|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Dlínse Intíre i leith Cionta ICC ) | Ar Aghaidh ( CUID 4 Iarrataí ar Shócmhainní a Reo agus Orduithe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a Fhorghníomhú ) |
An tAcht um an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 3 Iarrataí ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar Dhaoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas | |
Léiriú (Cuid 3). |
15 .— Sa Chuid seo — | |
[EN] | ciallaíonn “imeachtaí achomhairc” imeachtaí— | |
[EN] | (a) a bhaineann le gearán faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (lena n-áirítear aon imeachtaí ar achomharc i gcoinne breithe i dtaobh an ghearáin), nó | |
[EN] | (b) a bhaineann le hachomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne ordaithe tabhartha suas nó achomharc chuig an gCúirt sin i gcoinne ordú den sórt sin a dhiúltú; | |
[EN] | ciallaíonn “ barántas gabhála sealadaí ” barántas arna eisiúint faoi alt 22(1); | |
[EN] | ciallaíonn “ stát forghníomhaithe ” stát (seachas an Stát) a bheidh ainmnithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta faoi Airteagal 103(1) as liosta stát a bheidh tar éis a chur in iúl don Chúirt go bhfuil siad toilteanach glacadh le daoine a ngearrann sí pianbhreith orthu. | |
An éifeacht atá le duine a scaoileadh saor faoin gCuid seo. |
16 .— Más rud é— | |
[EN] | (a) maidir le duine ar iarr an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta é nó í a thabhairt suas mar gheall ar chion atá faoina dlínse, go bhfuil sé nó sí i gcoimeád faoin gCuid seo, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an duine i gcoimeád mar gheall ar chion eile freisin, | |
[EN] | ní dhéanfaidh scaoileadh saor an duine faoin gCuid seo difear dá choimeád nó dá coimeád mar gheall ar an gcion eile sin. | |
Iarraidh ar ghabháil agus ar thabhairt suas. |
17.— (1) Déanfar iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas a chur in iúl don Aire de réir Airteagail 87, 89 agus 91. | |
[EN] | (2) Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an iarraidh— | |
[EN] | (a) tuairisc chomh cruinn agus is féidir ar an duine a n-iarrtar é nó í a thabhairt suas, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuideoidh lena chéannacht nó lena céannacht agus leis an áit ar dócha go bhfuil sé nó sí inti a shuíomh, | |
[EN] | (b) ráiteas gearr maidir le fíorais an cháis agus maidir lena sainiú dlíthiúil, | |
[EN] | (c) an leagan bunaidh den bharántas gabhála nó cóip dheimhnithe de, agus | |
[EN] | (d) má bhaineann an iarraidh le duine atá ciontaithe ag an gCúirt— | |
[EN] | (i) an leagan bunaidh d’aon bharántas gabhála roimhe sin nó cóip dheimhnithe de, | |
[EN] | (ii) an leagan bunaidh den bhreithiúnas ciontaithe nó cóip dheimhnithe de, | |
[EN] | (iii) faisnéis á shuíomh gurb é nó gurb í an duine dá dtagraítear sa bhreithiúnas an duine atá á lorg, agus | |
[EN] | (iv) an leagan bunaidh d’aon phianbhreith a gearradh nó cóip dheimhnithe de agus, i gcás pianbhreithe príosúnachta, ráiteas maidir le haon tréimhse a cuireadh isteach cheana féin agus maidir leis an tréimhse atá le cur isteach fós. | |
[EN] | (3) Más rud é, i dtuairim an Aire, nach leor an fhaisnéis a thugann an Chúirt, féadfaidh an tAire a iarraidh uirthi faisnéis nó doiciméid bhreise a sholáthar. | |
[EN] | (4) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gCúirt faoi Airteagal 97 i ndáil le haon deacrachtaí a d’fhéadfadh bac nó cosc a chur le hiarraidh a fhorghníomhú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire gníomhú maidir le hiarraidh nó doiciméad tacaíochta a chomhlíonann an t-alt seo ar shlí eile d’ainneoin go bhfuair sé nó sí an iarraidh nó an doiciméad tacaíochta roimh dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (6) Déileálfar le barántas leasaithe gabhála amhail is dá mba bharántas nua é, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin seanbharántas. | |
Iarrataí codarsnacha. |
