|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III Forálacha Idirthréimhseacha) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Comhaltaí agus Foireann) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1993
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Forfás agus na Gníomhaireachtaí | |
Corprú. | 1. (1) Beidh Forfás agus gach Gníomhaireacht ina chomhlacht nó ina comhlacht corpraithe agus beidh cumhacht agartha aige nó aici agus beidh sé nó sí inagartha ina ainm nó ina hainm féin. | |
(2) Beidh an chumhacht ag Forfás talamh agus maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt. | ||
Comhaltas. | 2. (1) Is iad comhaltaí Forfás agus comhaltaí gach Gníomhaireachta Bord an chomhlachta sin. | |
(2) 12 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar Bhord Forfás agus ar Bhord gach Gníomhaireachta ar leithligh. | ||
(3) Áireofar ar Bhord Forfás a Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin gach Gníomhaireachta. | ||
(4) Áireofar ar Bhord gach Gníomhaireachta a Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin. | ||
(5) Faoi réir mhír 1 (4) den Dara Sceideal, is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí na mBord le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
(6) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin de gach Bord mar Chathaoirleach agus féadfar beirt chomhalta eile a ainmniú mar Leas-Chathaoirleach. | ||
(7) Beidh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile Forfás agus gach Gníomhaireachta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | ||
(8) Féadfaidh gach Bord gníomhú trí aon triúr dá chomhaltaí. | ||
(9) Féadfaidh gach Bord a nós imeachta féin a rialáil. | ||
(10) Ní bheidh comhaltaí Boird ina gcomhaltaí d'údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 . | ||
Tréimhse oifige comhaltaí. | 3. (1) Ar gach cothromlá de dháta thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh aon chúigiú de chomhaltaí gach Boird d'oifig a shealbhú nó, mura beirt a líon, ansin an líon is gaire d'aon chúigiú. | |
(2) Gach bliain is iad na comhaltaí is faide i seilbh oifige óna gceapachán deiridh roimhe sin a scoirfidh d'oifig a shealbhú ach i measc daoine a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí ar dtús an lá céanna is le crannchur (mura n-aontaíonn siad ar shlí eile eatarthu féin) a chinnfear cé hiad na daoine a scoirfidh. | ||
(3) Beidh comhalta a bheidh ag scor inathcheaptha. | ||
Coinníollacha oifige. | 4. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta Boird a chur as oifig. | |
(2) Féadfaidh comhalta éirí as oifig trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra. | ||
(3) I gcás aon leas airgeadais, go díreach nó go neamhdhíreach, a bheith ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, tráchtála nó seirbhíse, déanfaidh an duine sin, sula bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cineál an leasa sin a dhearbhú don Bhord agus comhlíonfaidh sé cibé treoracha a thabharfaidh an Bord maidir leis. | ||
(4) Dícháileofar comhalta chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú, más rud é go mbreithneofar an comhalta sin ina fhéimheach, nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó go gciontófar é in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó go gciontófar é i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu a bhaineann sí nó nach mbaineann sí le cuideachta, nó go mbeidh sé ina ábhar d'ordú faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 . | ||
(5) Más rud é, i gcás comhalta— | ||
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó | ||
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó | ||
(c) go measfar, de bhun alt 15 (arna chur isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh, | ||
scoirfidh an duine sin air sin de bheith ina chomhalta den Bhord sin. | ||
(6) Na coinníollacha oifige is infheidhme maidir le comhaltaí Boird agus atá leagtha amach i bhfomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm acu freisin maidir le comhaltaí de choistí nó de chomhlachtaí eile a chomhdhéanfar faoin Acht seo. | ||
Na séalaí. | 5. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht séala a sholáthar dó nó di féin. | |
(2) Déanfar séala Forfás nó séala ceachtar Gníomhaireachta, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhalta nó le síniú comhalta agus comhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe aige nó aici chun gníomhú chuige sin, nó le síniú beirt chomhalta d'fhoireann an chomhlachta iomchuí a bheidh údaraithe amhlaidh. | ||
Conarthaí agus ionstraimí. | 6. (1) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar shéalaí Forfás agus na nGníomhaireachtaí agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne Forfás nó ceachtar Gníomhaireacht agus a bheith séalaithe lena shéala nó lena séala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt. | |
(2) Maidir le haon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala i gcás duine aonair é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú, féadfaidh aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go sonrach ag Forfás nó ag ceachtar Gníomhaireacht chun na críche sin an conradh nó an ionstraim sin a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann Forfás nó ceachtar Gníomhaireachta. | ||
Tuarascáil bhliantúil agus cuntais. | 7. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann sí agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin. Déanfar trácht sonrach i ngach tuarascáil bhliantúil den sórt sin ar chruthú post agus ar chailleadh post araon. | |
(2) Coimeádfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar airgead a gheobhaidh sé nó sí agus a chaithfidh sé nó sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sé nó sí, san fhoirm sin a dúradh, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham. | ||
(3) Cuirfear cuntais Forfás agus cuntais gach Gníomhaireachta faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, déanfar na cuntais sin, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||
Faisnéis. | 8. (1) Déanfaidh Forfás agus gach Gníomhaireacht cibé faisnéis a éileoidh an tAire ó am go ham a thabhairt don Aire maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí. | |
(2) Déanfaidh gach Gníomhaireacht agus aon choiste nó comhlacht eile a bhunófar faoin Acht seo cibé faisnéis a thabhairt do Forfás a éileoidh sé ó am go ham chun críocha a fheidhmeanna. |