|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Forfás agus Gníomhaireachtaí) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Forfás agus na Gníomhaireachtaí) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Forálacha Idirthréimhseacha | |
[EN] |
Talamh a aistriú. |
14. —Ar an lá bunaithe, beidh an talamh go léir a bhí, díreach roimh an lá sin, dílsithe don Údarás Forbartha Tionscail nó do Eolas, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, arna ndílsiú, gan aon tíolacadh ná sannadh, do Forfás go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh sé, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe do cheachtar comhlacht díscaoilte díobh sin, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus is inchomhlíonta. |
[EN] |
Maoin eile a aistriú. |
15. —Ar an lá bunaithe, beidh an mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ba mhaoin de chuid ceachtar comhlacht díscaoilte díreach roimh an lá sin, arna dílsiú do Forfás gan aon sannadh. |
[EN] |
Cearta agus dliteanais a aistriú. |
16. —(1) Beidh na cearta agus na dliteanais go léir de chuid comhlachta dhíscaoilte a éiríonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta ag an gcomhlacht sin roimh an lá bunaithe, arna n-aistriú an lá sin chuig Forfás. |
[EN] | (2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh Forfás, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm in aghaidh Forfás ina ainm féin, agus ní gá do Forfás fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a dhliteanas a aistriú leis an alt seo. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. |
17. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú. |
[EN] |
An tÚdarás Forbartha Tionscail agus Eolas a dhíscaoileadh. |
18. —Ar an lá bunaithe, beidh an tÚdarás Forbartha Tionscail and Eolas arna ndíscaoileadh. |
[EN] |
Cuntais chríochnaitheacha na gcomhlachtaí díscaoilte. |
19. —Déanfar cuntais chríochnaitheacha gach comhlachta dhíscaoilte a tharraingt suas i cibé foirm a cheadóidh an tAire, agus leagfar na cuntais sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |
[EN] |
Imeachtaí dlí atá ar feitheamh. |
20. —Leanfar d'aon imeachtaí dlí atá ar feitheamh ar an lá bunaithe in aon chúirt nó ag aon bhinse inar páirtí comhlacht díscaoilte, ach Forfás a chur in ionad an pháirtí sin, agus ní rachaidh siad ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin. |
[EN] |
Foireann. |
21. —Glacfaidh Forfás isteach ina fhostaíocht ar an lá bunaithe, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis Forbartha Tionscail nó d'fhoireann Eolas (“na comhlachtaí díscaoilte”), ar théarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar ná na cinn sin ab infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an aistriú. |