|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 23 de 1979 | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] | ||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965 GO 1976. [25 Iúil, 1979] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Irish Steam Packet Company Limited. |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 den British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “tríocha is trí mhilliún gnáthscair” a chur in ionad “ocht milliún déag gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1976) agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Méadú ar mhéid na n-iasachtaí a fhaigheann an. British & Irish Steam Packet Company Limited agus a ráthaíonn an tAire Airgeadais. |
2. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “£15,000,000” a chur in ionad “£5,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1976, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|