17 1923

Uimhir 17.


ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTÍS, 1923.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTÍS, 1920 GO 1922. [11adh Meitheamh, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Miniú ar thagartha do shean-Achtanna.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1920;

cialluíonn an abairt “Acht a 2 de 1921” an tAcht um Arachas Díomhaointis (Uimh. 2), 1921; agus

cialluíonn an abairt “Acht 1922” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1922.

Deire na ceathrú tréimhse speisialta.

2. —(1) Ath-ghairmtear leis seo oiread d'fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht, 1922, agus fhorálann an ceathrú tréimhse speisialta a bunuíodh leis an bhfo-alt san do bheith istigh an 1adh lá d'Iúl, 1923.

(2) Beidh an ceathrú tréimhse speisialta san istigh—

(a) an 16adh lá de Bhealtaine, 1923, do gach duine go mbeidh fachta aige ar an dáta san, no roimhe, iomlán an tsochair a údaruítear a íoc leis sa cheathrú tréimhse speisialta;

(b) an 6adh lá de Mheitheamh, 1923, do gach duine a gheobhaidh, tar éis an 16adh lá de Bhealtaine, 1923, agus ar an 6adh lá de Mheitheamh, 1923, no roimhe, iomlán an tsochair a údaruítear a íoc leis i rith na ceathrú tréimhse speisialta;

(c) an 1adh lá d'Iúl, 1923, do gach éinne eile.

(3) Bainfidh Alt 11 den Phríomh-Acht le gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca tá an ceathrú tréimhse speisialta istigh, no ná fuil, in aon chás áirithe, agus san chó hiomlán is dá luadhfí na ceisteanna san go speisialta san alt san.

Chun méid an tsochair d'áireamh.

3. —(1) Chun a shocrú cadé an méid sochair 'na bhfuil teideal ag aon duine chuige do réir an chothruim idir shochar agus síntiúisí a socruíodh le mír a 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus ní chun aon críche eile—

(a) fágfar gan áireamh, tar éis deire na ceathrú tréimhse speisialta, aon tsochar a fuair an duine sin idir an 7adh lá de Mhí na Samhna, 1920, agus tosach an chéad bhliana sochair; agus

(b) i rith an chéad bhliana sochair áireofar gach síntiús d'uimhir iomlán na síntiúisí a íocfar thar ceann an duine sin tar éis cúig síntiúisí do bhaint as an iomlán san in aghaidh gach sochair seachtaine a fuair an duine sin roimh an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920, áireofar é do bheith có-mhéid le trí síntiúisí no le huimhir is lú ná san de shíntiúisí (nách lú ná ceann amháin) fé mar ordóidh an t-Aire o am go ham le rialacháin a déanfar chun na críche sin.

(2) Ath-ghairmtear leis seo oiread d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1922 agus tá buniscionn leis an bhfo-alt san roimhe seo.

Tosach agus deire gach bliana sochair.

4. —Sé bheidh sa chéad bhliain sochair ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis an lae ar a mbeidh deire leis an gceathrú tréimhse fén Acht so agus dar críoch an 17adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus sé bheidh sa dara bliain sochair ná an tréimhse dar tosach an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus dar críoch an 15adh lá de Dheire Fomhair, 1924, agus sé bheidh i ngach bliain sochair ina dhiaidh sin ná an tréimhse dar tosach an lá tar éis lá deiridh na bliana sochair do chuaidh roimpe agus dar críoch an Chéadaoin is goire don 16adh lá de Dheire Fomhair sa bhliain chaileandair ina dhiaidh sin.

Achtacháin áirithe do bheith gan feidhm ar feadh an chéad bhliana sochair.

5. —Beidh na hachtanna so leanas gan feidhm gan éifeacht ar feadh an chéad bhliana sochair, sé sin le rá—

(a) coiníoll (i) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht;

(b) fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht.

Leasuithe ar Sceidil a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

6. —(1) Cuirfear an mhír seo leanas in ionad mír (b) de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—

“ (b) Fostú fé chonnra den tsórt san roimhráite mar mháistir no mar dhuine den bhfuirinn ar aon luing atá cláruithe i Saorstát Éireann no ar luing no ar árthach Saorstátach no Briotáineach (nách long atá cláruithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann) gur i Saorstát Éireann atá a chomhnaí no a príomh-áit ghnótha ag á húnaer no, más le breis agus éinne amháin í, ag á húnaer bainistí no ag á bainisteoir.”

(2) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír (c) de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—

“ (c) Fostú i seirbhís mhíleata Shaorstáit Éireann.”

(3) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír 2 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—

“ 2. Ní bhfuighidh éinne sochar díomhaointis i gcóir breis agus cúig seachtainí déag i rith an chéad bhliana sochair ná ar feadh breis agus sé seachtainí fichead i rith aon bhliana sochair ina dhiaidh sin, ná i gcóir aon tréimhse is lú ná lá aon uair.”

(4) Cuirfar an mhír seo leanas in ionad mír 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:—

“ 5. Ní tuigfar tréimhse díomhaointis do thosnú go dtí an dáta a iarrfidh an síntiúsaire sochar díomhaointis ar an gcuma atá orduithe:

Ach féadfar rialacháin do dhéanamh fén Acht so a leigfidh dáta éigin is luatha ná san do chur in ionad dáta an iarratais in aon chás ina dtaisbeánfar cúis mhaith do bheith leis an moill do bhí ar an iarratas.”

Chun saighdiúiri do chimeád fé árachas.

