28 1939


Uimhir 28 de 1939.


ACHT COMHACHTA PRÁINNE, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH SLÁNDÁIL AN PHOBAIL DO CHUR IN ÁIRITHE AGUS AN STÁT DO CHAOMHNA IN AIMSIR CHOGAIDH AGUS, GO SONNRÁCH, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH AN UIRD PHUIBLÍ DO CHOIMEÁD AGUS I dTAOBH SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ DO CHUR AR FÁIL AGUS DO RIALÚ ATÁ RIACHTANACH DO SHAOL NA nDAOINE AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA EILE (AR A N-ÁIRMHÍTEAR TÁILLÍ D'ÉILEAMH AR CHEADÚNAISÍ AGUS AR SCRÍBHINNÍ EILE ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [3adh Meán Fhómhair, 1939.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Aire” comhalta den Riaghaltas pe'ca Aire i bhfeighil Roinne Stáit é no nach eadh;

cialluíonn an focal “ionstruim” ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú, no scríbhinn eile den tsórt san.

Orduithe práinne.

2. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é féadfaidh an Riaghaltas, le hordú (dá ngairmtear ordú práinne san Acht so), pé socruithe do dhéanamh is dóich leis an Riaghaltas is gá no is oiriúnach i dtaobh slándáil an phobail do chur in áirithe no an Stát do chaomhna no i dtaobh an úird phuiblí do choimeád no i dtaobh soláthairtí agus seirbhísí do chur ar fáil agus do rialú atá riachtanach do shaol na ndaoine.

(2) Gan dochar do gheneráltacht an fho-ailt sin roimhe seo den alt so féadfaidh an Riaghaltas gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh le hordú práinne, sé sin le rá:—

(a) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfaidh an Stát no go ndéanfar thar a cheann gach soláthar no seirbhís no aon tsoláthar no seirbhís do rialáil agus do rialú atá riachtanach do shaol na ndaoine agus, i ngach cás inar dóich leis an Riaghaltas gur ceart é, soláthairtí riachtanacha den tsórt san do chothabháil agus do chur ar fáil agus seirbhísí den tsórt san do chur ar fáil agus d'oibriú;

(b) a údarú d'Aire earraí d'aon tsaghas no aicme áirithe do cheannach agus do dhíol no aon tsórt eile trádála do dhéanamh maidir le hearraí d'aon tsaghas no aicme áirithe agus pé socrú do dhéanamh is gá maidir le ceannach no díol no trádáil den tsórt san;

(c) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfar iomportáil no easportáil earraí d'aon tsaghsanna no aicmí áirithe do rialú, do rialáil, do shrianadh, no do thoirmeasc;

(d) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun go bhfuighidh an Stát no go bhfuighfear thar a cheann (tré chó-aontú no go héigeanta) aon airgead reatha (seachas airgead reatha Éireannach), billí, creidmheasa agus iarmhéidí is iníoctha i slí eile seachas in airgead reatha Éireannach, monadh agus builleon óir, agus urrúis, agus chun go ndéanfar amach an praghas a bheidh le n'íoc ar an gcéanna más go héigeanta gheobhfar é agus chun rialú agus srianadh do dhéanamh ar dheighleála in aon airgead reatha, billí, creidmheasa agus iarmhéidí is iníoctha i slí eile seachas in airgead reatha Éireannach, monadh agus builleon óir, agus urrúis, agus ar eisiúintí caipitail;

(e) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun go rialálfar agus go rialófar loingseoireacht ar muir no san aer agus gluaiseachtaí loingeas agus árthach eile agus aerárthach agus chun go ndéanfar agus go bhfoirfheidhmeofar forálacha chun no mar chabhair chun sábháltacht loingeas agus árthach-eile agus aer-árthach d'áirithiú;

(f) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun aistriú, morgáistiú agus clárú loingeas agus árthach eile agus aer-árthach do rialáil agus do shrianadh;

(g) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfaidh an Stát no go ndéanfar thar a cheann aon talamh no maoin ar bith eile d'fháil, do ghlacadh ar seilbh, do rialú no d'úsáid (tré chó-aontú no go héigeanta);

(h) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun conbharsáid do cheinnsiriú, do shrianadh, no do rialú, no í chur ar fiunraoi i bpáirt no go hiomlán, le gach ceann no aon cheann no cinn de sna seirbhísí chothabhálann no rialuíonn an tAire Puist agus Telegrafa no le haon mheán eile, puiblí no príobháideach, a luadhfar no a cuirfear in úil san ordú práinne sin;