18 .— (1) San alt seo ciallaíonn “imeachtaí maidir le tabhairt suas” imeachtaí os comhair na hArd-Chúirte chun duine a thabhairt suas do stát eile tar éis na nithe seo a leanas a fháil— | |
[EN] | (a) iarraidh faoi na hAchtanna um Eiseachadadh ar an duine a eiseachadadh chuig stát eile, nó | |
[EN] | (b) barántas gabhála Eorpach a fháil (de réir bhrí an Achta um Barántas Gabhála Eorpach 2003) i leith an duine. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfaighidh an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas faoi Airteagal 89 agus— | |
[EN] | (a) imeachtaí maidir le tabhairt suas i leith an duine a bheith tionscanta ach gan cinneadh a bheith déanta ina leith, nó | |
[EN] | (b) an duine a bheith ag fanacht lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas do stát eile faoi na hAchtanna um Eiseachadadh nó faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003, | |
[EN] | ansin, go dtí go dtabharfaidh an tAire breith de réir Airteagal 90 i dtaobh an ceart tosaíocht a thabhairt don iarraidh— | |
[EN] | (i) déanfaidh an tAire fógra faoin iarraidh a thabhairt don Ard-Chúirt, agus, ar an bhfógra a fháil, féadfaidh an Chúirt na himeachtaí a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí is cuí léi agus an duine a athchur faoi choimeád nó, faoi réir alt 26(2), faoi bhannaí, nó | |
[EN] | (ii) de réir mar a bheidh, ní dhéanfar an duine a thabhairt suas amhlaidh. | |
[EN] | (3) Má thugann an tAire breith de réir Airteagal 90 gur ceart tosaíocht a thabhairt don iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus— | |
[EN] | (a) má rinneadh na himeachtaí maidir le tabhairt suas a chur ar atráth amhlaidh, cuirfidh an tAire faoi deara fógra faoina bhreith nó faoina breith a thabhairt don Ard-Chúirt, agus, ar an bhfógra a fháil, féadfaidh an Chúirt a ordú go scoirfear de na himeachtaí agus go ndéanfar an duine lena mbaineann a thabhairt os a comhair chun go ndéileálfar leis nó léi de réir alt 25, nó | |
[EN] | (b) má tá an duine ag fanacht lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas do stát eile, ní thabharfar an duine suas amhlaidh, agus beidh éifeacht le hailt 19, 20, 23 agus 25 i ndáil leis an gcás. | |
[EN] | (4) Más rud é, tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, go dtabharfaidh an tAire breith de réir Airteagal 90 nach ceart tosaíocht a thabhairt don iarraidh ón gCúirt— | |
[EN] | (a) cuirfidh an tAire faoi deara fógra a thabhairt don Ard-Chúirt dá réir sin, nó | |
[EN] | (b) má tá an duine ag fanacht lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas do stát eile, scoirfidh fo-alt (2)(ii) d’éifeacht a bheith leis i ndáil leis an duine lena mbaineann. | |
[EN] | (5) I gcás ina scoirfear d’imeachtaí maidir le tabhairt suas faoi fho-alt (3)(a) i leith ciona, ní urchosc é sin ar imeachtaí nua den sórt sin a thionscnamh ina leith. | |
[EN] | (6) Tá éifeacht leis an alt seo d’ainneoin aon ní sna hAchtanna um Eiseachadadh agus ní dochar é d’alt 30(3) den Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003. | |
An tAire do dheimhniú go ndearnadh iarraidh. |
19 .— (1) Ar iarraidh a fháil ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas, deimhneoidh an tAire, faoi réir na Coda seo, go bhfuil an iarraidh déanta go cuí. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire— | |
[EN] | (a) aon bheart i leith na hiarrata a chur siar— | |
[EN] | (i) go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCúirt faoi aon agóid in aghaidh inghlacthacht an cháis nó in aghaidh a dlínse (cibé acu is agóid ón Aire, nó nach ea, faoi Airteagal 19(2)(b) in aghaidh inghlacthacht an cháis ar an bhforas go bhfuil sé á imscrúdú nó go bhfuil imscrúdú déanta air), nó | |
[EN] | (ii) go dtí go mbeidh deireadh le haon chomhairliúchán idir an tAire agus an Chúirt faoi Airteagal 97 i ndáil le haon deacrachtaí a d’fhéadfadh forghníomhú na hiarrata a bhac nó a chosc, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i gcás an duine lena mbaineann a bheith á imscrúdú nó á himscrúdú nó i gcás imeachtaí a bheith á shaothrú ina choinne nó ina choinne i ndáil le cion nach cion ICC, beart den sórt sin a chur siar de réir Airteagal 94.1. | |
