|
||||
|
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta | |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
1 .— (1) Féadfar an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2004 agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. | |
Mínithe. |
2 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil; | |
[EN] | ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000. |