|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Forálacha Idirthréimhseacha) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Forfás agus Gníomhaireachtaí | |
[EN] |
Forfás, Forbairt agus GFT a bhunú. |
5. —(1) Beidh arna bhunú, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú (“an lá bunaithe”), comhlacht ar a dtabharfar Forfás agus dhá ghníomhaireacht de chuid Forfás, ar a dtabharfar Forbairt agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) (“GFT”) faoi seach chun na feidhmeanna a shanntar dóibh leis an Acht seo a dhéanamh. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal agus ag an Dara Sceideal chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Feidhmeanna Forfás. |
6. —(1) Is iad feidhmeanna Forfás— |
[EN] | (a) comhairle a thabhairt don Aire maidir le nithe a bhaineann le forbairt tionscail sa Stát, | |
[EN] | (b) comhairle a thabhairt maidir le forbairt agus comhordú beartais le haghaidh Forbairt, GFT, an Bhoird Tráchtála agus cibé comhlachtaí eile a ainmneoidh an tAire, | |
[EN] | (c) forbairt tionscail agus teicneolaíochta a spreagadh sa Stát, | |
[EN] | (d) spreagadh a dhéanamh maidir le gnóthais tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a bhunú agus a fhorbairt sa Stát, agus | |
[EN] | (e) comhairle a thabhairt do Forbairt agus do GFT, agus iad a chomhordú, i ndáil lena bhfeidhmeanna. | |
[EN] | (2) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht de réir cibé treoracha ginearálta a thabharfaidh an tAire i ndáil leis an mbeartas a bheidh le leanúint aige nó aici i bhfeidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna. | |
[EN] |
Feidhmeanna Forbairt. |
7. —Is iad feidhmeanna Forbairt, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás— |
[EN] | (a) tionscal a fhorbairt sa Stát, | |
[EN] | (b) bonn teicneolaíochta tionscail agus acmhainn tionscail chun nuála a neartú, | |
[EN] | (c) seirbhísí a chur ar fáil a thugann tacaíocht don fhorbairt sin, | |
[EN] | (d) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh, | |
[EN] | (e) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus | |
[EN] | (f) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás dó ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] |
Feidhmeanna GFT. |
8. —Is iad feidhmeanna GFT, mar ghníomhaireacht de chuid Forfás— |
[EN] | (a) bunú agus forbairt gnóthas tionscail ó áiteanna lasmuigh den Stát a chur chun cinn sa Stát, | |
[EN] | (b) infheistíochtaí a dhéanamh i ngnóthais tionscail a chomhlíonann ceanglais na n-achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh, | |
[EN] | (c) cibé scéimeanna, deontais agus saoráidí airgeadais eile a riaradh, ar gá eisíoc a dhéanamh ina leith ar Chistí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, a údaróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus | |
[EN] | (d) cibé feidhmeanna eile a dhéanamh a shannfaidh Forfás di ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] |
Feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag an Údarás Forbartha Tionscail agus ag Eolas. |
9. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail, arna sonrú in Acht 1986, agus cumhachtaí agus feidhmeanna Eolas, arna sonrú san Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , agus in Acht 1987, a dhílsiú do Forfás agus féadfar iad a shannadh do Forbairt nó do GFT, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh Forbairt nó GFT, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh an tAire ó am go ham. |
[EN] | (2) Déanfar cumhachtaí agus feidhmeanna an Údaráis Forbartha Tionscail a thugtar dó le Cuid III d'Acht 1986 a shannadh do Forbairt nó do GFT, agus déanfaidh Forbairt nó GFT iad a fheidhmiú, go feadh cibé méid agus de réir cibé ordacháin a chinnfidh Forfás ó am go ham le comhthoiliú an Aire. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, déanfar aon tagairtí do “an tÚdarás” in Acht 1986 agus san Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , agus do “an Ghníomhaireacht” in Acht 1987 a fhorléiriú mar thagairtí do Forfás agus do gach Gníomhaireacht, nó d'aon cheann acu, de réir mar is cuí. | |
[EN] |
Feidhmeanna a tharmligean. |
10. —(1) Aon fheidhm a fheidhmeoidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, féadfar, gan dochar dá bhfreagrachtaí ginearálta faoin Acht seo, í a fheidhmiú trí aon chomhalta den fhoireann a bheidh údaraithe go cuí chuige sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh Forfás agus ceachtar Gníomhaireacht, de réir mar is cuí leis nó léi, coistí nó comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí réigiúnacha) a chomhdhéanamh ó am go ham chun críocha an ailt seo agus féadfaidh sé nó sí aon chomhlacht den sórt sin a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de Forfás nó dá fhoireann nó de cheachtar Gníomhaireacht a bheith ina gcomhaltaí de choiste nó de chomhlacht eile. | |
[EN] |
Deontais do Forfás agus do na Gníomhaireachtaí. |
11. —(1) Féadfaidh an tAire deontais de cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Forfás agus le gach Gníomhaireacht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— |
[EN] | (a) chun a chumasú do Forfás agus do gach Gníomhaireacht a chaiteachais nó a caiteachais riaracháin agus a chaiteachais nó a caiteachais ghinearálta a íoc, agus | |
[EN] | (b) chun a oibleagáidí nó a hoibleagáidí agus a dhliteanas nó a dliteanais a urscaoileadh. | |
[EN] | (2) Ní mó ná £750,000,000 méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire do Forfás agus na Gníomhaireachtaí faoi fho-alt (1) (b) (seachas deontais lena mbaineann alt 14 (3) d'Acht 1986). | |
[EN] | (3) Ní mó ná na teorainneacha comhiomlána a shonraítear i bhfo-alt (2) méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh Forfás agus na Gníomhaireachtaí agus na n-íocaíochtaí a thabharfar faoi ailt 16 agus 31 d'Acht 1986 nó faoi fhorálacha comhréire aon achtacháin aisghairthe tar éis thosach feidhme an ailt seo. | |
[EN] |
Greasachtaí tionscail. |
12. —(1) Gan cead a fháil roimh ré ón Rialtas, ní bheidh méid iomlán an airgid a thabharfar do ghnóthas tionscail ar leith faoi aon alt dá dtagraítear in alt 34 d'Acht 1986 níos mó sa chomhiomlán ná an tsuim is mó de na suimeanna seo a leanas— |
[EN] | (a) £2,500,000, nó | |
[EN] | (b) £2,500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas a bhfuarthas cead roimh ré ón Rialtas cheana féin ina leith. | |
[EN] | (2) Féadfaidh na Gníomhaireachtaí deontais a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonraítear in Acht 1986 chun daoine a fhostú i dtionscal seirbhíse. | |
[EN] |
Feidhmiú agus beartas tionscail a athbhreithniú. |
13. —Déanfaidh an tAire, laistigh de thrí bliana ón Acht seo a rith, agus gach tríú bliain dá éis sin, athbhreithniú a ullmhú ar fheidhmiú náisiúnta tionscail i leith na dtrí bliana roimhe sin agus ar bheartas náisiúnta tionscail agus cuirfidh sé faoi deara an t-athbhreithniú agus na tátail a thig ón gcéanna a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |