An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Truailliú ó Ola Bhuncair (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Leasú ar an Acht Cuanta 1996 )

29 2006

An tAcht um Thruailliú na Farraige (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006

CUID 3

Truailliú na Farraige

Mínithe.

19.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ Acht 1991 ” an tAcht um Thruailliú na Farraige 1991;

ciallaíonn “ Acht 1999 ” an tAcht um Thruailliú na Farraige (Leasú) 1999.

Leasú ar alt 2 (pleananna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire) d’Acht 1999.

20.— Leasaítear alt 2 d’Acht 1999—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (2), trí “as soon as possible” a chur in ionad “as soon as may be” sa téacs Béarla,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfaidh údarás cuain, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo, plean a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a tharlaíonn i gcuan atá faoina rialú a chosc agus a íoslaghdú.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Déanfaidh oibritheoir saoráide láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo, plean a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, ar plean é chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a tharlaíonn ar an tsaoráid láimhseála lena mbaineann a chosc agus a íoslaghdú.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás áitiúil, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire, plean a ullmhú agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid, ar plean é chun damáiste, de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha, d’aon limistéar cladaigh atá go hiomlán nó go páirteach laistigh dá limistéar feidhme nó atá tadhlach lena limistéar feidhme, a chosc agus a íoslaghdú.

(3B) Déanfaidh úinéir nó máistir loinge Éireannaí iomchuí, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo, pleananna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, ar pleananna iad chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a chosc agus a íoslaghdú agus chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a tharlaíonn ar long den sórt sin a chosc agus a íoslaghdú.”.

agus

(e) i bhfo-alt (5), trí “maidir leis an oibritheoir, maidir leis an údarás áitiúil nó maidir leis an long Éireannach lena mbaineann” a chur in ionad “maidir leis an oibritheoir nó maidir leis an údarás áitiúil lena mbaineann”.

Pleananna éigeandála do thruailliú.

21.— Leasaítear Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“3.— (1) Beidh na pleananna seo a leanas ag údarás cuain i dáil le cuan atá faoina rialú—

(a) plean éigeandála d’ola-thruailliú, agus

(b) plean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha.

(2) (a) Beidh plean éigeandála d’ola-thruailliú ag oibritheoir aonaid amach ón gcósta nó saoráide láimhseála ola i ndáil leis an aonad nó leis an tsaoráid láimhseála lena mbaineann.

(b) Beidh plean éigeandála do shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ag oibritheoir saoráide láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha i ndáil leis an tsaoráid láimhseála lena mbaineann.

(c) Déanfaidh máistir loinge Éireannaí iomchuí, nó cibé duine eile atá i bhfeighil loinge Éireannaí iomchuí, a chinntiú go bhfuil plean éigeandála d’ola-thruailliú agus plean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ar bord na loinge i ndáil leis an long. Beidh gach plean den sórt sin i mBéarla.

(d) Déanfaidh máistir loinge, nó cibé duine eile atá i bhfeighil loinge, atá cláraithe i dtír, seachas an Stát, is páirtí sa Choinbhinsiún, a chinntiú go bhfuil na nithe seo a leanas ar bord na loinge—

(i) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a chosc agus a íoslaghdú,

(ii) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a chosc agus a íoslaghdú, agus

(iii) i gcás nach bhfuil aon phlean den sórt sin i mBéarla, cóip chuídheimhnithe den phlean i mBéarla,

agus comhlíonfaidh gach plean den sórt sin ceanglais dlí na tíre ina bhfuil an long cláraithe.

(e) I gcás rialacháin a bheith déanta ag an Aire faoi mhír (f), déanfaidh máistir loinge, nó cibé duine eile atá i bhfeighil loinge, lena mbaineann na rialacháin sin, a chinntiú go bhfuil na nithe seo a leanas ar bord na loinge—

(i) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a chosc agus a íoslaghdú,

(ii) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a chosc agus a íoslaghdú, agus

(iii) i gcás nach bhfuil aon phlean den sórt sin i mBéarla, cóip chuídheimhnithe den phlean i mBéarla,

agus comhlíonfaidh gach plean den sórt sin na rialacháin sin.

(f) (i) Maidir le long atá cláraithe i dtír nach páirtí sa Choinbhinsiún, féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal ar mháistir na loinge, nó ar cibé duine eile atá i bhfeighil na loinge, na nithe seo a leanas a bheith aige nó aici ar bord na loinge fad atá an long sin sa Stát—

(I) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú ola-thruaillithe a chosc agus a íoslaghdú,

(II) plean éigeandála chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a chosc agus a íoslaghdú, agus

(III) i gcás nach bhfuil aon phlean den sórt sin i mBéarla, cóip chuídheimhnithe de gach plean den sórt sin i mBéarla.

(ii) Féadfar, le rialacháin faoin mír seo, foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas i ndáil le gach plean den sórt sin:

(I) na nithe a bheidh san áireamh i bplean den sórt sin;

(II) cibé nithe eile agus nithe teagmhasacha is dóigh leis an Aire is gá.

(g) Níl feidhm ag míreanna (d), (e) agus (f) ach amháin maidir le long—

(i) is tancaer ola nach lú a olltonnáiste ná 150 tona, nó

(ii) is long seachas tancaer ola nach lú a holltonnáiste ná 400 tona.

(3) (a) Gach údarás áitiúil a gcuirtear ceanglas air faoi alt 2(3), beidh plean éigeandála d’ola-thruailliú aige i ndáil leis an limistéar cladaigh lena mbaineann an ceanglas.

(b) Gach údarás áitiúil a gcuirtear ceanglas air faoi alt 2(3A), beidh plean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha aige i ndáil leis an limistéar cladaigh lena mbaineann an ceanglas.

(4) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.”.

Leasú ar alt 4 (oifigigh údaraithe) d’Acht 1999.

22.— Leasaítear alt 4 d’Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Chun críocha na nAchtanna um Thruailliú na Farraige 1991 go 2006, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) dul isteach aon tráth i saoráid nó long iomchuí, nó in aon chuid den chéanna, chun aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an alt seo a fheidhmiú,

(b) iniúchtaí a dhéanamh agus cibé tástálacha is cuí leis nó léi a chur i gcrích i ndáil le seoladh aon ghníomhaíochtaí i saoráid nó long iomchuí, lena n-áirítear faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na ngníomhaíochtaí sin ar an muirthimpeallacht,

(c) cibé iniúchtaí agus cibé tástálacha a dhéanamh i saoráid nó long iomchuí de réir mar is cuí leis nó léi chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí aon tarlú ola-thruaillithe nó aon tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ar an muirthimpeallacht,

(d) a cheangal ar aon duine i saoráid nó long iomchuí cibé doiciméid, taifid nó ábhair atá i seilbh nó faoi rialú an duine sin agus a bhaineann le haon phlean a cheanglaítear a choimeád ar bord na saoráide nó na loinge iomchuí a thabhairt ar aird dó nó di agus cibé faisnéis a éileoidh sé nó sí le réasún i leith na ndoiciméad, na dtaifead nó na n-ábhar sin a thabhairt dó nó di, nó

(e) a cheangal ar aon duine ag a bhfuil aon phost údaráis nó freagrachta, i ndáil le haon phlean dá dtagraítear i mír (d) a chur i bhfeidhm, cibé faisnéis a éileoidh sé nó sí le réasún a thabhairt dó nó di, ar faisnéis í a bhaineann leis na nósanna imeachta a úsáidtear nó i ndáil leis na bearta a dhéantar chun a chinntiú go ndéantar an plean sin a chur i gcrích agus a chomhlíonadh.

(3A) San alt seo ciallaíonn ‘saoráid nó long iomchuí’ ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) cuan;

(b) aonad amach ón gcósta;

(c) saoráid láimhseála ola;

(d) saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha;

(e) long Éireannach iomchuí;

(f) long lena mbaineann mír amháin nó níos mó de mhíreanna (d), (e) agus (f) d’alt 3(2).”.

