An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1923)

28 1923

ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1923

SCEIDEAL.

Cuid I.

1. Eirghe amach armtha i gcoinnibh Rialtais Shaorstáit Éireann.

2. Bagairt, có-éigniú, ionsuidhe no iarracht ar bhagairt, có éigniú no ionsuidhe ar éinne ar mhaithe le haon eirghe-amach den tsórt san.

3. Scrios, damáiste no aistriú no iarracht ar scrios, damáiste no aistriú ar aon mhaoin ar mhaithe le haon eirghe-amach den tsórt san.

Cuid II.

1. Seilbh gan údarás dleathach ar

(a) aon arm teine marathach no arm d'aon tsaghas eile as a bhféadfaí aon urchar, pileur no teilgeán eile do chaitheamh; no

(b) aon amuinisean d'aon arm teine no arm eile den tsaghas san; no

(c) aon ghranád, boma no teilgeán eile den tsórt san, pe'ca is féidir é d'úsáid le haon arm teine no arm eile den tsaghas san no nách féidir; no

(d) aon phléascán talmhan no inneal pléascach eile den tsaghas san; no

(e) aon dynamite, gelignite no substaint pleáscach eile; no

(f) éinní a théigheann chun aon earra no substaint den tsórt san roimhráite do dhéanamh suas no a cuirtar isteach ann.

2. Seilbh gan údarás dleathach ar aon bhall éadaigh, treallaimh no feistis no ar aon airm no amuinisean is le haon bhall no a tugadh amach d'aon bhall d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann.

3. Duine do chur no do ghabháil éide no aon chuid d'éide aon bhrainse d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann uime gan údarás dhleathach.

4. Duine do thabhairt ainm, teideal no comharthaí aon chéime, no aon bhaill, d'fhórsaí mileata no póilíneachta Shaorstáit Éireann air féin chun aon ghníomh do dhéanamh no d'fháil déanta ná beadh an té a thug air féin an ainm, an teideal no na comharthtaí sin i dteideal do réir dlí chun é dhéanamh ná chun é d'fháil déanta as a údarás féin.

5. Dul isteach agus seibh do chimeád go héagcórach ar thalamh gan dath ná deabhramh teidil ná údaráis.

6. Robáil fé arm; sé sin le rá, duine do dhéanamh robála no iarracht ar robáil agus é armtha le haon arm no inneal troda.

7. Dógha; sé sin le rá, teine do thabhairt no iarracht ar theine do thabhairt, go nea-dhleathach, d'aon tigh, monarcha, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talamhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

8. Díobháil no scrios, no iarracht ar dhíobháil no scrios, do dhéanamh go nea-dhleathach d'aon tigh, monarca, scioból, iothlainn, siopa oibre, no foirgneamh eile, no d'aon mhaoin talmhaíochta, soláthar bidh do dhuine no do bheithíoch, no d'aon mhaoin d'aon tsórt no saghas, so-aistrithe no do-aistrithe, puiblí no príobháideach, maraon le crainn agus barraí ag fás.

9. Cuir-isteach no cosc do dhéanamh, gan údarás dleathach, ar aon talamh no áitreabh do shealbhú no d'úsáid go dleathach no ar thairfe do bhaint as go dleathach.

10. Stillireacht nea-dhlistineach do dhéanamh, no aon bhiotáile do stilleadh go nea-dhlistineach no aon still neadhlistineach no aon earraí no abhar i gcóir stillireachta neadhlistinighe do bheith ar seilbh no fé n-a chúram ag duine.

11. Aon bhiotáille do stilleadh go nea-dhlistineach do dhíol no d'ofráil no do thaisbeáint no do chimeád chun é do dhíol.

12. Ag cabhrú le, ag gríosú, ag cuidiú le no ag misniú éinne go feasach chun aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal so do dhéanamh, no ag cabhrú chun éinne atá ciontach in aon chionta den tsórt san do chur i bhfolach no chun é do dhul saor.