An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Leasú ar Achtanna na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Ilghnéitheach )

25 2006

An tAcht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006

CUID 3

Leasú ar na hAchtanna um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Leasú ar alt 2 d’Acht DIT.

29 .— Leasaítear alt 2(1) d’Acht DIT tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Chomhairle Acadúil”:

“ciallaíonn ‘ an tÚdarás ’ an tÚdarás um Ard-Oideachas;”.

Leasú ar alt 3 d’Acht DIT.

30 .— Leasaítear alt 3 d’Acht DIT—

(a) i bhfo-alt (1), trí “foras ardoideachais” a chur in ionad “institiúid oideachais”, agus

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh.

Leasú ar alt 5 d’Acht DIT.

31 .— Leasaítear alt 5 d’Acht DIT—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) céimeanna (lena n-áirítear iarchéimeanna), dioplómaí, teastais agus dámhachtainí oideachais eile (lena n-áirítear dámhachtainí oinigh) a bhronnadh, a dheonú nó a thabhairt;”,

(ii) i mír (d), trí “an tÚdarás” a chur in ionad “an tAire”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f):

“(f) i ndáil le haon cheann de na cuideachtaí nó de na gnóthais seo a leanas agus de réir an dlí seo a leanas, eadhon—

(i) cuideachta dliteanais theoranta sa Stát — de réir Achtanna na gCuideachtaí, nó

(ii) cuideachta nó gnóthas (a mbeidh dliteanas a comhaltaí nó a chomhaltaí teoranta) i stát seachas an Stát — de réir dhlí an stáit sin,

chun—

(I) a foirmiú nó a fhoirmiú a chur chun cinn agus páirt a ghlacadh inti nó ann,

(II) scaireanna nó leasanna eile ina caipiteal nó ina chaipiteal a fháil, a shealbhú nó a dhiúscairt, nó

(III) páirt a ghlacadh ina bainistiú nó ina bhainistiú nó ina stiúradh,

ach sin amháin sa chás go n-áirítear ar chuspóirí na cuideachta nó an ghnóthais cibé gnó, trádáil nó gníomhaíochtaí eile a sheoladh, de réir mar is cuí leis an Institiúid d’fhonn feidhmeanna na hInstitiúide a chur chun cinn nó cúnamh a thabhairt le linn feidhmeanna na hInstitiúide a chomhlíonadh nó i dtaca leo;”;

agus

(iv) i mír (j), trí “faoi réir cheadú an Údaráis” a chur in ionad “faoi réir cheadú an Aire”,

(b) agus trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “Maidir le céimeanna agus dámhachtainí eile faoi fho-alt (1)(b)” a chur in ionad “Maidir le dámhachtainí faoi fhorálacha fho-alt (1) (b) nó faoi aon fheidhm i ndáil le céimeanna a shannfar don Institiúid le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2)”.

Saoirse acadúil.

32 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Saoirse acadúil.

5A.— (1) Beidh ag an Institiúid, i gcomhlíonadh a feidhmeanna, an ceart agus an fhreagracht prionsabail thraidisiúnta na saoirse acadúla a chaomhnú agus a chur chun cinn le linn a gnóthaí inmheánacha agus eachtracha a sheoladh.

(2) Beidh ag comhalta d’fhoireann acadúil na hInstitiúide an tsaoirse, de réir an dlí, ina mhúineadh nó ina múineadh, ina thaighde nó ina taighde agus in aon ghníomhaíochtaí eile dá chuid nó dá cuid san Institiúid nó lasmuigh di, an eagnaíocht a nglactar léi a cheistiú agus a thástáil, smaointe nua a chur chun cinn agus tuairimí atá conspóideach nó nach bhfuil glacadh coitianta leo a chur in iúl agus ní chuirfidh an Institiúid é nó í faoi mhíbhuntáiste ná faoi réir córa is lú fabhar mar gheall ar an tsaoirse sin a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 7 d’Acht DIT.

33 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Feidhmeanna an Chomhlachta Ceannais.

