|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 14. | ||
| [EN] |
ACHT UM THUARASTAL AGUS THEAGHLACHAS AN tSEANASCAIL, 1923. | |
ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN TUARASTAL SEANASCAIL SHAORSTÁIT ÉIREANN D'ÍOC AGUS CHUN A THIGH COMHNUITHE AGUS A THEAGHLACHAS OIFIGIÚIL DO CHOINNEÁIL SUAS DO RÉIR BUN-REACHTA SHAORSTÁIT ÉIREANN. | ||
[10adh Bealtaine, 1923.] |
DE BHRÍ go bhfuil beartuithe ag Dáil Éireann le rún agus go bhfuil forálta aca le hAirtiogal 60 de Bhun-reacht Shaorstáit Éireann go mbeidh tuarastal Seanascail Shaorstáit Éireann ar có-mhéid leis an dtuarastal a bhí iníoctha le Seanascal na hAstráile le linn don Bhun-reacht roimh-ráite do theacht i bhfeidhm agus go gcuirfear de mhuirear é ar chiste phuiblí Shaorstáit Éireann: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartuithe le rún ag Dáil Éireann, leis, agus go bhfuil forálta aca le hAirtiogal 60 san go ndéanfar soláthar oiriúnach as an gciste puiblí roimh-ráite chun tigh comhnuithe agus teaghlachas oifigiúil Sheanascail Shaorstáit Éireann do choinneáil suas: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach socrú speisialta do dhéanamh chun go n-íocfaí as an gciste puiblí roimh-ráite do réir Airtiogail 60 sin, tuarastal Seanascail Shaorstáit Éireann agus costas a thigh comhnuithe agus a theaghlachas oifigiúil do choinneáil suas: | ||
AGUS DE BHRÍ gurb é méid an tuarastail a bhí iníoctha le Seanascal na hAstráile le linn do Bhun-reacht Shaorstáit Éireann teacht i bhfeidhm ná £10,000 sa mbliain: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Íocfar £10,000 sa mbliain leis an Seanascal. |
1. —Déanfar ón séú lá de mhí na Nodlag, 1922, suim dheich míle púnt sa mbliain do chur mar mhuirear ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no a thora fáis agus d'íoc as in íocaíochtanna co-ionannacha ráithiúla mar thuarastal don té a bheidh ina Sheanascal de Shaorstát Éireann de thuras na huaire faid a bheidh gach Seanascal den tsórt san i seilbh na hoifige sin. |
| [EN] |
Tigh comhnuithe agus teaghlachas oifigiúil do choinneáil suas. |
2. —Íocfaidh an t-Aire Airgid as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas pé suim bhliantúil no suim eile no pé suimeanna bliantúla no suimeanna eile a chinnfidh an t-Aire Airgid ó am go ham a bheith 'na soláthar oiriúnach chun tigh comhnuithe agus teaghlachas oifigiúil Sheanascail Shaorstáit Éireann do choinneáil suas ón 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922. |
| [EN] |
Gearr-Theideal. |
3. —Féadfar an t-Acht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923 , do ghairm den Acht so. |