Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL.)

9 1923

Uimhir 9.


ACHT UM RIALTAS ÁITIÚIL (FORALACHA SEALADACHA), 1923


ACHT CHUN LEIGHISTE NA LOCHTANNA IS MÓ DÁ bhFUIL SA DLÍ ATÁ ANN FÉ LATHAIR I dTAOBH FÓIRITHIN NA mBOCHT AGUS I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE UM RIALTAS ÁITIÚIL AGUS CHUIGE SIN CHUN LEASÚ SEALADACH DO DHÉANAMH AR NA DLITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMH-RÁITE. [28adh Márta, 1923.]

DE BHRÍ go bhfuil gá le fada le leasú agus atharú do dhéanamh ar na dlithe atá ann fé láthair i dtaobh Rialtais Áitiúla i Saorstát Éireann agus, go sonnrách, an dlí atá ann fé láthair i dtaobh fóirithin na mbocht, go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar fad do chás Shaorstáit Éireann agus go ndineann sé dochraide neariachtanach do dhaoine 'na mbíonn fóirithin fén dlí sin de dhíth orra agus, san am gcéanna, go bhfuil riara na fóirithine sin róchostasach:

AGUS DE BHRÍ sa chás roimh-ráite go dtáinig sé chun críche i roint contaethe nách féidir fóirithin ar na boicht in aon chor fén dlí atá ann fé láthair agus chun teacht as an éigeandáil d'eirigh amhlaidh gur dhin Comhairlí na gContaethe sin riara fóirithin na mbocht d'ath-ghléasa ina gContaethe féin fé seach agus go bhfuilid le seal ag riara na fóirithine sin do réir Scéimeanna d'ullamhuíodar na Comhairlí sin fé mhola an Aire um Rialtas Áitiúil, Scéimeanna dar príomh-fhorálacha:—

(a) deire do chur leis an seana-ghléas fé n-a ndintí fóirithin ar na boicht i dtithe oibre do bunuíodh i ngach Aontas fé Dhlí na mBocht;

(b) an riarachán do thabhairt le chéile fé aon údarás amháin i ngach contae;

(c) fúndúireachtaí meán-suidhte in ar féidir fóirithin ar bhoicht na contae do bhunú i ngach contae;

(d) cumas do thabhairt chun fóirithin ar gach duine bocht dar gá é laistigh no lasmuich den bhfúndúireacht mheán-suidhte fé mar a meastar is fearr:

AGUS DE BHRÍ, go dtí go bhféadfar ath-ghléasa fórleathan ar iomlán an dlí um Rialtas Áitiúil i Saorstát Éireann d'ullamhú agus do leaga fé bhráid an Oireachtais, go bhfuil sé riachtanach socrú sealadach do dhéanamh chun na lochtanna is mó dá bhfuil sa dlí do leigheas agus, go sonnrách, údarás dlí do thabhairt do sna Scéimeanna roimh-ráite sin i gcóir fóirithin na mbocht do cuireadh i ngníomh ag roint Comhairlí Contae mar adubhradh, comhacht do thabhairt do Chomhairlí Contae eile a leithéidí eile sin de Scéimeanna do chur i bhfuirm, comhachtanna áirithe i gcóir éigeandála do thabhairt d'Údaráis Áitiúla, agus údarás sealadach do thabhairt don Aire um Rialtas Áitiúil chun deighleáil le hUdaráis Áitiúla a bheidh dearmhadach ina ndualgaisí agus ina gcúraimí:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT EIR EANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Brí “Scéim Chontae.”

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Scéim Chontae” scéim a hullamhófar fén Acht so no dá réir ag Comhairle Chontae chun fóirithin na mbocht sa Chontae sin do riara:

cialluíonn an focal “seana-scéim” scéim de sna scéimeanna atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun fóirithin na mbocht i gContae do riara:

cialluíonn an focal “Seana-scéim Chontae” oiread de sheanascéim agus bhaineann le fóirithin na mbocht agus ná fuil contrárdha d'aon cheann d'fhorálacha an Achta so.

Gníomhú Seana-Scéimeanna Contae

2. —(1) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis déanfar fóirithin na mbocht i gContae le n-a mbaineann Seana-scéim Chontae do riara fén Seana-scéim Chontae agus dá réir, agus tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae sin do bheith atharuithe agus dineann so é d'atharú, agus ar an slí sin agus sa mhéid sin is gá chun an tSeana-scéim Chontae sin do chur i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht.

(2) An tSeana-scéim Chontae a bhaineann le Contae a hainmnítear sa Chéad Cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so tuigfar i do theacht i ngníomh ar an dáta a luaidhtear sa Dara Colún den Dara Sceideal san os coinne ainm na Contae sin agus na leasuithe a dineadh (má dineadh iad) ar an Seanascéim Chontae sin tuigfar iad do theacht i ngníomh ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa Tríú Colún den Dara Sceideal san os coinne ainm na Contae sin.

