|
||||
|
Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 ) |
[EN] | ||
| ||
Uimhir 36 de 2006 | ||
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2006 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | |||||||||||
Alt | |||||||||||
1 . Mínithe. | |||||||||||
2 . Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua). | |||||||||||
3 . Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua). | |||||||||||
4 . Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua). | |||||||||||
5 . Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh). | |||||||||||
6 . Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim). | |||||||||||
7 . Sochar máithreachais. | |||||||||||
8 . Sochar Uchtála. | |||||||||||
9 . Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú. | |||||||||||
10 . Pinsean stáit (neamhranníocach) — méadú ar neamhaird sheachtainiúil. | |||||||||||
11 . Liúntas míchumais — teideal chun liúntais. | |||||||||||
12 . Ranníocóirí féinfhostaithe eiscthe. | |||||||||||
13 . Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979. | |||||||||||
14 . Gearrtheideal agus forléiriú. | |||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Uimhir 36 de 2006 | |||||||||||
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH 2006 | |||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE 1979. | ||
[19 Nollaig, 2006] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2005” an tAcht Leasa Shóisialaigh 2005; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006; | |
[EN] | ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005. | |
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua). |
2 .— (1) Cuirtear na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 1 in ionad Chodanna 1 go 5 de Sceideal 2 (arna leasú le halt 4 d’Acht 2006) a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh— | |
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le sochar cuardaitheora poist, an 28 Nollaig 2006, | |
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le sochar breoiteachta, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 1 Eanáir 2007, | |
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le sochar cúramóra, pinsean Stáit (aistriú), pinsean easláine agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 4 Eanáir 2007, agus | |
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 81, 82 nó 83 den Phríomh-Acht, pinsean Stáit (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach), pinsean baintrí fir (ranníocach) agus íocaíocht chaomhnóra (ranníocach), an 5 Eanáir 2007. | |
[EN] | (3) Tá éifeacht leis an alt seo, i dtaca leis an bhfeidhm atá aige maidir le sochar báis faoi alt 84 den Phríomh-Acht nó le deontas méala, i leith daoine a n-éiríonn a dteideal chun sochair báis faoin alt sin 84 nó chun deontais méala an 6 Nollaig 2006 nó dá éis. | |
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua). |
3 .— (1) Cuirtear na Codanna atá leagtha amach i Sceideal 2 in ionad Chodanna 1 go 3 de Sceideal 4 (arna leasú le hailt 4 agus 16(1) d’Acht 2006) a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh— | |
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann sé le liúntas cuardaitheora poist, liúntas réamhscoir agus cúnamh feirme, an 27 Nollaig 2006, | |
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 1 Eanáir 2007, | |
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 3 Eanáir 2007, | |
[EN] | (d) a mhéid a bhaineann sé le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht dá dtagraítear i mír (b) nó (c) den mhíniú ar “íocaíocht iomchuí” in alt 178 den Phríomh-Acht, an 4 Eanáir 2007, agus | |
[EN] | (e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean Stáit (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí (neamhranníocach), pinsean baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus íocaíocht chaomhnóra (neamhranníocach), an 5 Eanáir 2007. | |
Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua). |
4 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 228 (arna leasú le halt 4(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht: | |
[EN] | “228.— Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná— | |
[EN] | (a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, €480, | |
[EN] | (f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, €550, | |
[EN] | (g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, €625 | |
[EN] | (h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, €720, | |
[EN] | (i) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, €820, | |
[EN] | (j) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, €910, | |
[EN] | (k) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, €1,020, nó | |
[EN] | (l) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, €1,090.”. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 4 Eanáir 2007. | |
Ranníocaí fostaíochta (leasú ar theorainneacha agus uasteorainn tuillimh). |
5 .— (1) Leasaítear alt 13(2) (arna leasú le halt 5(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i mír (a) trí “€339” a chur in ionad “€300”, | |
[EN] | (b) i mír (b) trí “€339” a chur in ionad “€300”, agus | |
[EN] | (c) i mír (c) trí “€48,800” a chur in ionad “€46,600”. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007. | |
Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim). |
6 .— (1) Leasaítear alt 29(1)(b) (arna leasú le halt 6(1) d’Acht 2005) den Phríomh-Acht trí “€48,800” a chur in ionad “€46,600”. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007. | |
