|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta ) | Ar Aghaidh ( CUID 3 Ceanglais Trédhearcachta maidir le hEisitheoirí Urrús a Ligtear Isteach chun a dTrádála ar Mhargaí Áirithe ) |
An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006
[EN] | ||
[EN] |
CUID 2 Leasuithe ar Achtanna na gCuideachtaí | |
Dearbhuithe reachtúla chun críocha Achtanna na gCuideachtaí. |
6 .— (1) Maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát (de bhun nó chun críocha Achtanna na gCuideachtaí), measfar é a bheith déanta go bailí (de bhun na nAchtanna sin agus chun críocha na nAchtanna sin) má dhéantar é in áit den sórt sin— | |
(a) os comhair duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954, nó | ||
(b) os comhair duine atá údaraithe, faoi dhlí na háite sin, daoine a chur faoi mhionn san áit sin agus más rud é go gcomhlíontar fo-alt (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh. | ||
(2) Maidir le fo-alt (1)— | ||
(a) ní dochar é do na himthosca atá leagtha amach san Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 ar imthosca iad ina bhféadfar dearbhú reachtúil a dhéanamh, agus | ||
(b) is fo-alt é i dteannta, agus ní fo-alt é in ionad, na n-imthosca dá bhforáiltear faoin Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó faoi aon achtachán eile ina meastar, maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag duine in áit lasmuigh den Stát, gur dearbhú reachtúil arna dhéanamh go bailí é (cibé acu chun críoch i gcoitinne nó chun aon chríche sonraí). | ||
(3) I gcásanna a thagann faoi réim fho-alt (1)(b) agus mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (4) nó (5), maidir le síniú an duine a dhéanann an dearbhú (“an dearbhóir”) agus, a mhéid a cheanglaítear leis an dlí sin ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, a fhíordheimhniú: | ||
(a) an cháil inar ghníomhaigh an dearbhóir le linn an dearbhú sin a dhéanamh; | ||
(b) séala nó stampa an duine a chuir an dearbhóir faoi mhionn; | ||
déanfar iad a fhíordheimhniú de réir dhlí na háite dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b). | ||
(4) Más rud é go bhfuil an áit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) suite i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (mura rud é nach mbaineann an Coinbhinsiún sin leis an áit áirithe sin), maidir le forálacha an Choinbhinsiúin sin a bhaineann le fíordheimhniú, beidh feidhm acu i ndáil leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-éiríonn ábhair thromaí amhrais, agus cúis mhaith chuige sin, i leith an ní sin. | ||
(5) Más rud é go bhfuil an áit dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) suite i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Háige ach nach páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE é, ansin (mura rud é nach mbaineann Coinbhinsiún na Háige leis an áit áirithe sin), maidir le forálacha Choinbhinsiún na Háige a bhaineann le fíordheimhniú, beidh feidhm acu i ndáil leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-éiríonn ábhair thromaí amhrais, agus cúis mhaith chuige sin, i leith an ní sin. | ||
(6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, sula nglacann sé nó sí le haon dearbhú reachtúil a airbheartaíonn a bheith déanta de bhun, nó chun críocha, Achtanna na gCuideachtaí, agus ar dearbhú é— | ||
(a) a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus | ||
(b) nach bhfuil feidhm maidir leis ag forálacha Choinbhinsiún CE ná ag forálacha Choinbhinsiún na Háige maidir lena fhíordheimhniú, | ||
cibé cruthúnas a mheasann sé nó sí a bheith cuí a éileamh i ndáil le haon cheanglais áirithe de chuid an dlí dá dtagraítear i bhfo-alt (3). | ||
(7) Maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh roimh thráth rite an Achta seo— | ||
(a) in áit lasmuigh den Stát, | ||
(b) os a gcomhair seo a leanas— | ||