(3) On dáta agus d'éis an dáta ar a dtuigtar leis an alt so aon tSeana-scéim Chontae no aon leasú ar aon Scéim den tsórt san do theacht i ngníomh, tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbaineann an Scéim sin tuigfar é do bheith atharuithe ar an slí sin agus sa mhéid sin ba ghá chun an Scéim no an leasú san, pe'ca aca san é, do chur i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht.

(4) Gach gníomh, ní agus rud a dineadh no a fágadh gan déanamh fé Sheana-scéim Chontae, no dá réir, aon uair tar éis an Scéim sin do theacht i ngníomh agus roimh rith an Achta so, agus a bhain le fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbaineann an Scéim sin tuigfar gur go dleathach a dineadh iad no a fágadh iad gan déanamh (pe'ca aca san é) fén dlí mar a hatharuíodh é do réir an fho-ailt deireannaigh sin.

(5) Aon fhoráil atá in aon tSeana-scéim agus a bhaineann le héinní seachas fóirithin na mbocht no atá contrárdha d'aon fhoráil den Acht so beidh sí agus tuigfar go raibh sí riamh gan brí gan éifeacht: Ach chun crícheanna an Achta so tuigfar Otharlann Chontae do bheith ina fúndúireacht chun fóirithin na mbocht.

(6) Aon ghníomh a dineadh roimh rith an Achta so agus do bheadh dleathach mara mbeadh gur ritheadh an t-Acht so ní bheidh sé nea-dhleathach de bhárr oibriú éinní dá bhfuil san alt so.

Féadfaidh Comhairle Chontae Scéim d'ullamhú i gcóir áite ná fuil aon tSeana-scéim ann.

3. —(1) Féadfaidh Comhairle aon Chontae i Saorstát Éireann ná beidh aon tSeana-scéim Chontae ag baint léi, féadfa sí scéim d'ullamhú do réir forálacha an Achta so chun fóirithin ar na boicht sa Chontae sin, agus féadfa sí an scéim sin do leaga fé bhráid an Aire nuair a bheidh sí ullamh aici.

(2) Le toil an Aire féadfidh Comhairle aon Chontae-Bhuirge agus Comhairle aon Chontae ata teoranta leis an gContae-Bhuirg sin, in ionad scéimeanna fé leith d'ullamhú fén alt so féadfid cóscéim d'ullamhú chun fóirithin ar na boicht sa Chontae-Bhuirg agus sa Chontae sin agus an chó-scéim sin do leaga fé bhráid an Aire agus, chun crícheanna an Achta so, nuair a bheidh gach có-scéim den tsórt san daingnithe go cuibhe ag an Aire fén Acht so, is Scéim Chontae í agus is aon Chontae amháin an Chontae-Bhuirg agus an Chontae sin.

An t-Aire do dhaingniú Scéimeanna.

4. —(1) Déanfidh an t-Aire gach scéim dá leagfar fé n-a bhráid fén Acht so—

(a) do dhaingniú gan í d'atharú, no

(b) do dhaingniú tar éis í d'atharú agus baint uaithi agus cur léi fé mar is dó leis is gá, no

(c) d'oba ar fad.

(2) Mí ar a luíod roimh dhaingniú aon Scéime dá leagfar fé n-a bhráid fén Acht so (pe'ca atharóidh sé í no ná hatharóidh), foillseoidh an t-Aire, i dhá bpáipéar nuachta a léightear sa Chontae le n-a mbainfidh an Scéim sin, fógra go bhfuil sé chun an scéim do dhaingniú agus go bhfuil no ná fuil sé chun í d'atharú san am gcéanna, agus le n-a linn sin cuirfe sé cóip den Scéim sin ag triall ar Rúnaí Comhairle na Contae sin agus ar Chléireach gach Comhairle Tuath-Cheanntair no Baile-Cheanntair sa Chontae sin maraon le gach atharú atá (má tá) ar aigne ag an Aire a dhéanamh uirri, agus ar gach tráth réasúnta i rith an mhí sin leigfidh an Rúnaí agus na Cléirigh sin fé seach d'aon duine an chóip sin d'iniúcha agus do chóipeáil in oifig na Comhairle Contae no Tuath-Cheanntair no Baile-Cheanntair, pe'ca aca san é.

(3) Gach scéim a leagfar fé bhráid an Aire fén Acht so agus a dhaingneoidh an t-Aire (pe'ca atharóidh sé í no ná hatharóidh) tiocfa sí i ngníomh an lá a daingneofar amhlaidh í agus beidh sí ina Scéim Chontae do réir brí an Achta so agus ón dáta san agus dá éis déanfar fóirithin na mbocht sa Chontae le n-a mbainfidh an scéim sin do riara fén scéim sin agus dá réir, agus tuigfar an dlí i dtaobh fóirithin na mbocht sa Chontae sin do bheith atharuithe ar chuma do thabharfadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht don scéim sin.