7.— (1) Is iad feidhmeanna an Chomhlachta Ceannais, de bhun fheidhmeanna na hInstitiúide faoi alt 5 ach de réir shriantachtaí bhuiséad na hInstitiúide faoi alt 14—

(a) talamh agus maoin eile na hInstitiúide a rialú agus a riaradh,

(b) an tUachtarán agus cibé foireann eile is dóigh leis is gá a cheapadh chun críocha na hInstitiúide, agus

(c) cibé feidhmeanna eile a thugtar dó leis an Acht seo nó le haon Acht eile a chomhlíonadh.

(2) Chun an tUachtarán a cheapadh faoi fho-alt (1)(b), déanfaidh an Comhlacht Ceannais cibé nósanna imeachta agallaimh agus nósanna imeachta eile a fhorbairt is fearr a chinnteoidh, ina thuairim, go mbeidh iarrthóirí a bhfuil ardmhianach iontu ó laistigh den Institiúid agus ó lasmuigh di páirteach sa phróiseas roghnóireachta agus déanfaidh sé na nósanna imeachta sin a fhoilsiú i cibé modh is cuí leis.

(3) Tá ag an gComhlacht Ceannais, faoi réir an Achta seo nó aon Achta eile, cibé cumhachtaí is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais, ó am go ham, cibé coistí agus cibé líon coistí a cheapadh, a bheidh comhdhéanta go hiomlán nó go páirteach de chomhaltaí den Chomhlacht Ceannais, is dóigh leis is gá chun cabhrú leis le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sé cibé feidhmeanna dá chuid is cuí leis a shannadh do na coistí sin.

(5) Oibreoidh coiste a cheapfar faoi fho-alt (4) i cibé slí a ordóidh an Comhlacht Ceannais agus beidh a ghníomhartha faoi réir a ndaingnithe ag an gComhlacht Ceannais, mura n-ordóidh an Comhlacht Ceannais a mhalairt.

(6) Le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh an Comhlacht Ceannais nó, más cuí, déanfaidh coiste—

(a) cibé ordacháin i dtaobh beartais a chomhlíonadh a eiseoidh an tAire ó am go ham, lena n-áirítear ordacháin a bhaineann le leibhéil agus réimse na gclár a thairgeann an Institiúid,

(b) aird a thabhairt ar chur chun cinn agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga gnáthchumarsáide agus saothrú na Gaeilge agus a traidisiún gaolmhar liteartha agus cultúrtha a chur chun cinn,

(c) aird a thabhairt ar chothromaíocht inscne agus comhionannas deiseanna a bhaint amach i measc mhic léinn agus fhoireann na hInstitiúide agus déanfaidh sé, go háirithe, rochtain ar oideachas san Institiúid ag daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine ó earnálacha den tsochaí a bhfuil ionadaíocht neamhdhóthanach shuntasach acu i measc na mac léinn i gcoitinne a chur chun cinn,

(d) a chinntiú, a mhéid is féidir leis, go gcuirfidh an Institiúid le cur chun cinn fhorbairt eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialach an Stáit agus le hurraim don éagsúlacht luachanna, creideamh agus traidisiún i sochaí na hÉireann, agus

(e) aird a thabhairt ar fhreagrachtaí reachtúla soláthraithe oideachais eile.”.

Leasú ar alt 8 d’Acht DIT.

34 .— Leasaítear alt 8(1) d’Acht DIT trí “leis an Údarás” a chur in ionad “leis an gCoiste Gairmoideachais”.

Leasú ar alt 9 d’Acht DIT.

35 .— Leasaítear alt 9 d’Acht DIT—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais duine a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimseartha chun bheith ina Uachtarán nó ina hUachtarán ar an Institiúid agus ina Phríomh-Oifigeach nó ina Príomh-Oifigeach di.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “ag an Údarás” a chur in ionad “ag an Aire”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Leasú) 1994):

“(4) I gcás ina dtiocfaidh Oifig an Uachtaráin chun bheith folamh, féadfaidh an Comhlacht Ceannais, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, duine a cheapadh chun feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh go dtí cibé tráth a cheapfar duine go buan chun na hoifige sin agus féadfaidh an Comhlacht Ceannais an ceapachán eatramhach sin a fhoirceannadh tráth ar bith.”.

Leasú ar alt 10 d’Acht DIT.

36 .— Leasaítear alt 10 d’Acht DIT—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, le ceadú an Aire” a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “an tÚdarás” a chur in ionad “an tAire”.

Leasú ar alt 11 d’Acht DIT.