[EN] | (3) le linn breith a thabhairt faoi fho-alt (2)(b) i dtaobh an gcuirfear siar beart maidir le hiarraidh, beidh aird ag an Aire ar thromchúis an chiona dá dtagraítear san fho-alt sin. | |
[EN] | (4) Má thugann an tAire breith faoi fho-alt (2)(b) gan beart maidir le hiarraidh a chur siar, déanfar, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, aon imeachtaí dá dtagraítear san fho-alt sin atá ar feitheamh a tharraingt siar ach cead a bheith ann na himeachtaí a ataifeadadh. | |
[EN] | (5) Má thugann an tAire breith chun iarraidh ar thabhairt suas duine, a bhfuil imeachtaí á saothrú ina choinne nó ina coinne nó a bhfuil pianbhreith á cur isteach aige nó aici i leith ciona nach cion ICC, a dheonú, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an gCúirt de réir Airteagail 89.4. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh an tAire beart maidir le hiarraidh má chuireann an Chúirt in iúl dó nó di go bhfuil sí tar éis a chinneadh go bhfuil an cás neamh-inghlactha nó nach bhfuil sí ag dul ar aghaidh leis an iarraidh ar aon chúis eile. | |
[EN] | (7) I bhfo-alt (2)(b), ní fholaíonn “imeachtaí” imeachtaí i gcoinne duine faoi na hAchtanna um Eiseachadadh nó faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003. | |
Barántas gabhála a eisiúint. |
20 .— (1) Ar na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird don Ard-Chúirt— | |
[EN] | (a) deimhniú ón Aire faoi alt 19 á rá go ndearna an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta iarraidh go cuí ar dhuine a ghabháil agus a thabhairt suas, agus | |
[EN] | (b) cóipeanna den iarraidh agus de na doiciméid a bheidh ina teannta agus aon doiciméid ghaolmhara eile, | |
[EN] | eiseoidh an Chúirt barántas chun an duine a ghabháil, ar barántas é a dhíreofar chuig Coimisinéir an Gharda Síochána. | |
[EN] | (2) Maidir le doiciméad a airbheartaíonn— | |
[EN] | (a) gur deimhniú é dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), nó | |
[EN] | (b) gur cóip é d’aon doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), | |
[EN] | tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe atá luaite ann. | |
[EN] | (3) Cuirfidh an Chúirt faoi deara go dtabharfar fógra don Aire láithreach á rá gur eisíodh an barántas. | |
Iarraidh ar ghabháil shealadach. |
21 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh an tAire iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar iarraidh í arna déanamh de réir Airteagal 92 ar dhuine a ghabháil go sealadach. | |
[EN] | (2) Más rud é, i gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, gur dealraitheach don Aire gur ceart iarratas a dhéanamh ar bharántas chun an duine a ghabháil go sealadach, cuirfidh an tAire an iarraidh in iúl do Choimisinéir an Gharda Síochána agus cuirfidh an Coimisinéir faoi deara iarratas den sórt sin a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt faoi alt 22. | |
Barántas gabhála sealadaí a eisiúint. |
22 .— (1) Féadfaidh an Ard-Chúirt barántas (dá ngairtear “barántas gabhála sealadaí” sa Chuid seo) a eisiúint chun duine a ghabháil ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire, á rá go bhfuil cúis aige nó aici lena chreidiúint— | |
[EN] | (a) go ndearna an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta iarraidh faoi Airteagal 92 ar an duine a ghabháil go sealadach ar fhorais práinne, | |
[EN] | (b) go bhfuil an duine sa Stát nó ar a bhealach nó a bealach go dtí an Stát, | |
[EN] | (c) gur duine é nó í— | |
[EN] | (i) atá cúisithe ag an gCúirt sin i gcion ICC nó i gcion faoi alt 11(1)(a), nó atá faoi dhrochamhras ag an gCúirt i dtaobh cion den sórt sin a bheith déanta aige nó aici, nó | |
[EN] | (ii) atá ciontaithe aici i gcion den sórt sin, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (d) go ndéanfar iarraidh go cuí ar an duine a ghabháil agus a thabhairt suas. | |
