An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Seirbhísí Ospidéil d'Othair Chónaithe agus d'Othair Sheachtracha) Ar Aghaidh (Caibidil IV Seirbhísí do Mháithreacha agus do Leanaí)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

Caibidil IIII

Seirbhísí Liachta Ginearálta

Seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta.

58. —(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta ar fáil in aisce do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht.

(2) Déanfar rialacháin le toiliú an Aire Airgeadais i dtaobh na seirbhíse faoin alt seo agus forálfaidh siad go ndéanfar, a mhéid is indéanta sin dar leis an Aire, rogha ar lia-chleachtóir a thairiscint faoi réir coinníollacha a fhorordófar sna rialacháin do dhaoine a bhainfidh leas an an tseirbhís faoin alt seo.

Druganna, íocanna agus fearais.

59. —(1) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí le haghaidh druganna, íocanna agus fearais liachta nó máinliachta a sholáthar in aisce do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht.

(2) Nuair a dhéanfaidh duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta nó duine ag a bhfuil lán-cháilíocht nach mbaineann leas as an tseirbhís faoi fho-alt (1) a chruthú do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte gur thabhaigh sé, in aghaidh tréimshe agus go feadh méid a bheidh cinnte le rialacháin a rinne an tAire, caiteachas le druganna, íocanna agus fearais liachta agus máinliachta a fuarthas ar oideas lia-chleachtóra chláraithe agus gur chun cóireála dó féin nó dá chleithiúnaithe iad, déanfaidh an bord sláinte comhshocraíochtaí chun íoc as iarmhar costas, nó as cion de chostas (de réir mar a fhorordófar), druganna, íocanna agus fearais liachta agus máinliachta den sórt sin a sholáthar don duine in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun druganna, íocanna nó fearais liachta agus máinliachta a sholáthar in aisce do dhaoine ar a bhfuil galar nó míchumas forordaithe buan nó fada.

(4) Is le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar rialacháin i dtaobh seirbhíse faoin alt seo.

Altranas baile.

60. —Soláthróidh bord sláinte in aisce, maidir le daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus maidir le cibé earnála eile daoine agus chun cibé críocha a shonróidh an tAire, seirbhís altranais chun chomhairle agus cabhair maidir lena sláinte a thabhairt do na daoine sin agus chun cabhrú leo má bhíonn siad breoite.

Seirbhís chúnamh baile.

61. —(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun cabhrú—

(a) le duine breoite nó easlán nó cleithiúnaí duine den sórt sin,

(b) le bean a bhaineann leas as seirbhís faoi alt 62, nó a fhaigheann aireachas dá shamhail, nó cleithiúnaí mná den sórt sin,

(c) le duine ar ghá, mura mbeadh seirbhís a sholáthar dó faoin alt seo, é a chothabháil ar shlí seachas sa bhaile,

a chothabháil sa bhaile (de réir mar a chinnfidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird i ngach cás) in aisce nó ar cibé táille is dóigh leis is iomchuí.

(2) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte comhlíonfaidh sé aon orduithe ón Aire.