45 1923

Uimhir 45.


ACHT NA gCÚIRTEANNA CONTAE (LEASÚ), 1923.


ACHT CHUN DEIRE DO CHUR LE DEACRACHTAÍ ÁIRITHE A BHAINEAS LE CEATHRÚ SHIOSÓIN AGUS CÚIRTEANNA BILLE SIBHIALTA DO CHOMÓRA AGUS LE CLÁRÚ COISTEOIRÍ AGUS SEIRBHEÁIL SCRÍBHINNÍ A BHAINEAS LEIS NA CÚIRTEANNA SAN. [31adh Deire Fomhair, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Aiteanna ina bhféadfar Cúirteanna Ceathrú Shiosóin agus Bille Síbhialta do chomóra

1. —(1) I gcás siosóin Chúirt Cheathrú Shiosóin no Chúirt Bhille Síbhialta aon roinne do chomóra, do réir ordú no ordú do réir deabhraimh o Bhreitheamh Cúirte Contae, aon uair tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus roimh rith an Achta so, in aon áit ach an áit in ar ghá no lasmuich den chontae, roinn no líomatáiste eile in ar ghá an chúirt sin do chomóra do réir aon achtacháin, riala no ordú, tuigfar, nuair a comóradh na siosóin sin, gurbh í an áit in ar comóradh na siosóin sin an áit in ar ghá, agus go raibh sí laistigh den chontae, roinn no líomatáiste in ar ghá, an chúirt sin do chomóra do réir an achtacháin, na riala no an orduithe sin.

(2) O am rithte an Achta so agus dá éis, in ionad siosóin Chúirt Cheathrú Shiosóin agus Chúirt Bhille Síbhialta aon roinne d'aon chontae do chomóra i mbaile sa roinn sin, féadfar iad do chomóra i dtigh na cúirte i pé baile eile in aon roinn eile den chontae chéanna a cheapfidh an Breitheamh Cúirte Contae o am go ham agus a cheadóidh an tAire.

(3) Chun críche aon achtacháin gur gá dá réir na Cúirteanna Ceathrú Shiosóin no na Cúirteanna Bille Síbhialta do chomóra in aon tigh cúirte no foirgneamh áirithe, no laistigh d'aon chontae, roinn no líomatáiste eile áirithe tuigfar gurb é an tigh cúirte a ceapfar fén alt so chun aon tsiosóin áirithe de Chúirt Cheathrú Shiosóin no de Chúirt Bhille Síbhialta do chomóra ann an tigh cúirte no an foirgneamh in ar gá agus go bhfuil sé laistigh den chontae, roinn no líomatáiste in ar gá an Chúirt no na Siosóin sin do chomóra do réir an achtacháin sin.

(4) Féadfar fianaise prima facie ar aon ordú a dhin Breitheamh Cúirte Contae fén alt so do thabhairt i ngach Cúirt Breithiúntais agus i ngach imeacht dlí tré chóip de do thabhairt i láthair, cóip 'na mbeidh a dílseacht in ainm bheith deimhnithe ag Clárathóir an Bhreithimh Chúirte Contae a dhin an t-ordú, agus a bheidh ar an gClárathóir roimhráite a thabhairt d'éinne ar íoc na táille a ordóidh an tAire, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an chlárathóra san do chruthú ná a chrúthú gur fíor gurb é clárathóir an Bhreithimh Chúirte Contae sin é.

Féadfar seirbheáil billí síbhialta agus gairmeanna coisteoirído thógaint mar sheirbheáil dleathach.

2. —(1) Féadfidh aon Bhreitheamh Cúirte Contae a thógaint gur seirbheáladh go dleathach aon scríbhinn le n-a mbaineann an t-alt so, bíodh nár seirbheáladh í ar an gcuma a héilítear leis an dlí atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, más deimhin leis an mBreitheamh Cúirte Contae—

(a) ná luíonn sé le réasún go bhféadfí an scríbhinn sin do sheirbheáil ar an gcuma a héilítear leis an dlí roimhráite; agus

(b) gur shrois an scríbhinn sin no cóip di no fógra réasúnta i dtaobh na scríbhinne sin agus i dtaobh a raibh ann an duine ar ar ghá san do sheirbheáil.