[EN] | (2) Cuirfidh an Chúirt faoi deara go dtabharfar fógra don Aire láithreach maidir le heisiúint an bharántais. | |
[EN] | (3) Más rud é, aon tráth sula bhforghníomhófar an barántas, gur dealraitheach don Aire nach bhfaighfear iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar an duine atá ainmnithe ann a thabhairt suas nó nach dtionscnóidh sí imeachtaí i gcoinne an duine, féadfaidh an tAire, le hordú, an barántas a chealú agus déanfaidh sé nó sí a chur faoi deara láithreach fógra dá réir sin a thabhairt don Ard-Chúirt. | |
[EN] | (4) Féadfar barántas gabhála sealadaí a eisiúint i leith duine d’ainneoin barántas chun an duine a ghabháil faoin gCuid seo faoin gCuid seo a bheith eisithe nó diúltaithe roimhe sin. | |
Barántais ghabhála a fhorghníomhú. |
23 .— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána barántas arna eisiúint faoi alt 20 nó 22 a fhorghníomhú fiú amháin mura bhfuil an barántas i seilbh an chomhalta. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an comhalta ag a mbeidh an barántas á fhorghníomhú an barántas a thaispeáint don duine gafa agus cóip den bharántas a thabhairt dó nó di— | |
[EN] | (a) tráth na gabhála, nó | |
[EN] | (b) mura bhfuil an barántas nó an chóip i seilbh an chomhalta an tráth sin, laistigh de 24 huaire an chloig tar éis na gabhála. | |
[EN] | (3) Chun duine a ghabháil faoin mbarántas, féadfaidh an comhalta dul isteach (le forneart más gá) in aon áit ina bhfuil an duine nó a gcreideann an comhalta, agus cúis réasúnach aige nó aici, go an duine inti, agus an áit sin a chuardach. | |
[EN] | (4) Tabharfar an duine gafa os comhair na hArd-Chúirte a luaithe is féidir agus déanfar ateangaire inniúil a sholáthar dó nó di, más gá. | |
[EN] | (5) Ordóidh an Chúirt go soláthrófar cúnamh dlíthiúil don duine gafa más dealraitheach di nach leor acmhainn an duine chun a chumasú dó nó di an cúnamh sin a fháil. | |
[EN] | (6) Ar ordú den sórt sin a dhéanamh, beidh an duine gafa i dteideal cúnaimh dhlíthiúil in aisce sna himeachtaí agus chun na críche sin beidh feidhm ag alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil) 1962, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an duine amhail is dá ndeonófaí deimhniú um chúnamh dlíthiúil (triail ar dhíotáil) faoin alt sin dó nó di. | |
Imeachtaí tar éis gabhála sealadaí. |
24 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é— | |
[EN] | (a) go ndéantar duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte, agus | |
[EN] | (b) nach ndéantar deimhniú faoi alt 19 i leith an duine a thabhairt ar aird di, | |
[EN] | déanfaidh an Chúirt an duine a athchur faoi choimeád nó, faoi réir alt 26(2), faoi bhannaí go dtí go dtugtar an deimhniú ar aird. | |
[EN] | (2) Más rud é, maidir le deimhniú faoi alt 19 ar aird don Chúirt, nach dtugtar ar aird don Chúirt é laistigh de cibé tréimhse ó dháta na gabhála sealadaí a shonraítear de thuras na huaire sna Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise maidir le stát iarrata d’fháil iarrtha ar thabhairt suas, déanfar an duine a scaoileadh saor má tá sé nó sí i gcoimeád. | |
Ordú tabhartha suas. |
25 .— (1) (a) Faoi réir fho-alt (2), ar iarratas ón Aire nó ar iarratas thar ceann an Aire ar dhuine a gabhadh faoi alt 23 a thabhairt suas, féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gurb é nó í an duine gafa an duine a ainmnítear nó a thuairiscítear sa bharántas gabhála agus tabhartha suas arna eisiúint ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú tabhartha suas” sa Chuid seo) chun an duine a thabhairt suas— | |
[EN] | (i) i gcoimeád na Cúirte sin, nó | |
[EN] | (ii) má ordaíonn an Chúirt sin amhlaidh i gcás duine atá ciontaithe aici, i gcoimeád an stáit forghníomhaithe, | |
[EN] | de réir socruithe a dhéanfaidh an tAire. | |
[EN] | (b) I gcás ina mbaineann an t-iarratas le duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí, déanfar cóipeanna den iarraidh ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar an duine a thabhairt suas agus de na doiciméid a bheidh i dteannta na hiarrata agus aon doiciméid ghaolmhara eile, mar aon le deimhniú ón Aire faoi alt 19 á rá go ndearnadh an iarraidh go cuí, a thabhairt ar aird don Ard-Chúirt. | |
