15 1934


Uimhir 15 de 1934.


ACHT NA LEANBHAÍ, 1934.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE CAOMHAINT ANAMA NAOIDHEAN AGUS CHUN CODA I DEN CHILDREN ACT, 1908, DO LEASÚ CHUIGE SIN. [5adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Children Act, 1908.

An tAire do dhéanamh rialuithe agus stiúrtha ghenerálta.

2. —Ar Údaráis Áitiúla (mar atá san mínithe in alt 10 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so) do bheith ag riaradh Coda I den Phríomh-Acht agus ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén gCuid sin beid fé rialú agus stiúradh generálta an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus déanfaid, agus an riaradh san ar siúl acu agus maidir leis na feidhmeanna san, cólíonadh ar na treoracha generálta san uile do bhéarfaidh an tAire sin dóibh.

Alt 1 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Deintear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna cúig fo-ailt seo leanas do chur isteach san alt san in ionad fo-alt (1), (2), (3), (4), agus (5) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(1) Where a person undertakes, for reward or promise of reward, the nursing and maintenance of one or more infants under the age of nine years apart from their parents or having no parents, he shall, at least forty-eight hours before the reception of any such infant, give notice in writing thereof to the local authority.

(2) Where a person undertakes, for reward or promise of reward, the nursing and maintenance of an infant already in his care without reward, the entering into the undertaking shall, for the purposes of this Part of this Act, be treated as a reception of the infant, but in such case the notice required by the next preceding sub-section of this section may be given at any time before or within forty-eight hours after such reception.

(3) The notice shall state the name, sex, and date and place of birth of the infant, the name of the person receiving the infant, and the dwelling within which the infant is about to be or is being kept, and the name and address of the person from whom the infant is about to be or has been received.

(4) If a person who has undertaken the nursing and maintenance of any such infant changes his residence, he shall, at least forty-eight hours before making such change, give to the local authority notice in writing of such change, and where the residence to which he moves is situate in the district of another local authority, he shall give to that local authority the like notice as respects each infant in his care as he is by this section required to give on the first reception of the infant: Provided that, where such change of residence is made suddenly by necessity arising from an unforeseen emergency, the notices required by this sub-section may be given at any time within forty-eight hours after such change of residence.

(5) If any such infant dies or is removed from the care of the person who has undertaken its nursing and maintenance, that person shall, within twentyfour hours after such death or at least forty-eight hours before such removal (as the case may be), give to the local authority notice in writing of such death or removal, and in the latter case also of the name and address of the person to whose care the infant is about to be transferred”;

(b) tré sna focail “or before the latest time” do chur isteach i bhfo-alt (7) den alt san díreach roimh na focail “specified for giving”;

(c) tríd an dá fho-alt bhreise seo leanas do chur isteach i ndeireadh an ailt sin, sé sin le rá:—

“(8) For the purpose of any enactment by which the time for taking proceedings is limited, the offence created by the next preceding sub-section of this section of failing to give a notice shall be deemed to continue so long as the infant in respect of which such notice ought to have been given remains, without such notice being given, in the care of the person by whom such notice ought to have been given.

(9) Where an infant which is illegitimate is kept and maintained in such circumstances that the notices mentioned in this section would be required to be given if such keeping and maintenance were done for reward, such infant shall, for the purposes of this section, be deemed, until the contrary is proved, to be so kept and maintained for reward.”

Alt 2 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Deintear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “health and” do chur isteach roimh an bhfocal “proper” i bhfo-alt (2) den alt san, agus tré sna focail uile i ndiaidh an fhocail “authorisation” sa phrovísó ghabhann leis an bhfo-alt san do scriosadh amach;

(b) tríd an bhfocal “nine” do chur in ionad an fhocail “seven” i bhfo-alt (6) den alt san.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le halt 2 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) gach ceapachán a déanfar fé fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, ag ceapadh duine chun bheith ina chuairteoir caomhanta naoidhean, is fé réir an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'aontú leis a déanfar é;

(b) gach duine ceapadh roimh an Acht so do rith no ceapfar dá éis sin, fé fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, chun bheith ina chuairteoir caomhanta naoidhean féadfaidh an t-údarás áitiúil le haontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, no féadfaidh an tAire sin, é do chur as an bpost san tráth ar bith;