(4) Déanfar gach scéim a dhaingneoidh an t-Aire fén alt so do leaga i láthair gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a daingnithe, agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an scéim sin do chur ar neambrí, beidh an scéim sin gan brí dá réir, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén scéim sin.

Comhacht chun Scéimeanna Contae d'atharú.

5. —(1) Féadfidh an t-Aire, le hórdú a dhéanfa sé fén alt so, aon Scéim Chontae d o leasú no d'atharú ó am go ham tar éis í do theacht i ngníomh, ar aon tslí is dó leis is gá, agus tiocfidh gach leasú no atharú den tsórt san i ngníomh ó pé dáta a órdóidh an t-Aire leis an ordú san.

(2) Sara ndéanfa sé leasú no atharú ar bith ar aon Sceim Chontae fén alt so tabharfidh an t-Aire do Chomhairle na Contae le n-a mbaineann an scéim sin, fógra mí roimh ré go bhfuil sé chun an leasú no an t-atharú san do dhéanamh agus cuirfe sé i bhfáth aon aithris chúise a dhéanfaidh an Chomhairle sin laistigh den mhí sin i dtaobh an leasuithe no an atharuithe sin ach ní bheidh ar an Aire gniomhú as aon aithris den tsórt san ná déanamh dá réir.

(3) Gach Ordú dá ndéanfidh an t-Aire fén alt so leagfar é i láthair gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar neambrí beidh an t-Ordú san gan brí dá réir ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén Ordú san.

(4) Baineann an t-alt so le Seana-scéimeanna Contae chó maith le Scéimeanna Contae a leagfar fé bhráid agus a daingneofar fén Acht so.

Buaine na Scéimeanna Contae.

6. —Leanfidh gach Scéim Chontae i ngníomh go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ragha sí in éag ansan.

Féadfaidh Scéimeanna Contae deire do chur le Búird, Coistí, & c

7. —(1) Féadfaidh Scéim Chontae a fhoráil go gcuirfear deire le haon Bhórd um Chaomhna na mBocht, Coiste Ospidéil Chontae, Coiste Otharlainne Contae no aon chólucht eile dá bhfuil sa Chontae le n-a mbainfidh an Scéim Chontae agus é ag feidhmiú feidhmeanna a bhaineann le fóirithin na mbocht sa Chontae sin, agus a fhoráil, leis, na comhachtanna agus na dualgaisí uile, i dtaobh fóirithin na mbocht, a bhaineann leis an gcólucht no leis na cóluchtaí 'na gcuirfar deire leo leis an Scéim, d'aistriú chun Comhairle na Contae le n-a mbainfidh an Scéim, no chun Coiste a bhunóidh an Chomhairle sin, in' aonar no i bpáirtíocht le Comhairlí na dTuath-Cheanntar agus na mBaile-Cheanntar laistigh den Chontae: Ach i gcás cuid de líomatáiste feidhmiúcháin aon Bhúird, Coiste no cóluchta eile den tsórt san do bheith lasmuich den Chontae le n-a mbainfidh an Scéim, ní cuirfar deire leis an mBórd, Coiste no cólucht eile sin fén Alt so ach sa mhéid go raibh sé ag feidhmiú feidhmeanna laistigh den Chontae sin.

(2) Nuair a déanfar fé Scéim Chontae deire do chur le haon Bhórd, Coiste no cólucht eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deireannach san, ansan, agus i ngach cás den tsórt san, ar an dáta agus tar éis an dáta ar a dtiocfidh no ar a dtuigfar a tháinig an Scéim Chontae sin i ngníomh:—

(a) tiocfidh maoin uile an Bhúird, an Choiste, no an chóluchta eile sin i seilbh agus i ndílse agus i gcimeád ar iontaoibh do Chomhairle na Contae le n-a mbaineann an Scéim Chontae sin fé mhuirear na bhfiacha agus na bhfiachaisí uile a bhaineann leis an maoin sin agus sealbhóidh an Chomhairle sin an mhaoin sin i gcóir an estáit, an leasa agus na gcrícheanna gcéanna san agus fé sna connartha, na coiníollacha agus na teoranna céanna san gur ina gcóir agus fútha ba chóir an mhaoin sin do shealbhú do réir dlí fén Scéim Chontae sin no ar aon tslí eile,

(b) iompóidh, agus beidh, fiacha agus fiachaisí uile an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin ina bhfiacha agus ina bhfiachaisí ar an gComhairle Chontae sin agus gan dochar d'fhorálacha an Achta so agus na Scéime Contae sin íocfidh an Chomhairle sin iad as an sórt céanna maoine agus cistí as a n-íocfí na fiacha agus na fiachaisí sin dá mba ná rithfí an t-Acht so: Ach i gcás cuid de líomatáiste feidhmiúcháin an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin do bheith lasmuich den Chontae le n-a mbaineann an Scéim Chontae, ní thiocfidh i seilbh do Chomhairle na Contae sin fén bhfo-alt so ná ná ní íocfa sí fén bhfo-alt so, ach oiread agus órdóidh an t-Aire de mhaoin, d'fhiacha agus d'fhiachaisí an Bhúird, an Choiste no an chóluchta eile sin.