(i) más rud é, maidir leis an áit, nach áit í i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain, duine atá údaraithe, faoi dhlí na háite sin, chun daoine a chur faoi mhionn nó duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954, nó | ||
(ii) más rud é, maidir leis an áit, gur áit í i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain— | ||
(I) duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann nó in Albain, de réir mar a bheidh, nó daoine a chur faoi mhionn ansin, faoi dhlí Shasana agus na Breataine Bige, Thuaisceart Éireann nó na hAlban, de réir mar a bheidh, nó | ||
(II) duine atá i dteideal cleachtadh mar aturnae sa Stát faoin Acht Aturnaethe 1954, | ||
agus | ||
(c) ar dearbhú é a airbheartaíonn a bheith déanta de bhun, nó chun críocha, Achtanna na gCuideachtaí, | ||
más rud é gur seachadadh é ar chláraitheoir na gcuideachtaí roimh an tráth rite sin, beidh sé bailí agus measfar é a bheith bailí riamh d’ainneoin aon ní san Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó in aon achtachán eile agus, maidir le haon ní arna dhéanamh ar scór an dearbhú sin a sheachadadh ar an gcláraitheoir, lena n-áirítear aon chlárú dá éis sin ag an gcláraitheoir i leith an dearbhaithe sin, beidh sé bailí agus measfar é a bheith bailí riamh d’ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon achtachán eile. | ||
(8) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (7) difear d’aon imeachtaí arna dtosú roimh thráth rite an Achta seo. | ||
(9) San alt seo— | ||
ciallaíonn “Coinbhinsiún CE” Coinbhinsiún an 25 Bealtaine 1987 lena Neamhnítear Dleathú Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpach; | ||
ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” an Coinbhinsiún lena Neamhnítear an Ceanglas maidir le Dleathú i i gcomhair Doiciméad Coigríche Poiblí arna dhéanamh sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961; | ||
ciallaíonn “dearbhú reachtúil”, i dteannta na brí a thugtar dó leis an Acht Léiriúcháin 2005, dearbhú atá i gcomhréir le ceanglais an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, seachas aon cheanglais atá in alt 1 den Acht sin, nó ceanglais aon fhorála eile de, lena ndéantar, go sainráite nó go hintuigthe, teorainn a chur leis an aicme daoine a fhéadfaidh dearbhú reachtúil a thógáil agus a ghlacadh nó leis na háiteanna ina bhféadfar dearbhú a ghlacadh nó a thógáil. | ||
Leasú ar alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963. |
7 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963: | |
[EN] | “An bhrí atá le ‘cuideachta phríobháideach’. | |
[EN] | 33.— (1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn ‘cuideachta phríobháideach’ cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal agus a dhéanann lena hairteagail— | |
[EN] | (a) srian a chur leis an gceart chun a scaireanna a aistriú, agus | |
[EN] | (b) teorainn 99 nduine nó níos lú a chur le líon a comhaltaí, gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn a bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis an fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta, agus | |
[EN] | (c) toirmeasc a chur le haon chuireadh nó tairiscint don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna, bintiúr nó urrús eile de chuid na cuideachta. | |
[EN] | (2) Déanfar foráil de chuid airteagal cuideachta lena gcuirtear toirmeasc le haon chuireadh nó tairiscint don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúr de chuid na cuideachta a fhorléiriú mar thoirmeasc le haon chuireadh nó tairiscint a dhéanamh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna, bintiúr nó urrús eile de chuid na cuideachta. | |
[EN] | (3) I gcás scair nó scaireanna i gcuideachta a bheith á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, déanfar, chun críocha an ailt seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) chun críocha na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) fo-alt (1)(c), agus | |