37 .— Leasaítear alt 11(3)(a) d’Acht DIT trí “de réir na gclár agus an bhuiséid a cheadófar go bliantúil faoi alt 14 den Acht seo agus” a scriosadh.

Leasú ar alt 12 d’Acht DIT.

38 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 12:

“Forálacha ginearálta i ndáil le foireann.

12.— (1) Féadfaidh an Institiúid cibé feidhmeanna dá cuid is cuí leis an gComhlacht Ceannais a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá foireann nó ag aon chomhalta dá foireann.

(2) Faoi réir alt 13, íocfaidh an Institiúid lena foireann cibé luach saothair, táillí, liúntais agus caiteachais a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh cuideachta nó gnóthas dá dtagraítear in alt 5(1)(f) (arna leasú leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) aon luach saothair, táillí, liúntais nó caiteachais a íoc le foireann na hInstitiúide de réir socruithe chuige sin arna ndéanamh idir an Institiúid agus an tÚdarás.

(4) Beidh feidhm ag Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (dá dtagraítear in Airteagal 2 den Ordú um Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 2001 (I.R. Uimh. 14 de 2001) maidir leis an Institiúid agus comhaltaí a foirne.”.

Forálacha i ndáil le foireann áirithe.

39 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 12:

“Forálacha i ndáil le foireann áirithe.

12A.— (1) (a) Féadfaidh an Institiúid cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann na hInstitiúide (i dteannta an Uachtaráin agus na Stiúrthóirí) is cuí leis an gComhlacht Ceannais ó am go ham faoi réir cheadú an Údaráis arna thabhairt le comhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(b) Déanfar na comhaltaí sin den fhoireann a earcú agus a roghnú de réir nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(c) Forálfar leis na nósanna imeachta sin gurb iad a bheidh ar an mbord roghnóireachta daoine atá cáilithe go cuí agus go mbeidh an tUachtarán nó Stiúrthóir ar an Institiúid nó ainmnitheach de chuid an Uachtaráin air.

(2) Faoi réir alt 13, fostófar na comhaltaí d’fhoireann na hInstitiúide ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Institiúid (faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais) ó am go ham.

(3) Féadfaidh an Institiúid comhalta dá foireann a chur ar fionraí nó a dhífhostú, ach ní dhéanfar sin ach amháin de réir nósanna imeachta agus faoi réir aon choinníollacha a chinnfidh an Institiúid, tar éis di dul i gcomhairle le comhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta; féadfar foráil a dhéanamh leis na nósanna imeachta seo nó leis na coinníollacha seo maidir le cumhachtaí a bhaineann le fionraí nó le dífhostú a tharmligean chuig an Uachtarán.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) maidir leis na comhaltaí go léir d’fhoireann na hInstitiúide, ach amháin na hoifigigh sin a bhfuil feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) (arna gcur isteach leis an Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006) d’alt 13 maidir leo.”.

Leasú ar alt 13 d’Acht DIT.

40 .— Leasaítear alt 13 d’Acht DIT trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Beidh feidhm ag ailt 105, 106 agus 107 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 agus ag ailt 7 agus 8 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú) 1944 maidir le hoifigigh don Institiúid a ceapadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, ach tagairtí don Institiúid a chur in ionad tagairtí don choiste gairmoideachais.

(b) D’ainneoin alt 7(5) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú) 1944, aon uair a dhéanfar oifigeach don Institiúid a bhfuil feidhm ag mír (a) maidir leis nó léi a chur ar fionraí faoin Acht seo, féadfaidh an Institiúid, más cuí leis an gComhlacht Ceannais é, íocaíochtaí ex gratia a dhéanamh, le toiliú an Aire, leis an oifigeach a bheidh ar fionraí in ionad an luacha saothair a bheadh iníoctha, murach an fionraí sin, leis an oifigeach sin.

(c) Aon suim a íocfar faoi mhír (b)—

(i) beidh sí in-aisíoctha ag an oifigeach leis an Institiúid,

(ii) féadfar í a asbhaint as aon airgead is iníoctha ag an Institiúid leis an oifigeach sin, agus

(iii) ní dhéanfar í a ríomh mar thuarastal nó mar dhíolaíocht chun críocha Scéim Aoisliúntais na hEarnála Oideachais.

