Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.)

33 1945


Uimhir 33 de 1945.


ACHT CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO GHLACADH LE hEASTAT CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH MAR BHRONNTAS AR AN NÁISIÚN LE hAGHAIDH CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA TUAITHE, DÁ ÚDARÚ GACH NÍ DO DHÉANAMH IS GÁ CHUN AN BRONNTAS DO THABHAIRT CHUN CRÍCHE AGUS TÉARMAÍ AN BHRONNTAIS D'FHEIDHMIÚ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[17ú Deireadh Fómhair, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

an Comhaontú.

ciallaíonn an abairt “an Comhaontú” an Comhaontú a bhfuil cóip de leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so;

an Leithliú.

ciallaíonn an abairt “an Leithliú” an dintiúir a bhfuil cóip de leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so agus do comhlánaíodh ina escrolla agus atá le seachadadh mar dhintiúir ó na páirtithe ann ar an gcéad taobh agus ar an dara taobh a luaithe is féidir tar éis an tAcht so do rith;

an tEastát.

ciallaíonn an abairt “an tEastát” an mhaoin ar a dtugtar de ghnáth Caisleán agus Díméad Bhaile Sheonach agus a tuairiscítear sa Sceideal a ghabhas leis an Leithliú;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

na scríbhní sceidealta.

ciallaíonn an abairt “na scríbhní sceidealta” an Comhaontú agus an Leithliú.

An bronntas do ghlacadh.

2. —Déantar leis seo fial-bhronnadh na maoine ar a dtugtar de ghnáth Caisleán agus Dímeád Bhaile Sheonach (dá ngairmtear an tEastát san Acht so) ar an Náisiún chun críocha coláiste talmhaíochta tuaithe ag Dorothy Violet Jefferies agus Maurice Victor Lakin, bronnadh atá le cur in éifeacht leis na scríbhní sceidealta, do ghlacadh go fíor-bhuíoch, agus dá réir sin—

(a) aontaítear tríd seo leis an gComhaontú agus féadfaidh an tAire forála cláis 10 (c) de do chur i ngníomh, agus

(b) féadfaidh an tAire an Leithliú do chomhlánú agus an tEastát a leithlítear chuige leis do thógaint agus do shealbhú do réir an Achta so.

Coláisté talmhaíochta do bhunú agus do chothabháil ar an Eastát.

3. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht so do rith, bunóidh an tAire coláiste talmhaíochta tuaithe ar an Eastát agus féadfaidh chuige sin gach ní do dhéanamh a mheasfaidh is gá.

(2) Bhéarfar Coláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach mar ainm ar an gcoláiste a bunófar faoin alt so, agus ní hathrófar an ainm sín.

Fuascailt an Eastáit ón gcíos-mhuirear tionnscra do dhéanamh bailí.

4. —An fhuascailt ón gcíos-mhuirear tionnscra de shé chéad punt sa bhliain atá teoranta do Dorothy Violet Jefferies, a beartaítear a dhéanamh ar an Eastát leis an Leithliú, beidh sé bailí d'ainneoin é bheith srianta uirthi an cíos-mhuirear san d'oirichill.

Forála maidir leis an Lóiste Geata ag Ráth Easpoig.

5. —(1) Déanfar an Lóiste Geata (dá ngairmtear an Lóiste Geata san san alt so) ag Ráth Easpoig ar an Eastát do chothabháil do shíor mar thigh comhnaithe don Bhanaltra Iubhaile Ceantair (dá ngairmtear an Bhanaltra san san alt so) a bheas de thuras na huaire i Ráth Easpoig.

(2) Beidh an Bhanaltra san i dteideal comhnaí saor ó chíos sa Lóiste Geata san.

(3) Beidh an Lóiste Geata san, fad a bheas an Bhanaltra san á lonnú, saor ó mheisiúnacht i gcóir ráta dhealúis agus i gcóir aon ráta eile a ghearrfaidh údarás áitiúil.

Gáirdíní, etc., an Eastáit do bhuan-choimeád.

6. —Ní déanfar athrú ar ornáideacht gháirdíní agus tailte áineasa an Eastáit ná ní déanfar na crainn ornáideacha ann do leagadh ná do ghearradh ach amháin i ngnáth-chúrsa bainistí an Eastáit.

Cearta spóirt ar an Eastát.

7. —Na cearta lámhaigh, íascaireachta, foghlaerachta agus spóirt a forcoimeátar leis an Leithliú do Maurice Victor Lakin agus dá oidhrí, dearbhaítear leis seo iad do bheith arna bhforcoimeád mar chearta pearsanta chun úsáide agus áise Maurice Victor Lakin sin agus na n-oidhrí sin air maraon le lucht aíochta aige sin agus acu san, agus chun a n-úsáide agus a n-áise sin amháin, agus ní féadfar na cearta san do shannadh ná d'fho-ligean chun duine ar bith.

Cearta slí ar an Eastát.

8. —Na slite a ndéantar cearta slí orthu d'fhorcoimeád leis an Leithliú do Dorothy Violet Jefferies agus do Maurice Victor Lakin agus dá n-oidhrí agus dá seirbhísigh fá seach ón mbóthar poiblí go dtí Roilig Phríobháideach na Muintire, déanfaidh an tAire iad do bhuan-choimeád agus do chothabháil do shíor.

Saoirse ó dhiúité stampa.

9. —Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar ceachtar de na scríbhní sceidealta ná ar aon ionstraim, faoi dháta is déanaí ná dáta an Achta so do rith, is gá chun éifeacht do thabhairt do cheachtar de na scríbhní sceidealta.

Saoirse ó dhiúité eastáit.

10. —Ní bheidh diúité eastáit inéilithe i leith an Eastáit i gcás Dorothy Violet Jefferies nó Maurice Victor Lakin nó iad araon d'éag laistigh de thrí bliana tar éis dáta comhlánuithe an Leithlithe.

Costais.

11. —Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh, ar a n-áirítear go sonnrach an t-airgead is iníoctha ag an Aire faoi chlás 10 (c) den Chomhaontú agus na eostais faoina raghaidh an tAire chun agus i dtaobh na scríbhní sceidealta d'ullmhú agus do chomhlánú, déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, do ghairm den Acht so.