(3) Má aistrítear chun Comhairle aon Chontae no má gheibheann sí, fén alt so, aon tailte no foirgintí beidh lán-chomhacht ag an gComhairle sin, gan dochar d'fhorálacha na Scéime Contae, gach ceann no aon cheann d'aon tailte no foirgintí den tsórt san do bhainistí, d'atharú agus do mhéadú agus, le cead an Aire (agus ní dá éamuis), an céanna do dhíol, do chur fé léas no d'aistriú ar aon tslí eile agus féadfidh an t-Aire aon choiníollacha is oiriúnach leis do chur i ndeonú a cheada chun an díolacháin, an cur fé léas no an t-aistriú san do dhéanamh agus orra san áirítear coiníollacha i dtaobh cad a déanfar le sochar an díolacháin, an churtha fé léas no an aistrithe sin.

Féadfidh an t-Aire tailte agus foirgintí d'aistriú.

8. —Féadfidh an t-Aire díol no cur fé léas no aistriú ar aon tslí eile do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de thailte no d'fhoirgintí ar bith atá no a bheidh aon uair ina ndílse ar iontaoibh aige d'aon chólucht 'nar cuireadh deire leis le haon Scéim Chontae, agus beidh sochar an díolacháin no an churtha fé léas no an aistrithe sin i gcimeád ar iontaoibh ag an Aire chun aon chríche chun a bhféadfí an talamh no na foirgintí sin d'úsáid no do chur do réir dlí fén Scéim Chontae sin no ar aon tslí eile.

Conus a có-líonfar dualgaisí a bhaineann le gearra na bolgaí.

9. —Nuair a dhéanfidh aon Scéim Chontae deire do chur le Bórd Caomhnóirí aon Aontais, aistreofar na comhachtanna do bhí ag an mBórd Caomhnóirí sin agus na dualgaisí do bhí air, fé sna hAchtanna um Ghearra na Bolgaí (Éirinn), in aon Chontae-Bhuirge no Baile-Cheanntar no Tuath-Cheanntar atá ina chuid den Aontas san, aistreofar iad chun Comhairle na Contae-Bhuirge no an Bhaile-Cheanntair no an Tuath-Cheanntair sin.

Deire le coscanna ar fhóirithin allamuich

10. —Gan dochar d'aon rialacháin a dhéanfidh an t-Aire ina thaobh, féadfar fóirithin allamuich do dheonú d'einne is díol fóirithine i gContae le n-a mbaineann Scéim Chontae, in ainneoin éinní in aon achtachán ná leigeann fóirithin do dheonú ach d'aicmí áirithe daoine agus tuigfar feidhm do bheith ag an bhforáil seo in aon Chontae den tsórt san ó dháta na Scéimeanna Contae sin do theacht i ngníomh agus dá éis sin.

Aois-liúntaisí d'oifigigh 'na gcuirfar deire le n-a n-oifigí.

11. —(1) Gach oifigeach fé údarás áitiúil 'na gcuirfar deire len oifig fé aon Scéim Chontae, no dá réir, beidh aige i dtaobh aoisliúntais, in ainneoin éinní dá mbeidh sa Scéim Chontae ach gan dochar d'fhorálacha an ailt seo, na cirt chéanna do bheadh aige dá gcuirfí as a oifig é, roimh rith an Achta so, ar chúis éigin seachas mí-iompar no mí-chumas, agus ní bheidh brí ná éifeacht in aon fhoráil dá mbeidh in aon Scéim Chontae agus a chiallóidh na cirt sin do mhéadú no do luíodú: Ach má dintear, laistigh de ráithe tar éis deire do bheith len' oifig, aon oifigeach den tsórt san do cheapa chun oifige inphinseanála fén Scéim Chontae sin agus nách lú tuarastal agus sochar na hoifige sin ná tuarastal agus sochar na hoifige do bhí aige cheana, ní bheidh teideal aige chun na gceart a tugtar leis an bhfo-alt so i dtaobh aois-liúntais, ach chun crícheanna pinsin, beidh teideal aige chun tréimhse a sheirbhíse fén údarás áitiúil do chur leis an seirbhís a thabharfa sé ina dhiaidh sin fén Scéim Chontae no ar aon tslí eile.

