27 1966


Uimhir 27 de 1966.


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [1 Samhain, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a choimeád i ngníomh.

1954, Uimh. 30 .

1962, Uimh. 38 .

1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1962 :

“(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1970, agus éagfaidh sé ansin.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1962, agus den Acht seo le chéile.