(4) (a) Ní dhéanfaidh an Institiúid aon duine dá hoifigigh a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis nó léi a chur as oifig gan toiliú an Aire.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hoifigigh don Institiúid arna gceapadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo.”.

Leasú ar alt 14 d’Acht DIT.

41 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14:

“Buiséid.

14.— (1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais, an 1ú lá de Mhárta nó roimhe i ngach bliain airgeadais nó cibé dáta eile a cheadóidh An tÚdarás (ar féidir gur dáta é roimh thosach na bliana airgeadais lena mbaineann an ráiteas), ráiteas maidir le caiteachas beartaithe agus ioncam ionchais na hInstitiúide don bhliain airgeadais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis, i cibé foirm agus ar cibé modh a cheadóidh an tÚdarás ó am go ham.

(2) Cinnfidh an tÚdarás, ag féachaint don ráiteas a bheidh curtha faoina bhráid faoi fho-alt (1), an méid airgid a bheidh le leithroinnt ar an Institiúid don bhliain airgeadais as airgead arna sholáthar don Údarás de bhun alt 12 d’Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971, agus is é a bheidh i mbuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais an méid a leithroinnfear amhlaidh mar aon le hioncam ionchais eile na hInstitiúide, de réir mar a chomhaontófar é leis an Údarás.

(3) Nuair a bheidh buiséad na hInstitiúide arna chinneadh, is feidhm de chuid an Uachtaráin, ag gníomhú dó nó di ar údarás an Chomhlachta Ceannais, é a chur in éifeacht.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, aon tráth, ar iarratas a bheith déanta chuige ag an gComhlacht Ceannais, an méid airgid a mhéadú a bheidh le leithroinnt ar an Institiúid as airgead a sholáthraítear don Údarás.

(5) Más é tuairim an Uachtaráin—

(a) maidir leis an gcaiteachas iarbhír i mbliain airgeadais, nó

(b) maidir le gníomh atá beartaithe,

go mbeidh nó gur dócha go mbeidh de thoradh air, agus aon leithroinnt mhéadaithe faoi fho-alt (4) á cur i gcuntas, caiteachas de bhreis ar an mbuiséad don bhliain airgeadais sin (dá ngairtear ‘imeacht ábhartha ón mbuiséad’ san alt seo), cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Chomhlacht Ceannais.

(6) Má chinneann an Comhlacht Ceannais, d’ainneoin an méid sin a bheith curtha in iúl dó amhlaidh—

(a) i gcás fho-alt (5)(a), gan a chaiteachas iarbhír a laghdú, nó

(b) i gcás fho-alt (5)(b), leanúint ar aghaidh leis an ngníomh a bheartaíonn sé a dhéanamh,

déanfaidh an tUachtarán, a luaithe is indéanta, murab é an tátal atá aige nó aici, contrártha dá thuairim nó dá tuairim roimhe sin, nach dtarlóidh imeacht ábhartha ón mbuiséad, cinneadh an Chomhlachta Ceannais a chur in iúl don Údarás.

(7) Más rud é, d’ainneoin an ailt seo, go dtabhóidh an Institiúid caiteachas de bhreis ar a buiséad is caiteachas nach n-íocfar as ioncam na hInstitiúide seachas an t-airgead a leithroinnfidh an tÚdarás uirthi, beidh an bhreis sin ina céadmhuirear ar an mbuiséad don chéad bhliain airgeadais eile dá éis sin.

(8) Féadfaidh an Institiúid airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bhainc nó ar shlí eile agus féadfaidh sí iasacht arna glacadh ag duine nó comhlacht daoine, nó iasacht airgid arna glacadh air nó uirthi féin ag duine nó air féin ag comhlacht daoine, a ráthú nó a fhrithghealladh.

(9) Is de réir socruithe a dhéanfar ó am go ham idir an Institiúid agus an tÚdarás a gheofar airgead ar iasacht, a thabharfar ráthú agus a dhéanfar frithghealladh faoi fho-alt (8); rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais sula ndéanfaidh sé socruithe den sórt sin.”.

Leasú ar alt 15 d’Acht DIT.