(2) I gcás deire do chur le haon Bhórd Caomhnóirí fé aon Scéim Chontae, no dá réir, agus có-oifig do bheith ar seilbh ag éinne roimhe sin mar Chléireach don Bhórd Caomhnóirí sin agus mar Chléireach do Chomhairle Thuath-Cheanntair, no mar Oifigeach Fóirithine do Bhórd Caomhnóirí agus mar Fho-oifigeach Sláintíochta do Chomhairle Thuath-Cheanntair, agus an chó-oifig sin do bheith inphinseanála láithreach roimh dheire do chur leis an mBórd Caomhnóirí sin, tuigfar gurb oifig inphinseanála oifig an Chléirigh don Chomhairle Thuath-Cheanntair sin no oifig an Fho-oifigigh Shláintíochta don Chomhairle Thuath-Cheanntair sin (pe'ca aca san é) faid a bheidh an céanna ar seilbh ag an duine sin bíodh ná beidh an duine sin ag tabhairt a chuid aimsire go léir do sheirbhís na Comhairle sin: Ach i gcás aon oifigeach do Bhórd Caomhnóirí do bheith in'oifigeach do Chomhairle Thuath-Cheanntair, leis, sa chás san, ar chríochnú na hoifige sin aige fén mBórd Caomhnóirí, beidh teideal aige chun imeacht as oifig, mar oifigeach fén gComhairle Thuath-Cheanntair, ar na téarmaí céanna do gheobhadh sé dá gcuirfí deire len' oifig.

(3) I gcás Scéim no Scéimeanna Contae do chur deire le Bórd Caomhnóirí aon Aontais atá ag dul isteach i dhá gcontae no níos mó, íocfar pinsin oifigeacha inphinseanála an Aontais sin ag Comhairle na Contae ina raibh an Tigh Oibre ba leis an Aontas san, agus beidh sé de theideal ag Comhairle na Contae sin pé méid den phinsean san is iníoctha ag Comhairle aon chontae eile ina raibh an t-Aontas san ag dul isteach ann d'fháil ó Chomhairle na contae eile sin.

(4) In aon chás inar dineadh, roimh rith an Achta so, agus fé alt 8 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919, liúntas do dheonú d'oifigeach mar gheall ar é do chur as oifig fé aon Scéim Chontae, no dá réir, féadfidh Comhairle na Contae chun ar aistríodh fén Acht so an fiachas a bhaineann leis an liúntas san d'íoc leis an oifigeach san, féadfid, más oiriúnach leo é, laistigh de ráithe ó am rithte an Achta so, a fhógairt don oifigeach san agus don Aire gur mian leo ceart an oifigigh sin chun an liúntais sin, no méid an liúntais sin, do chur in imreasán, agus leis sin tuigfar cás imreasáin do réir brí an Ailt 8 san do bheith éirithe, agus tabharfidh an t-Aire breith ar an gceart chun an liúntais sin agus ar mhéid an liúntais sin do réir forálacha an Achta um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919.

D'ainneoin breith ón Aire fén bhfo-alt so do nea-luáil ceart do bheith ag aon oifigeach áirithe den tsórt san chun an liúntais sin, no d'atharú méid an liúntais sin, beidh an t-oifigeach san i dteideal an liúntas d'fháil agus d'íoc leis suas go dtí dáta na breithe sin ar an ráta ar ar deonadh an céanna fén Alt 8 san.

(5) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis, ní dheonfidh údarás áitiúil d'aon oifigeach, fé fhorálacha Ailt 8 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1919, gan cead ón Aire, aon liúntas is mó ná an liúntas a háireofí do réir an scála a foráltar leis na hAchtanna Aois-liúntais, 1834 go dtí 1892 agus leis na rialacha fútha.

(6) I gcás oifig inphinseanála do bheith ar seilbh ag aon oifigeach fé Údarás Áitiúil:

(a) agus é do chur as a oifig le haon Scéim Chontae, no dá réir; no

(b) tar éis rithte an Achta so, é do chur as a oifig ar chúis éigin eile seachas mí-iompar no mí-chumas; no

(c) tar éis rithte an Achta so, é d'éirghe as a oifig le cead an Aire—

agus é do bheith ar fostú í bhfeadhmannas diombuan ag an Údarás Áitiúil nuair a ceapadh chun na hoifige inphinseanála san é, áireofar mar sheirbhís in oifig inphinseanála, chun críche aon achtacháin i dtaobh aois-liúntas oifigeacha Údaráis Áitiúla, oiread de sheirbhís diombuan an oifigigh sin agus órdóidh an t-Aire, má orduíonn sé aon chuid dí d'áireamh amhlaidh.

Comhacht chun Údarás Áitiúil do scur.

12. —(1) Féadfidh an t-Aire, a órdú uair ar bith, más oiriúnach leis é, Fiosrúchán Áitiúil do dhéanamh i dtaobh an chuma ina gcó-líonann aon Údarás Áitiúil a dhualgaisí agus bainfidh le gach Fiosrúchán Áitiúil den tsórt san Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Rialtas Áitiúil (Achtacháin do chur i mbaint), 1898.

