|
||||
|
Ar Aghaidh ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) |
[EN] | ||
| ||
Uimhir 21 de 2006 | ||
AN tACHT UM AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH 2006 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||||
CUID 1 | |||||||||
Réamhráiteach agus Ginearálta | |||||||||
Alt | |||||||||
1 . Gearrtheideal. | |||||||||
2 . Mínithe. | |||||||||
3 . An lá bunaithe. | |||||||||
4 . Orduithe agus dréacht-orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. | |||||||||
5 . Caiteachais. | |||||||||
CUID 2 | |||||||||
An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach | |||||||||
6 . An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach a bhunú arb éard a bheidh inti an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach agus an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta. | |||||||||
7 . Comhlachtaí eile a bhunú laistigh den Oifig. | |||||||||
8 . Feidhmeanna na hOifige. | |||||||||
9 . Feidhmeanna na Comhairle. | |||||||||
10 . Feidhmeanna an Fhóraim. | |||||||||
11 . Feidhmeanna an Ionaid. | |||||||||
12 . Feidhmeanna a chomhlíonadh. | |||||||||
13 . Comhdhéanamh na hOifige. | |||||||||
14 . Comhdhéanamh na Comhairle. | |||||||||
15 . Comhdhéanamh an Fhóraim. | |||||||||
16 . Comhdhéanamh an Ionaid. | |||||||||
17. Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, comhdhéanamh na Comhairle, an Fhóraim agus an Ionaid a athrú. | |||||||||
18 . Coinníollacha comhaltais. | |||||||||
19 . Cruinniú de chomhlacht. | |||||||||
20 . Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. | |||||||||
21 . Coistí. | |||||||||
22 . Comhaltaí den Oifig nó de chomhlacht agus daoine den fhoireann do nochtadh leasanna. | |||||||||
23 . Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh. | |||||||||
24 . Príomh-Oifigeach na hOifige. | |||||||||
25 . Stiúrthóirí. | |||||||||
26 . Foireann na hOifige. | |||||||||
27 . Aoisliúntas. | |||||||||
28 . Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí. | |||||||||
29 . Airleacain ón Taoiseach chuig an Oifig. | |||||||||
30 . Séala na hOifige. | |||||||||
31 . Cuntais agus iniúchtaí na hOifige. | |||||||||
32 . An príomhoifigeach agus na stiúrthóirí do láithriú os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí agus Coistí Oireachtais eile. | |||||||||
33 . Plean straitéiseach. | |||||||||
34 . Tuarascálacha agus faisnéis don Taoiseach. | |||||||||
35 . Féadfaidh an Taoiseach an Chomhairle, an Fóram, an tIonad nó comhlacht a dhíscaoileadh. | |||||||||
36 . Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. | |||||||||
CUID 3 | |||||||||
Forálacha Idirthréimhseacha | |||||||||
37 . An NESC, an NESF agus an NCPP neamhreachtúil a dhíscaoileadh. | |||||||||
38 . Maoin eile a aistriú. | |||||||||
39 . Cearta agus dliteanais a aistriú. | |||||||||
40 . Cuntais chríochnaitheacha comhlachtaí díscaoilte. | |||||||||
41 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh. | |||||||||
42 . Foireann a aistriú. | |||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Uimhir 21 de 2006 | |||||||||
AN tACHT UM AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH 2006 | |||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A DTABHARFAR AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH INA mBEIDH TRÍ CHOMHLACHT AR A dTABHARFAR AN CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALACH, AN FÓRAM NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALACH, AN tIONAD NÁISIÚNTA COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS FEIDHMÍOCHTA, AGUS CIBÉ COMHLACHTAÍ EILE A BHUNÓIDH AN TAOISEACH LE hORDÚ AGUS DO MHÍNIÚ A bhFEIDHMEANNA AGUS DO DHÍSCAOILEADH NA COMHAIRLE NÁISIÚNTA EACNAMAÍCHE AGUS SÓISIALAÍ, AN FHÓRAIM NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALAIGH AGUS AN IONAID NÁISIÚNTA COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS FEIDHMÍOCHTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. | ||
[12 Iúil, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: |