|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CAIBIDIL II Oifigigh agus Seirbhísigh, etc.) |
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Riarachán | |
[EN] |
Caibidil I Boird Sláinte | |
[EN] |
Boird sláinte a bhunú. |
4. —(1) Chun na seirbhíse sláinte sa Stát a riaradh, bunóidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, cibé méid bord (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo boird sláinte) is iomchuí leis, agus déanfaidh sé, leis na rialacháin sin, teideal gach boird sláinte a bhunófar amhlaidh a shonrú agus limistéar feidhme gach boird den sórt sin a mhíníú agus, faoi réir fho-alt (2), sonróidh sé comhaltas gach boird sláinte. |
[EN] | (2) (a) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de bhord sláinte— | |
[EN] | (i) daoine a cheapfaidh na húdaráis áitiúla iomchuí, | |
[EN] | (ii) daoine a cheapfar, trína dtoghadh, ag dochtúirí leighis cláraithe agus trína dtoghadh ag comhaltaí cibé gairmeacha coimhdeacha a shonrófar sna rialacháin iomchuí faoi fho-alt (1), | |
[EN] | (iii) daoine a cheapfaidh an tAire. | |
[EN] | (b) In aon sonrú ar chomhaltas boird sláinte le rialacháin faoin alt seo beidh an líon daoine a chomhlíonfaidh an coinníoll atá i mír (a) (i) níos mó ná an líon iomlán comhaltaí eile a bheidh ar an mbord sláinte. | |
[EN] | (c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) (ii) i gcás na chéad chomhaltaí a cheapfar ar bhord sláinte, ach beidh ar na chéad daoine a cheapfar ar Bhord sláinte faoi mhír (a) (iii) daoine a cheapfar ar na n-ainmniú ag comhlachtaí atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do ghairm an leighis agus do ghairmeacha coimhdeacha nó do bhrainsí áirithe den chéanna. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2) agus mhíreanna 14 (1) agus 16 (2) den Dara Sceideal is iad na húdaráis áitiúla iomchuí gach comhairle contae nó gach bardas contae-bhuirge a bhfuil a limistéar feidhme (nó cuid dá limistéar feidhme) i limistéar feidhme an bhoird sláinte iomchuí agus, sa chás iomchuí, is údarás áitiúil iomchuí Bardas Dhún Laoghaire. | |
[EN] | (4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le comhairle contae, le bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh. | |
[EN] | (5) Déanfar dréacht de rialacháin a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún do cheadú an dréachta. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ag alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , maidir le rialacháin faoin alt seo. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta maidir le boird sláinte. |
5. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le bord sláinte a bhunófar faoin Acht seo: |
[EN] | (a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain; | |
[EN] | (b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a shealbhú agus a dhiúscairt; | |
[EN] | (c) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala; | |
[EN] | (d) d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, na comhaltaí den bhord a cheapfaidh comhairle contae is comhaltaí den chomhairle sin a bheidh iontu agus na comhaltaí den bhord a cheapfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile is comhaltaí den chomhairle chathrach nó den chomhairle buirge don bhuirg sin a bheidh iontu; | |
[EN] | (e) beidh feidhm maidir leis an mbord ag na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh ar iarratas ó bhord sláinte, riail éagsúil a chur, maidir leis an mbord sin, in ionad aon riail acu seo a leanas atá leagtha amach sa Dara Sceideal, is é sin, rialacha 15, 17, 20, 21, 22, 23. | |
[EN] | (3) Nuair a dhéanfar ordú faoi fho-alt (2), beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an mbord sláinte iomchuí ach an riail a bheidh leagtha amach san ordú a chur in ionad na rialach iomchuí sa sceideal sin. | |
[EN] |
Feidhmeanna bord sláinte. 1919, c. 72. 1920, c. 49. |
6. —(1) Faoi réir alt 17 comhlíonfaidh bord sláinte na feidhmeanna a bheidh tugtha dó faoin Acht seo agus aon fheidhmeanna eile a bhí, díreach roimh é a bhunú, á bhfeidhmiú ag údarás áitiúil (seachas údarás sláintíochta) i limistéar feidhme an bhoird sláinte maidir le hoibriú seirbhísí arna soláthar faoi réim, nó i ndáil le riaradh, na n-achtachán a shonraítear i bhfo-alt (2). |
[EN] | (2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, | |
[EN] | (b) na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966, | |
[EN] | (c) na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, | |
