An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Ospidéil, etc.) Ar Aghaidh (Caibidil II Seirbhísí Ospidéil d'Othair Chónaithe agus d'Othair Sheachtracha)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CUID IV

Seirbhísí Sláinte

Caibidil I

Cáilíocht

Lán-cháilíocht.

1947, Uimh. 28 .

45. —(1) Beidh lán-cháilíocht le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá i gceachtar earnáil acu seo a leanas—

(a) daoine aosaithe nach bhfuil ábalta gan chruatan míchuí seirbhísí liachleachtóra ghinearálta agus seirbhísí máinliachta a shocrú dóibh féin agus dá gcleithiúnaithe,

(b) cléithiúnaithe na ndaoine dá dtagraítear i mír (a).

(2) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil nó nach bhfuil duine san earnáil a luaitear i bhfo-alt (1) (a), tabharfar aird ar acmhainn an chéile (más ann) an duine i dteannta acmhainn an duine féin.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, aicme nó aicmí daoine a measfar iad a bheith sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) a shonrú.

(4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

(5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , le rialacháin faoin alt seo.

(6) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo do dhaoine ag a bhfuil láncháilíocht mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) nó a mheastar a bheith sna hearnála sin.

(7) Aon duine nach bhfuil i gceachtar earnáil acu sin a luaitear i bhfo-alt (1) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte é a bheith, maidir le seirbhís áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil lán-cháilíocht.

Cáilíocht theoranta.

1952, Uimh. 11 .

1947, Uimh. 28 .

46. —(1) Beidh cáilíocht theoranta le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá in aon earnáil acu seo a leanas agus atá gan lán-cháilíocht—

(a) daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952,

(b) daoine aosaithe ar lú ná £1,200 a n-acmhainn bhliantúil,

(c) daoine aosaithe ar as feirmeoireacht, go hiomlán nó go formhór, a thagann a n-acmhainn bhliantúil i dtuairim phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí, mura mó ná £60 luacháil inrátaithe na feirme nó na bhfeirmeacha iomchuí (lena n-áirítear na foirgnimh ar an gcéanna),

(d) cleithiúnaithe daoine dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c).

(2) Déanfar acmhainn bhliantúil chun críocha an ailt seo a ríomh de réir Riail 1 de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus folóidh sí maidir le haon duine, acmhainn bhliantúil céile an duine sin i gcás ina gcónaíonn an céile leis an duine sin.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, forálacha eile a shaineoidh, i cibé slí is oiriúnach leis, earnála daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2).

(4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh faoi fho-alt (3) agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

(5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , le rialacháin faoin alt seo.

(6) Ar dháta tosach feidhme rialachán faoi fho-alt (3), scoirfidh fo-alt (1) d'éifeacht a bheith aige agus, má fhorálann na rialacháin amhlaidh, scoirfidh fo-alt (2) freisin d'éifeacht a bheith aige.

(7) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo daoine ag a bhfuil cáilíocht teoranta mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoin alt seo, de réir mar is iomchuí.

(8) Aon duine nach bhfuil in aon earnáil dá sonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoi fho-alt (3) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí é a bheith, maidir le seirbhísí áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil cáilíocht theoranta.

Achomhairc.

47. —(1) Nuair a chinnfidh oifigeach boird sláinte, agus alt 45 nó 46 á riaradh, nach bhfuil duine áirithe in earnáil a shonraítear leis an alt iomchuí nó faoi, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne an chinnte chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc faoin alt seo a dhéanamh agus a chinneadh.

Dearbhú i dtaobh acmhainne.

48. —D'fhonn a chinneadh ar duine nó nach duine ag a bhfuil láncháilíocht nó nach duine nó nach duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, nó duine nó nach duine atá i dteideal seirbhíse áirithe a sholáthraítear faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, duine áirithe, féadfaidh bord sláinte a cheangal ar an duine sin dearbhú a dhéanamh i cibé foirm is iomchuí leis an mbord sláinte maidir lena acmhainn agus féadfaidh an bord sláinte cibé bearta a dhéanamh is oiriúnach leis chun an dearbhú a fhíorú.

Athrú ar imthosca.

49. —(1) I gcás duine a thaifeadadh ag bord sláinte mar dhuine atá i dteideal, mar gheall ar imthosca sonraithe, chun seirbhíse a sholátharíonn an bord faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, cuirfidh sé in iúl don bhord aon athrú ar na himthosca sin a bhaineann de a theideal chun na seirbhíse sin.

(2) Beidh duine a sháróidh go feasach fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Táille i gcás duine gan teideal d'fháil seirbhíse.

50. —Nuair a bheidh duine tar éis seirbhís a fháil faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, agus go bhfaighfear amach nach raibh sé i dteideal na seirbhíse, féadfaidh an bord sláinte iomchuí táille a cheadóidh nó a ordóidh an tAire a bhaint amach ina leith.