(c) gach údarás do bhéarfar fén bprovísó ghabhann le fo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, á údarú do dhuine comhachta cuairteoirí caomhanta naoidhean d'fheidhmiú, is fé réir an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'aontú leis do bhéarfar é;

(d) gach údarás do tugadh roimh an Acht so do rith no do bhéarfar dá éis sin, fén bprovísó ghabhann le fo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, do dhuine ar bith á údarú dho comhachta cuairteoirí caomhanta naoidhean d'fheidhmiú, féadfaidh an t-údarás áitiúil le haontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, no féadfaidh an tAire sin, é do tharrac siar tráth ar bith;

(e) beidh ag oifigeach ar bith don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, go n-údarás chuige sin ón Aire sin, comhachta cuairteoirí caomhanta naoidhean fé Chuid I den Phríomh-Acht agus féadfaidh na comhachta san d'fheidhmiú;

(f) gach saoirse do bhéarfar d'aon áitreabh fé fho-alt (4) d'alt 2 den Phríomh-Acht is fé réir an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'aontú léi do bhéarfar í;

(g) aon tsaoirse do tugadh roimh an Acht so do rith no do bhéarfar dá éis sin, fé fho-alt (4) d'alt 2 den Phríomh-Acht, féadfaidh an t-údarás áitiúil le haontú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, no féadfaidh an tAire sin, í do tharrac siar tráth ar bith.

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Gach ceadú do bhéarfaidh údarás áitiúil fé alt 3 den Phríomh-Acht is fé réir an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'aontú leis do bhéarfar é.

Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Deintear leis seo an Príomh-Acht do leasú tré alt 4 de d'athghairm agus tríd an alt so leanas do chur isteach ann in ionad an ailt a hathghairmtear amhlaidh, sé sin le rá:—

“4. The local authority may fix the number of infants under the age of nine years which may be kept in any dwelling in respect of which a notice has been received under this Part of this Act and may impose such (if any) conditions as they may think proper in regard to the keeping of all or any of such infants in such dwelling, and any person who keeps in such dwelling any infant in excess of the number so fixed or contravenes or fails to comply with any condition so imposed shall be guilty of an offence under this Part of this Act.”

Alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “or is about to be” do chur isteach sa bhfo-alt san roimh an bhfocal “kept”;

(b) tré mhír (b) do scriosadh amach agus tríd an mír seo leanas do chur isteach in ionad na míre scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—

“(b) by any person who, by reason of ill-health, age, infirmity, negligence, ignorance, inebrity, immorality, criminal conduct, or other similar cause is incapable of looking after it or unfit to have the care of it; or”.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCúirt Dúithche do dhéanamh orduithe fé alt 5 den Phríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche aon ordú den tsórt san do dhéanamh in áit ar bith ina Dhúthaigh;

(b) féadfaidh an Breitheamh, más deimhin leis gur gá san toisc a phráinnighe atá an cúrsa, féadfaidh iarratas ar aon ordú den tsórt san d'éisteacht agus ordú do dhéanamh ina thaobh in áit seachas ag suidhe puiblí den Chúirt Dúithche;

(c) féadfar iarratas ar aon ordú den tsórt san do dhéanamh, d'éisteacht, agus breith do thabhairt air, ex parte, má cruthuítear chun sástachta don Bhreitheamh baol do bheith ann go ndéanfar díobháil do shláinte no do leas an naoidhin le n-a mbaineann an t-iarratas.

Alt 11 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile, o sna focail “or to hospital” go dtí deireadh an fho-ailt, do scriosadh amach, agus tré sna focail seo leanas do chur ina n-ionad san, sé sin le rá, “or to any hospital, convalescent home, or other institution maintained by a Department of State or by any authority established under the law relating to local government, or to any hospital, convalescent home, or institution which obtains a certificate of exemption from the provisions of this Part of this Act granted, with the consent of the Minister for Local Government and Public Health, by the local authority.”

An t-údarás áitiúil.

9. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 10 den Phríomh-Acht, isé is údarás áitiúil chun crícheanna Coda I den Phríomh-Acht i líomatáiste ar bith ná an cólucht ar a mbeidh sé de chúram fóirithin na mbocht do riaradh sa líomatáiste sin, agus na costaisí uile fé n-a raghaidh aon chólucht den tsórt san no fé n-a raghfar thar a gceann chun na Coda san I do chur i bhfeidhm no maidir leis sin cruinneofar agus íocfar iad fé mar a cruinnítear agus a híoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an cólucht san no fé n-a dtéightear thar a gceann chun fóirithin na mbocht do riaradh.