Leasú ar alt 25 (cumhachtaí máistrí cuain) d’Acht 1991.

23.— Leasaítear alt 25 d’Acht 1991 i bhfo-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 5(b) d’Acht 1999)—

(a) trí “nó in aon saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “saoráid láimhseála ola”, agus

(b) i mír (b), trí “nó tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “tarlú ola-thruaillithe”.

Leasú ar alt 6 (an tAire do thabhairt ordachán) d’Acht 1999.

24.— Leasaítear alt 6 d’Acht 1999—

(a) i bhfo-alt (1)(a) agus i bhfo-alt (3)(a), trí “nó ar phlean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “ar phlean éigeandála d’olathruailliú”,

(b) trí “nó tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “i leith tarlú ola-thruaillithe” i bhfo-alt (1)(b) “i leith tharlú ola-thruaillithe” i bhfo-alt (3)(b), agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an tAire—

(a) ordachán i scríbhinn a thabhairt d’oibritheoir aonaid amach ón gcósta, saoráide láimhseála ola nó saoráide láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó do mháistir loinge Éireannaí iomchuí, nó do cibé duine eile atá i bhfeighil loinge Éireannaí iomchuí, á cheangal ar an oibritheoir, ar an máistir nó ar an duine eile lena mbaineann cibé modhnuithe nó cibé athruithe a mheasfaidh an tAire a bheith cuí a dhéanamh ar phlean éigeandála d’ola-thruailliú nó ar phlean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha nó ar an dá phlean sin, i leith an aonaid amach ón gcósta, na saoráide láimhseála nó na loinge Éireannaí iomchuí, de réir mar a bheidh, atá faoi rialú an oibritheora, nó an mháistir nó an duine eile sin, nó

(b) i ndáil le haonad amach ón gcósta, saoráid láimhseála ola, saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó long Éireannach iomchuí, ordachán a thabhairt (i scríbhinn nó ar shlí eile) d’oibritheoir an aonaid sin amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála sin nó do mháistir loinge Éireannaí iomchuí nó do cibé duine eile atá i bhfeighil loinge Éireannaí iomchuí, de réir mar a bheidh, aon ní a dhéanamh nó staonadh ó aon ní a dhéanamh ar ní é, i dtuairim an Aire, is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh mar fhrithghníomh i leith tarlú ola-thruaillithe nó i leith tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha san aonad amach ón gcósta, sa tsaoráid láimhseála nó sa long Éireannach iomchuí lena mbaineann nó ar an gcéanna.”.

Scaoileadh amach sa Stát nó isteach i gcuan nó i limistéar forordaithe a thuairisciú.

25.— Leasaítear Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 13 (a cuireadh isteach le halt 7(a) d’Acht 1999):

“13.— (1) Aon uair a bheidh tarlú ann, ar bord loinge nó lasmuigh de long, ar tarlú é—

(a) ar dá dheasca a ndéantar substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó truailleán nó, i gcás rialachán a bheith déanta faoi alt 10, cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoin rialachán sin, a scaoileadh amach ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe, nó

(b) is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go mbeidh scaoileadh amach den sórt sin ann ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe,

déanfaidh máistir na loinge lena mbaineann nó máistir aon loinge eile a bhfuil baint aici leis an tarlú sin nó óna bhfacthas an tarlú sin, an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire nó, i gcás ina dtarlaíonn an tarlú nó an scaoileadh amach i gcuan, nó ina bhfeictear ó chuan é, do mháistir cuain an chuain sin nó don duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil leis an gcuan sin.

(2) I gcás ina bhfeictear, ó long sa Stát nó i limistéar forordaithe, go bhfuil ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha san fharraige, déanfaidh máistir na loinge sin an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire, nó i gcás gur ó long i gcuan a fheictear go bhfuil ola nó substaintí den sórt sin san fharraige, don mháistir cuain nó nó don duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil leis an gcuan sin.