[EN] | (c) De réir an dara habairt de mhír 4 d’Airteagal 59, ní fhéadfaidh an Ard-Chúirt breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndearnadh an barántas gabhála a eisiúint go cuí de réir mhíreanna 1(a) agus 1(b) d’Airteagal 58. | |
[EN] | (2) (a) Cuirfidh an Ard-Chúirt na himeachtaí ar atráth fad a bheifear ag fanacht ar thoradh an méid seo a leanas— | |
[EN] | (i) aon agóid os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta in aghaidh inghlacthachta cáis ar fhorais dá dtagraítear in Airteagal 17 nó 89(2) nó in aghaidh dhlínse na Cúirte sin sa chás, nó | |
[EN] | (ii) agóid in aghaidh inghlacthachta, arna déanamh os comhair na hArd-Chúirte ar bhonn an phrionsabail ne bis in idem, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 89(2), | |
[EN] | agus an duine gafa a athchur i gcoimeád nó, faoi réir alt 26(2), faoi bhannaí. | |
[EN] | (b) Cuirfidh an Ard-Chúirt faoi deara go gcuirfear aon agóid a luaitear i mír (a)(ii) in iúl don Aire. | |
[EN] | (c) Ar an méid sin a bheith curtha in iúl don Aire, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus ansin cuirfidh sé nó sí in iúl don Ard-Chúirt— | |
[EN] | (i) go bhfuil rialú láithreach de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ann i ndáil le hinghlacthacht an cháis, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil an agóid á breithniú ag an gCúirt sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Ard-Chúirt, cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann sí ordú tabhartha suas, agus, ar iarratas ón duine gafa, déanfaidh sí— | |
[EN] | (a) a chinneadh— | |
[EN] | (i) ar comhlíonadh alt 23(2) i ndáil le forghníomhú an bharántais gabhála, agus | |
[EN] | (ii) ar urramaíodh aon chearta eile de chuid an duine i ndáil leis an ngabháil, | |
[EN] | (b) dearbhú a thabhairt á rá sin, agus | |
[EN] | (c) fógra faoin méid sin a thabhairt don Aire, | |
[EN] | agus déanfaidh an tAire cóip den fhógra a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. | |
[EN] | (4) Ar ordú tabhartha suas a dhéanamh, déanfaidh an Ard-Chúirt mar a leanas— | |
[EN] | (a) cuirfidh sí in iúl don duine gafa nach dtabharfar suas é nó í, ach amháin lena thoiliú nó lena toiliú, sula mbeidh 15 lá caite ó dháta an ordaithe, | |
[EN] | (b) déanfaidh sí forálacha Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (a bhaineann le duine do dhéanamh gearáin, nó le gearán a dhéanamh thar ceann duine, leis an Ard-Chúirt á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá nó á coinneáil ina brá go haindleathach) a chur in iúl don duine freisin, agus | |
[EN] | (c) cuirfidh sí faoi deara cóip den ordú a chur chuig an Aire láithreach. | |
[EN] | (5) Déanfar foráil le hordú tabhartha suas maidir leis an duine gafa a chimiú chuig príosún nó, más rud é nach bhfuil an duine os cionn 21 bhliain d’aois, chuig foras athchuir (de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil 1960) fad a bheidh sé nó sí ag feitheamh lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas. | |
[EN] | (6) Is ar phointe dlí amháin a bheidh ábhar achomhairc ann chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne ordaithe tabhartha suas. | |
[EN] | (7) (a) Má tá achomharc le tionscnamh i gcoinne diúltaithe ón Ard-Chúirt ordú tabhartha suas a dhéanamh agus go gcuirtear an méid sin in iúl don Chúirt gan mhoill, déanfaidh an Chúirt an duine gafa a athchur i gcoimeád nó, faoi réir alt 26(2), faoi bhannaí, go dtí go gcinnfear an t-achomharc go críochnaitheach. | |
[EN] | (b) Más rud é nach ndéantar an méid a chur in iúl di amhlaidh, ordóidh an Chúirt an duine gafa a scaoileadh saor. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm ag ailt 10 agus 11 (aistriú agus coimeád dleathach daoine athchurtha) den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 maidir le duine a chimítear nó a athchuirtear chuig foras athchuir faoin alt seo. | |
