An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Riarachán) Ar Aghaidh (Caibidil III Airgeadas)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CAIBIDIL II

Oifigigh agus Seirbhísigh, etc.

Príomh-oifigigh fheidhmiúcháin bord sláinte.

13. —(1) Ceapfar, i leith gach boird sláinte a bhunófar faoin Acht seo, duine ar a dtabharfar príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird agus a ghníomhóidh mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don bord.

(2) (a) I gcás ina mbeidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin, ar chúis ar bith seachas a fhionraí óna dhualgais a chomhlíonadh, neamhábalta go sealadach gníomhú mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin, féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an bhoird sláinte (nó, má bhíonn sé as láthair, leis an leas-chathaoirleach) duine eile d'oifigigh an bhoird sin a cheapadh chun gníomhú mar leas-phríomhoifigeach feidhmiúcháin an fad a bheidh sé neamhábalta amhlaidh.

(b) I gcás ina mbeidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin neamhábalta go sealadach ar aon chúis gníomhú mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus nach mbeidh ceapachán déanta aige faoin bhfo-alt seo nó go mbeidh ceapachán a rinneadh faoin bhfo-alt seo, ag an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin sin nó ar shlí eile, arna fhoirceannadh faoi mhír (d), nó mar gheall ar an duine a ceapadh d'fháil bháis nó éirí as oifig, féadfaidh cathaoirleach an bhoird sláinte (nó, má bhíonn sé as láthair, an leas-chathaoirleach) duine d'oifigigh eile an bhoird sin a cheapadh chun gníomhú mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar feadh an fhaid eile a bheidh an príomh-oifigeach neamhábalta amhlaidh.

(c) Féadfaidh an tAire aicmí oifigeach a shonrú is incheaptha mar leas-phríomh-oifigeach feidhmucháin agus is de réir aon sonrú den sórt sin a dhéanfar aon cheapadh faoin bhfo-alt seo.

(d) Féadfaidh cathaoirleach an bhoird sláinte le toiliú an Aire ceapadh mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhoirceannadh tráth ar bith.

(e) Beidh deireadh le ceapadh mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin scor de bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhorléiriú mar thagairt do dhuine a ceapadh faoin alt seo.

(4) Sealbhóidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin a oifig ar cibé tearmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(5) Íocfaidh bord sláinte lena phríomh-oifigeach feidhmiúcháin cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(6) Féadfaidh an tAire, sula mbunófar bord sláinte—

(a) a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a roghnú faoi alt 15 chun a cheaptha mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin don bhord,

(b) socrú a dhéanamh le haghaidh duine a roghnófar amhlaidh a oiliúint, agus

(c) aon chaiteachas (ar a n-áirítear luach saothair a íoc, go dtí go mbunófar an bord, le duine a roghnófar amhlaidh) a thabhófar faoin bhfo-alt seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) Ar an mbord iomchuí a bhunú, measfar duine a roghnaíodh de réir fho-alt (6) a bheith ceaptha mar phríomh-oifigeach feidmiúcháin an bhoird sin.

(8) Is feidhm de chuid an bhoird príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla a dhéanfar ar shlí seachas chun críocha fho-alt (6).

(9) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an bhoird nó, má bhíonn sé as láthair, le leas-chathaoirleach an bhoird, príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh go sealadach.

Oifigigh agus seirbhísigh eile do bhoird sláinte.

14. —(1) I dteannta an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, ceapfar chun boird sláinte cibé oifigigh eile agus cibé líon díobh agus cibé seirbhísigh agus cibé líon díobh a chinnfidh an bord ó am go ham de réir orduithe ón Aire.

(2) Is feidhm de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó seirbhíseach do bhord sláinte a cheapadh.

(3) Aon oifigeach nó seirbhíseach do bhord sláinte a cheapfar faoin alt seo sealbhóidh sé a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin ó am go ham.

