|
||||
|
Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Aisghairm ) |
[EN] | ||
| ||
Uimhir 20 de 2006 | ||
An tACHT COSANTA (LEASÚ) 2006 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||||||
Alt | |||||||||||
1. Mínithe. | |||||||||||
2. Feidhm forálacha áirithe d’Acht 1960 agus den Phríomh-Acht. | |||||||||||
3. Díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse eachtraí chun críocha seachas seirbhís le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe. | |||||||||||
4. Dliteanas comhaltaí de na Buan-Óglaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát. | |||||||||||
5. Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht. | |||||||||||
6. Leasú ar alt 70 den Phríomh-Acht. | |||||||||||
7. Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht. | |||||||||||
8. Leasú ar alt 2 d’Acht 1960. | |||||||||||
9. Leasú ar alt 4 d’Acht 1960. | |||||||||||
10. Leasú ar alt 6 d’Acht 1960. | |||||||||||
11. Comhaltas eagraíochta idirnáisiúnta. | |||||||||||
12. Aisghairm. | |||||||||||
13. Tuarascáil bhliantúil do Dháil Éireann. | |||||||||||
14. Caiteachais. | |||||||||||
15. Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú | |||||||||||
AN SCEIDEAL Aisghairm | |||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Uimhir 20 de 2006 | |||||||||||
An tACHT COSANTA (LEASÚ) 2006 | |||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT d’ÚDARÚ DÍORMAÍ NÓ COMHALTAÍ DE NA BUAN-ÓGLAIGH A CHUR CHUN BEALAIGH LE hAGHAIDH SEIRBHÍSE LASMUIGH DEN STÁT AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[12 Iúil, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2) 1960; | |
[EN] | ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta”— | |
[EN] | (a) na Náisiúin Aontaithe, | |
[EN] | (b) an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhar san Eoraip, | |
[EN] | (c) an tAontas Eorpach nó aon institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh, nó | |
[EN] | (d) aon socrú nó gníomhaireacht réigiúnach a ghlacann páirt, nó a ghlac páirt, in oibríochtaí mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” fórsa nó comhlacht idirnáisiúnta a bhunaítear, a chuirtear faoi mhandáid, a údaraítear, a dtaobhaítear leis, a dtugtar tacaíocht dó, a cheadaítear nó a dhéantar a fhaomhadh ar shlí eile le rún ó Chomhairle Slándála nó ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. | |
[EN] | ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cosanta 1954; | |
[EN] | ciallaíonn “traenáil” aon chlár nó cúrsa oideachais, traenála nó freachnamh agus folaíonn sé seimineáir agus freachnaimh straitéise agus pleanála. | |
Feidhm forálacha áirithe d’Acht 1960 agus den Phríomh-Acht. |
2 .— (1) Beidh feidhm ag ailt 2, 4 agus 6 d’Acht 1960, agus beidh éifeacht leo, amhail is dá mba thagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, arna mhíniú in alt 1 den Acht seo, gach tagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe in aon cheann de na hailt sin. | |
[EN] | (2) Maidir leis na forálacha den Phríomh-Acht atá sonraithe in alt 4 d’Acht 1960, arna leasú leis an Acht seo, beidh feidhm acu, agus beidh éifeacht leo, amhail is dá mba thagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, arna mhíniú in alt 1 den Acht seo, gach tagairt d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe sna forálacha sin. | |
Díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse eachtraí chun críocha seachas seirbhís le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe. |
3 .— (1) Féadfar, le ceadú roimh ré ón Rialtas agus ar údarás an Rialtais, díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun na gcríoch seo a leanas— | |
[EN] | (a) dualgais a chomhall mar ionadaí míleata nó ceapacháin nó poist lasmuigh den Stát a líonadh, lena n-áirítear iasachtú chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta, | |
[EN] | (b) traenáil a sheoladh nó páirt a ghlacadh i dtraenáil, | |
[EN] | (c) dualgais searmanais a chomhall, páirt a ghlacadh i malartuithe nó dul ar cuairteanna, | |
[EN] | (d) dualgais faireacháin, breathnóireachta nó comhairleacha a ghabháil de láimh, | |
[EN] | (e) páirt a ghlacadh i misin taiscéalaíochta nó aimsithe fíoras, nó misin den sórt sin a ghabháil de láimh, | |
[EN] | (f) tascanna daonchairdiúla a ghabháil de láimh mar fhreagra ar thubaiste nó éigeandáil iarbhír nó ionchasach, | |
[EN] | (g) páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt, nó | |
[EN] | (h) stórais, trealamh agus saoráidí a iniúchadh agus a mheasúnú. | |
[EN] | (2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an Rialtas ceadú ginearálta a thabhairt, ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh siad, do cibé aicmí d’aon cheann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) agus is cuí leo agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh siad. | |
Comhaltaí de na Buan-Óglaigh a bheith faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát. |
4 .— (1) D’ainneoin aon achtacháin eile ach faoi réir fho-alt (2), beidh gach comhalta de na Buan-Óglaigh faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát— | |