Atráthú agus athchur. |
26 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Ard-Chúirt, i ndáil le duine atá os a comhair faoin gCuid seo, a cumhachtaí maidir le hatráthú agus athchur a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí atá aici ina leith sin i ndáil le duine atá curtha ar aghaidh chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil i gcomhair trialach, ach gan a bheith teoranta do na cumhachtaí sin. | |
[EN] | (2) (a) Déanfaidh an Ard-Chúirt— | |
[EN] | (i) a chur faoi deara go ndéanfar fógra faoi aon iarratas ar bhannaí ó dhuine den sórt sin a thabharfar os a comhair a thabhairt don Dlísheomra Réamhthrialach agus don Aire, agus | |
[EN] | (ii) le linn teacht ar chinneadh ar an iarratas— | |
[EN] | (I) aird a thabhairt ar na prionsabail atá leagtha amach sa chéad abairt de mhír 4 d’Airteagal 59, agus | |
[EN] | (II) breithniú iomlán a dhéanamh ar aon mholtaí a dhéanfaidh an Dlísheomra i ndáil leis an iarratas. | |
[EN] | (b) Má dheonaítear bannaí, soláthróidh an tAire aon tuarascálacha tréimhsiúla a iarrfaidh an Dlísheomra faoi Airteagal 59.6. | |
[EN] | (c) Ní fhéadfar bannaí a dheonú faoin bhfo-alt seo do dhuine a bhfuil pianbhreith phríosúnachta nó choinneála á cur isteach aige nó aici. | |
Imeacht aimsire roimh thabhairt suas. |
27 .— Faoi réir alt 29, ní dhéanfar duine a cimíodh faoi ordú tabhartha suas a thabhairt suas chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta— | |
[EN] | (a) sula mbeidh 15 lá caite ó dháta an orduithe, nó | |
[EN] | (b) sula mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar imeachtaí (lena n-áirítear aon imeachtaí achomhairc) i dtaca leis an iarraidh ar ghabháil agus ar thabhairt suas, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
Aistriú chuig ospidéal nó áit eile. |
28 .— (1) Féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar duine a chimítear faoi ordú tabhartha suas a aistriú chuig ospidéal nó áit eile más é a thuairim nó a tuairim gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sláinte an duine. | |
[EN] | (2) Leanfaidh duine a aistrítear amhlaidh de bheith i gcoimeád dleathach fad a bheidh sé nó sí san ospidéal nó san áit eile. | |
Toiliú le tabhairt suas. |
29 .— (1) Féadfaidh duine a ghabhfar de réir barántais arna eisiúint faoi alt 20 nó 22 toiliú a thabhairt chun é féin nó í féin a thabhairt suas chuig coimeád na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta nó, i gcás duine atá ciontaithe aici, chuig coimeád an stáit forfheidhmithe. | |
[EN] | (2) Tabharfaidh an duine fógra á rá go bhfuil sé ar intinn aige nó aici toiliú a thabhairt chun é féin nó í féin a thabhairt suas— | |
[EN] | (a) má tá sé nó sí i gcoimeád, do ghobharnóir an phríosúin, don chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine eile ar ina choimeád nó ina coimeád atá an duine, agus | |
[EN] | (b) má tá sé nó sí faoi bhannaí, d’aon chomhalta den Gharda Síochána. | |
[EN] | (3) Ní mór an toiliú a thabhairt agus a thaifeadadh os comhair na hArd-Chúirte agus ní mór é a thabhairt go saorálach agus an duine a bheith eolach go hiomlán faoi na hiarmhairtí. | |
[EN] | (4) Más rud é, mar gheall ar staid choirp nó mheabhrach, nach cuí don duine toiliú a thabhairt chun é féin nó í féin a thabhairt suas, féadfaidh duine a measann an Ard-Chúirt ina leith gur duine cuí é nó í chun na críche sin an toiliú a thabhairt. | |
[EN] | (5) Ar an toiliú le tabhairt suas a bheith taifeadta, déanfaidh an Ard-Chúirt— | |
[EN] | (a) ordú tabhartha suas, más rud é nach mbeidh ordú tabhartha suas déanta i ndáil leis an duine, agus | |
[EN] | (b) a ordú go gcuirfear an duine ar ais i gcoimeád chun feitheamh lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas, má tá ordú den sórt sin déanta, | |
[EN] | (6) (a) Féadfaidh duine a thoiligh é féin nó í féin a thabhairt suas de réir an ailt seo, an toiliú a tharraingt siar aon tráth suas go dtí an tráth a dhéanann an tAire ordú faoi alt 30, | |