(2) I gcás

(a) an t-Aire do bheith deimhnitheach tar éis Fiosrúchán Áitiúil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deireannach san do bheith déanta ná fuil dualgaisí Údaráis Áitiúla á gcó-líona go cuibhe agus go héifeachtúil ag an Údarás Áitiúil sin, no

(b) Údarás Áitiúil do thabhairt faillí go toiliúil in aon ordú, treoir no rialachán dleathach ón Aire do chó-líona, no

(c) Údarás Áitiúil d'fhágaint aon bhreithe, ordú no aithne ó aon Chúirt i Saorstát Éireann gan có-líona

féadfidh an t-Aire, le hOrdú, an t-Údarás Áitiúil sin do scur, agus (de bhuadh na comhachta a bronntar ina dhiaidh seo anso air) féadfa sé toghachán nua d'ordú chun daoine do thogha mar bhaill den Údarás Áitiúil sin no maoin agus comhachtanna agus dualgaisí uile an Údaráis Áitiúla san d'aistriú chun aon chóluchta no chun aon daoine no duine is oiriúnach leis.

(3) Pé uair a dhéanfidh an t-Aire Ordú fén bhfo-alt deireannach san chun Údarás Áitiúil do scur féadfa sé pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapa chun dualgaisí an Údaráis Áitiúla san do chó-líona agus féadfa sé ó am go ham gach duine no aon duine den tsórt san do chur chun siúil agus daoine eile do cheapa ina n-ionad agus féadfa sé sealbhuíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san do shocrú.

(4) Déanfar luach saothair gach duine a ceapfar fén bhfo-alt deireannach san d'íoc as Ioncum an Údaráis Áitiúla san mar chuid de chostaisí an Údaráis Áitiúla san.

(5) Aon uair tar éis Údarás Áitiúil do scur fén alt so féadfidh an t-Aire, le hOrdú, toghachán nua do chur ar siúl chun daoine do thogha mar bhaill den Údarás Áitiúil sin, agus ar chríochnú an toghacháin sin beidh dílsithe sa chólucht a toghfar amhlaidh maoin agus comhachtanna agus dualgaisí uile an Údaráis Áitiúla scurtha, bíodh gur dhin an t-Aire fén alt so an céanna d'aistriú chun aon chóluchta, daoine no duine eile.

(6) Féadfidh an t-Aire, le hOrdú, ó am go ham, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dó leis is gá do dhéanamh chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon Ordú a dhéanfa sé fén alt so.

Leasú ar altanna 3 agus 6 de 11 & 12 Geo. V. c. 67.

13. —Déanfar fo-alt 3 d'Alt 3 (a údaruíonn d'Udarásanna Áitiúla iasachtaí d'fháil ar ghearra-théarma) agus Alt 6 (a dhineann leathanú, i gcásanna áirithe, ar chomhacht Udarásanna Áitiúla chun iasachtaí d'fháil) den Acht um Udarásanna Áitiúla (Forálacha Airgid), 1921 (11 & 12 Geo. V., c. 67), do leasú tríd na focail “an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, Naoi gCéad Déag a Ceathair Fichead” do chur in ionad na bhfocal “an chéad lá d'Abrán, Naoi gCéad Déag a Trí Fichead” i ngach áit ina bhfachtar na focail sin.

Ni fhéadfidh ball d'Údarás Áitiúil bheith ar fostú ag an Údarás san ná ag aon Údarás Áitiúil eile.

14. —(1) Ní shealbhóidh aon duine aon oifig shochair fé aon Údarás Áitiúil ná ní bheidh sé ar fostú ar luach saothair ag an Údarás Áitiúil sin ná fé, ón aimsir agus tar éis na haimsire is túisce 'na ndéanfar, tar éis rithte an Achta so, na baill do thogha no do cheapa chun an Údaráis Áitiúla san, faid a bheidh sé, no laistigh de shé mhí tar éis é do scur de bheith, ina bhall den Údarás Áitiúil sin no d'aon Údarás Áitiúil eile go bhfuil, no go luíonn, a líomatáiste feidhmiúcháin san aon chontae le líomatáiste feidhmiúcháin an Údaráis Áitiúla san, no sa chontae chéanna gur laistigh di a luíoun an líomatáiste sin, no, mara ndéanfa sé roimhe sin cead an Aire d'iarraidh agus d'fháil, in aon Chontae atá teoranta leis an gContae sin.

(2) Aon bhall d'Údarás Áitiúil go n-déanfar, le heirghe as no ar aon tslí eile, a bhallraíocht do chríochnú an chéad uair a déanfar no sara ndéanfar na baill do thogha no do cheapa chun an Údaráis Áitiúla san tar éis rithe an Achta so, tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, gur scuir an ball san de bheith ina bhall den Údarás Áitiúil sin ar dháta a tháinig sé mhí roimh dháta an toghacháin sin.

Comhachtanna os cionn daoine ar fostú ag Udarásanna Áitiúla.

15. (1) Beidh ag an Aire, i dtaobh na ndaoine go léir atá anois no a bheidh ina dhiaidh seo ar fostú ag aon Údarás Áitiúil in aon oifig no in aon fhostuíocht le n-a mbaineann an t-alt so, agus i dtaobh cuntaisí na ndaoine sin, na comhachtanna céanna san uile atá aige anois do réir dlí maidir le hoifigigh do Bhúird Chaomhnóirí d'Aontaisí fé Dhlí na mBocht agus maidir le cuntaisí na n-oifigeach san fé seach.

