An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Cearta agus Sainchumais an Phobail maidir le Maoin, Eiséatadh agus bona vacantia.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Talamh Stáit nach mbaineann ailt 10 ná 11 leis.)

25 1954

AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954

CUID IV.

Forála Airgeadais.

Fiacha áirithe ar údaráis Stáit, etc., a ghlanadh trína bhfritháireamh.

33. —I gcás—

(a) aon airgead a bheith iníoctha le duine ar bith ag údarás Stáit, ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag Coimisiún na Talún, agus

(b) aon airgead a bheith dlite ón duine sin d'údarás Stáit i leith aon tsean-choróinchíosa nó aon chíosa, cíosmhuirir, rí-chíosa nó suime eile is iníoctha go tréimhsiúil as talamh Stáit nó i leith aon tsuime is iníoctha mar tháillí as talamh Stáit,

féadfar an t-airgead sin a luaitear i mír (a) d'fhritháireamh in aghaidh an airgid sin a luaitear i mír (b), go hiomlán nó go páirteach do réir mar is iomchuí.

Airgead chun creidmheasa do Chuntas Ioncaim na gCoillte, na bhForaoiseacha agus na dTailte a dhiúscairt.

34. —Déanfar, a luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme, an t-airgead agus na hurrúis uile a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, chun creidmheasa do Chuntas Ioncaim na gCoillte, na bhForaoiseacha agus na dTáilte, maraon le hús ar bith a bheas faibhrithe orthu d'íoc le Cúlchiste na gCairteacha Coigiltis, nó d'aistriú chuige, agus iad a chur chun creidmheasa don Phríomh-Chuntas Cúlchiste.

Airgead a gheofar feasta i leith talún Stáit a dhiúscairt.

35. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire, an t-airgead agus na hurrúis uile a gheobhas údarás Stáit, ar an dáta feidhme nó dá éis, i leith talún Stáit.

Airgead chun creidmheasa do Chuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha a dhiúscairt.

36. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham a ordú airgead sonraithe nó urrúis shonraithe, a bheas chun creidmheasa don chuntas atá faoina urláimh agus dá ngairmtear Cuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha—

(a) d'íoc isteach i gCúlchiste na gCairteacha Coigiltis, nó d'aistriú chuige, agus iad a chur chun creidmheasa don Phríomh-Chuntas Cúlchiste, nó

(b) d'íoc isteach sa Stát-Chiste, nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós sé.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo ar an Aire na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh as Cuntas Taisce Chiste na nEastát Dí-Thiomnacha—

(a) íocaíochtaí i ndáil le riaradh eastát daoine marbha (lena n-áirítear íocaíochtaí i leith caiteachas adhlaicthe, fiacha, caiteachais riaracháin agus deolchairí), agus

(b) pé íocaíochtaí eile is cuí leis.

Airgead eile a dhiúscairt.

37. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste, nó cuifrear chun tairbhe don Stát-Chiste, i pé slí a ordós an tAire, an t-airgead go léir a gheobhas údarás Stáit faoin Acht seo agus nach bhfuil foráil déanta i dtaobh a dhiúscartha in aon alt eile san Acht seo.

Caiteachais údarás Stáit.

38. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire, na caiteachais faoina raghaidh údarás Stáit ag riaradh an Achta seo.