1 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2006


ACHT AN CHOLÁISTE OLLSCOILE, GAILLIMH (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1. Leasú ar alt 3 d’Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929.

2. Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nOllscoileanna 1997

1997, Uimh. 24

Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929

1929, Uimh. 35

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2006


ACHT AN CHOLÁISTE OLLSCOILE, GAILLIMH (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ ACHT CHOLÁISTE PHRÍOMH-SCOILE NA GAILLIMHE 1929.

[22 Feabhra, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 d’Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929.

1 .— Leasaítear Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“Oideachas a sholáthar ag an gColáiste trí mheán na Gaeilge.

3.— (1) Déanfaidh údarás ceannais an Choláiste a chinntiú go mbeidh oideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge i measc na bpríomhaidhmeanna le haghaidh oibriú agus fhorbairt an Choláiste ar príomhaidhmeanna iad a bheidh leagtha amach i ngach plean forbartha straitéisí a ullmhófar tar éis thosach feidhme an ailt seo

(2) Déanfaidh údarás ceannais agus Uachtarán an Choláiste a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí faoi seach a fheidhmiú i leith an Choláiste chun a chinntiú go ndéantar an aidhm dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur i bhfeidhm.

(3) San alt seo—

tá le ‘údarás ceannais’, i ndáil leis an gColáiste, an bhrí a shanntar dó le halt 3(1) d'Acht na nOllscoileanna 1997;

ciallaíonn ‘plean forbartha straitéisí’, i ndáil leis an gColáiste, plean forbartha straitéisí an Choláiste dá dtagraítear in alt 34 d'Acht na nOllscoileanna 1997.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2 .— (1) Féadfar Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 1929 agus 2006 a ghairm d’Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.