(2) Bainfidh an t-Alt so leis na hoifigí agus na fostuíochta san adéarfidh an t-Aire ó am go ham le hOrdú.

Comhacht do Chomhairlí chun airgead do sholáthar i gcóir teagaisc sa Ghaedhilg.

16. —(1) I dteannta aon chomhachta eile dá bhfuil cheana aici, féadfidh Comhairle aon Chontae no aon Bhaile-Cheanntair, sa bhliain airgid áitiúil dár críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ar an gcuma a foráltar le hAlt 19 den Acht um Thalamhuíocht agus Teagasc Teigní (Éirinn), 1899, suim do sholáthar a bheidh có-mhéid le ráta pingine fén bpúnt ar an luach ionrátuithe a luaidhtear san Alt san.

(2) Déanfar gach airgead a sholáthrófar fén Alt so do chur chun teagasc sa Ghaedhilg do sholáthar sa chontae no sa bhailecheanntar.

(3) Ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt leis an Alt so, bainfidh forálacha uile an Achta san le gach airgead a soláthrófar fén Alt so.

(4) Aon airgead a dhin Comhairle aon Chontae no aon Bhaile-Cheanntair do sholáthar agus do chaitheamh roimh rith an Achta so, chun teagasc sa Ghaedhilg do sholáthar sa Chontae no sa Bhaile-Cheanntar, tuigfar gur soláthruíodh agus gur caitheadh go dleathach é.

Comhacht do Chomhairlí Contae chun duais-dheontaisí, & c., do dheonú.

17. —(1) Féadfidh Comhairle aon Chontae no aon Chontae-Bhuirge, le duais-dheontaisí, scoláireachtaí, sparántaisí, íoc táillí no aon rud eile, cabhrú le haon mhic léighinn no le haon daoine ar intinn bheith ina mic léighinn, ar aon scoil mholta i Saorstát Éireann, má táid ina ngnáth-chomhnaí sa Chontae no sa Bhuirg sin agus má bhíonn an Chomhairle sásta go bhféadfid siad tairbhe do bhaint as an dteagasc sa scoil sin agus go bhfuil gá aca le cabhair, agus má rithid siad pé tástála ábaltachta a leagfar amach do réir an Ailt seo.

(2) Isé saghas scoile scoil mholta ná aon scoil chomhnathóireachta no nea-chomhnathóireachta a bheidh molta le hOrdú ó Aire an Oideachais agus ina mbeidh meadhon-oideachas á thabhairt no teagasc no tréineáil i dtalamhuíocht, foraoiseacht, trádáil, ceannaíocht, tigheas, múinteoireacht, no aon abhar eile a bhaineann le gairm beatha.

(3) Na tástála ábaltachta a bheidh le rith ag mic léighinn fén Alt so leagfar amach iad i scéim a dhéanfidh Comhairle na Contae no na Contae-Bhuirge a chur i bhfuirm chun crícheanna an Ailt seo do réir rialacha a dhéanfidh Aire an Oideachais, agus ní bheidh feidhm ag aon scéim den tsórt san mara ndéanfidh agus dtí go ndéanfidh Aire an Oideachais í do mhola.

(4) Aon chostaisí fé n-a raghaidh Comhairle Chontae no Chontae-Bhuirge fén Alt so íocfar iad, i gcás Comhairle Chontae mar mhuirear ar an gcontae iomlán agus i gcás Comhairle Chontae-Bhuirge mar chostaisí fé n-a ndeaghaidh Comhairle na Buirge i bhfeidhmiú na n-Achtanna um Shláinte Phuiblí (Éirinn), 1878 go dtí 1919, ach an méid a sholáthróidh an Chomhairle sin aon bhliain chun crícheanna an Ailt seo ní bheidh sé thar an méid do thiocfadh as ráta 1d. fén bpúnt no as aon ráta níos aoirde a shocróidh an Chomhairle le cead an Aire.

(5) Aon airgead a dhin Chomhairle aon Chontae no Bhaile-Cheanntair a sholáthar agus a chaitheamh chun crícheanna an Ailt seo roimh rith an Achta so, tuigfar gur caitheadh go dleathach é.

Aisiocfidh na hUdarásanna Áitiúla na suimeanna a luaidhtear sa Tríú Sceideal.

18. —(1) Na suimeanna airgid uile a luaidhtear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a roimh-íocadh leis na hUdarásanna Áitiúla fé seach ar na dátaí fé seach a luaidhtear sa dara colún agus sa tríú colún fé seach den Tríú Sceideal san os coinne na suimeanna san fé seach, faisnítear leis seo iad do bheith ionaisioctha isteach i Stát-Chiste Shaorstáit Éireann, ar no roimh na dátaí sin fé seach a luaidhtear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal san os coinne na suimeanna san, ag na hUdarásanna Áitiúla fé seach le n-ar roimh-íocadh na suimeanna san fé seach mar adubhradh.