[EN] | (b) mura léir a mhalairt a bheith ar intinn in airteagail na cuideachta, aon fhoráil de chuid airteagal cuideachta— | |
[EN] | (i) a fhreagraíonn, ina téarmaí, do chríocha fho-alt (1)(c), | |
[EN] | (ii) ina gcorpraítear téarmaí fho-alt (1)(c) trí thagairt a dhéanamh dóibh, nó | |
[EN] | (iii) ag a bhfuil an éifeacht dhlíthiúil chéanna le fo-alt (1)(c) fiú nach bhfuil a téarmaí comhionann leo sin i bhfo-alt (1)(c) (agus áirítear sna cásanna lena mbaineann an fhomhír seo an cás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (2) maidir le léiriú na forála). | |
[EN] | (5) Maidir le gach ceann de na tairiscintí bintiúr seo a leanas ag cuideachta (is cuma cén áit a ndéantar iad), ní mheasfar go dtagann siad faoi réim fho-alt (1)(c) nó na forála de chuid airteagal cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), eadhon— | |
[EN] | (a) tairiscint bintiúr atá dírithe ar infheisteoirí cáilithe amháin, | |
[EN] | (b) tairiscint bintiúr atá dírithe ar níos lú ná 100 duine, seachas infheisteoirí cáilithe, | |
[EN] | (c) tairiscint bintiúr atá dírithe ar infheisteoirí i gcás inarb é atá sa chomaoin íosta is iníoctha de bhun na tairisceana ná €50,000 ar a laghad in aghaidh an infheisteora, i leith gach tairisceana ar leithligh, | |
[EN] | (d) tairiscint bintiúr arb é atá ina n-ainmluach in aghaidh an aonaid ná €50,000 ar a laghad, | |
[EN] | (e) tairiscint bintiúr más rud é, maidir leis an tairiscint, go ndéantar méid na comaoine iomláine i leith na tairisceana a theorannú go sainráite do shuim is lú ná €100,000, | |
[EN] | (f) tairiscint na n-aicmí ionstraimí sin a ndéileáiltear iontu de ghnáth ar an margadh airgid (ar nós billí cisteáin, deimhnithe taiscthe agus páipéar tráchtála) ag a bhfuil ré aibíochta is lú ná 12 mhí. | |
[EN] | (6) Maidir leis an tairiscint scaireanna seo a leanas arna déanamh ag cuideachta (ar tairiscint d’aon mhéid í nó is cuma cén áit a ndéantar í), ní mheasfar go dtagann sí faoi réim fho-alt (1)(c) nó na forála de chuid airteagal cuideachta dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), eadhon tairiscint scaireanna arna díriú— | |
[EN] | (a) ar infheisteoirí cáilithe, nó | |
[EN] | (b) ar 99 nduine nó níos lú, nó | |
[EN] | (c) ar infheisteoirí cáilithe agus ar 99 nduine eile nó níos lú. | |
[EN] | (7) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sna Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) an bhrí chéanna san alt seo atá leis nó léi sna Rialacháin sin. | |
[EN] | (8) Chun críocha fho-alt (7), beidh éifeacht leis na Rialacháin dá dtagraítear san fho-alt sin amhail is dá ndéanfaí Rialachán 8 a fhágáil ar lár astu.”. | |
Leasú ar alt 21 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983. |
8 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 21 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983: | |
[EN] | “Ní dhéanfar scaireanna ná bintiúir de chuid cuideachta príobháidí a thairiscint don phobal. | |
[EN] | 21.— (1) Beidh cuideachta phríobháideach, agus aon oifigeach don chuideachta a dhéanann mainneachtain, ciontach i gcion má dhéanann an chuideachta— | |
[EN] | (a) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a thairiscint don phobal (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile), nó | |
[EN] | (b) aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt (cibé acu ar airgead nó ar shlí eile) d’fhonn gach ceann nó aon cheann de na scaireanna nó na bintiúir sin a thairiscint lena ndíol leis an bpobal. | |
[EN] | (2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir leis na tairiscintí nó na leithroinntí seo a leanas (is cuma cén áit a ndéantar iad): | |
[EN] | (a) tairiscint bintiúr arna díriú ar infheisteoirí cáilithe amháin nó leithroinnt a dhéantar chuig infheisteoirí cáilithe amháin; | |