(4) Íocfaidh bord sláinte le hoifigeach nó seirbhíseach a cheapfar faoin alt seo cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin ó am go ham.

(5) (a) Nuair a bheidh oifigeach nó seirbhíseach á cheapadh aige, gníomhóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir orduithe an Aire ach ní bheidh aon ordú den sórt sin ar neamhréir le halt 15.

(b) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige faoi fho-alt (3) nó (4), gníomhóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir orduithe an Aire agus beidh aird aige ar aon chomhshocraíochtaí a bheidh i ngníomh le haghaidh comhréitigh agus eadrána le daoine lena mbainfidh an cinneadh.

(6) Féadfaidh aon oifigeach do bhord sláinte arb éagóir leis cinneadh faoi fho-alt (3) nó (4) a iarraidh ar an Aire ordú a thabairt ina leith sin faoi fho-alt (5).

(7) Féadfaidh oifigeach a cheapfar faoin alt seo socrú a dhéanamh chun a dhualgais a chomhlíonadh ar feadh tréimhse sonraithe ag ionadaí a ainmneoidh an t-oifigeach, le toiliú an Aire, nó le toiliú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin arna thabhairt de réir aon orduithe ón Aire.

(8) Beidh na cáilíochtaí iomchuí a cheadófar faoi alt 18 ag ionadaí a ainmneofar faoi fho-alt (7).

Feidhm Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940.

1955, Uimh. 9 .

15. —(1) Bainfidh Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, le ceapadh príomh-oifigeach feidhmiúcháin agus le cibé oifigigh eile faoi bhoird sláinte a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ionann is dá mba údaráis áitiúla na boird, ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonróidh an tAire le hordú a dhéanfaidh sé le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(2) Déanfar tagairtí don Aire iomchuí in ailt 29 agus 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , a fhorléiriú, maidir le ceapacháin chun bord sláinte, mar thagairtí don Aire.

Tarmligean ag príomh-oifigeach feidhmiúcháin.

16. —(1) Féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte aon fheidhm is infheidhmithe aige a tharmligean chun oifigeach eile de chuid an bhoird, faoi réir aon treoracha ina leith sin ón Aire.

(2) I gcás ina ndéanfar tarmligean chun oifigigh faoin alt seo—

(a) feidhmeoidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe faoi ordú agus rialú ginearálta an príomh-oifigigh fheidhmiúcháin;

(b) feidhmeoidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe de réir aon teorannacha a shonrófar sa tarmligean maidir leis an limistéar ina bhfeidhmeoidh sé nó an tréimhse nó a mhéid a fheidhmeoidh sé an fheidhm sin, agus

(c) aon fhoráil arna déanamh leis an Acht seo no faoi nó le haon Acht eile nó faoi a dhílsíonn feidhm don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó a rialaíonn an tslí ina bhfeidhmeofar aon fheidhm áirithe beidh, más inchurtha chun feidhme agus a mhéid is inchurtha chun feidhme í maidir leis an bhfeidhm tharmligthe, éifeacht aici, chun críocha na feidhme sin a fheidhmiú ag an oifigeach, ach an t-oifigeach a chur in ionad an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin.

(3) D'ainneoin fo-alt (2), i gcás ina ndéanfar tarmligean chun oifigigh faoin alt seo—

(a) féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le feidhmiú, a chur in iúl don oifigeach go bhfuil cinnte aige an fheidhm a fheidhmiú é féin, agus air sin is ag an príomh-oifigeach feidhmiúcháin agus ní hag an oifigeach a bheidh an fheidhm le feidhmiú, agus

(b) más deimhin leis an oifigeach, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le feidhmiú, gur chuí-de gurb é an príomhoifigeach feidhmiúcháin féin a d'fheidhmeodh í mar gheall ar thábhacht an chinnte nó mar gheall ar aon ní réasúnach eile, féadfaidh an t-oifigeach an cás a tharchur chun an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, agus air sin is ag an bpríomh-oifigeach agus ní hag an oifigeach a bheidh an fheidhm le comhlíonadh.