[EN] | (a) le díorma de na Buan-Óglaigh a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe faoi alt 2 d’Acht 1960, nó | |
[EN] | (b) le díorma nó mar chomhalta a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht seo. | |
[EN] | (2) Faoi reir fho-alt (3), ní bheidh comhalta de na Buan-Óglaigh a ceapadh nó a liostáladh roimh an 1 Iúil 1993 faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát le díorma de na Buan-Óglaigh a chuirtear chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe mura rud é gurb é atá san fhórsa sin fórsa nó comhlacht arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh tairiscint déanta i scríbhinn ag comhalta de na Buan-Óglaigh (is comhalta a shonraítear bhfo-alt (2)), cibé acu roimh dháta rite an Achta seo, ar an dáta sin nó dá éis, é féin a chur faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le linn tréimhse sonraithe mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe (seachas fórsa nó comhlacht arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh) agus go mbeidh glactha leis an tairiscint sin ag an Aire nó ag oifigeach atá údaraithe chuige sin ag an Aire, beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gcomhalta sin freisin le linn na tréimhse sin. | |
Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht. |
5 .— Leasaítear alt 61 (arna leasú le halt 4 d’Acht 1960) den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt 2(b)(ia), trí “agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a scriosadh, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (3), trí “agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a scriosadh, agus | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (5)— | |
[EN] | (i) trí “nó alt 296 den Acht seo” a scriosadh, agus | |
[EN] | (ii) trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”. | |
Leasú ar alt 70 den Phríomh-Acht. |
6 .— Leasaítear alt 70 (arna leasú le halt 4 d’Acht 1960) den Phríomh-Acht trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” gach áit a bhfuil na focail sin. | |
Leasú ar alt 192 den Phríomh-Acht. |
7 .— Leasaítear alt 192(3) (arna leasú le halt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005) den Phríomh-Acht trí “nó le linn don duine sin a bheith curtha chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “ar fianas”. | |
Leasú ar alt 2 d’Acht 1960. |
8 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1960— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “fho-ailt (2) agus (3)” a chur in ionad “fho-alt (2)”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) Féadfar díorma nó comhalta de na Buan-Óglaigh, le ceadú roimh ré agus ar údarás ón Rialtas, a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d’fhórsa atá le tabhairt le chéile nó le bordáil roimh imscaradh mar chuid d’Fhórsa Idirnáisiúnta áirithe ó na Náisiúin Aontaithe, más rud é, agus más rúd é amháin, nach ndéantar an díorma nó an comhalta a imscaradh amhlaidh go dtí go mbeidh rún faoi fho-alt (1) den alt seo, ag ceadú iad a chur chun bealaigh le haghaidh na seirbhíse sin, rite ag Dáil Éireann.”. | |
Leasú ar alt 4 d’Acht 1960. |
9 .— Leasaítear alt 4 d’Acht 1960— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (4)(a)— | |
[EN] | (i) trí “Beidh éifeacht ag alt 75” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, beidh éifeacht ag alt 75”, agus | |
[EN] | (ii) trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (4)(b), trí “nó chun aon chríche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” gach áit a bhfuil na focail sin, agus | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (5), trí “nó chun aon críche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”. | |
Leasú ar alt 6 d’Acht 1960. |
10 .— Leasaítear alt 6(1) d’Acht 1960 trí “nó chun aon críche a shonraítear in alt 3 den Acht Cosanta (Leasú) 2006” a chur isteach i ndiaidh “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe”. | |
Comhaltas eagraíochta idirnáisiúnta. |
11 .— Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní lena n-údaraítear don Stát teacht chun bheith ina chomhalta d’eagraíocht idirnáisiúnta nach comhalta di é cheana féin. | |
Aisghairm. |
12 .— Aisghairtear gach ceann de na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin. | |
Tuarascáil bhliantúil do Dháil Éireann. |
13 .— Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta i ndiaidh an 1ú lá d’Eanáir gach bliain ag tosú an 1ú lá d’Eanáir 2007, tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann maidir le hoibriú alt 2 d’Acht 1960 sa bhliain roimhe sin agus féadfaidh Dáil Éireann, le rún, an tuarascáil a cheadú. | |
Caiteachais. |
14 .— Tá na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo iníoctha, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú |
15 .— (1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cosanta 1954 go 2006 a ghairm de na hAchtanna Cosanta 1954 go 1998 agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin. |