|
||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 20 de 1989 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1989 | |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDARÁS NA GAEL-TACHTA, 1979 . [12 Nollaig, 1989] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989, a ghairm de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus 1987, agus den Acht seo, le chéile. | |||
[EN] |
2. —Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 , trí “£80,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987 ) i bhfo-alt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
|