(4) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin tarmligean faoin alt seo a chúlghairm.

(5) I gcás ina bhfeidhmeoidh oifigeach feidhm de bhun tarmligin faoin alt seo agus go mbeidh aon fhormhuirear nó muirear le muirearú ina dhiaidh sin de dhroim an fheidhmithe sin—

(a) más é an t-oifigeach a rinne nó a d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin ionann is go ndearna nó gur údaraigh seisean freisin an íocaíocht nó go raibh sé ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, agus

(b) más é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a rinne nó a d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an oifigeach ionann is go ndearna nó gur údaraigh seisean freisin an íocaíocht nó go raibh sé ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh.

(6) Glacfar, gan chruthúnas, le ráiteas i scríbhinn go bhfuil tarmligean déanta aige faoin alt seo, faoi láimh an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, mar fhianaise prima facie ar an tarmligean.

(7) Déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin fógra i dtaobh tarmligean faoin alt seo nó i dtaobh tarmligean den sórt sin a chúlghairm a thabhairt don Aire agus don bhord sláinte ag an gcéad chruinniú eile den bhord sláinte.

Comhlíonadh dualgas ag oifigigh.

17. —(1) Ag comhlíonadh a ndualgas dóibh gníomhóidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus oifigigh eile bhoird sláinte de réir cibé cinntí agus orduithe (ginearálta nó sonracha) a chuirfidh an bord in iúl, faoi réir fho-alt (3), don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó tríd, agus de réir aon chinntí agus orduithe den sórt sin a chuirfear in iúl amhlaidh ó choiste a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige ag an mbord.

(2) Nuair a chomhlíonfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó oifigeach eile de chuid boird sláinte dualgas de réir fho-alt (1), measfar é a bheith ag gníomhú thar ceann an bhoird.

(3) Ní dhéanfaidh an bord aon chinneadh ná ní thabharfaidh aon ordú maidir le haon ábhar ar feidhm é, faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin nó aon oifigigh eile don bhord.

(4) Is feidhm de chuid phríomh-oifigeach feidhmiúcháin bhoird sláinte na feidhmeanna seo a leanas a bhaineann leis an mbord—

(a) aon fheidhm a sonraíonn an tAcht seo nó aon achtachán eile gur feidhm de chuid príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird í,

(b) aon fheidhm maidir le cinneadh i dtaobh aon duine áirithe a bheith nó gan bheith cáilithe tairbhe dó féin a bhaint as seirbhís (lena n-áirítear seirbhís chun deontais nó liúntais a íoc), nó i dtaobh a mhéid a fhéadfaidh, agus na slí a bhféadfaidh, duine tairbhe a bhaint dó féin as aon seirbhís den tsórt sin,

(c) aon fheidhm maidir le cinneadh i dtaobh muirear a ghearradh nó a ghnothú, nó méid aon mhuirir i leith seirbhíse do dhuine áirithe,

(d) aon fheidhm maidir le rialú, maoirseacht, seirbhís, luach saothair, pribhléidí nó aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach an bhoird,

(e) cibé feidhmeanna eile a fhorordófar.

(5) Cinnfidh an tAire aon díospóid—

(a) i dtaobh ar feidhm de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin nó nach ea feidhm áirithe, nó

(b) i dtaobh ar feidhm de chuid oifigigh do bhord sláinte, seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, nó nach ea feidhm áirithe.

Cáilíochtaí le haghaidh oifigí faoi bhoird sláinte.

18. —Ceadóidh nó ordóidh an tAire na cáilíochtaí le haghaidh duine a cheapadh mar oifigeach, nó chun leanúint mar oifigeach, faoi bhord sláinte agus, i gcás oifig a bheidh le líonadh trí roghnú ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí.

Teorainneacha aoise.