[EN] | (b) Ar an toiliú a tharraingt siar— | |
[EN] | (i) más tar éis an toiliú a thabhairt a rinneadh an t-ordú tabhartha suas, déanfar an duine a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte agus déileálfaidh an Chúirt sin leis nó léi amhail is nár thoiligh sé nó sí amhlaidh, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, fanfaidh an duine lena thabhairt suas nó lena tabhairt suas de réir na Coda seo. | |
[EN] | (7) Déanfaidh an duine a fhaigheann fógra á rá go bhfuil sé ar intinn toiliú le tabhairt suas nó a gcuirfear in iúl dó nó di go bhfuil an toiliú á tharraingt siar fógra faoin méid sin a thabhairt láithreach don Aire. | |
Tabhairt suas. |
30 .— (1) Faoi réir na Coda seo, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar duine a cimíodh faoi ordú tabhartha suas a thabhairt suas chuig coimeád duine eile atá, i dtuairim an Aire, údaraithe go cuí chuige sin ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ag an stát forfheidhmithe, de réir mar a bheidh, agus déanfar an duine a thabhairt suas dá réir sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an duine údaraithe an duine a thabharfar suas amhlaidh a ghlacadh, a choinneáil i gcoimeád agus a thabhairt amach as an Stát. | |
[EN] | (3) Aon duine a éalóidh as coimeád an duine údaraithe, dlífear é nó í a athghabháil ar an modh céanna le haon duine a éalaíonn as coimeád dleathach. | |
Tabhairt suas a iarchur. |
31 .— (1) Féadfaidh an tAire déanamh ordaithe faoi alt 30 a iarchur— | |
[EN] | (a) go dtí go gcinnfidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta aon agóid in aghaidh inghlacthacht an cháis nó in aghaidh a dlínse, nó | |
[EN] | (b) i gcomhairle leis an gCúirt, i gcás ina mbeidh an duine lena mbaineann á imscrúdú nó á himscrúdú, nó ina mbeidh imeachtaí á saothrú ina choinne nó ina coinne, i ndáil le cion nach cion ICC, go dtí go dtabharfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí chun críche nó go scoirfear díobh. | |
[EN] | (2) Má chinneann an tAire faoi fho-alt (1)(b) gan déanamh an ordaithe a iarchur, déanfar, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, aon imeachtaí dá dtagraítear san fho-alt sin a bheidh ar feitheamh a tharraingt siar ach cead a bheith ann na himeachtaí a ataifeadadh. | |
[EN] | (3) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sé nó sí tabhairt suas a iarchur faoi fho-alt (1)(b), beidh aird ag an Aire ar thromchúis an iompair arb é an cion dá dtagraítear san fho-alt sin é. | |
[EN] | (4) (a) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo ag deireadh tréimhse iarchuir a luaitear i bhfo-alt (1). | |
[EN] | (b) Maidir leis an Aire— | |
[EN] | (i) más rud é go n-éireoidh an t-iarchur faoi fho-alt (1)(a) agus go mbeidh an Chúirt tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil an cás neamh-inghlactha nó nach bhfuil sé faoina dlínse, ordóidh sé nó sí go scaoilfear saor an duine, má tá sé nó sí i gcoimeád, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, faoi réir na Coda seo, déanfaidh sé nó sí ordú faoi alt 30 i leith an duine lena mbaineann. | |
[EN] | (5) I bhfo-alt (1)(b) ní fholaíonn “imeachtaí” imeachtaí i gcoinne duine faoi na hAchtanna um Eiseachadadh nó faoin Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003. | |
Duine a scaoileadh saor le hordú ón Aire. |
32 .— Gan dochar d’ailt 31(4)(b)(i) agus 35(2), féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a ordú go ndéanfar duine a cimíodh faoi ordú tabhartha suas a scaoileadh saor ó choimeád má tá sé nó sí den tuairim— | |
[EN] | (a) ag féachaint d’fhaisnéis a fhaightear tar éis an t-ordú tabhartha suas a dhéanamh, go dtoirmisctear an tabhairt suas leis an Acht seo, nó | |
[EN] | (b) nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh leis an iarraidh ar thabhairt suas. | |
Duine a scaoileadh saor le hordú ón Ard-Chúirt. |