(i) socrú do dhéanamh chun sicréideacht scríbhinní oifigiúla agus eolais oifigiúil do choimeád agus do chaomhna agus chun foillsiú eolais oifigiúil do rialú agus chun foillsiú no leathadh ráitisí loitbheartacha agus propaganda loitbheartaigh do thoirmeasc, agus údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun páipéirí nuachta agus tréimhseacháin do rialú agus do cheinnsiriú;

(j) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun teacht no imeacht daoine isteach sa Stát no amach as agus gluaiseacht daoine sa Stát do thoirmeasc, do shrianadh, no do rialú;

(k) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun daoine (seachas saoránaigh dúthchais Éireannacha) do choinneáil más dóich leis an Aire an choinneáil sin do bheith riachtanach no oiriúnach ar mhaithe le slándáil an phobail no le buanchoimeád an Stáit;

(l) a údarú go ngeobhfar gan barántas daoine (seachas saoránaigh dúthcháis Éireannacha) go n-ordóidh an tAire a gcoinneáil;

(m) a údarú go ngeobhfar gan barántas daoine go mbeidh curtha ina leith no go mbeifear in amhras go ndearnadar cionta fé aon alt den Acht so no aon choir no cionta áirithe eile no go bhfuilid ar tí a leithéid do dhéanamh no go bhfuilid no go rabhadar páirteach ina leithéid;

(n) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun daoine luadhfar no cuirfear in úil san ordú práinne sin do dhul isteach agus do dhéanamh cuardaigh in aon tailte, áitreabhacha, feithiclí, loingeas agus árthaigh eile, no aer-árthaigh i gcásanna luadhfar no cuirfear in úil amhlaidh;

(o) údarás do thabhairt agus socrú do dhéanamh chun daoine luadhfar no cuirfear in úil san ordú práinne sin do chuardach daoine eile i gcásanna luadhfar no cuirfear in úil amhlaidh;

(p) oibriú aon achtacháin (seachas an tAcht so) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no aon ionstruime bheidh déanta fé aon achtachán den tsórt san do chur ar fiunraoi no a leithéid do leasú no do chur i mbaint (go n-atharú no gan atharú).

(3) Pé uair a dhéanfaidh an Riaghaltas ordú práinne féadfaidh an Riaghaltas, in ionad éinní áirithe do dhéanamh tríd an ordú práinne sin no socrú do dhéanamh ann i dtaobh éinní áirithe, a údarú no a chomhachtú leis an ordú práinne sin, d'Aire no d'aon duine eile luadhfar no cuirfear in úil san ordú práinne sin, an ní sin no an socrú san do dhéanamh agus chuige sin (fé réir aon choinníollacha agus toilithe luadhfar san ordú práinne sin) na hionstruimí sin do dhéanamh, do dheonadh, no do thabhairt amach agus na hordacháin sin do thabhairt do chífear don Aire sin no don duine sin do bheith riachtanach no ceart chuige sin.

(4) Na forálacha san uile, fóghabhálach no cóghabhálach, do chífear don Riaghaltas do bheith riachtanach no oiriúnach chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon fhoráil a bheidh in ordú práinne fé sna comhachta bheirtear don Riaghaltas leis na forálacha san roimhe seo den alt so, féadfar iad do chur san ordú práinne sin.

(5) Ní údaróidh éinní san alt so cáin d'fhorchur ná aon tsórt seirbhíse míleata éigeanta ná aon tsórt coinscríobhtha thionnscail d'fhorchur ná socrú do dhéanamh chun daoine seachas daoine fé dhlí mhíleata do thriail ag arm-chúirteanna.

(6) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a údaruíonn cogadh d'fhógairt no an Stát do ghlacadh páirte in aon chogadh gan Dáil Éireann do thoiliú chuige.

Orduithe práinne do cheiliúradh agus do leasú.

3. —(1) Pé uair is oiriúnach leo é, féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, ordú práinne do cheiliúradh.

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, ordú práinne do leasú (le breisiú, scriosadh amach, no atharú) i pé slí is oiriúnach leo agus, go sonnrách, féadfaid leis an ordú leasuitheach san éinní do dhéanamh ba dhleathach dóibh do dhéanamh leis an ordú práinne sin agus féadfaid fós, le haon ordú leasuitheach den tsórt san, ordú bheidh déanta cheana fén bhfo-alt so do leasú.

(3) Pé uair is oiriúnach leo é féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, aon ordú bheidh déanta acu fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh.

(4) Léireofar tagairt sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so d'ordú phráinne mar nithe fholuíonn tagairtí d'ordú déanfar fén alt so.

Ionstruimí agus ordacháin fé orduithe práinne do cheiliúradh agus do leasú.