(3) Déanfaidh máistir cuain nó duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil le cuan—

(a) ar thuairisc a fháil faoi fho-alt (1) nó (2),

(b) ar eolas a fháil faoi tharlú ar dá dheasca a dhéantar substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó truailleán nó, i gcás rialachán a bheith déanta faoi alt 10, cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoin rialachán sin, a scaoileadh amach sa chuan lena mbaineann nó faoi imthosca a bheith ann ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go ndéanfar substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó truailleán, nó cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoi alt 10, a scaoileadh amach sa chuan, nó

(c) ar tharlú dá dtagraítear i mír (b), nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha nó truailleán nó, i gcás rialachán a bheith déanta faoi alt 10, cainníocht de thruailleán de bhreis ar an gcainníocht a cheadaítear faoin rialachán sin, a fheiceáil san fharraige laistigh den chuan,

an méid sin a thuairisciú don Aire.

(4) Déanfar tuairisc faoin alt seo a thabhairt láithreach, trí úsáid a bhaint as an modh cumarsáide is tapúla atá ar fáil agus comhlíonfaidh an tuairisc cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(5) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó ceanglas a fhorordófar faoi fho-alt (4) beidh sé ciontach i gcion.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘truailleán’ ola, meascán olach, substaint leachtach urchóideach, substaint dhochrach, séaracht nó truflais, seachas substaintí guaiseacha agus urchóideacha.”.

Dualgas ar longa Éireannacha tarlú truaillithe a thuairisciú.

26.— Leasaítear Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 13A (a cuireadh isteach le halt 7(b) d’Acht 1999):

“13A.— (1) Aon uair a bheidh tarlú ann, ar bord loinge Éireannaí nó lasmuigh de long Éireannach, ar tarlú é—

(a) ar dá dheasca a scaoiltear ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha amach ó long, lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe, nó

(b) is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go mbeidh scaoileadh amach den sórt sin ann ó long, lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe,

déanfaidh máistir aon loinge Éireannaí a bhfuil baint aici le tarlú den sórt sin nó máistir aon loinge Éireannaí óna bhfacthas an tarlú sin, an méid sin a thuairisciú láithreach don lucht riaracháin muirí, sa stát is gaire don áit inar tharla an tarlú, nó don duine atá, i ndáil leis an gcalafort is gaire don áit sin, ag comhlíonadh feidhmeanna atá comhionann, nó comhchosúil, leis na feidhmeanna a chomhlíonann máistir cuain i ndáil le cuan sa Stát, de réir mar is cuí.

(2) I gcás ina bhfeictear, ó long Éireannach, go bhfuil ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha san fharraige lasmuigh den Stát nó de limistéar forordaithe, déanfaidh máistir na loinge sin an méid sin a thuairisciú láithreach don lucht riaracháin muirí sa stát is gaire don áit ina bhfacthas an ola nó na substaintí sin, nó don duine atá, i ndáil leis an gcalafort is gaire don áit sin, ag comhlíonadh feidhmeanna atá comhionann nó comhchosúil leis na feidhmeanna a chomhlíonann máistir cuain i ndáil le cuan sa Stát, de réir mar is cuí.

(3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.”.

Dualgas ar aonaid amach ón gcósta agus ar shaoráidí láimhseála tarluithe truaillithe a thuairisciú.

27.— Leasaítear Acht 1991 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 13B (a cuireadh isteach le halt 7(b) d’Acht 1999):

“13B.— (1) Aon uair a bheidh tarlú ann ar aonad amach ón gcósta nó ar shaoráid láimhseála ola nó ar shaoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, ar tarlú é—

(a) ar dá dheasca a scaoiltear ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha amach sa Stát nó i limistéir ainmnithe, nó

(b) is bun le himthosca ar réasúnach tátal a bhaint astu gur dócha go mbeidh scaoileadh amach den sórt sin sa Stát nó i limistéir ainmnithe,

déanfaidh an duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil an aonaid amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála lena mbaineann, an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire nó, i gcás saoráide láimhseála i gcuan, don mháistir cuain, nó don duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil leis an gcuan sin.

