41 1923

Uimhir 41.


ACHT CUMANN NÁISIÚN (URRAÍOCHT), 1923.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT DON ARDCHOMHAIRLE CHUN GO nDEANFAIDÍS IN AINM AGUS THAR CEANN SHAORSTÁIT ÉIREANN URRAÍOCHTA ÁIRITHE DO THABHAIRT DO CHUMANN NA NÁISIÚN AGUS GLACA LE RIALACHÁIN ÁIRITHE ATÁ LEAGTHA AMACH AG AN gCUMANN SAN. [8adh Lúnasa, 1923.]

DE BHRÍ gur iarr Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann ar Chumann na Náisiún, go leigfí do Shaorstát Éireann, ós Stát é atá á lán-rialú féin, bheith ina bhall den Chumann, agus go molann agus go n-aontuíonn an tOireachtas an t-iarratas san:

AGUS DE BHRÍ, do réir Airtiogail 1 de Chumhnant Chumann na Náisiún, go bhfuil ar gach Stát a iarrann bheith ina bhall den Chumann urraíochta éifeachtúla do thabhairt ar é do bheith d'intinn mhacánta aige a oblagáidí eadarnáisiúnta do chó-líona agus fós glaca le pé rialacháin a leagfidh an Cumann amach i dtaobh a chuid fórsaí agus armála mileata, cabhlaigh agus aeir:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN:

AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Féadfidh an Ard-Chomhairle urraíochta do thabhairt uaithi.

1. —Beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann, mar choiníoll roimh Shaorstát Éireann do leigint isteach i gCumann na Náisiún no aon uair tar éis é do bheith leigthe isteach, pé urraíochta is ceart dar leis an Ard-Chomhairle agus is ionghlactha ag an gCumann do thabhairt don Chumann, in ainm agus thar ceann Shaorstáit Éireann, urraíochta ar é do bheith d'intinn mhacánta ag Saorstát Éireann a oblagáidí eadarnáísiúnta do chó-líona.

Féadfidh an Ard-Chomhairle glaca le rialacháin.

2. —Beidh sé dleathach d'Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann, mar choiníoll roimh Shaorstát Éireann do leigint isteach i gCumann na Náisiún no aon uair tar éis é do bheith leigthe isteach, glaca, in ainm agus thar ceann Shaorstáit Éireann, le pé rialacháin atá leagtha amach ag an gCumann, no a leagfidh an Cumann amach ina dhiaidh seo agus a dhaingneoidh an tOireachtas, i dtaobh a chuid fórsai agus armála mileata, cabhlaigh agus aeir.

Gearr-Theideal.

3. —Féadfar an tAcht Cumann Náisiún (Urraíochta), 1923, do ghairm den Acht so.