8 1952


Uimhir 8 de 1952.


AN tACHT UM STAIDREAMH BEATHA AGUS UM CHLÁRÚ BREITHEANNA, BÁSA AGUS PÓSTAÍ, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ STAIDREAMH BEATHA A BHAILIÚ AGUS D'FHOILSIÚ AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT A BHAINEAS LE CLÁRÚ BREITHEANNA, BÁSA AGUS PÓSTAÍ. [10ú Meitheamh, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht seo, ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.

Staidreamh beatha.

2. —(1) Is staidreamh beatha chun críocha an ailt seo staidreamh maidir leis na nithe seo a leanas:—

(a) breitheanna,

(b) bása,

(c) póstaí,

(d) aon nithe eile (lena n-áirítear, go sonrach, bása foetus) a cheapfas an tAire, le rialacháin, mar nithe ar staidreamh beatha an staidreamh a bhaineas leo.

(2) Féadfaidh an tAire staidreamh beatha a bhailiú, a thiomsú, d'achomairiú agus d'fhoilsiú.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, go sonrach, féadfaidh forála mar leanas a bheith sna rialacháin:—

(a) i gcás aon bhreithe, báis nó pósadh, forála á cheangal go dtabharfar don chláraitheoir eolas sonraithe, maidir leis an mbreith nó an bás nó an pósadh, le linn é a chlárú nó laistigh de thréimhse shonraithe ina dhiaidh sin,

(b) i gcás aon ní eile ar staidreamh beatha an staidreamh a bhaineas leis, forála á cheangal go dtabharfar eolas sonraithe maidir leis an ní sin do dhuine sonraithe laistigh de thréimhse shonraithe;

(c) forála chun eolas a thaifeadadh a gheofar de bhun na rialachán agus chun é a chur chun an Aire nó go dtí aon duine sonraithe eile.

(4) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil i rialacháin faoin alt seo a ndeirtear gur foráil phionosach í, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(5) Ní dhéanfaidh duine ar bith a bheas ag fáil eolais a tabharfar de bhuaidh rialachán de bhun an ailt seo, nó ag bailiú, ag tiomsú, ag achomairiú nó ag foilsiú staidrimh beatha, aon eolas den tsórt sin a nochtadh mar eolas a bhaineas le haon duine is féidir d'aithint ach amháin chun duine eile a bheas ag gabháil don obair sin nó más gá é chun críocha aon inchúisimh faoin Acht seo, agus má sháraíonn duine ar bith an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(6) In ionad gníomhú trína oifigigh féin chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, féadfaidh an tAire comhshocrú a dhéanamh le haon Aire eile—

(a) chun go ndéanfaidh oifigigh don Aire sin aon staidreamh beatha a bhailiú, a thiomsú, d'achomairiú agus d'fhoilsiú, nó

(b) chun go gcomhlíonfaidh na hoifigigh sin aon fheídhmeanna nó seirbhísí a bhaineas le cumhachta a bheirtear leis an alt seo nó leis na rialacháin faoi.

(7) Ní dhéanfaidh forála an ailt seo ná forála faoin alt seo difir d'aon oblagáid, arna forchur le haon achtachán eile nó faoi, chun eolas a thabhairt maidir le breith, bás nó pósadh, nó aon ní eile.

Teidil d'athrú.

3. —Déantar leis seo na teidil atá ar na hoifigí a cuireadh ar fáil faoi alt 52 den Marriages (Ireland) Act, 1844, agus faoi alt 4 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, d'athrú go dtí Oifig an Ard-Chláraitheora agus déantar leis seo teideal an duine a ceaptar faoi na hailt sin do na hoifigí sin d'athrú go dtí an tArd-Chláraitheoir.

Laethanta agus uaire a cheapadh le haghaidh cuardaigh in Oifig an Ard-Chláraitheora.

4. —(1) Forléireofar na hachtacháin lena mbaineann an fo-alt seo mar achtacháin a thugann teideal do dhaoine chun an cuardach dá dtagartar sna hachtacháin sin a dhéanamh ar na laethanta sin amháin, agus le linn na dtréimhsí sin amháin ar na laethanta sin, a cheapfas an tAire le rialacháin.

(2) Is iad seo a leanas na hachtacháin lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo:—

(a) alt 70 den Marriages (Ireland) Act, 1844,

(b) alt 50 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, agus

(c) alt 17 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863.

Clárú breithe— deireodh leis an tórainn aimsire chun ainm a chlárú nó ainm d'athrú.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, trí “at any time” a chur in ionad “within twelve months next after the registration of the birth” agus trí “or who is for the time being in charge of the records relating to the baptism of the child” a chur i ndiaidh “was given or altered.”

(2) Más rud é, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, go mbeidh deimhniú faoi alt 8 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, sínithe ag an duine atá de thuras na huaire i bhfeighil na dtaifead a bhaineas le baiste an linbh, beidh an deimhniú sa bhFoirm A sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin arna modhnú mar leanas:

(a) cuirfear “there was baptised, as shown by the records of baptisms in my charge,” in ionad “I baptised”,

(b) scriosfar “to me” .