(2) Aon uair a fheicfidh duine ar aonad amach ón gcósta nó ar shaoráid láimhseála ola nó ar shaoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha tarlú lena ngabhann scaoileadh ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha sa Stát nó i limistéar ainmnithe nó tarlú ar réasúnach tátal a bhaint as, ag féachaint do na himthosca go léir a fheictear, gur dócha go dtarlóidh scaoileadh amach den sórt sin sa Stát nó i limistéar ainmnithe, nó a fheicfidh ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha san fharraige, déanfaidh sé nó sí an méid sin a thuairisciú don duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil an aonaid amach ón gcósta nó na saoráide láimhseála lena mbaineann.

(3) Déanfaidh duine atá, de thuras na huaire, i bhfeighil aonaid amach ón gcósta, saoráide láimhseála ola nó saoráide láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, ar thuairisc faoi fho-alt (2) a fháil, an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire.

(4) Déanfaidh máistir cuain nó duine atá, de thuras na huaire, ag comhlíonadh feidhmeanna máistir cuain i ndáil le cuan, ar thuairisc faoi fho-alt (1) a fháil, an méid sin a thuairisciú láithreach don Aire.

(5) Comhlíonfaidh tuairisc faoin alt seo cibé ceanglais (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(6) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó ceanglas a fhorordófar faoi fho-alt (5), beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

Leasú ar alt 8 (an tAire d’ullmhú plean chun damáiste ó ola-thruailliú a chosc agus a íoslaghdú) d’Acht 1999.

28.— Leasaítear Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 8:

“8.— (1) Ullmhóidh an tAire plean (dá ngairtear “an plean” san alt seo) ina sonrófar na bearta atá le déanamh chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha (dá ngairtear ‘scaoiltí amach’ san alt seo) ó longa, ó aonaid amach ón gcósta, ó shaoráidí láimhseála ola agus ó shaoráidí láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha (ar saoráidí láimhseála iad a ngairtear ‘saoráidí láimhseála’ de cheachtar acu nó den dá cheann acu san alt seo) a chosc agus a íoslaghdú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfar foráil sa phlean maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cibé trealamh agus ábhair a bheidh le húsáid i dtaca le haistriú, díghrádú nó diúscairt scaoiltí amach san fharraige nó ar thalamh agus de réir mar a shonrófar sa phlean a shuíomh i cibé áiteanna sa Stát a shonrófar sa phlean,

(b) cibé daoine nó aicmí daoine a shonrófar sa phlean a oiliúint maidir le húsáid trealaimh agus ábhar lena mbaineann mír (a) agus, i gcoitinne, maidir le hoibríochtaí a chur i gcrích chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála a chosc agus a íoslaghdú,

(c) seoladh cleachtaí ag cibé daoine nó aicmí daoine agus ag cibé eatraimh a shonrófar sa phlean chun a chinntiú gur mó í éifeachtacht na mbeart a dhéantar chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála a chosc nó a íoslaghdú,

(d) comhoibriú agus cumarsáid a choimeád ar bun agus a fheabhsú idir daoine a gceanglaítear orthu cibé forálacha den phlean a shonrófar in ordachán ón Aire faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, agus

(e) gníomhaíochtaí daoine lena mbaineann mír (d) a chomhordú le linn oibríochtaí a chur i gcrích chun damáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ó longa, ó aonaid amach ón gcósta nó ó shaoráidí láimhseála a chosc agus a íoslaghdú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar cibé daoine is cuí leis nó léi cibé forálacha den phlean a shonrófar san ordachán a chomhlíonadh.

(4) Foilseofar an plean i cibé modh is cuí leis an Aire.