19. —Aon duine is buan-oifigeach do bhord sláinte scoirfidh sé de bheith ina bhuan-oifigeach ar é slánú 65 bliain d'aois nó, i gcás ina mbeidh aois níos mó ná sin socraithe le hordú ag an Aire, ar é slánú na haoise sin.

Aoisliúntas.

1956, Uimh 10.

20. —Beidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , maidir le bord sláinte agus a oifigigh agus a sheirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil é agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh údaráis áitiúil iad.

Príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí agus a chur as oifig.

21. —(1) Féadfaidh an tAire príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí óna dhualgas a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí óna dhualgais a chomhlíonadh trí rún a rithfidh an bord chun críche na fionraí agus ar vótáil cuid nach lú ná dhá thrian de chomhaltaí an bhoird lena rith agus a ndearnadh fógra seacht lá ar a ghiorra i dtaobh é a bheith beartaithe an rún sin a mholadh a thabhairt do gach duine a bhí ina chomhalta den bhord nuair a tugadh an fógra.

(3) Cuirfidh cathaoirleach an bhoird fionraí faoi fho-alt (2) in iúl don Aire.

(4) Féadfaidh an tAire fionraí príomh-oifigigh fheidmiúcháin a fhoirceannadh.

(5) Féadfaidh an tAire príomh-oifigeach feidhmiúcháin a chur as bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin i gcás inar deimhin leis, tar éis fiosrúchán áitiúil, go bhfuil sé éirithe neamhábalta ar dhualgais príomh-oifigigh fheidhmiúcháin a chomhlíonadh nó go gur mhí-iompair sé é féin mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.

Oifigigh eile do bhoird sláinte a fhionraí.

1956, Uimh. 10 .

22. —(1) Aon uair a tharlóidh, maidir le hoifigeach bhoird sláinte seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, go bhfuil, i dtuairim an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, cúis ann chun a chreidiúint gur mhí-iompair an t-oifigeach é féin maidir lena oifig nó go bhfuil sé neamhfheidhmiúil ar shlí eile chun oifig a shealbhú, féadfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach nó má bhíonn sé as láthair, le leas-chathaoirleach an bhoird, an t-oifigeach a fhionraí ó dhualgais a oifige a chomhlíonadh an fad a bheifear ag fhiosrú an mhí-iompair nó na neamhfheidhmiúlachta agus ag cinneadh aon ghnímh smachta a dhéanfar ina leith sin.

(2) Cuirfidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon fhionraí faoin alt seo in iúl láithreach don Aire, agus sonróidh sé cúis na fionraí don oifigeach agus don Aire.

(3) Leanfaidh fionraí faoin alt seo i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó, i gcás fionraí a bheidh níos faide ná mí i bhfeidhm, an tAire í a fhoircheannadh.

(4) Aon uair a fhionrófar oifigeach boird sláinte faoin alt seo, seachadfaidh sé láithreach don bhord na leabhair, na gníomhais, na conarthaí, na cuntais, na deimhnithe, na léarscáileanna, na pleanannna agus na doiciméid eile go léir a bheidh ina sheilbh, faoi choinneáil aige nó faoina rialú agus a bhainfidh lena oifig.

(5) Ní íocfar le hoifigeach a fhionrófar faoin alt seo aon luach saothair (seachas luach saothar in aghaidh tréimhse sular fionraíodh é) i leith a oifige le linn dó a bheith ar fionraí agus, ar a fhionraí a fhoirceannadh, ansin, an luach saothair a íocfaí leis, mura mbeadh é a fhionraí, in imeacht tréimhse na fionraí, forghéillfear nó íocfar leis nó diúscrófar ar shlí eile a iomlán nó cuid de de réir mar a ordóidh—

(a) an príomh-oifigeach feidhmiúcháin i gcás fionraí nach faide ná mí, agus

(b) an tAire in aon chás eile.