33 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás nach ndéanfar duine atá ag feitheamh le tabhairt suas faoin gCuid seo a thabhairt suas agus a thabhairt amach as an Stát laistigh de mhí amháin— | |
[EN] | (a) tar éis an t-ordú tabhartha suas a dhéanamh, | |
[EN] | (b) tar éis aon imeachtaí achomhairc a thabhairt chun críche, nó | |
[EN] | (c) tar éis dheireadh aon tréimhse iarchuir a luaitear in alt 31(1), | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, ach faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine lena mbaineann nó thar a cheann nó thar a ceann agus tar éis fógra a thabhairt don Aire, a ordú go scaoilfear saor an duine ó choimeád. | |
[EN] | (3) Más deimhin leis an gCúirt— | |
[EN] | (a) gur mar gheall ar shláinte an duine nó ar imthosca eile nach raibh neart ag an Aire nó ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó, de réir mar a bheidh, ag an stát forfheidhmithe orthu a cuireadh cosc le tabhairt suas an duine faoin gCuid seo, agus | |
[EN] | (b) gur dócha nach mbeidh feidhm ag na himthosca sin a thuilleadh laistigh de thréimhse ama réasúnach, | |
[EN] | féadfaidh sí tréimhse a shocrú ar laistigh de a fhéadfar an duine a thabhairt suas amhlaidh, agus scaoilfear saor an duine mura dtabharfar suas é nó í laistigh den tréimhse sin nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin a ordóidh an Chúirt ó am go ham de réir an ailt seo. | |
[EN] | (4) Ní dochar d’alt 35(2) fo-alt (2). | |
Ní urchosc é duine a scaoileadh saor ar ghabháil nó ar thabhairt suas dá éis sin. |
34 .— Má dhéantar barántas chun duine a ghabháil go sealadach a chealú faoi alt 22(3) nó má dhéantar duine a scaoileadh saor faoi alt 24(2), 32 nó 33(2), ní urchosc é sin uaidh féin ar ghabháil nó ar thabhairt suas an duine de réir aon iarrata dá éis sin ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. | |
Daoine príosúnaithe nó coinnithe a n-iarrtar iad a thabhairt suas. |
35.— (1) Baineann an t-alt seo le duine atá faoi réir ordaithe tabhartha suas agus, freisin, a dhlíonn pianbhreith príosúnachta nó coinneála a chur isteach nó a bhfuil pianbhreith den sórt sin á cur isteach aige nó aici. | |
[EN] | (2) Leanfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo de bheith faoi dhliteanas an phianbhreith a chur isteach, nó leanfaidh sé nó sí den phianbhreith a chur isteach. | |
[EN] | (3) Féadfar foráil a dhéanamh leis an ordú tabhartha suas— | |
[EN] | (a) maidir leis an duine a thabhairt ar ais chuig an Stát de réir socruithe arna ndéanamh ag an Aire leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó, de réir mar a bheidh, leis an stát forfheidhmithe, agus | |
[EN] | (b) maidir leis an duine a aistriú i gcoimeád ón stát forfheidhmithe chuig áit na príosúnachta nó na coinneála. | |
[EN] | (4) Déanfar tréimhse i gcoimeád a éireoidh as an iarraidh ar thabhairt suas, seachas aon tréimhse i gcoimeád na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta nó an stáit forfheidhmithe faoi phianbhreith coinneála arna forchur ag an gCúirt, a áireamh mar thréimhse arna cur isteach faoin bpianbhreith príosúnachta nó coinneála. | |
[EN] | (5) Má théann pianbhreith príosúnachta nó coinneála in éag le linn an duine faoi phianbhreith a bheith á choinneáil nó á coinneáil ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ar ordú uaithi, déanfaidh an tAire fógra faoin méid sin a thabhairt don Chúirt láithreach. | |
Riail na speisialtachta. |
36 .— (1) Faoi réir fho-alt (2) agus de réir Airteagal 101, ní dhéanfaidh an Chúirt ná stát forfheidhmithe imeachtaí a shaothrú i gcoinne duine a thugtar suas don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nó nó dhéanfaidh siad é nó í a phionósú nó a choinneáil, mar gheall ar aon chion arna dhéanamh sula dtugtar suas é nó í seachas an cion sin a n-iarrtar an tabhairt suas ina leith. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, má iarrann an Chúirt air nó uirthi amhlaidh agus tar éis dó nó di cibé faisnéis nó dearbhuithe a fháil uaithi is dóigh leis nó léi is gá, ceanglais fho-alt (1) a tharscaoileadh i gcás áirithe. |