(5) Aon duine a mhainneoidh ordachán ón Aire faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

Leasú ar alt 9 (an tAire d’fháil trealaimh agus ábhar) d’Acht 1999.

29.— Leasaítear Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 9:

“9.— Féadfaidh an tAire, ina aonar nó ina haonar nó i gcomhpháirt le lucht riaracháin muirí coigríche, socrú a dhéanamh go ndéanfar, ar cibé téarmaí is cuí leis nó léi, trí cheannach, léasú, fruiliú nó ar shlí eile, cibé trealamh agus ábhair a sholáthar a mheasfaidh sé nó sí is gá nó is fóirsteanach chun oibríochtaí a chur i gcrích d’fhonn cosc nó íoslaghdú a dhéanamh ar dhamáiste sa Stát de dhroim scaoiltí amach ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha ó longa, ó aonaid amach ón gcósta, ó shaoráidí láimhseála ola nó ó shaoráidí láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, nó chun daoine a oiliúint maidir leis na hoibríochtaí sin a chur i gcrích, nó chun críocha oibríochtaí a dhéantar i ndáil le soithí i nguais de réir alt 7 den Acht Loingis Cheannaíochta (Tarrthálas agus Raic) 1993 nó i ndáil le hoibríochtaí tarrthálais mar a mhínítear in alt 12 den Acht sin.”.

Leasú ar alt 10 (lucht riaracháin muirí coigríche do sholáthar cúnaimh) d’Acht 1999.

30.— Leasaítear alt 10 d’Acht 1999—

(a) trí “nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “scaoileadh amach ola”, agus

(b) trí “, ó shaoráid láimhseála ola nó ó shaoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha,” a chur in ionad “nó ó shaoráid láimhseála ola,”.

Leasú ar alt 11 (an tAire do sholáthar cúnaimh lasmuigh den Stát) d’Acht 1999.

31.— Leasaítear alt 11 d’Acht 1999 i bhfo-alt (1)—

(a) trí “nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “scaoileadh amach ola”, agus

(b) trí “, ó shaoráid láimhseála ola nó ó shaoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha,” a chur in ionad “nó ó shaoráid láimhseála ola,”.

Leasú ar alt 12 (longa ar ancaire lasmuigh de chuan) d’Acht 1999.

32.— Leasaítear alt 12 d’Acht 1999 i bhfo-alt (2) agus i bhfo-alt (3) trí “stórais loinge, lasta, ola nó substaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur in ionad “stórais, lasta nó ola loinge”.

Leasú ar alt 26 (cumhachtaí an Aire chun truailliú a chosc, a mhaolú nó a chealú) d’Acht 1991.

33.— Leasaítear alt 26 d’Acht 1991—

(a) i bhfo-alt (4) trí “urlámhas;” a chur in ionad “urlámhas.” i mír (h) agus tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):

“(i) crios eisiaimh shealadaigh a bhunú agus a choimeád ar bun timpeall taisme muirí nó timpeall aonaid amach ón gcósta, saoráide láimhseála ola nó saoráide láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha.”,

agus

(b) i bhfo-alt (10), sa mhíniú ar “substaint seachas ola”, trí “, agus folaíonn sé substaintí guaiseacha agus urchóideacha” a chur isteach i ndiaidh “úsáidí dlisteanacha eile na farraige”.

Leasú ar alt 3 (léiriú) d’Acht 1991.