42 .— Leasaítear alt 15 d’Acht DIT—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh gach bliana acadúla, ullmhóidh agus foilseoidh an Comhlacht Ceannais tuarascáil ar a imeachtaí i gcaitheamh na bliana sin i cibé foirm a chinnfidh an tÚdarás agus cuirfidh sé cóip den tuarascáil sin ar fáil don Údarás agus don Aire.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “don Údarás” a chur in ionad “don Choiste Gairmoideachais”, agus

(c) tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Cuirfidh an Institiúid ar fáil don Údarás cibé faisnéis a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham maidir le líon na ndaoine atá fostaithe ag an Institiúid, maidir lena gcomhdhéanamh de réir grád, maidir lena dtéarmaí agus a gcoinníollacha fostaíochta (lena n-áirítear a luach saothair, a dtáillí, a liúntais, a gcaiteachais agus a n-aoisliúntais) agus maidir le haon nithe gaolmhara eile.”.

Alt 16 d’Acht DIT a aisghairm.

43 .— Aisghairtear alt 16 d’Acht DIT.

Leasú ar alt 17 d’ Acht DIT.

44 .— Leasaítear Acht DIT tríd an mír seo a leanas a chur in ionad alt 17:

“Cuntais agus taifid a choimeád.

17.— (1) Coimeádfaidh an Institiúid, i cibé foirm a cheadóidh an tÚdarás, na cuntais agus na taifid go léir is cuí agus is gnách ar an ioncam go léir a gheobhaidh sí nó ar an gcaiteachas go léir a thabhóidh sí.

(2) Déanfaidh an Institiúid cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1), a mhéid a ordóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é, a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain, lena n-iniúchadh, faoi cibé dáta a chinnfidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó am go ham agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Institiúid cóip de na cuntais, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Údarás agus don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolacfaidh an Institiúid don Aire faoin alt seo, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.”.

Leasú ar alt 19 d’Acht DIT.

45 .— Leasaítear alt 19(1) d’Acht DIT trí “, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Gairmoideachais” a scriosadh.

Leasú ar alt 21 d’Acht DIT.

46 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 21:

“Cigireacht.

21.— Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, aon duine nó daoine is cuí leis an Aire a údarú chun tuairisciú don Aire ar aon nithe a bhaineann le hoibriú na hInstitiúide agus beidh an duine sin nó na daoine sin i dteideal gach tráth réasúnach dul isteach san Institiúid agus tabharfaidh an Institiúid gach saoráid, lena n-áirítear rochtain ar gach taifead, dóibh chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.”.

Rialú Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

47 .— Leasaítear Acht DIT trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Feidhmeanna forchoimeádta.

21A.— (1) Déanfaidh an Institiúid, trí rún ón gComhlacht Ceannais, cibé cinn de na feidhmeanna a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith ina bhfeidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh agus forléireofar ‘feidhm fhorchoimeádta’ agus beidh éifeacht leis san Acht seo dá réir sin.

(2) Dearbhaítear gur feidhmeanna forchoimeádta na feidhmeanna faoi ailt 5(1)(a) go (k), 7, 9, 10, 21C, 21D agus 21E.

(3) Is é nó is í an tAire a chinnfidh aon díospóid i dtaobh cibé acu is feidhm fhorchoimeádta aon fheidhm áirithe nó nach ea.

(4) Cabhróidh an tUachtarán leis an gComhlacht Ceannais le linn dó a fheidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh, i cibé slí a theastóidh ón gComhlacht Ceannais.

(5) Ní dhéanfaidh an Comhlacht Ceannais feidhm nach feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh le rún óna chomhaltaí nó ordachán a thabhairt i ndáil le feidhm nach feidhm fhorchoimeádta a chomhlíonadh.

Feidhmeanna feidhmiúcháin.

21B.— (1) Is feidhm feidhmiúcháin gach feidhm nach feidhm fhorchoimeádta agus forléireofar ‘feidhm feidhmiúcháin’ agus beidh éifeacht leis dá réir sin san Acht seo.

(2) Is é nó is í an tUachtarán a chomhlíonfaidh feidhmeanna feidhmiúcháin.

(3) Soláthróidh an tUachtarán cibé faisnéis don Chomhlacht Ceannais i dtaobh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh a theastóidh ón gComhlacht Ceannais ó am go ham.