[EN] | (b) tairiscint bintiúr arna díriú ar líon níos lú ná 100 duine, seachas infheisteoirí cáilithe; | |
[EN] | (c) tairiscint bintiúr arna díriú ar infheisteoirí i gcás inarb é atá sa chomaoin íosta is iníoctha de bhun na tairisceana ná €50,000 ar a laghad in aghaidh an infheisteora, i leith gach tairisceana ar leithligh; | |
[EN] | (d) tairiscint bintiúr arb é atá ina n-ainmluach in aghaidh an aonaid ná €50,000 ar a laghad; | |
[EN] | (e) tairiscint bintiúr más rud é, maidir leis an tairiscint, go ndéantar méid na comaoine iomláine i leith na tairisceana a theorannú go sainráite do shuim is lú ná €100,000; nó | |
[EN] | (f) tairiscint na n-aicmí ionstraimí sin a ndéileáiltear iontu de ghnáth ar an margadh airgid (ar nós billí cisteáin, deimhnithe taiscthe agus páipéar tráchtála) ag a bhfuil ré aibíochta is lú ná 12 mhí; | |
[EN] | (g) tairiscint scaireanna arna díriú— | |
[EN] | (i) ar infheisteoirí cáilithe, nó | |
[EN] | (ii) ar 99 nduine nó níos lú, nó | |
[EN] | (iii) ar infheisteoirí cáilithe agus ar 99 nduine eile nó níos lú. | |
[EN] | (h) leithroinnt scaireanna nó bintiúr, nó comhaontú maidir le leithroinnt den sórt sin a dhéanamh, d’fhonn go mbeidh na scaireanna nó na bintiúir sin ina n-ábhar d’aon cheann amháin nó níos mó de na tairiscintí dá dtagraítear i míreanna (a) go (g). | |
[EN] | (3) Beidh le focal nó abairt a úsáidtear san alt seo agus a úsáidtear freisin sna Rialacháin Réamheolaire (Treoir 2003/71/CE) 2005 (I.R. Uimh. 324 de 2005) an bhrí chéanna san alt seo atá leis nó léi sna Rialacháin sin. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do bhailíocht aon leithroinnt nó díol scaireanna nó bintiúr nó do bhailíocht aon chomhaontaithe chun scaireanna nó bintiúir a leithroinnt nó a dhíol. | |
[EN] | (5) Aon duine atá ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,904.61 a chur air.”. | |
Díolúine ó cheanglas iniúchta. |
9 .— (1) Leasaítear Cuid III d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999— | |
[EN] | (a) in alt 32(1) (arna leasú le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003— | |
[EN] | (i) trí “Faoi réir ailt 32A agus 32B” a chur in ionad “Faoi réir ailt 32A agus 33(1)”, agus | |
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii): | |
[EN] | “(ii) mura rud é go n-éireoidh agus go dtí go n-éireoidh— | |
[EN] | (I) imthosca, más ann, sa bhliain airgeadais sin arb é is cúis leo nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha sin i leith na bliana sin, nó | |
[EN] | (II) imthosca ar shlí eile ar dá mbarr nach bhfuil an chuideachta i dteideal díolúine a fháil i leith na bliana airgeadais sin, | |
[EN] | ní bheidh feidhm ag na forálacha a luaitear i bhfo-alt (2) maidir leis an gcuideachta sin i leith na bliana sin.”, | |
[EN] | (b) in alt 32(3)— | |
[EN] | (i) trí “€7.3 milliún” a chur in ionad “€1,500,000” (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003) i mír (a)(ii), agus | |
[EN] | (ii) trí “€3.65 milliún” a chur in ionad “€1,500,000” i mír (a)(iii), | |
[EN] | (c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 32A (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003): | |
[EN] | “Díolúine a bheith ag brath ar fhógra faoi alt 33(1) gan a bheith seirbheáilte. | |
[EN] | 32B.— D’ainneoin na coinníollacha a shonraítear in alt 32(3) a bheith comhlíonta, níl cuideachta i dteideal na díolúine i mbliain airgeadais má sheirbheáiltear fógra i leith na bliana sin ar an gcuideachta faoi alt 33(1) agus (2) agus dá réir.”, | |
[EN] | (d) in alt 33— | |
[EN] | (i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2): | |
[EN] | “(1) Aon chomhalta nó comhaltaí de chuid cuideachta ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta trína dtugtar, sa chomhiomlán, an deichiú cuid ar a laghad de na cearta vótála uile sa chuideachta, féadfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta á rá nach mian leis an gcomhalta sin nó leis na comhaltaí sin go mbeidh an díolúine ar fáil don chuideachta i mbliain airgeadais a shonrófar san fhógra. | |