(2) Baineann an t-alt so—

(a) le gach bille síbhialta, pe'ca bille gnáith, teidil, cothruim no a mhalairt é;

(b) le gach scríbhinn a ghairmeann árd-choisteoirí, coisteoirí speisialta no coisteoirí coitianta, no a éilíonn ortha teacht, chun aon Chuirte Cheathrú Shiosóin no Cúirte Bhille Síbhialta pe'ca i gcóir gnótha choiriúla é no i gcóir gnótha shíbhialta.

Conus coisteoirí do chlárú nuair ná bíonn leabhar coisteoirí ann.

3. —(1) Sa chás ná beidh ann, i gcóir na bliana reatha ná i gcóir na bliana díreach roimhe sin, aon leabhar coisteoirí generálta ná aon leabhar coisteoirí speisialta, fé seach, den tsórt a luaidhtear in Alt 17 d'Acht na gCoistí (Éirinn), 1871, beidh sé dleathach coisteoirí do chlarú as leabhar na gcoisteoirí generálta no as leabhar na gcoisteoirí speisialta (pe'ca dhíobh é) i gcóir na bliana is déanaí go bhfuil a leithéid de leabhar ann ina cóir, agus fós, má chítar don bhFo-Shirriam no don oifigeach eile atá freagarthach i gclárú na gcoisteoirí nách féidir ainmliost is leor do dhéanamh as an leabhar san mar gheall ar choisteoirí do bheith tar éis bháis no tar eis aistriú no mar gheall ar éinní eile, beidh sé dhleathach ainmneacha daoine eile do chlárú mar choisteoirí, a chífar don bhFo-Shirriam no don oifigeach eile roimhráite a bheith freagarthach chun fónamh mar choisteoirí, pé méid is riachtanach chun ainmliost is leor do dhéanamh suas.

(2) Gach duine a clárófar mar choisteoir fén bhfo-alt sin roimhe seo beidh sé d'oblagáid air fónamh mar choisteoir díreach fé mar a bheadh leabhar coisteoirí generálta no leabhar coisteoirí speisialta (pe'ca dhíobh é) ann i gcoir na bliana reatha agus ainm an duine sin ann, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar Bhreitheamh na Cúirte chun ar gairmeadh mar choisteoir é ná féadfí go dleathach a ainm do chur sa leabhar san dá mbeadh an leabhar san ann.

(3) Má cláruítear agus má mionnuítear mar choisteoir in aon triail, gan éinne ag cur ina choinnibh, aon duine ná fuil a ainm sa leabhar coisteoirí generálta san no sa leabhar coisteoirí speisialta san (pe'ca dhíobh é) i gcóir na bliana is déanaí go bhfuil a leithéid de leabhar ann ina cóir, agus ná féadfí go dleathach ainm an duine sin do chur sa leabhar coisteoirí generálta ná sa leabhar coisteoirí speisialta (pe'ca dhíobh é) i gcóir na bliana reatha, ní coiscfar an triail sin ná ní tuigfar gur mí-thriail í, ná ní déanfar breith an choiste sa triail sin do choiriú ná do chur in amhras mar gheall ar an duine sin do bheith cláruithe mar choisteoir.

Léiriú.

4. —San Acht so, foluíonn an focal “Breitheamh Cúirte Contae” Breacthóir agus Breitheamh Buirge, agus cialluíonn an focal “Aire” an tAire um Ghnóthaí Dúithche.

Gearr-theideal, tosnú agus buaine.

5. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna Contae (Leasú), 1923 , do ghairm den Acht so.

(2) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheán Fhomhair, 1923, agus beidh éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach.

(3) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Lúnasa, 1924, agus ragha sé in éag ansan.