8 1923

Uimhir 8.


ACHT NA gCÁNACH DÚBALTA (FAOISEAMH), 1923.


ACHT CHUN A ÚDARÚ GO nDÉANFAR RÉITEACH LE RIALTAS NA BREATAINE MÓIRE CHUN FAOISEAMH Ó CHÁIN DHÚBALTA DO DHEONA IN AON CHÁS INA bhFUIL MUIREAR AG DUL DO CHÁIN I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS DO CHÁIN CHÓ-RÉIRE BHRIOTÁINEACH I dTAOBH AN AON ABHAIR AMHÁIN. [28adh Márta, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Féadfaidh an Árd-Chomhairle socrú sealadach do dhéanamh chun faoisimh.

1. —In aon chás fé aon dlí a bheidh i bhfeidhm ó am go ham sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann go mbeidh aon cháin iníoctha de thuras na huaire i dtaobh fuilingidhe mhuirir go mbeidh cáin cho-réire iníoctha 'na thaobh i Saorstát Éireann beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann socrú sealadach do dhéanamh leis an Rialtas Briotáineach agus más gá san an socrú sar do dhéanamh le toil Rialtais Thuaiscirt na hÉireann chun faoiseamh do dheona i gcásanna 'na mbeidh muirear ag dul don Cháin i Saorstát Éireann agus don Cháin Bhriotáineach i dtaobh an aon abhair amháin.

Féadfaidh an Seanascal socrú sealadach do dhaingniú

2. —Beidh sé dleathach do Sheanascal Shaorstáit Éireann daingniú do dhéanamh ar aon tsocrú sealadach den tsórt atá luaidhte san alt deireannach le hordú a déanfar ar chomhairle na hArd-Chomhairle, agus ansan beidh éifeacht ag an socrú sealadach san ó dháta an orduithe san no ó aon dáta is déanaí ná san agus a luadhfar san ordú san, ach é do bheith do réir coiníollacha an Achta so, fé is dá n-achtuítí san Acht so é.

Buaine gach orduithe a déanfar fén Acht so.

3. —Aon ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so ní bheidh éifeacht aige de bhua an Achta so ach amháin i gcás go mbeidh agus an fhaid a bheidh ag an socrú a daingneofar leis an ordú san feidhm dlí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann (do réir mar bheidh) sa mhéid go mbainfidh sé leis an bhfaoiseamh ón gCáin Bhriotáineach a bheidh le deona.

Leagfar na hOrduithe fé bhráid Dháil Éireann

4. —Gach Ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so leagfar é láithreach fé bhráid Dháil Éireann, agus má dhineann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche is túisce 'na suidhfe sí tar éis an t-ordú san do leaga fé n-a bráid rún do rith á éileamh go n-athghairmfear an t-ordú san, déanfar an t-ordú san d'athghairm agus do chur ar ceal dá réir, ach ní dhéanfaidh san dochar d'éifeacht éinní a dineadh roimhis sin fén ordú san.

Boga aí an oblagáid shicréideachta.

5. —An oblagáid shicréideachta a horduítear le haon achtachán maidir le haon cháin le n-a mbainfidh ordú a dhéanfaidh Seanascal Shaorstáit Éireann fén Acht so ní choiscfe sí eolas do thabhairt d'aon oifigeach údaruithe den Rialtas Briotáineach ar pé dátáin a bheidh riachtanach chun a chumasú go dtabharfar faoiseamh go cuibhe do réir na socruithe a daingneofar leis an ordú san.

Gearr-Theideal.

6. —Féadfar Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 , do ghairm den Acht so.