Sochar máithreachais. |
7 .— (1) Leasaítear alt 47 (arna leasú le halt 7 d’Acht 2005) den Phríomh-Acht— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (4)(a) trí “don daicheadú seachtain” a chur in ionad “don dóú seachtain is tríocha”, | |
agus | ||
(b) i bhfo-alt (5)— | ||
(i) i mír (b) trí “26” a chur in ionad “22”, agus | ||
(ii) i mír (c)(ii)— | ||
(I) trí “don cheathrú seachtain is fiche” a chur in ionad “don fhichiú seachtain” gach áit a bhfuil sé, agus | ||
(II) trí “don daicheadú seachtain” a chur in ionad “don dóú seachtain is tríocha” gach áit a bhfuil sé. | ||
(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Márta 2007. | ||
Sochar Uchtála. |
8 .— (1) Leasaítear alt 58(4)(b) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2005) den Phríomh-Acht trí “24” a chur in ionad “20” gach áit a bhfuil sé. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Márta 2007. | |
Deontas tuismitheora is baintreach — deontas a mhéadú. |
9 .— (1) Leasaítear alt 137(1) (arna leasú le halt 18 d’Acht 2006) den Phríomh-Acht trí “€4,000” a chur in ionad “€2,700”. | |
[EN] | (2) Tá éifeacht leis an alt seo i leith daoine a n-éireoidh a dteideal chun deontais tuismitheora is baintreach an 6 Nollaig 2006 nó dá éis. | |
Pinsean stáit (neamhranníocach) — méadú ar neamhaird sheachtainiúil. |
10 .— (1) Leasaítear alt 156(2)(a) (arna leasú le halt 16(1) d’Acht 2006) den Phríomh-Acht trí “€30.00” a chur in ionad “€20.00” gach áit a bhfuil sé. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 5 Eanáir 2007. | |
Liúntas míchumais — teideal chun liúntais. |
11 .— (1) Aisghairtear fo-ailt (3) go (7) d’alt 210 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 3 Eanáir 2007. | |
Ranníocóirí féinfhostaithe eiscthe. |
12 .— (1) Cuirtear an mhír seo a leanas in ionad mhír 2 de Chuid 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | |
[EN] | “2. Ranníocóir féinfhostaithe atá ag fáil liúntas réamhscoir de bhua Chaibidil 3 de Chuid 3.”. | |
[EN] | (2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007. | |
Leasuithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1979. |
13 .— (1) Leasaítear an tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979— | |
[EN] | (a) in alt 5 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) D’ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus faoi réir fho-alt (1B) den alt seo, i gcás inar mó méid an tuillimh ináirithe a íoctar ná— | |
(a) €1,925, sa chás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó | ||
(b) méid comhréire, sa chás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, | ||
ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta— | ||
(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréire, de réir mar a bheidh, agus | ||
(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise. | ||
(1B) I gcás nach mó ná €100,100 tuilleamh ináirithe pearsan aonair in aghaidh bliana ranníoca áirithe, forléireofar fo-alt (1A)(ii) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘2 faoin gcéad’ in ionad ‘2.5 faoin gcéad’ agus déanfar aon ranníocaí sláinte a ró-íocadh i leith na bliana ranníoca sin a aisíoc leis an bpearsa aonair.”, | ||
(b) in alt 6 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | ||
“(1A) D’ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus faoi réir fho-alt (1B) den alt seo, i gcás inar mó méid na ndíolaíochtaí ináirithe a íocadh ná— | ||
(a) €1,925, sa chás inar seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, nó | ||
(b) méid comhréire, sa chás inar mó nó inar lú ná seachtain an tréimhse a ndéantar an íocaíocht lena mbaineann ina leith, | ||
ríomhfar an ranníoc sláinte is iníoctha faoin alt seo de réir ráta— | ||
(i) 2 faoin gcéad de €1,925 nó den mhéid comhréire, de réir mar a bheidh, agus | ||
(ii) 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise. | ||
(1B) I gcás nach mó ná €100,100 díolaíochtaí ináirithe pearsan aonair in aghaidh bliana ranníoca áirithe, forléireofar fo-alt (1A)(ii) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘2 faoin gcéad’ in ionad ‘2.5 faoin gcéad’ agus déanfar aon ranníocaí sláinte a ró-íocadh i leith na bliana ranníoca sin a aisíoc leis an bpearsa aonair.”, | ||
(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 7: | ||
“7.— Más rud é, i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo, go n-éireoidh ioncam ináirithe seachas díolaíochtaí in aon bhliain ranníoca, déanfar an ranníoc sláinte is iníoctha ag an bpearsa aonair sin don bhliain ranníoca sin i ndáil leis an ioncam ináirithe sin a ríomh de réir ráta— | ||
(a) 2 faoin gcéad den ioncam ináirithe sin i gcás nach mó ná €100,100, an t-ioncam ináirithe sin, agus | ||
(b) i gcás inar mó ná €100,100 an t-ioncam ináirithe sin, 2.5 faoin gcéad de mhéid na breise.”. | ||
agus | ||
(d) in alt 7A (arna leasú le halt 13 d’Acht 2005)— | ||
(i) i bhfo-alt (1)— | ||
(I) i mír (a), trí “€480” a chur in ionad “€440”, agus | ||
(II) i mír (b), trí “€24,960” a chur in ionad “€22,880”, | ||
agus | ||
(ii) i bhfo-alt (2), trí “€24,960” a chur in ionad “€22,880”. | ||
(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2007. | ||
Gearrtheideal agus forléiriú. |
14 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh 2006 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Léifear na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas alt 13) le chéile mar aon ní amháin. |