7. —(1) Chun árachas do chimeád suas do shaighdiúirí do liostáladh ar gearra-sheirbhís agus do bhí ar gnáth-fhostú i ngnó ionárachais sara liostáladh iad íocfidh an tAire Cosanta leis an Aire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus chun creidiúna don Chiste Díomhaointis agus thar ceann gach duine le n-a mbaineann an t-alt so, pé síntiúisí is gá chun deimhin do dhéanamh de ná beidh fé bhun dhá shíntiús déag curtha chun creidiúna don duine sin in aghaidh gach bliana árachais gur le n-a linn no le linn coda dhi a bhí an duine sin mar dhuine le n-a mbaineann an t-alt so.

(2) Na suimeanna a bheidh le n' íoc gach bliain ag an Aire Cosanta leis an Aire fén alt so, déanfar amach agus íocfar iad ar pé uaire agus ar pé cuma ar a socrófar idir an Aire Cosanta agus an tAire.

(3) Bainfidh an t-alt so le gach éinne do bhí liostáltha i bhfórsaí míleata Shaorstáit Éireann ar feadh aon tréimhse nách sia ná dhá mhí dhéag no do liostáladh roimh 1adh Bealtaine, 1923, ar feadh tréimhse seirbhíse a chríochnóidh ar 1adh Bealtaine, 1924, no roimhe sin, agus 'na raibh íoctha thar a cheann, ar dháta a liostála, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, fiche síntiús aon uair no, neachtar aca, deich síntiúisí ón 8adh lá de Mhí na Samhna, 1920.

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

8. —(1) Féadfidh an tAire Airgid roimh-íoc do dhéanamh, as an bPrímh-Chiste no a thora fáis, ar aon tsuimeanna a theastóidh chun íoctha fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus chun na suimeanna a bheidh le roimh-íoc amhlaidh do sholáthar féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dó leis is ceart.

(2) Aon tsuimeanna a roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon le hús ortha (má bhíonn ann) do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid, beidh a muirear agus a n-aisíoc ar an gCiste Díomhaointis.

(3) Cuirfar de mhuirear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis colann agus ús aon urrúsanna a thabharfaidh an tAire Airgid amach chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus fós na costaisí fé n-a raghfar chun na hurrúsanna san do thabhairt amach.

Chun suimeanna a fuarthas mar shochar ar shlí nár chóir d'fháil tharnais.

9. —(1) Éinne a bheidh freagarthach in aisíoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis ar aon tsuim a fuair sé mar shochar agus ná taisbeánfidh gur ghlac sé an t-airgead san le croí macánta agus gan a fhios aige ná raibh teideal aige chuige, féadfar gan dochar d'aon tslí eile chun í d'fháil tharnais, an tsuim sin d'fháil tharnais tré choda do bhaint d'aon tsochar 'na mbeidh teideal ag an duine sin chuige an uair sin no ina dhiaidh sin fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad.

(2) Gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca is cóir no nách cóir go ndéanfí fén alt so baint as aon tsochar den tsórt san roimhráite a bheadh ag dul d'aon duine áirithe, bainfidh Alt 11. den Phríomh-Acht léi chó hiomlán is dá luadhfí na ceisteanna san go speisialta san alt san.

Comhachtanna áirithe i dtaobh Scéimeanna Speisialta.

10. —(1) Le hintinn deimhin do dhéanamh de go mbeidh iníoctha fé aon Scéim Speisialta a dineadh fé Alt 18 den Phríomh-Acht rátaí sochair den tsórt atá iníoctha fén Acht so agus go mbeidh na sochair fén Scéim Speisialta san chó maith ar a luíod ar gach slí eile leis na sochair a foráltar le forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, ach ní chun aon intinne eile, féadfidh an tAire, le hOrdú a dhéanfa sé tar éis comhairle do ghlaca leis an gcólucht, gur cuireadh riara na Scéime Speisialta san de chúram ortha, féadfa sé téarmaí agus forálacha aon Scéime Speisialta den tsórt san d'atharú ar pé slí a chífar don Aire is gá chun an intinn sin adubhradh do thabhairt chun críche.

(2) I gcás aon Scéim Speisialta, a dineadh fé alt 18 den Phríomh-Acht, do bheith ag baint le daoine atá ar fostú i Saorstát Éireann chó maith le daoine atá ar fostú in áiteanna eile, no na daoine sin do bheith fé réim na Scéime sin, féadfidh an tAire le hOrdú, daoine atá ar fostú i Saorstát Éireann do chur o bhaint do bheith ag an Scéim Speisialta san leo, agus leis sin, beidh gach duine le n-a ndéanfar amhlaidh, beidh sé fé réir forálacha generálta na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus san ar pé slí a ordófar leis an Ordú san.

Atharú ar alt 17 den Phríomh-Acht,

11. —D'ainneoin éinní atá in aon Acht, ní gá don Aire a chur ar aon chumann ná ar aon chólucht eile le n-a mbaineann alt 17 den Phríomh-Acht aon tsoláthar i gcóir sochair dhíomhaointis do dhéanamh, roimh dheire an chéad bhliana sochair, thar mar a fhéadfí a chur ar an gcumann no ar an gcólucht san a dhéanamh fé chlás (a) d'fho-alt (1) den alt san 17 mar a achtuíodh ar dtúis é.

Ath-Ghairm.

12. —Ath-ghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht a 2 de 1921.

Miniú ar Aire.

13. —San Acht so cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Tiúscal agus Tráchtáil.

Gearr-Theideal agus Léiriú.

14. —Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1923 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1922, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1923 do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.