4. —(1) Gach comhacht do bhéarfar le hordú práinne chun ionstruim do dhéanamh, do dheonadh, no do thabhairt amach léireofar í agus beidh éifeacht aici mar ní a fholuíonn comhacht, is infheidhmithe sa tslí chéanna agus fé réir na gcoinníollacha agus na dtoilithe céanna (más ann dóibh), chun ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ionstruim do rinneadh, do deonadh, no do tugadh amach fén gcomhacht san agus (más gá é) chun ionstruim eile do dhéanamh, do dheonadh, no do thabhairt amach in ionad na hionstruime ceiliúrfar amhlaidh.

(2) Gach comhacht do bhéarfar le hordú práinne chun ordachán do thabhairt léireofar í agus beidh éifeacht aici mar ní a fholuíonn comhacht, is infheidhmithe sa tslí chéanna agus fé réir na gcoinníollacha agus na dtoilithe céanna (más ann dóibh), chun ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordachán do tugadh fén gcomhacht san agus (más gá é) chun ordachán eile do thabhairt in ionad an ordacháin a ceiliúrfar amhlaidh.

Ciontaí, cúisithe, agus pionóis.

5. —(1) Gach duine dhéanfaidh sárú (le gníomh no le faillí) no thriailfidh sárú do dhéanamh amhlaidh ar fhoráil in ordú práinne no in ionstruim a déanfar, a deonfar, no do bhéarfar amach fé ordú phráinne no in ordachán do bhéarfar fé ordú phráinne beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine chabhróidh no neartóidh no dhéanfaidh có-cheilg le duine eile chun éinní do dhéanamh (le gníomh no le faillí) a dhearbhuíonn an fo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ina chionta fén alt so beidh sé féin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine darb eol go ndearna duine eile cionta fén alt so agus a chabhróidh leis an duine eile sin d'fhonn gabháil no triail no pionósú an duine sin sa chionta san do chosc no do bhac beidh sé féin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Pé uair a déanfar no a triailfear, maidir le luing no árthach eile no aer-árthach, foráil in ordú práinne, no in ionstruim a déanfar no a deonfar no do bhéarfar amach fé ordú phráinne no in ordachán do bhéarfar fé ordú phráinne, do shárú (le gníomh no le faillí), beidh an duine bheidh, le linn an tsáruithe no na trialach san, i bhfeighil an árthaigh no an aer-árthaigh sin, pe'ca aca é, agus fós an duine bheidh an tráth san ag bainistí an árthaigh no an aerárthaigh sin ciontach, gach duine acu ar leithligh, i gcionta fén alt so.

(5) Má dheineann cólucht corpruithe cionta fén alt so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur hurasuíodh é dhéanamh le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúr thóir no bainisteoir ar an gcólucht corpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, is tuigthe go ndearna an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, no an t-oifigeach eile sin freisin an cionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

(6) Gach duine is saoránach Éireannach, no chomhnuíonn de ghnáth sa Stát, agus a dhéanfaidh no gur tuigthe go ndearna sé, sa Stát no lasmuich de, cionta fén alt so agus gach duine nach saoránach Éireannach ná ná comhnuíonn sa Stát agus a dhéanfaidh no gur tuigthe go ndearna sé sa Stát cionta fén alt so, dlighfear—

(a) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air (agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar a dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air (agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta) no, más rogha leis an gCúirt é, pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana no príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phian-tseirbhís no an phríosúntacht san le chéile.

(7) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an Chúirt, i dteanta no in ionad an phionóis a foráltar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, a ordú go ngeallbhruidfear aon earraí no áirnéis gur maidir leo no tríotha do rinneadh an cionta san agus aon earraí no áirnéis a geallbhruidfear amhlaidh cuirfear de láimh iad sa tslí ordóidh Aire agus aon airgead a thiocfaidh as a leithéid do chur de láimh amhlaidh déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

(8) Imeachta sa Chúirt Dúithche i dtaobh cionta fén alt so féadfaidh Aire no ball den Ghárda Síochána iad do bhunú agus do chur ar aghaidh agus féadfar iad do thabhairt i láthair aon bhreithimh den Chúirt sin agus féadfaidh seisean iad d'éisteacht agus do chur dá láimh is cuma cá mbeidh comhnaí ar an duine adeirtear do rinne an cionta san no cá ndeirtear do rinneadh an cionta san.

Comhachta agus dualgaisí reachtúla do leigint chun duine eile.

6. —(1) Ar fháil cheada an Riaghaltais dó féadfaidh Aire, le hordú, aon chomhacht no dualgas dá mbeidh aige no air, fén Acht so no fé aon Acht eile (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do ritheadh é) no fé ordú phráinne no ordú ar n-a dhéanamh fé ordú phráinne, do leigint chun Aire no chun rúnaí pháirliminte.