(6) Aon uair a fhionrófar oifigeach boird sláinte faoin alt seo, féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, más oiriúnach leis, íocaíocht ex gratia a íoc, le toiliú an Aire, leis an oifigeach fionraithe.

(7) Beidh aon suim a íocfar faoi fho-alt (6) inaisíoctha ag an oifigeach leis an mbord sláinte agus féadfar í a bhaint as aon airgead is iníoctha leis ag an mbord.

(8) Ní áireofar mar thuarastal ná sochar oifige chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , aon suim a íocfar faoi fho-alt (6).

Oifigigh agus seirbhísigh a dhíochur.

23. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte oifigeach nó seirbhíseach don bhord a ceapadh faoi alt 14 a dhíochur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin.

(2) Ní dhíochuirfear buan-oifigeach faoin alt seo mar gheall ar mhí-iompar nó neamhfheidhmiúlacht ach amháin—

(a) ar ordú ón Aire faoi fho-alt (3) nó

(b) ar mholadh ó choiste faoi alt 24 nó ar ordú ón Aire faoi alt 24 (11).

(3) I gcás ina mbeidh buan-oifigeach tar éis é féin a mhí-iompar trí bheith as láthair ó dhualgas gan chead nó gan chúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú é a dhíochur as oifig.

(4) Ní dhíochuirfear buan-oifigeach faoin alt seo ar chúis seachas mí-iompar nó neamhfheidhmiúlacht ach amháin le ceadú an bhoird.

(5) Is de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire a dhíochuirfear oifigigh agus seirbhísigh faoin alt seo agus forálfaidh na rialacháin sin—

(a) nach dtabharfar éifeacht d'aon togra díochuir mura mbeidh fógra forordaithe curtha chuig an oifigeach nó chuig an seirbhíseach ag insint cúiseanna an togra, agus

(b) go mbreithneofar aon uiríolla uaidh nó thar a cheann a gheofar laistigh de thréimhse fhorordaithe.

Coistí le haghaidh díochur áirithe.

1941, Uimh. 23 .

24. —(1) Aon uair a dhéanfar togra buan-oifigeach boird sláinte a dhíochur faoi alt 23 mar gheall ar mhí-iompar (ach amháin i gcás dá dtagraítear in alt 23 (3) nó neamhfheidhmiúlacht, ceapfaidh an tAire coiste chun na feidhmeanna a fheidhmiú a shonraítear san alt seo i dtaobh an togra le haghaidh an díochuir sin.

(2) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de choiste a cheapfar faoin alt seo—

(a) duine amháin (cathaoirleach an choiste) a roghnóidh an tAire dá thoil féin,

(b) réidh-uimhir de dhaoine eile—

(i) a roghnóidh an tAire a leath as painéal daoine a ainmneoidh cibé eagras (nó eagrais) is dóigh leis an Aire a bheith ionadaitheach don aicme oifigeach ar duine di an duine nó, más dóigh leis an Aire nach bhfuil eagras den sórt ann nó mura mbeidh daoine ainmnithe faoin bhfomhír seo, as cibé daoine is dóigh leis is iomchuí, agus

(ii) a roghnóidh an tAire a leath as painéal daoine a ainmneoidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte.

(3) Is in aghaidh cibé tréimhse a fhorordófar a ainmneofar daoine chun painéil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) agus ainmneofar daoine ó am go ham chun folúntais sa phainéal a líonadh.

(4) Maidir le feidhmeanna coiste faoin alt seo, beidh ag cathaoirleach an choiste na cumhachtaí céanna atá ag cigire don Aire faoi alt 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , le linn dó fiosrúchán áitiúil a sheoladh.

(5) Tar éis do choiste faoin alt seo fiosrú a dhéanamh i dtaobh togra chun an t-oifigeach a dhíochur molfaidh an coiste sin mar is oiriúnach leis don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.