[EN] | (2) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar an gcuideachta— | |
[EN] | (a) i rith na bliana airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann an fógra, nó | |
[EN] | (b) i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an fógra (ach tráth nach déanaí ná 1 mhí roimh dheireadh na bliana sin).”, | |
[EN] | (ii) trí fho-alt (3) a scriosadh, agus | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (4), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c): | |
[EN] | “(c) nár seirbheáladh aon fhógra faoi fho-alt (1) ar an gcuideachta de réir fho-alt (2), agus”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (e) in alt 35, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) Maidir le díolúine— | |
[EN] | (a) mar gheall ar imthosca dá dtagraítear in alt 32(1)(ii) ar imthosca iad a éiríonn sa bhliain airgeadais lena mbaineann, aon uair a scoirfidh an díolúine d’éifeacht a bheith léi i ndáil le cuideachta i leith na bliana sin, nó | |
[EN] | (b) mar gheall ar imthosca a éiríonn ar shlí eile, aon uair nach mbeidh cuideachta i dteideal na díolúine i leith na bliana airgeadais lena mbaineann, | |
[EN] | beidh sé de dhualgas ar stiúrthóirí na cuideachta iniúchóir a cheapadh ar an gcuideachta a luaithe is féidir tar éis do na himthosca sin éirí agus féadfaidh na stiúrthóirí ceapachán den sórt sin a dhéanamh d’ainneoin fhorálacha alt 160 den Phríomh-Acht.”. | |
[EN] | (2) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (1)(b) dochar d’fheidhmiú todhchaí na cumhachta faoi fho-alt (7) d’alt 32 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh.2) 1999 i ndáil le fo-alt (3) (mar atá sé arna leasú le fo-alt (1)(b)) den alt sin 32. | |
Feidhm alt 9 agus forálacha idirthréimhseacha. |
10 .— (1) Beidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar le halt 9— | |
[EN] | (a) maidir le bliain airgeadais cuideachta a thosaíonn tráth nach luaithe ná tosach feidhme an ailt sin, agus | |
[EN] | (b) faoi réir fho-alt (2), maidir le bliain airgeadais cuideachta a chríochnaíonn tráth nach luaithe ná 2 mhí tar éis thosach feidhme an ailt sin (nach bliain airgeadais lena mbaineann mír (a)). | |
[EN] | (2) I gcásanna a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), beidh feidhm ag alt 9 amhail is dá ndéanfaí, in ionad an fho-ailt (2) a chuirtear isteach leis an alt sin in alt 33 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh. 2) 1999, an fo-alt seo a leanas a chur isteach san alt sin 33: | |
[EN] | “(2) I gcásanna a thagann faoi réim alt 7(1)(b) den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006, féadfar fógra faoi fho-alt (1) a sheirbheáil ar an gcuideachta tráth nach déanaí ná 1 mhí roimh dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann an fógra.”. | |
Srianta ar dhaoine ó ghníomhú, agus iad a dhícháiliú chun gníomhú, mar stiúrthóirí etc. |
11 .— (1) Leasaítear alt 150 (arna leasú leis an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001) d’Acht 1990 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4B): | |
[EN] | “(4B) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ar dhearbhú faoi fho-alt (1) a éisteacht ón Stiúrthóir, ó leachtaitheoir nó ó ghlacadóir (dá ngairtear ‘an t-iarratasóir’ san fho-alt seo) a ordú gurb iad na stiúrthóirí a ndéantar an dearbhú ina n-aghaidh a iompróidh— | |
[EN] | (a) costais an iarratais, agus | |
[EN] | (b) iomlán na gcostas agus na gcaiteachas arna dtabhú ag an iarratasóir (nó cibé cuid díobh a shonróidh an chúirt)— | |
[EN] | (i) le linn na nithe is ábhar don iarratas a imscrúdú, agus | |
[EN] | (ii) a mhéid nach dtagann siad faoi réim mhír (a), le linn fianaise a bhailiú i leith na nithe sin, | |
