimisinéirí no dílsítear ionta leis an gCuid seo den Acht so, no ar aon tslí eile, maidir leis an áirnéis sin.

Coimeád agus bainistí na háirnéise sin.

21. —(1) Beidh coimeád na háirnéise sin dílsithe sna Coimisinéirí agus, fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh na Coimisinéirí an áirnéis sin do choinneáil i dtreo, do bhainistí, agus d'úsáid chun pé crícheanna chabhróidh leis an bPáirc do choinneáil i dtreo agus leis an bpuiblíocht dá húsáid agus is dóich leis na Coimisinéirí, le ceadú (generálta no sonnrách) an Aire, do bheith ceart no chun aon chrícheanna eile ar bith a cheadóidh an tAire go sonnrách.

(2) Beidh lán-chomhacht ag na Coimisinéirí gach ní do dhéanamh i dtaobh na háirnéise sin is dóich leo, le ceadú (generálta no sonnrách) an Aire, do bheith riachtanach no ceart chun na háirnéise sin do choinneáil i dtreo, do bhainistí, agus d'úsáid go cuibhe do réir an ailt seo, maraon le comhacht chun aon choda den áirnéis sin do chur ar cíos no do dhíol i ngnáth-chúrsa na bainistí no, le ceadú sonnrách an Aire, chun aon choda den áirnéis sin do dhíol amuich is amach, agus fós comhacht, le ceadú (generálta no sonnrách) an Aire, chun áirnéise d'fháil le cur in ionad aon choda den áirnéis sin do díoladh, do caitheadh tré úsáid, do díthíodh no dá ndearnadh damáiste.