(2) Na híocaíochta a déanfar in aisioc na suimeanna uile roimh-ráite do réir an fho-ailt roimhe seo beid dleathach agus éifeachtach chun gach críche (agus iniúcha cuntaisí an Údaráis Áitiúla d'áireamh).

Iocaíochta éifeachtacha íocaíochta an Cheathrú Sceidil.

19. —An íocaíocht ar na suimeanna airgid a luaidhtear sa chéad cholún den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh ag na hUdarásanna Áitiúla fé seach ar na dátaí fé seach agus leis na daoine fé seach a luaidhtear fé seach sa dara, sa tríú agus sa cheathrú cholún den Cheathrú Sceideal san, faisnítear leis seo go bhfuilid agus go rabhadar riamh ina n-íocaíochta éifeachtacha agus dleathacha chun gach críche (agus iniúcha cúntaisí an Údaráis Áitiúla d'áireamh).

Orduithe a fhéadfidh an t-Aire a dhéanamh.

20. —Féadfidh an t-Aire, le hOrdú, éinní de sna nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(1) aon tsean-achtachán a bhaineann le Comhairlí Contae no Ceanntair no le Búird Chaomhnóirí do chur i mbaint le haon chólucht puiblí a bunófar fén Acht so nó dá réir no fé aon Scéim Chontae no dá réir, ach pé atharuithe is riachtanach, dar leis, do dhéanamh ar an sean-achtachán san ar dtúis.

(2) pé oiriúnithe is gá no is oiriúnach, dar leis, chun an t-Acht so no na Scéimeanna Contae a déanfar fé do chur in éifeacht, na hoiriúnithe sin do dhéanamh ar aon tsean-achtachán a bhaineann le héinní le n-a ndeighleálann no le n-a mbaineann an t-Acht so.

(3) rialacha do dhéanamh chun an t-Acht so no na Scéimeanna Contae a déanfar fé do chur in éifeacht agus go sonnrách chun rialú do dhéanamh—

(i.) ar mheas agus soláthar costaisí riaracháin Scéime Contae;

(ii.) ar chuntasaí, ar iniúchóireacht, agus ar mheastacháin bhliantúla aon chóluchta puiblí a bunófar le Scéim Chontae;

(iii.) ar aistriú maoine agus fiachaisí aon chóluchta puiblí 'na gcuirfar deire leis fén Acht so;

(iv.) ar aon cheartú cearta, dualgaisí agus fiachaisí nuair is gá an ceartú san fén Acht so;

(v.) go genearálta chun an t-Acht so do chur in éifeacht.

(4) Gach Ordú a dhéanfidh an t-Aire fén Alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann gach Tigh den Oireachtas, laistigh den la is fiche a shuidhfidh aon Tigh den dá Thigh díobh ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-Ordú san do nea-mbríochaint, beidh an t-Ordú san ar nea-mbrí dá réir, ach ní lú-de éifeacht éinní a déanfar roimhe sin fén Ordú san é.

Mínithe.

21. —San Acht so mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile:—

Foluíonn an abairt “Údarás Áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge comhairle bhaile-cheanntair, comhairle thuath-cheanntair, bórd caomhnóirí, baile-choimisinéirí aon bhaile, agus aon chólucht puiblí eile a bunófar le haon Scéim Chontae chun aon cheann d'fheidhmeanna na gcóluchtaí sin tuas d'fheidhmiú agus aon choiste no có-choiste le haon údarás díobh san adubhradh.

Cialluíonn an focal “Aire”—

(i.) maidir le haon ghníomh, rud no ní dar dineadh no dar fágadh gan déanamh roimh rith an Achta so, éinne de sna daoine seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an t-Aire um Rialtas Áitiúil;

(b) an t-Aire um Rialtas Áitiúil de Rialtas Sealadach Shaorstáit Éireann a bhí ann le déanaí;

(c) an té do bhí de thuras na huaire ag feidhmiú feidhmeanna an Aire um Rialtas Áitiúil fé údarás Dháil Éireann roimh bunú an Rialtais tSealadaigh roimh-ráite.

agus (ii.) maidir le haon ghníomh, rud no ní a déanfar tar éis rith an Achta so, an t-Aire um Rialtas Áitiúil.

Foluíonn an focal “Contae” Contae-Bhuirg, agus foluíonn an abairt “Comhairle Chontae” Comhairle Chontae-Bhuirge.

Foluíonn an focal “achtachán” orduithe, rialacha agus rialacháin agus achtanna áitiúla chó maith le hachtanna puiblí genearálta.

Cialluíonn an focal “sean-achtacháin” achtacháin i bhfeidhm i Saorstát Éireann ar dháta rithte an Achta so.

Gearr-Theideal agus Buaine.

22. —(1) Féadfar an t-Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an t-Acht so i bhfeidhm suas go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus ragha sé in éag ansan.