An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ilghneitheach.)

7 1938

ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938

CUID II.

Iascach agus Cearta Iascaireachta do Dhilsiu sa Bhord.

An lá ceaptha chun críche na Coda so den Acht so.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid so den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Iascach áirithe agus cearta áirithe iascaireachta do dhílsiú sa Bhord.

5. —(1) Gach iascach agus gach ceart iascaireachta in uiscí no ar uiscí na Sionainne lastuas den chorainn ar a dtugtar cora Mhuilinn Chorbhaile agus gach fo-cheart a ghabhann leis an iascach no leis an gceart iascaireachta san no is gá chun feidhm do bhaint as an gcéanna, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé aistrithe chun an Bhúird agus dílsithe ann de bhuadh an Achta so an lá ceaptha agus san gan aon leithliú do dhéanamh, mara mbeidh sé agus sa mhéid ná beidh sé dílsithe sa Bhord cheana féin.

(2) Iascach aistrithe agus cearta iascaireachta aistrithe a gairmtear sa Chuid seo den Acht so den iascach agus de sna cearta iascaireachta (ar a n-áirmhítear fo-chearta) a thiocfaidh chun bheith dílsithe sa Bhord an lá ceaptha de bhuadh an ailt seo.

Cúiteamh maidir le hiascach aistrithe agus le cearta iascaireachta aistrithe.

6. —(1) Gach duine go mbeidh iascach aistrithe no ceart iascaireachta aistrithe ar únaeracht aige, no go mbeidh estát no leas aige in iascach aistrithe no i gceart iascaireachta aistrithe, díreach roimh an lá ceaptha agus a iarrfaidh ar an mBord, fé cheann sé mblian tar éis an lae cheaptha, an cúiteamh san d'íoc leis a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, beidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil ón mBord alos an iascaigh sin no an chirt iascaireachta san d'aistriú chun an Bhúird.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcúiteamh a bheidh le n'íoc ag an mBord le duine ar bith fén alt so, sé sin le rá:—

(a) áirmheofar an cúiteamh san do réir an méid is fiú, an lá roimh an lá ceaptha, an t-iascach no an ceart iascaireachta gur maidir leis, no gur maidir le hestát no leas ann, a bheidh an cúiteamh san iníoctha;

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir leis an gcúiteamh san fé is dá mba chúiteamh dob' iníoctha fén Acht san é;

(c) measfar agus íocfar an cúiteamh san chó luath agus is féidir é do réir réasúin tar éis don Bhord an t-éileamh ar an gcúiteamh san d'fháil.

(3) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha alos iascaigh no cirt iascaireachta d'aistriú chun an Bhúird leis an Acht so mara ndeintear ar cúiteamh san d'iarraidh ar an mBord fé cheann sé mblian tar éis an lae cheaptha.

Fógra puiblí i dtaobh iascach agus cearta iascaireachta d'aistriú.

7. —Fé cheann tríocha lá tar éis an lae cheaptha, agus fós fé cheann tríocha lá tar éis céad lae chuimhne, dara lae chuimhne, tríú lae chuimhne agus ceathrú lae chuimhne an lae cheaptha, foillseoidh an Bord san Iris Oifigiúil agus i pé páipéirí nuachta laethúla agus i pé méid páipéirí nuachta laethúla a foillsítear agus a léightear i gcathair Bhaile Átha Cliath agus is ceart dar leis an mBord, agus i pé páipéirí nuachta agus i pé méid páipéirí nuachta a foillsítear agus a léightear i gCathair Luimnigh agus is ceart dar leis an mBord, fógra puiblí i dtaobh an iascaigh aistrithe agus na gceart iascaireachta aistrithe do dhílsiú sa Bhord leis an Acht so agus i dtaobh é bheith de cheart fén Acht so ag únaer iascaigh aistrithe no cirt iascaireachta aistrithe, agus ag daoine ag á bhfuil estáit agus leasanna in iascach aistrithe no i gceart iascaireachta aistrithe, cúiteamh d'fháil alos an chéanna agus i dtaobh na haimsire gur laistigh di féadfar agus na slí ina bhféadfar an cúiteamh san d'iarraidh.