[EN] | (d) na Notification of Births Acts, 1907 and 1915, | |
[EN] | (e) na hAchtanna a bhaineann le clárú póstaí, | |
[EN] | (f) na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936, | |
[EN] | (g) Cuid I den Children Act, 1908, agus ailt 2 agus 3 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957 , | |
[EN] | (h) an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, | |
[EN] | (i) an Blind Persons Act, 1920, | |
[EN] | (j) Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 , agus Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1962 , | |
[EN] | ||
[EN] | (l) Acht na mBan Cabhartha, 1944 , arna leasú le hAcht na nAltran, 1950 , | |
[EN] | (m) na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, | |
[EN] | (n) Acht na Nimheanna, 1961 . | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (seachas an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 ) nó in aon ionstraim reachtúil d'údarás sláinte a fhorléiriú mar thagairt do bhord sláinte nó, má chinneann an tAire amhlaidh le hordú, do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte. | |
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 10 (1) (a) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 , trí “is é an bord sláinte” a chur in ionad “is é an t-údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Poiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,”. | |
[EN] |
Coistí áitiúla. |
7. —(1) Bunóidh an tAire le rialacháin, maidir le limistéar feidhmiúcháin gach boird sláinte, cibé líon coistí (a dtabharfar coiste áitiúil ar gach coiste díobh agus a ngairtear coiste áitiúil de gach coiste díobh san Acht seo) is dóigh leis is iomchuí. |
[EN] | (2) Beidh i rialacháin faoin alt seo forálacha a bhainfidh le ceapadh, seilbh oifige, dícháiliú comhaltaí de choiste áitiúil agus lena gcur as oifig, a bhainfidh le cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar choiste áitiúil a cheapadh, a bhainfidh le comóradh cruinnithe, leis an gcóram do chruinnithe, agus an nós imeachta ag cruinnithe, coiste áitiúil. | |
[EN] | (3) Sonrófar comhaltas coiste áitiúil i rialacháin faoin alt seo agus forálfaidh na rialacháin sin gur daoine is comhaltaí de chomhairle contae nó contae-bhuirge don limistéar iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, de Chomhairle Bhardas Dhún Laoghaire líon is mó ná leath comhaltaí an choiste. | |
[EN] | (4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le gach bord sláinte, le gach comhairle contae, le gach bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme an bhoird, na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh. | |
[EN] | (5) (a) Is í príomh-fheidhm coiste áitiúil comhairle a thabhairt don bhord sláinte i dtaobh an bord sláinte do sholáthar seirbhísí sláinte i limistéar feidhme an choiste, agus breithneoidh bord sláinte aon chomhairle a thabharfar dó amhlaidh. | |
[EN] | (b) Feidhmeoidh coiste áitiúil cibé feidhmeanna eile a tharmligfidh an bord sláinte iomchuí, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, chuige. | |
[EN] |
Coistí bord sláinte. |
8. —(1) Féadfaidh bord sláinte cibé coistí is oiriúnach leis a bhunú agus féadfaidh sé, faoi réir an Achta seo, feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choiste den sórt sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den bhord a bheith, le toiliú an Aire, ina gcomhaltaí de choiste a cheapfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Caiteachais comhaltaí bord agus coistí. |
9. —(1) Féadfaidh bord sláinte íocaíochtaí a dhéanamh le comhalta de bhord sláinte nó de choiste a bunaíodh faoi alt 7 nó 8 i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar ag freastal ar chruinniú den bhord nó den choiste nó ar shlí eile de bhun gnó an bhoird. |
[EN] | (2) Is de réir scála a bheidh cinnte ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo. | |
[EN] |
Liúntais do chathaoirligh agus do leascathaoirligh bord sláinte. |
10. —(1) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena chathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird. |
[EN] | (2) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena leaschathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird. | |
[EN] | (3) Is é an méid a bheidh i liúntas faoin alt seo agus an cineál caiteachas a n-íocfar é ina leith méid agus cineál a cheadóidh an tAire. | |
[EN] |
