|
||||
|
Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Suimeanna a Vótáladh le hAghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú ) |
[EN] | ||
| ||
Uimhir 35 de 2006 | ||
AN tACHT LEITHREASA 2006 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||||||||
Alt | |||||||||||||
1 . Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €40,189,155,000, a leithreasú. | |||||||||||||
2 . Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €159,135,000. | |||||||||||||
3 . Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006. | |||||||||||||
4 . Gearrtheideal. | |||||||||||||
Suimeanna a Vótáladh le hAghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú | |||||||||||||
Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil | |||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Uimhir 35 de 2006 | |||||||||||||
AN tACHT LEITHREASA 2006 | |||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA) 1965 CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE TABHAIRT SUAS IARCHURTHA LEITHREASUITHE ÁIRITHE NEAMHURSCAOILTE DON PHRÍOMH-CHISTE FAOI THREOIR NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR CHAIPITIÚIL AGUS NA gCRÍOCH DÁ bhFORÁILTEAR LE hALT 91 DEN ACHT AIRGEADAIS 2004 AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS A RITH DÁIL ÉIREANN AN 6 NOLLAIG 2006. | ||
[19 Nollaig, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €40,189,155,000, a leithreasú. |
1 .— (1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim daichead míle céad ochtó is naoi milliún, céad caoga is cúig mhíle euro le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2006, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal 1. | |
[EN] | (2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deireanach de Sceideal 1 agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle fiche is trí mhilliún, ceithre chéad tríocha is naoi míle euro a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act 1891 é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin. | |
Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €159,135,000. |
2 .— Chun críocha alt 91 den Acht Airgeadais 2004, i leith leithreasaí neamhurscaoilte áirithe faoi threoir na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch a áirítear i vóta dá dtagraítear i Sceideal 1, leagtar amach i Sceideal 2 na suimeanna a iarchuireadh isteach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2007, agus na vótaí gaolmhara agus na teidil ghaolmhara i leith gach ceann de na suimeanna sin, a ndéanann a n-iomlán suim céad caoga is naoi milliún, céad tríocha is cúig mhíle euro. | |
Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006. |
3 .— (1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 6 Nollaig 2006 agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927, a achtú sa bhliain 2007. | |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1): | |
[EN] | (a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta sonraithe i gcomhair iasachtaí tosaíochta); | |
[EN] | (b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le laghdú ar rátaí máil le haghaidh ceirisín agus gáis peitriliam leachtaithe); | |
[EN] | (c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le dleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac); | |
[EN] | (d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le méadú ar na tairseacha clárúcháin Cánach Breisluacha); | |
[EN] | (e) Rún Airgeadais Uimh. 5 (a bhaineann le méadú ar chothromráta Cánach Breisluacha feirmeoirí). | |
Gearrtheideal. |
4 .— Féadfar an tAcht Leithreasa 2006 a ghairm den Acht seo. |