[EN] | lena n-áirítear cibé méid de luach saothair agus caiteachais an iarratasóra atá inchurtha síos don imscrúdú agus don bhailiú sin.”. | |
[EN] | (2) Leasaítear alt 160 (arna leasú leis an Acht um Forfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001) d’Acht 1990 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9B): | |
[EN] | “(9B) Féadfaidh an chúirt, le linn di iarratas ar ordú dícháilíochta faoi fho-alt (2) a éisteacht, a ordú gurb iad na daoine a dhícháileofar nó a ndéanfar dearbhú faoi alt 150 ina n-aghaidh mar thoradh ar an iarratas a iompróidh— | |
[EN] | (a) costais an iarratais, agus | |
[EN] | (b) i gcás iarratais ón Stiúrthóir, ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ó leachtaitheoir, ó ghlacadóir, nó ó scrúdaitheoir (dá ngairtear ‘an t-iarratasóir’ sa mhír seo), i dteannta na gcostas dá dtagraítear i mír (a),iomlán na gcostas agus na gcaiteachas arna dtabhú ag an iarratasóir (nó cibé cuid díobh a shonróidh an chúirt)— | |
[EN] | (i) le linn na nithe is ábhar don iarratas a imscrúdú, agus | |
[EN] | (ii) a mhéid nach dtagann siad faoi réim mhír (a), le linn fianaise a bhailiú i leith na nithe sin, | |
[EN] | lena n-áirítear cibé méid de luach saothair agus caiteachais an iarratasóra atá inchurtha síos don imscrúdú agus don bhailiú sin.”. | |
Dí-ábharú. |
12 .— Leasaítear alt 239 d’Acht 1990— | |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Faoi réir aon eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin, féadfar— | |
[EN] | (a) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí a ligtear dóibh trádáil a dhéanamh ar mhargadh rialáilte, | |
[EN] | (b) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí a ligtear dóibh trádáil a dhéanamh ar mhargadh seachas margadh rialáilte, nó | |
[EN] | (c) maidir le hurrúis de chuid cuideachtaí poiblí teoranta d’aicme shonraithe, | |
[EN] | a fhoráil leis na rialacháin gurb é an modh a sholáthraítear leis na rialacháin chun teideal chuig urrúis den sórt sin a fhianú agus a aistriú an t-aon mhodh eisiatach amháin chun déanamh amhlaidh (agus, dá réir sin, maidir le haon aistriú airbheartaithe ar urrúis den sórt sin ar shlí seachas ar an modh sin, go mbeidh sé ar neamhní).”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur leis: | |
[EN] | (c) Féadfar leis na rialacháin— | |
[EN] | (i) a cheangal go soláthróidh cuideachta ráitis do shealbhóirí urrús (i gceann eatramh sonraithe nó ar ócáidí sonraithe) maidir leis na hurrúis a shealbhaítear ina n-ainm; | |
[EN] | (ii) foráil a dhéanamh lena gcuirfear deireadh le haon cheanglas i leith na sealbhóirí urrús do thabhairt suas scairdheimhnithe láithreacha d’eisitheoirí; agus | |
[EN] | (iii) foráil a dhéanamh go nglacfaidh ceanglais na rialachán ionad aon cheanglas láithreach in airteagail chomhlachais cuideachta a bheadh ar neamhréir le ceanglais na rialachán.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5): | |
[EN] | “(5A) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (4) agus (5), ní bheidh forálacha sna rialacháin arbh é an toradh a bheadh acu, maidir le duine a mbeadh teideal aige nó aici, murach na rialacháin— | |
[EN] | (a) go ndéanfar a ainm nó a hainm a thaifeadadh i gclár comhaltaí cuideachta, nó | |
[EN] | (b) treoracha a thabhairt maidir le haon urrúis, | |
[EN] | go scoirfeadh an duine sin de theideal a bheith aige nó aici amhlaidh.”. | |
Leasú ar alt 43 d’Acht 2005. |
13 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 43 d’Acht 2005: | |
[EN] | “Srian le dliteanas i gcás nach bhfuil ach urrúis neamhchothromais i gceist. | |
[EN] | 43.— I gcás ina n-eisítear réamheolaire i leith urrús neamhchothromais agus ina leith sin amháin— | |
[EN] | (a) ní bheidh ach na daoine seo a leanas, eadhon— | |
[EN] | (i) an tairgeoir nó an duine a d’iarr go ligfear isteach na hurrúis lena mbaineann an réamheolaire chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus | |
[EN] | (ii) faoi réir mhír (c), agus a mhéid a fhoráiltear i mír (c), an ráthóir (más ann), | |
[EN] | agus ní bheidh aon duine eile dá dtagraítear in alt 41, faoi dhliteanas faoin alt sin sna himthosca ina bhfuil feidhm ag an alt sin mura rud é— | |
[EN] | (I) go bhforáiltear a mhalairt go sainráite sa réamheolaire, nó | |
[EN] | (II) go gciontaítear an duine eile sin ar díotáil i gcion arna chruthú le dlí réamheolaire na hÉireann nó i gcion faoi alt 48 maidir le heisiúint an réamheolaire sin, | |
[EN] | (b) ní bheidh feidhm ag alt 383(3) d’Acht 1963 maidir le stiúrthóirí nó rúnaí an eisitheora sa mhéid go ndéanfadh an fheidhm sin dá bhrí sin dliteanas faoi alt 41 a fhorchur ar na stiúrthóirí nó ar an rúnaí sin, agus | |
[EN] | (c) ní bheidh aon dliteanas faoi alt 41 ar ráthóir urrús den sórt sin ach amháin maidir le ráitis atá san áireamh sa réamheolaire, nó maidir le faisnéis atá ar iarraidh ón réamheolaire, ar ráitis iad nó faisnéis í a bhaineann leis an ráthóir nó leis an ráthaíocht arna tabhairt ag an ráthóir.”. | |
Leasú ar alt 45 d’Acht 2005. |
14 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 45 d’Acht 2005: | |
[EN] | “Toiliú saineolaí le ráiteas a chuirtear ina leith a chur san áireamh i réamheolaire. | |
[EN] | 45.— (1) Níl feidhm ag an toirmeasc i bhfo-alt (2) i ndáil le réamheolaire ach amháin i gcás ina gceanglaítear le dlí réamheolaire an AE ráiteas den chineál dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin a chur san áireamh sa réamheolaire. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfar réamheolaire ina bhfuil ráiteas a chuirtear i leith saineolaí a eisiúint mura rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh an saineolaí tar éis a thoiliú nó a toiliú a thabhairt maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire san fhoirm agus sa chomhthéacs ina gcuirtear san áireamh é agus nach mbeidh an toiliú sin tarraingthe siar aige nó aici roimh fhoilsiú an réamheolaire, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil ráiteas sa réamheolaire á rá gur thug an saineolaí an toiliú sin agus nár tharraing sé nó sí siar é i scríbhinn. | |
[EN] | (3) Má eisítear aon réamheolaire de shárú ar an alt seo beidh an t-eisitheoir agus gach duine ar páirtí é nó í go feasach san eisiúint sin ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air nó uirthi.”. | |
Leasuithe ar Acht 2005 a leanann as leasú arna dhéanamh le halt 14. |
15 .— Leasaítear Acht 2005— | |
[EN] | (a) in alt 38, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |
[EN] | “(3A) Gan teorainn a chur le brí na habairte sin in aon chomhthéacs eile ina n-úsáidtear í sa Chuid seo, maidir leis an bhfocal ‘ráiteas’ in alt 45(2) (seachas mír (b) de), agus in aon alt eile de Chuid seo lena ndéantar foráil i leith saineolaí, folaíonn sé tuarascáil agus luacháil.”, | |
[EN] | (b) in alt 41— | |
[EN] | (i) tríd an alt láithreach a athuimhriú mar fho-alt (1) de, agus | |
[EN] | (ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |
[EN] | “(2) I dteannta na ndaoine a shonraítear i bhfo-alt (1) mar dhaoine atá faoi dhliteanas sna himthosca atá leagtha amach san fho-alt sin, beidh saineolaí a mbeidh an toiliú a cheanglaítear a thabhairt le halt 45 i ndáil le ráiteas a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici faoi dhliteanas, faoi réir alt 42 agus 43, cúiteamh a íoc le gach duine a fhaigheann aon urrúis ar iontaoibh an réamheolaire, ar cúiteamh é i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain dóibh mar gheall ar ráiteas bréagach sa réamheolaire a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici mar shaineolaí.”, | |
(c) in alt 42— | ||
(i) trí fho-alt (1) a scriosadh, | ||