Boird sláinte do ghníomhú i gcomhar. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá bhord sláinte nó níos mó do gníomhú i gcomhar ag feidhmiú aon cheann dá bhfeidhmeanna dóibh maidir le hiomlán a limistéir feidhme faoi seach nó maidir le haon chuid den chéanna. |
[EN] | (2) Féadfaidh ordú faoin alt seo socrú a bheith ann i dtaobh an mhodha a n-íocfar na caiteachais a thabhófar ag gníomhú i gcomhar amhlaidh agus chun comhbhord a bhunú chun críocha an ordaithe. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le comhbhord a bhunófar faoin alt seo: | |
[EN] | (a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain faoin ainm a thabharfar air leis an ordú, | |
[EN] | (b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe, | |
[EN] | (c) beidh cumhacht ag an mbord talamh a shealbhú agus a dhiúscairt, | |
[EN] | (d) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus fíordheimhneofar an gnáth shéala sin le síniú an chathaoirligh nó comhalta éigin eile a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don bhord a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin, | |
[EN] | (e) tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ordú nó ionstraim eile é a rinne an bord agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír (d) ) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suitear a mhalairt, | |
[EN] | (f) féadfaidh an tAire, le hordú, aon fhorálacha den Acht seo nó d'aon rialacháin faoin Acht seo, faoi réir cibé modhnuithe nó teorainneacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé le hordú, a chur chun feidhme maidir leis an mbord. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm, agus beidh san ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe foráil dóibh seo a leanas— | |
[EN] | (a) an comhbhord a dhíscaoileadh agus maoin, cearta agus dliteanais an chomhbhoird a aistriú chun boird sláinte, chun dhá bhord sláinte nó níos mó, chun comhbhoird eile nó chun dhá chomhbhord eile nó níos mó, | |
[EN] | (b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhbhord díscaoilte a choimeád ar marthain, | |
[EN] | (c) leanúint d'imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh, | |
[EN] | (d) sealbhóir oifige faoin gcomhbhord díscaoilte a aistriú go dtí oifig cosúil léi faoi cheann de na boird sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chombhord eile a bhfuil a limistéar feidhme comhthreorannach le nó ina bhfuil nó ar cuid é de limistéar feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte. | |
[EN] | (5) Má dhéantar, faoi ordú faoi fho-alt (4), sealbhóir oifige faoi chomhbhord a aistriú chun oifige eile, measfar, maidir le haon achtachán a bhaineann le haoisliúntas, nár díscaoileadh an oifig chéadluaite. | |
[EN] |
Bord a chur as oifig. |
12. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí boird sláinte a chur as oifig má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh— |
[EN] | (a) gur deimhin leis, tar éis dó a chur faoi deara fiosrú áitiúil a chomóradh i dtaobh an bhoird do chomhlíonadh dualgas an bhoird, nach bhfuil na dualgais á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach, | |
[EN] | (b) go mbeidh an bord tar éis a dhiúltú nó a fhaillí déanamh de réir breithiúnais, ordaithe nó foraithne ó aon chúirt, | |
[EN] | (c) go mbeidh an bord tar éis diúltú, tar éis fógra cuí, a cheadú a chuntais a iniúchadh ag iniúchóir a ceapadh chuige sin faoi alt 28, nó | |
[EN] | (d) gur lú ná an córam do chruinnithe den bhord an líon comhaltaí den bhord atá i gcumas gníomhú. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé do na daoine a bheidh curtha as oifig mar chomhaltaí den bhord fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh agus ag insint a chúiseanna lena gcur as oifig. | |
[EN] | (3) Beidh in ordú faoin alt seo cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá de dhroim na comhaltaí den bhord sláinte a chur as oifig, ar a n-áirítear forálacha chun duine nó daoine a cheapfaidh an tAire d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna is infheidhmithe ag na comhaltaí. | |
[EN] | (4) Déanfaidh an tAire, laistigh de dhá bhliain ó dháta comhaltaí boird sláinte a chur as oifig faoin alt seo, socrú comhaltaí a cheapadh as an nua chun an bhoird sin. | |
[EN] | (5) Chun críche ceapacháin faoi fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 4 agus ag na rialacháin faoi agus ag an Dara Sceideal faoi réir aon mhodhnuithe is gá chun go bhféadfar na ceapacháin sin a dhéanamh agus a shonrófar san ordú iomchuí a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (4). |