(2) Ar fháil cheada an Riaghaltais dó féadfaidh Aire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige fén alt so agus leis sin áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(3) Pé uair a leigfidh Aire comhacht no dualgas uaidh fén alt so beidh an chomhacht san infheidhmithe no cólíonfar an dualgas san, ina ainm féin, ag an duine chun a leigfear é ach (maran chun Aire eile leigfear é) ní bhainfidh an leigint-uaidh sin o fhreagarthacht an Aire sin do Dháil Éireann no mar chomhalta den Riaghaltas maidir le feidhmiú na comhachta san no cólíonadh an dualgais sin.

Imeachta d'éisteacht go príobháideach.

7. —(1) Féadfaidh aon Chúirt gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh i dtaobh aon imeacht a bheidh ar siúl ina láthair fén Acht so no maidir le cionta fén Acht so más deimhin agus pé uair is deimhin leis an gCúirt sin é bheith oiriúnach san do dhéanamh ar mhaithe leis an bpuiblíocht, sé sin le rá:—

(a) an phuiblíocht no aon chuid áirithe dhíobh no aon duine no daoine áirithe do dhúnadh amach as an gCúirt sin le linn éisteachta no aon choda áirithe d'éisteacht na n-imeacht san;

(b) ordú do dhéanamh á ordú gan aon eolas i dtaobh na n-imeacht san no i dtaobh aon choda áirithe dhíobh d'fhoillsiú ná do nochtadh;

(c) ordú do dhéanamh ag cur srianta no teoranta le foillsiú no le nochtadh eolais i dtaobh na n-imeacht san no i dtaobh aon choda áirithe dhíobh.

(2) Gach duine sháróidh ordú déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so (gan dochar d'é bheith ciontach i gcionta eile fós de bharr an chionta san) agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Na comhachta bheirtear do Chúirt leis an alt so beid i dteanta aon chomhachta eile agus gan dochar d'aon chomhacht eile bheidh an gCúirt sin chun gach ní no aon ní no nithe do dhéanamh dá gcomhachtuíonn an t-alt so dhi do dhéanamh.

Táillí ar cheadúnaisí, etc.

8. —(1) Pé táille (más aon cheann é) ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham éileofar, gearrfar, agus íocfar í ar dheonadh, ar ath nuachaint no ar eisiúint aon cheadúnais, ceada, deimhnithe, no scríbhinne eile den tsórt san a deonfar, a hathnuafar, no a heiseofar fé réim no chun críche orduithe phráinne no fé réim no chun críche ionstruime a déanfar, a deonfar, no a heiseofar no ordacháin do bhéarfar fé chomhacht do bhéarfar le hordú práinne.

(2) Na táillí uile a héileofar agus a gearrfar de bhuadh an ailt seo baileofar agus glacfar iad sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir mar ordóidh an tAire sin.

(3) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí a héileofar agus a gearrfar de bhuadh an ailt seo.

Orduithe práinne do leagadh fé bhráid an Oireachtais.

9. —Leagfar gach ordú práinne fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Feidhm dlí ag orduithe práinne agus ag ionstruimí agus ordacháin a déanfar fútha.

10. —Gach ordú práinne agus gach ionstruim a déanfar, a deonfar, no do bhéarfar amach agus gach ordachán do bhéarfar fé ordú phráinne beidh feidhm dlí acu, agus beidh éifeacht acu d'ainneoin éinní contrárdha dhó san in aon achtachán seachas an tAcht so no in aon ionstruim ag á mbeidh éifeacht de bhuadh aon achtacháin seachas an tAcht so.

Comhachta eile do choimeád slán.

11. —Na comhachta bheirtear don Riaghaltas leis an Acht so ní laigheadú iad ach méadú ar aon chomhachta eile is infheidhmithe ag an Riaghaltas no ag Aire.

Costaisí.

12. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an Riaghaltas no aon Aire chun an Achta so do riaradh.

Gearr-theideal agus ré.

13. —(1) Féadfar an tAcht Comhachta Práinne, 1939 , do ghairm den Acht so.

(2) Mara bhfoirceanntar roimhe sin é fé fho-alt (3) den alt so leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann dhá mhí dhéag o dháta a rithte agus raghaidh in éag ansan mara gcinnidh an tOireachtas a mhalairt.

(3) Féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, a dhearbhú an tAcht so do dhul in éag ar dháta áirithe roimh dheireadh dhá mhí dhéag o dháta a rithte agus sa chás san raghaidh an tAcht so in éag dá réir sin.