(6) Déanfar aon cheist a éireoidh os comhair coiste faoin alt seo a chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí den choiste a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus, i gcás comhionannas vótaí ar aon cheist, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag an gcathaoirleach.

(7) Féadfaidh coiste faoin alt seo gníomhú d'ainneoin aon fholúntas i measc a chomhaltaí.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do rialú comhlíonadh a bhfeidhmeanna ag coistí faoin alt seo.

(9) Nuair a mholfaidh coiste faoin alt seo oifigeach a dhíochur, féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin an t-oifigeach a dhíochur tar éis tréimhse lá is fiche a bheith caite, mura mbeidh iarratas déanta chun an Aire faoi fho-alt (10).

(10) Aon oifigeach a mbeidh sé molta ina thaobh faoi fho-alt (5) é a dhíochur féadfaidh sé, sa tslí fhorordaithe agus faoi réir na gcoinníollacha forordaithe, a iarraidh ar an Aire ordú a chur chuig an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin maidir leis an moladh sin.

(11) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire faoi fho-alt (10), féadfaidh an tAire ordú a thabhairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an t-oifigeach a dhíochur, ordú gan an t-oifigeach a dhíochur nó cibé ordú eile is dóigh leis is iomchuí, agus déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin de réir an ordaithe.

(12) Féadfaidh an tAire íocaíochtaí i leith costais taistil agus cothaithe a íoc, agus táillí a íoc le comhaltaí coistí a bunaíodh faoin alt seo, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais.

Comhshocraíochtaí idir boird sláinte agus údaráis áitiúla.

25. —(1) Más rud é—

(a) gurb é tuairim údaráis áitiúil gur chaothúla a dhéanfaí aon chumhacht, feidhm nó dualgas is infheidhmithe nó is inchomhlíonta aige a fheidhmiú nó a chomhlíonadh i gcoitinne nó i gcás áirithe ag bord sláinte, agus

(b) go bhfuil an bord sláinte i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas a fheidhmiú nó a chomhlíonadh,

féadfaidh an t-údarás agus an bord, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, chomhshocraíocht a dhéanamh chun an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas a fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh thar cheann an údaráis ag an mbord, agus air sin tiocfaidh sé chun bheith infheidhmithe agus inchomhlíonta amhlaidh ag an mbord.

(2) Is feidhm fhorchoimeádta de chuid an údaráis áitiúil comhshocraíocht a dhéanamh faoi fho-alt (1).

(3) Más dóigh le húdarás áitiúil gur chaothúil go ndéanfadh oifigeach boird sláinte dualgais i ndáil le cumhachtaí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil a chomhlíonadh, féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte an dualgas sin a shannadh don oifigeach mar a dhéanfadh sé i gcás dualgais i ndáil le cumhachtaí agus feidhmeanna an bhoird.

(4) Más dóigh le príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte gur chaothúil go ndéanfaí oifigeach dualgais i ndáil le haon cheann de chumhachtaí nó d'fheidhmeanna de chuid an bhoird nó de chuid a oifigeach a shannadh d'oifigeach d'údaráis áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil na dualgais sin a shannadh d'oifigeach den sórt sin mar a dhéanfadh sé i gcás dualgais faoin údarás áitiúil.

Comhshocraíochtaí ag boird sláinte chun seirbhísí a sholáthar.

26. —(1) Féadfaidh bord sláinte, de réir cibé coinníollacha (a bhféadfaidh socrú le haghaidh aoisliúntais a bheith orthu) a shonróidh an tAire, comhshocraíocht a dhéanamh agus a fheidhmiú le duine nó comhlacht chun seirbhísí a sholáthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, do dhaoine atá cáilithe le haghaidh seirbhísí den sórt sin.

(2) Féadfaidh dhá bhord sláinte comhshocraíocht a dhéanamh agus a fheidhmiú chun ceann acu do sholáthar seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, thar ceann agus ar chostas an chinn eile.