(ii) i bhfo-alt (3)(d)(ii), trí “agus, i gcás inar ceanglaíodh amhlaidh le halt 45, gur thug an duine sin a thoiliú nó a toiliú maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “agus gur thug an duine sin a thoiliú nó a toiliú le heisiúint an réamheolaire”, | ||
(iii) i bhfo-alt (4), trí “maidir leis an ráiteas lena mbaineann a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “maidir le heisiúint an réamheolaire lena mbaineann”, | ||
(iv) i bhfo-alt (5), trí “mar dhuine a d’údaraigh an réamheolaire a eisiúint” a scriosadh, | ||
(v) i bhfo-alt (6)— | ||
(I) trí “mar dhuine a d’údaraigh réamheolaire a eisiúint” a scriosadh, agus | ||
(II) i mír (a), trí “maidir leis an ráiteas a chur san áireamh sa réamheolaire” a chur in ionad “maidir le heisiúint an réamheolaire”, | ||
(d) in alt 44— | ||
(i) i bhfo-alt (1)(b), trí “maidir le ráiteas a airbheartaíonn a bheith déanta aige nó aici a chur san áireamh i réamheolaire” a chur in ionad “maidir le réamheolaire a eisiúint”, agus | ||
(ii) trí fho-alt (3) a scriosadh, | ||
agus | ||
(e) in alt 48, trí fho-alt (4) a scriosadh. | ||
Leasú ar alt 9 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003. |
16 .— Leasaítear alt 9(2) d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (m): | |
[EN] | “(ma) na feidhmeanna a thugtar dó le dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (de réir bhrí Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006) a chomhlíonadh i leith na nithe dá dtagraítear in Airteagal 24(4)(h) den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí na Coda sin);”. | |
Leasú ar alt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003. |
17 .— Leasaítear alt 10 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003— | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (4)— | |
[EN] | (i) i mír (a), trí “den alt seo,” a chur in ionad “den alt seo, nó”, | |
[EN] | (ii) i mír (b), trí “le haitheantas an chomhlachta sin, nó” a chur in ionad “le haitheantas an chomhlachta sin,”, | |
[EN] | (iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(c) ar dhuine ar a bhforchuirtear oibleagáid nó oibleagáidí iomchuí an oibleagáid nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh,”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (iv) trí “go bhféadfadh sé tarlú go mainneoidh nó gur mhainnigh an comhlacht nó an duine eile lena mbaineann an riail, an treoirlíne, an téarma nó an coinníoll nó an oibleagáid nó na hoibleagáidí, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.” a chur in ionad “go bhféadfadh sé tarlú go mainneoidh nó gur mhainnigh an comhlacht lena mbaineann an riail nó an treoirlíne nó an téarma nó an coinníoll, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |
[EN] | “(5) I bhfo-alt (4), an tagairt d’oibleagáid nó oibleagáidí iomchuí a fhorchuirtear ar dhuine, is tagairt í d’oibleagáid nó d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar an duine— | |
[EN] | (a) le forálacha an dlí trédhearcachta (margaí rialáilte) (de réir bhrí Chuid 3 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006) lena gcuirtear Airteagal 24(4)(h) den Treoir Trédhearcachta (Margaí Rialáilte) (de réir bhrí na Coda sin) i ngníomh, nó | |
[EN] | (b) le rialacha arna nglacadh ag an Údarás Maoirseachta faoi fho-alt (3), ar rialacha iad a bhaineann lena fheidhmeanna faoi alt 9(2)(ma).”. | |
Leasú ar alt 29 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003. |
18 .— Leasaítear alt 29 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7): | |
[EN] | “(7) Tar éis iarratas a fháil faoi fho-alt (4) d’alt 10 ar ordú á ordú go gcomhlíonfar— | |
[EN] | (a) riail arna glacadh nó treoir arna heisiúint ag an Údarás Maoirseachta, | |
[EN] | (b) téarma nó coinníoll a ghabhann le haitheantas, nó | |
[EN] | (c) oibleagáid nó oibleagáidí dá dtagraítear san fho-alt sin, | |
[EN] | féadfaidh an Chúirt aon ordú is cuí léi a dhéanamh nó aon ordachán is cuí léi a thabhairt.”. |