32 1932


Uimhir 32 de 1932.


ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (ORDUITHE STIÚRACH), 1932.


ACHT CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT D'AIRTIOGAL 41 DE CHONVENSIÚN IDIRNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁLTACHT DHAOINE AR FARAIGE, DO SIGHNÍODH I LUNDAIN AN 31adh LÁ DE BHEALTAINE, 1929, AGUS CHUN NA MERCHANT SHIPPING ACTS, 1894 TO 1921, DO LEASÚ SA MHÉID GUR GÁ É CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DON AIRTIOGAL SAN 41.

[16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “long o Shaorstát Éireann” aon long gur i Saorstát Éireann atá port a cláruithe.

Atharú ar an modh chun orduithe stiúrach do thabhairt.

2. —(1) Ní bheidh sé dleathach, tar éis an Achta so do rith, d'éinne bheidh ar aon luing o Shaorstát Éireann, agus an long san ag dul chun tosaigh, ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na scearaighe” no an focal “deiseal” no aon fhocal atá ar chóbhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar aigne ceann na luinge sin do dhul deiseal ná ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na heangaighe” no an focal “tuathal” no aon fhocal atá ar chó-bhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar aigne ceann na luinge do dhul tuathal.

(2) Gach duine dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, do leasú.

3. —Gach foráil de sna Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, atá buiniscionn leis an alt san roimhe seo den Acht so ath-ghairmtear leis seo í sa mhéid go bhfuil sí buiniscionn amhlaidh agus sa mhéid sin amháin.

Gearr-theideal agus léiriú.

4. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Orduithe Stiúrach), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.