Gearr-dheimhniú breithe, báis nó pósta.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil go n-eiseofar, maidir le haon taifead i gclár breitheanna, bása nó póstaí, deimhniú ar pé nithe sa taifead a sonrófar sna rialacháin.

(2) Faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, forálfar i rialacháin faoin alt seo cad é an táille a bheas le n-íoc as deimhniú d'eisiúint de bhun na rialachán.

Foirmeacha áirithe a mhodhnú.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon cheann de na foirmeacha lena mbaineann an fo-alt seo a mhodhnú.

(2) Is iad seo a leanas na foirmeacha lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo:—

(a) an fhoirm le haghaidh clár póstaí atá leagtha amach i Sceideal G a ghabhas leis an Marriages (Ireland) Act, 1844.

(b) an fhoirm le haghaidh deimhniú pósta atá leagtha amach mar Fhoirm A sa Sceideal a ghabhas leis an Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863.

(c) an fhoirm le haghaidh deimhniú pósta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1871.

Deireadh leis na tórainneacha ar shuimeanna agus táillí áirithe.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 den Marriages (Ireland) Act, 1844, trí “the sum of five shillings” a scrios agus “such sum as may from time to time be appointed in that behalf by his Presbytery” a chur ina ionad.

(2) Leasaítear leis seo alt 10 den Marriages (Ireland) Act, 1844, trí “a fee of one shilling” a scrios agus “such fee as may from time to time be appointed in that behalf by the Presbytery” a chur ina ionad.

(3) Leasaítear leis seo alt 35 den Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, trí “not exceeding the sum of five shillings” agus “not exceeding one shilling” a scrios.

Méid táillí, suimeanna agus liúntas áirithe d'athrú.

9. —(1) In aon chás ina socraíonn foráil d'aon Acht lena mbaineann an fo-alt seo méid aon táille nó suime (is suim i bhfoirm táille), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, méid na táille nó na suime d'athrú le rialacháin.

(2) Is iad seo a leanas na hAchta lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo:—

(a) na hAchta um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1863 go 1936, agus

(b) an Marriages (Ireland) Act, 1844, an Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1863, an Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, an Matrimonial Causes and Marriage Law (Ireland) Amendment Act, 1870, agus an tAcht um Chlárú Póstaíocha, 1936 (Uimh. 35 de 1936) .

(3) In aon chás ina socraíonn foráil d'aon Acht (nach Acht lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) méid nó tórainn aon táille ar dheimhniú breithe, báis nó pósta, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus le toiliú pé Aire atá freagarthach i riaradh an Achta, méid nó tórainn na táille d'athrú le rialacháin.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, athrú a dhéanamh le rialacháin—

(a) ar mhéid an liúntais is iníoctha faoi alt 3 den Acht um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1936 ( Uimh. 34 de 1936 ), agus

(b) ar mhéid an liúntais is iníoctha faoi alt 2 den Acht um Chlárú Póstaíocha, 1936 ( Uimh. 35 de 1936 ).

An t-údarás cúnaimh phoiblí a bheith ina chláraitheoir maoirseachta.

10. —(1) I gcás folúntas in oifig an chláraitheora mhaoirseachta d'aon cheantar a bheith ann i dtosach feidhme an ailt seo nó a theacht ina dhiaidh sin—

(a) is é an t-údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Poiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , ar laistigh dá líomatáiste feidhme atá an ceantar, a bheas dá éis sin ina chláraitheoir maoirseachta don cheantar,

(b) scoirfidh ailt 22 agus 53 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, agus alt 20 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863, d'éifeacht a bheith acu maidir leis an gceantar,

(c) scoirfidh alt 26 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, agus ailt 21 agus 22 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, d'éifeacht a bheith acu maidir leis an gceantar a mhéid a bhaineas na hailt sin le leas-chláraitheoirí maoirseachta, cláraitheoirí maoirseachta cúnta agus cláraitheoirí maoirseachta eatramhacha.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh duine, i dtosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifig chláraitheora mhaoirseachta eatramhaigh do cheantar, agus

(b) nach raibh an duine sin, an 13ú lá d'Fheabhra, 1952, ina oifigeach ná ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil ná ag fáil aoisliúntais ó údarás áitiúil,

beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gceantar sin ach “I gcás duine a bheas, i dtosach feidhme an ailt seo, i seilbh oifig chláraitheora mhaoirseachta eatramhaigh do cheantar a scor de bheith i seilbh na hoifige sin” a chur in ionad “I gcás folúntas in oifig an chláraitheora mhaoirseachta d'aon ceantar a bheith ann i dtosach feidhme an ailt seo nó a theacht ina dhiaidh sin”.

Athghairm ar na forála i dtaobh taifid bhliantúla breitheanna, bása agus póstaí d'fhoilsiú.

11. —Athghairmtear leis seo alt 56 den Marriages (Ireland) Act, 1844, alt 49 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, agus alt 16 den Registration of Marriages (Ireland) Act, 1863.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

12. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

13. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Tosach feidhme.

14. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchta um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1863 go 1936, agus an méid den Acht seo a bhaineas le clárú breitheanna agus bása d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchta um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, a ghairm díobh le chéile.