Naoidhin do thógaint isteach i gcásanna práinne.

10. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil a bheidh ag riaradh Coda I den Phríomh-Acht i líomatáiste ar bith, féadfaid, le ceadú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí—

(a) glacadh le pé daoine agus le pé méid daoine (nách mó ná triúr) sa líomatáiste sin mar dhaoine atá oiriúnach chun naoidhean fé bhun naoi mblian d'aois do thógaint isteach, i gcásanna práinne, chun iad d'altramadh agus do chothú ar luach saothair no ar ghealltanas luach saothair, agus

(b) glacadh, alos gach duine fé leith den tsórt san, le háitreabh mar áitreabh atá oiriúnach chun naoidhean den tsórt san do thógaint isteach ann amhlaidh.

(2) Má dheineann duine le n-a mbeidh glactha fén alt so naoidhean do thógaint isteach i gcás is cás práinne chun é d'altramadh agus do chothú ar luach saothair no ar ghealltanas luach saothair in áitreabh le n-a mbeidh glactha fén alt so alos an duine sin, ansan, an fógra i dtaobh na tógainte sin is gá do réir an Phríomh-Achta mar a leasuítear san leis an Acht so do thabhairt, féadfar é do thabhairt tráth ar bith laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis na tógainte sin.

Socrú speisialta i gcóir cásanna áirithe atá ann cheana.

11. —(1) Más rud é—

(a) go bhfuil duine, le linn an Achta so do rith, ag altramadh agus ag cothú naoidhin atá seacht mbliana d'aois no os a chionn san agus fé bhun naoi mblian d'aois, agus

(b) go raibh an naoidhean san seacht mbliana d'aois no os a chionn san nuair do thóg an duine sin an naoidhean san chun é d'altramadh agus do chothú amhlaidh, agus

(c) gur ghá do réir chúrsaí an cháis sin, dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm ar dháta na tógainte sin, fógra i dtaobh na tógainte sin do thabhairt don údarás áitiúil fé alt 1 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so.

déanfaidh an duine sin, laistigh de mhí tar éis an Achta so do rith, fógra i scríbhinn i dtaobh an altranais agus an chothuithe sin do thabhairt don údarás áitiúil.

(2) Bainfidh Cuid I den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, leis an bhfógra is gá do réir an ailt seo do thabhairt, bainfidh leis fé is dá mb'é an fógra san an fógra is gá do réir fo-ailt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san amhlaidh, do thabhairt.

Cosaint d'árachaisí áirithe atá ann cheana.

12. —Ní thiocfaidh aon árachas do tógadh amach ná aon iarracht do tugadh ar árachas do thógaint amach, roimh an Acht so do rith, ar shaol naoidhin ná aon tabhairt amach do rinneadh, roimh an Acht so do rith, ar pholasaí árachais ar shaol naoidhin, ní thiocfaidh san chun bheith ná ní bheidh, de bhuadh an Achta so, ina chionta fé Chuid I den Phríomh-Acht mara raibh an t-árachas, an iarracht, no an tabhairt amach san (pe'ca aca é) ina chionta fén gCuid sin I roimh an Acht so do rith.

Fógráin áirithe do thoirmeasc.

13. —(1) Ní déanfar aon fhógrán, á chur in úil go dtógfaidh duine (pe'ca duine aonair, cólucht corpruithe no comhlachas neamh-ionchorpruithe é) air féin naoidhean fé bun naoi mblian d'aois d'altramadh agus do chothú no go bhféachfaidh chuige sin, d'fhoillsiú mara ndeintear ainm, agus, i gcás duine aonair, áit chomhnaithe no, i ngach cás eile, oifig no áit ghnótha an duine sin do luadh i gceart sa bhfógrán san.

(2) Gach duine dhéanfaidh go feasach fógrán d'fhoillsiú contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fé Chuid I den Phríomh-Acht.

Gearr-theideal agus luadh.

14. —(1) Féadfar Acht na Leanbhaí, 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na Leanbhaí, 1908 go 1934,, do ghairm d'Achtanna na Leanbhaí, 1908 go 1929, agus den Acht so le chéile.