|
|||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 43. | ||
| [EN] |
ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (LEASÚ), 1923. | |
ACHT CHUN AN tACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH), 1923 , DO LEASÚ AGUS DO LEATHANÚ. | ||
[9adh Lúnasa, 1923.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Leasú ar an Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 . |
1. —Déanfar an tAcht um Dhiobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) (dá ngairmtear an Príomh-Acht anso feasta), do leasú agus leasuítear é leis seo mar leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (1) Cuirfear na focail agus na figiúirí “12adh lá de Bhealtaine 1923,” in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “20adh lá de Mhárta, 1923,” i ngach áit ina bhfachtar an céanna sna hailt, na fo-ailt no na míreanna so a leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) i gclás (c) d'fho-alt (9) d'Alt 15, | |
| [EN] | (b) i bhfo-alt (10) d'Alt 15, | |
| [EN] | (c) in Alt 16, | |
| [EN] | (2) Cuirfear an focal “cheithre” in ionad an fhocail “trí” i ngach áit ina bhfachtar an céanna sna hailt agus na fo-ailt seo a leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) i bhfo-alt (1) d'Alt 2, | |
| [EN] | (b) in Alt 3, | |
| [EN] | (c) i bhfo-alt (1) d'Alt 15. | |
| [EN] |
Gearr-Theideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Dhíobháil do Mhaoin (Leasú), 1923 , do ghairm den Acht so. |