(4) Soláthróidh an tUachtarán cibé faisnéis don Aire nó don Údarás maidir le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus a cheanglóidh an tAire nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, ó am go ham.

Plean forbartha straitéisí.

21C.— (1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais, a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ag cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar an Uachtarán plean (dá ngairtear ‘plean forbartha straitéisí’ san Acht seo) a ullmhú ina leagfar amach aidhmeanna an Chomhlachta Ceannais i gcomhair oibriú agus fhorbairt na hInstitiúide agus a straitéis chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, agus chun na feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, le linn na tréimhse, is tréimhse nach lú ná trí bliana, lena mbaineann an plean.

(2) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais an plean forbartha straitéisí a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, an plean a cheadú fara le cibé modhnuithe is cuí leis; le linn a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú beidh aird ag an gComhlacht Ceannais ar na hacmhainní atá ar fáil don Institiúid.

(3) A luaithe is indéanta tar éis dó an plean forbartha straitéisí a cheadú faoi fho-alt (2), soláthróidh an Comhlacht Ceannais cóip den phlean don Údarás agus don Aire.

Beartas comhionannais.

21D.— (1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais, a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo agus ag cibé tráthanna eile is cuí leis, a cheangal ar an Uachtarán ráiteas a ullmhú i dtaobh bheartais na hInstitiúide i leith na nithe seo a leanas—

(a) rochtain ar oideachas san Institiúid ag daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialach, ag daoine atá faoi mhíchumas agus ag daoine ó earnálacha den tsochaí a bhfuil ionadaíocht neamhdhóthanach shuntasach acu i measc na mac léinn i gcoitinne, agus

(b) comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, i ngníomhaíochtaí uile na hInstitiúide,

agus beidh aird ag an Uachtarán, le linn an ráiteas a ullmhú, ar cibé beartais a chinnfidh an tAire ó am go ham maidir leis na nithe sin.

(2) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais an ráiteas a ullmhófar faoi fho-alt (1) a cheadú gan mhodhnú nó, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, an ráiteas a cheadú fara cibé modhnuithe is cuí leis; le linn a chumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo beidh aird ag an gComhlacht Ceannais ar na hacmhainní atá ar fáil don Institiúid.

(3) Déanfaidh an Institiúid na beartais a bheidh leagtha amach sa ráiteas a chur i ngníomh de réir mar a ceadaíodh iad faoi fho-alt (2).

Díospóidí a réiteach.

21E.— (1) Bunóidh an Comhlacht Ceannais nósanna imeachta d’fhonn díospóidí a éireoidh san Institiúid a réiteach.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le díospóidí caidrimh thionscail, a ndéileálfar leo trí ghnáthstruchtúir caidrimh thionscail a oibríonn san Institiúid.

(3) Maidir le nósanna imeachta a bhunófar faoi fho-alt (1)—

(a) cuirfear i scríbhinn iad,

(b) bunófar iad tar éis dul i gcomhairle le comhlachais foirne agus le ceardchumainn aitheanta atá ionadaitheach d’fhoireann na hInstitiúide agus le haontas na mac léinn nó le comhlacht ionadaitheach mac léinn eile, agus

(c) déanfar foráil leo maidir le duine neamhspleách nó daoine neamhspleácha, de réir mar is cuí, do bhreithniú saincheisteanna atá faoi dhíospóid.

Athbhreithnithe.

21F.— Féadfaidh an tÚdarás athbhreithniú a dhéanamh—

(a) ar an bplean forbartha straitéisí a ullmhófar de réir alt 21C, agus

(b) ar na beartais a bheidh leagtha amach sa ráiteas a ullmhófar de réir alt 21D agus ar chur i ngníomh na mbeartas sin ag an Institiúid,

agus féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an Institiúid, tuarascáil a fhoilsiú, i cibé foirm agus ar cibé modh is cuí leis, maidir le toradh aon athbhreithnithe den sórt sin.”.

Éifeacht orduithe áirithe.

48 .— Leasaítear Acht DIT tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“Éifeacht orduithe áirithe.

23A.— (1) Maidir le gach ordú a dhéanfar faoi alt 5(2), measfar, le linn na tréimhse iomchuí, go raibh sé bailí riamh.

