|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 12 de 1976 | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1976 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT A CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA BREISE SA BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED A CHEANNACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN gCUIDEACHTA SIN. [13 Aibreán, 1976] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Chuideachta” an British & Irish Steam Packet Company Limited. | ||
[EN] |
An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Iritsh Steam Packei Company Limited. |
2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “ocht milliún déag gnáthscair” a chur in ionad “trí mhilliún gnáthscair”, agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Luach saothair an phríomh-oifigigh etc. |
3. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu Ard-Bhainisteoir nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire Iompair agus Cumhachta arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. | ||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1976, a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1976, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 agus 1971, agus den Acht seo le chéile. |