An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Iascach agus Cearta Iascaireachta do Dhilsiu sa Bhord.)

7 1938

ACHT IASCAIGH NA SIONAINNE, 1938

CUID III.

Ilghneitheach.

Comhacht don Bhord chun cora do dhéanamh ag Droichead Tuadhmhumhan.

8. —(1) Gan dochar do gheneráltacht aon cheann d'fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht, agus i dteanta na nithe go ndearbhuítear go sonnrách leis an alt san é bheith dleathach don Bhord iad a dhéanamh, beidh sé dleathach don Bhord cora iascaireachta do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú ar an Sionainn, cora bheidh de pé saghas agus go mbeidh pé méid agus pé abhair inti, agus (fé réir na dteorann a forchuirtear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) a bheidh i pé suidheamh is ceart dar leis an mBord.

(2) An chora iascaireachta a dhéanfaidh an Bord fén alt so beidh sí suidhte i slí go mbeidh lár-líne fhaideachta na corann san lastuas, gan bheith thar míle slat lastuas, de lár-líne fhaideachta an droichid a théigheann trasna na Sionainne agus ar a dtugtar Droichead Tuadhmhumhan.

(3) Gach talamh (le n-a áirmhítear talamh fé uisce) agus gach éasáid, profit-a-prendre, agus ceart eile ar thalamh no ar uisce, no maidir le talamh no le huisce, a theastóidh ón mBord do réir réasúin chun na corann iascaireachta do dhéanamh agus do chothabháil agus d'oibriú a húdaruítear don Bhord leis an alt so do dhéanamh, beidh sé dleathach don Bhord iad do thógaint chúcha go buan no go sealadach agus go héigeanta no tré chó-aontú, agus beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir leis an gcúiteamh uile a bheidh iníoctha ag an mBord, as iad do thógaint aon tailimh no cearta den tsórt san chúcha, fé is dá mbeadh an cúiteamh san iníoctha fén bPríomh-Acht.

(4) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun a údarú don Bhord aon cheann de sna nithe do dhéanamh a dearbhuítear le fo-alt (2) (mar a leasuítear leis an Acht so é) d'alt 9 den Phríomh-Acht do bheith ina nithe ná hoibreoidh éinní atá san alt san chun iad d'údarú.

An Bord do chothabháil iascaigh oisrí.

9. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Acht 1884” an Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

(2) Beidh sé dleathach don Bhord, pé uair agus chó minic agus is ceart san dar leo, a iarraidh ar an Aire Talmhaidheachta fé Acht 1884 ordú do dhéanamh fén Acht san á údarú don Bhord iascach oisrí do bhunú no d'fheabhsú agus é do chothabháil agus do rialáil sa chuid sin d'uiscí na Sionainne is uiscí taoide.

(3) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 17 d'Acht 1884 maidir le haon ordú déanfar fén Acht san ar iarratas ón mBord fén alt so, agus in ionad an ailt sin 17 achtuítear leis seo má dheineann aon ordú den tsórt san aon cheart dá luaidhtear san alt san 17 do mhúchadh no do laigheadú, no má thagann d'éinní a dhéanfaidh an Bord fén ordú san go gcuirfear isteach ar aon chearta den tsórt san, go dtuigfear an múchadh, an laigheadú no an cur-isteach san do bheith ina dhíobháil ar n-a teacht de dheascaibh oibriú oibreacha íodro-leictreacha na Sionainne do réir bhrí an Phríomh-Achta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Phríomh-Acht a bhaineann leis an scéal.

(4) Má gheibheann agus pé uair a gheobhaidh an Bord, do réir an ailt seo, ordú fé Acht 1884, beidh sé dleathach don Bhord tráth ar bith ina dhiaidh sin aon iascach oisrí do thógaint chúcha, go héigeanta no tré chó-aontú, a bheidh sa chuid sin d'uiscí na Sionainne is uiscí taoide má bhíonn an t-iascach san, dar leis an mBord, in iomaíocht le haon iascach oisrí bheidh á oibriú ag an mBord fé aon ordú den tsórt san no más dóich leis an mBord go dtiocfadh de chionn iad á thógaint chúcha go ndéanfaí níos mó airgid as oibriú aon iascaigh oisrí bheidh á oibriú amhlaidh ag an mBord, agus pé uair a thógfaidh an Bord iascach oisrí chúcha amhlaidh beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir leis an bpraghas a bheidh le n'íoc ag an mBord as an iascach oisrí sin fé is dá mbeadh an praghas san iníoctha fén bPríomh-Acht.

(5) Má gheibheann an Bord ordú fé Acht 1884 do réir an ailt seo déanfar an abairt “iascach na Sionainne” do léiriú, chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so, mar abairt a fholuíonn an t-iascach a bheidh á chothabháil ag an mBord fén ordú san agus fós gach iascach oisrí (más aon cheann é) a thógfaidh an Bord chúcha fén alt so, ach ní léireofar amhlaidh í ach faid a bheidh na hiascaigh sin fé seach dílsithe sa Bhord.

An Bord do thabhairt deontaisí ex-gratia do dhaoine áirithe.

10. —Pé uair is deimhin leis an mBord, ar dhuine ar bith do dhéanamh iarratais—

(a) go raibh an duine sin ag gabháil d'iascaireacht, mar thrádáil no i slí eile chun brabúis do dhéanamh, in uiscí na Sionainne no go raibh sé ar fostú ar luach saothair ag duine eile ar iascaireacht amhlaidh no go raibh sé ag gabháil don iascaireacht san agus fós ar fostú amhlaidh, agus

(b) gur thárla cailliúint bhrabúis no cailliúint tuillimh don duine sin de dheascaibh aon chur isteach do rinneadh, fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , fé sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1935, fén bPríomh-Acht no fén Acht so, ar uiscí na Sionainne no ar aon iascach ionta no ar aon cheart iascaireachta ortha, agus

(c) ná fuair an duine sin aon chúiteamh breise den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht ná aon chúiteamh fé alt 15 den Phríomh-Acht, agus ná fuil sé i dteideal a leithéid d'fháil,

féadfaidh an Bord, más dóich leo as a gcomhairle féin san do bheith ceart, íocaíocht ex-gratia do thabhairt don duine sin de pé méid is ceart dar leo.

Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —Deintear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san in ionad míre (e) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(e) aon obair no déanmhas do dhéanamh no do thógáil ar aon tailte is tailte taoide do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 ), gan toiliú an Aire ná ar shlí eile seachas do réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin, no”.

Alt 25 den Phríomh-Acht do leasú.

12. —Athghairmtear leis seo na focail go léir ón bhfocal “seachas” go dtí sna focail “d'fheidhmiú go dleathach” atá i bhfo-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht, agus ina ionad san dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná bainfidh an fo-alt san (1) le héinní déanfar, agus nach nea-dhleathach dá dheascaibh éinní déanfar, fé réim agus do réir ceada i scríbhinn ón mBord.