(2) San alt seo ciallaíonn ‘tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach an tráth a dhéanfar an t-ordú lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus dar críoch tráth thosach feidhme alt 31 den Acht um Institiúidí Teicneolaíochta 2006.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht DIT.

49 .— Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht DIT—

(a) trí mhíreanna 2(5) agus 3(3) a scriosadh, agus

(b) i mír 14(e), trí “faoi réir cheadú an Aire agus cibé téarmaí agus coinníollacha a leagfaidh an tAire síos,” a scriosadh.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht DIT.

50 .— Leasaítear Acht DIT tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal:

“Alt 9.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An tUachtarán

1. Déanfaidh an tUachtarán, faoi réir an Achta seo, seoladh a gníomhaíochtaí acadúla, riaracháin, airgeadais, pearsanra agus a gníomhaíochtaí eile ag an Institiúid a bhainistiú agus a stiúradh agus chun na gcríoch sin beidh cibé cumhachtaí aige nó aici is gá nó is fóirsteanach.

2. Le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, beidh an tUachtarán faoi réir cibé beartais a chinnfidh an Comhlacht Ceannais ó am go ham agus beidh sé nó sí freagrach don Chomhlacht Ceannais as an Institiúid a bhainistiú go héifeachtúil éifeachtach agus as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

3. (1) Féadfaidh an tUachtarán aon fheidhmeanna dá chuid nó dá cuid a tharmligean chuig comhalta eile d’fhoireann na hInstitiúide, mura rud é go mbeidh siad tarmligthe chuig an Uachtarán faoi réir an choinníll nach ndéanfar iad a tharmligean a thuilleadh; beidh an comhalta eile sin freagrach don Uachtarán as na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

(2) D'ainneoin aon tarmligin den sórt sin, leanfaidh an tUachtarán de bheith freagrach gach uile thráth don Chomhlacht Ceannais i leith na bhfeidhmeanna a tharmligfear amhlaidh.

4. Ní shealbhóidh an tUachtarán aon oifig ná post eile gan toiliú an Chomhlachta Ceannais.

5. Beidh an tUachtarán i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon choiste agus de gach coiste a cheapfaidh an Comhlacht Ceannais agus a bheith i gceannas orthu, ach amháin i gcás ina gcinnfidh an Comhlacht Ceannais a mhalairt, le comhthoiliú an Údaráis.

6. Beidh an tUachtarán i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Chomhairle Acadúil agus, má bhíonn sé nó sí i láthair, beidh sé nó sí i gceannas ar gach cruinniú den Chomhairle sin; beidh sé nó sí i dteideal a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de gach coiste a bhunóidh an Chomhairle sin.

7. Beidh an tUachtarán i seilbh oifige go ceann tréimhse 10 mbliana mura n-éireoidh sé nó sí as oifig, mura scoirfidh sé nó sí nó mura gcuirfear as oifig é nó í.

8. Aon uair a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do Dháil Éireann ar an Uachtarán déanamh amhlaidh, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a taifeadadh nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó in aon taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear, faoin Acht seo, ar an Institiúid a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na hInstitiúide i dtaca le húsáid a hacmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Institiúid chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Institiúid dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i bhfomhír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

9. Ní dhéanfaidh an tUachtarán, má cheanglaítear air nó uirthi faoi mhír 8 fianaise a thabhairt, tuillteanais aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó tuillteanais cuspóirí aon bheartais den sórt sin a cheistiú nó tuairim a nochtadh i dtaobh na dtuillteanas sin.

10. Déanfaidh an tUachtarán, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air nó uirthi amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh fheidhmeanna na hInstitiúide a thabhairt do Choiste de Theach den Oireachtas nó de dhá Theach an Oireachtais agus beidh aird ag an Uachtarán ar aon mholtaí ón gCoiste sin is iomchuí maidir leis na feidhmeanna sin.”.

Leasú ar alt 2 den Acht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Leasú) 1994.

51 .— Leasaítear alt 2 den Acht um Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Leasú) 1994—

(a) in alt 2(1), trí “tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás,” a chur isteach i ndiaidh “leis an Aire” agus

(b) in alt 4(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ainmneoidh an Coiste Gairmoideachais seisear, nach comhalta d’fhoireann coláiste de réir bhrí na nAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta 1992 go 2006 nó d’fhoireann na hInstitiúide aon duine díobh;”.