34.— Leasaítear alt 3 d’Acht 1991 i bhfo-alt (1)—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “scaoileadh amach”:

“ciallaíonn ‘Coinbhinsiún AFS’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Chórais Dhíobhálacha Frith-Smálaithe a Rialú a rinneadh i Londain an 5 Deireadh Fómhair 2001;

ciallaíonn ‘córas frith-smálaithe’ coirt, péint, cóireáil dromchla, dromchla, nó feiste a úsáidtear ar long chun greamú orgánach nach bhfuil ag teastáil a rialú nó a chosc;

ciallaíonn ‘uisce ballasta’ uisce, maille lena ábhar fuaidrimh, a thógtar ar bord loinge chun cothromaíocht, liosta, doimhneacht snámha, cobhsaíocht nó strusanna na loinge a rialú;

ciallaíonn ‘bainistiú uisce ballasta’ próisis mheicniúla, fhisiceacha, cheimiceacha, agus bhitheolaíocha, ina n-aonar nó in éineacht a chéile, chun dobharorgánaigh dhochracha agus dobharphataiginí dochracha in uisce ballasta agus i ndeasca a aistriú, nó chun an dochar a bhaint astu, nó chun a dtógáil aníos nó a scaoileadh amach a sheachaint;

ciallaíonn ‘Coinbhinsiún BWM’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta chun Uisce Ballasta agus Deasca Long a Rialú agus a Bhainistiú 2004 a rinneadh i Londain an 13 Feabhra 2004;”,

(b) sa mhíniú ar “scaoileadh amach” trí “séaracht, truflais, substaintí atá faoi réir a rialaithe le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, córais frith-smálaithe nó uisce ballasta agus deasca long” a chur in ionad “séaracht nó truflais”,

(c) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “scaoileadh amach”:

“ciallaíonn ‘dobharorgánaigh dhochracha agus dobharphataiginí dochracha’ dobharorgánaigh nó dobharphataiginí a d’fhéadfadh, dá dtabharfaí iad isteach san fharraige, lena n-áirítear inbhir, nó isteach i sruthchúrsaí fíoruisce, guaiseanna don chomhshaol, do shláinte an duine, do mhaoin nó d’acmhainní a chruthú, díobháil a dhéanamh don éagsúlacht bhitheolaíoch nó cur isteach ar úsáidí dlisteanacha eile na limistéar sin;

ciallaíonn ‘ substaintí guaiseacha agus urchóideacha ’ aon substaint seachas ola ar dóigh di, dá dtabharfaí isteach sa mhuirthimpeallacht í, a bheith ina húdar guaise do shláinte an duine, dochar a dhéanamh do bheo-acmhainní agus do bheatha mhuirí, damáiste a dhéanamh do thaitneamhachtaí nó cur isteach ar úsáidí dlisteanacha eile na farraige;

ciallaíonn ‘ saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha ’ saoráid ina ndéantar substaintí guaiseacha agus urchóideacha a lódáil isteach i longa nó a dhílódáil amach astu;

ciallaíonn ‘ plean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ’, i ndáil le cuan, aonad amach ón gcósta, saoráid láimhseála ola, saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, long Éireannach nó limistéar cladaigh atá go hiomlán nó go páirteach laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil, nó atá tadhlach leis an limistéar feidhme sin, plean, arna cheadú ag an Aire faoi alt 2 den Acht um Thruailliú na Farraige (Leasú) 1999, chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a chosc agus a íoslaghdú;”,

agus

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “leasanna gaolmhara”:

“ciallaíonn ‘ deasca ’ ábhar arna shíothlú amach as uisce ballasta laistigh de long;”.

Leasú ar alt 1 (léiriú) d’Acht 1999.

35.— Leasaítear alt 1 d’Acht 1999 i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Coinbhinsiún”:

ciallaíonn “ Coinbhinsiún ” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Ullmhacht, Freagairt agus Comhoibriú maidir le hOla-Thruailliú 1990, a rinneadh i Londain an 30 Samhain 1990 mar aon leis an bPrótacal a rinneadh i Londain an 15 Márta 2000;”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “údarás cuain”:

“ciallaíonn ‘ substaintí guaiseacha agus urchóideacha ’ aon substaint seachas ola ar dóigh di, dá dtabharfaí isteach sa mhuirthimpeallacht í, a bheith ina húdar guaise do shláinte an duine, dochar a dhéanamh do bheo-acmhainní agus do bheatha mhuirí, damáiste a dhéanamh do thaitneamhachtaí nó cur isteach ar úsáidí dlisteanacha eile na farraige;

ciallaíonn ‘ saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha ’ saoráid ina ndéantar substaintí guaiseacha agus urchóideacha a lódáil isteach i longa nó a dhílódáil amach astu;

ciallaíonn ‘ plean éigeandála do thruailliú ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ’, i ndáil le cuan, aonad amach ón gcósta, saoráid láimhseála ola, saoráid láimhseála substaintí guaiseacha agus urchóideacha, long Éireannach nó limistéar cladaigh atá go hiomlán nó go páirteach laistigh de limistéar feidhme údaráis áitiúil, nó atá tadhlach leis an limistéar feidhme sin, plean, arna cheadú ag an Aire faoi alt 2 den Acht seo, chun damáiste de dhroim tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha a chosc agus a íoslaghdú;”,

(c) sa mhíniú ar “plean éigeandála d’ola-thruailliú”, trí “, long Éireannach iomchuí” a chur isteach i ndiaidh “saoráid láimhseála ola”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “tarlú ola-thruaillithe”:

“ciallaíonn ‘ tarlú truaillithe ó shubstaintí guaiseacha agus urchóideacha ’ aon teagmhas nó sraith teagmhas ag a bhfuil an mbunús céanna, lena n-áirítear dóiteán nó pléascadh, agus atá, nó ar dóigh dó a bheith, ina thrúig le scaoileadh amach, forscaoileadh nó astú substaintí guaiseacha agus urchóideacha agus ar bagairt é nó í, nó a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt nó ina bagairt, ar an muirthimpeallacht sa Stát, nó ar chósta nó ar leasanna gaolmhara stáit amháin nó níos mó, agus ar gá gníomh éigeandála nó frithghníomh láithreach ina leith;”,

agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “an Príomh-Acht”:

“ciallaíonn ‘ Prótacal ’ an Prótacal a shonraítear sa mhíniú ar ‘Coinbhinsiún’;

ciallaíonn ‘ long Éireannach iomchuí ’ long Éireannach—

(a) is tancaer ola nach lú ná 150 tona a olltonnáiste, nó

(b) is long seachas tancaer ola nach lú ná 400 tona a holltonnáiste;”.

Ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

36 .— Leasaítear Acht 1991 tríd an gCuid nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid III:

“CUID IIIA

IONSTRAIMÍ DE CHUID NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Cumhacht an Aire chun rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

28A.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d’aon ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha i leith aon ní dá dtagraítear i gCuid II nó III.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.”.

Leasú ilghnéitheach ar Acht 1991.

37.— Leasaítear Acht 1991—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (4) d’alt 10, i míreanna (a) agus (b) d’alt 11, i bhfo-ailt (1)(a) agus (3) d’alt 12 agus in ailt 13(6), 14(1) agus 19(b), tríd an leagan cuí gramadaí de “séaracht, truflais, substaintí faoi réir a rialaithe le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, córais frith-smálaithe agus uisce ballasta agus deasca long” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “séaracht nó truflais”,

(b) in alt 12(2)(a), trí “séaracht, truflais, substaintí faoi réir a rialaithe le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, agus córais frith-smálaithe agus uisce ballasta agus deasca long” a chur in ionad “séaracht agus truflais”,

(c) trí “de shéaracht, de thruflais, de shubstaintí atá faoi réir a rialaithe le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL nó de chórais frith-smálaithe” a chur in ionad “de shéaracht nó de thruflais” i mír (d) d’fho-alt (2) d’alt 21 agus trí “séaracht, truflais, substaintí atá faoi réir a rialaithe le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL nó córais frith-smálaithe” a chur in ionad “séaracht nó truflais” i mír (g) d’fho-alt (2) d’alt 21 agus in alt 25(1)(a), agus

(d) in alt 28(a), trí “, Coinbhinsiún AFS, Coinbhinsiún BWM” a chur isteach i ndiaidh “Coinbhinsiún MARPOL”.