49 1923

Uimhir 49.


ACHT ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA (SLANAÍOCHT), 1923.


ACHT CHUN ÉIFEACHT DO THABHAIRT DO GHNÍOMHARTHA AGUS D'FHAILLÍOCHA ÁIRITHE A DHIN ÚDARÁSANNA ÁITIÚLA I RITH NA TRÉIMHSE SIN ÓN 31adh LÁ DE MHÁRTA, 1920, GO dTÍ AN 6adh LÁ DE MHÍ NA NODLAG, 1922. [28adh Mí na Nodlag, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú ar “údar s áitiúil”

1. —San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil”—

(a) comhairle contae, contae-bhuirge, bailecheanntair no tuathcheanntair, coimisinéirí baile, agus bord caomhnóirí; agus

(b) aon chólucht puiblí a bunuíodh fén Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) , no de bhua an Achta san, chun feidhmeanna aon chóluchta dá luaidhtear sa chlás san (a) do chólíona; agus

(c) aon choiste no có-choiste d'aon chólucht no cóluchtaí dá luaidhtear sna clásanna san (a) agus (b).

Mola ón Aire do ghníomhartha agus d'fhaillíocha áirithe agus iad a bheith dleathach dá bharr san

2. —(1) Aon uair a chífar don Aire um Rialtas Áitiúil, i dtaobh aon gnímh, ruda no ní a dhin aon údarás áitiúil no a leig sé i bhfaillí i rith na tréimhse idir an 31adh lá de Mhárta, 1920, agus an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, go raibh no go mbéidir go raibh an déanamh no an fhaillí nea-dhleathach no gan éifeacht, toisc déanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin no a leigint i bhfaillí (pe'ca dhíobh é) do bheith contrárdha d'aon dlí no thar údarás no comhacht an údaráis áitiúla no lasmuich den údarás no den chomhacht san, no toisc nár tugadh aon chead no mola áirithe nár mhór a fháil do réir aon dlí áirithe chun an gníomh. an rud no an ní sin do dhéanamh no do leigint i bhfaillí (pe'ca dhíobh é), féadfidh an tAire um Rialtas Áitiúil a dheimhniú gur dhin an t-údarás san an ceart nuair a dhin sé an gníomh, an rud no an ní sin no nuair a leig sé i bhfaillí é (pe'ca dhíobh é).

(2) Aon uair a dheimhneoidh an tAire um Rialtas Áitiúil gur dhin údarás áitiúil an ceart nuair a dhin sé aon ghníomh, rud no ní den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo no nuair a leig sé i bhfaillí é (pe'ca dhíobh é) beidh sé, agus tuigfar go raibh sé riamh, dleathach agus éifeachtach an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin no do thabhairt faillí ann (pe'ca dhíobh é) agus san in ainneoin aon achtacháin, ordú, no riail dlí ina choinnibh sin.

Aistrithe dleathacha aistrithe cistí chun iontaobhaí.

3. —(1) Gach aistriú, le n-a mbaineann an t-alt so agus a dineadh ar chistí no ar aon chuid de chistí údaráis áitiúla, ón gcisteoir a ceapadh go cuibhe don údarás áitiúil chun éinne (dá ngairmtear anso feasta, iontaobhaí údaráis áitiúla) mar iontaobhaí, mar ghníomhaire no mar chisteoir ghníomhach don údarás áitiúil, faisnítear leis seo go bhfuil sé, agus go raibh sé riamh, dhleathach agus éifeachtach in ainneoin aon achtacháin, ordú, no riail dlí ina choinnibh sin.

(2) Gach íocaíocht airgid a dhin iontaobhaí údaráis áitiúla amach as cistí an údaráis áitiúla san agus le hordú an údaráis sin agus a bheadh dleathach agus éifeachtach dá mba go mbeadh an t-údarás áitiúil sin tar éis iad do dhéanamh tré chisteoir chuibhe-cheaptha, faisnítear leis seo gurb íocaíochtanna dleathacha agus éifeachtacha ón údarás áitiúil sin iad agus gurbh ea riamh bíodh is nár leanadh an nós-imeachta a horduítear le dlí, i dtaobh údarás áitiúil do dhéanamh íocaíochtanna tré n-a chisteoir, nuair a húdaruíodh agus a dineadh na híocaíochtanna san.

(3) Beidh ar iontaobhaí údaráis áitiúla cuntas do thabhairt ar gach airgead a fuair sé ón údarás áitiúil sin no i gcóir no thar ceann an údaráis sin, agus na cuntaisí a thabharfidh an t-iontaobhaí sin ar an airgead san agus ar gach suim a íocfa sé amach as beid ina gcuid de chuntaisí an údaráis áitiúla san agus iniúchfar iad ar an gcuma in ar gá do réir dlí cúntaisí an údaráis áitiúla san d'iniúcha agus gach íocaíocht a dhin an t-iontaobha sin tuigfar, chun críche an iniúcha san, gur dineadh í le húdarás ballra an údaráis áitiúla a údaruigh an íocaíocht san dáiríribh bíodh is nách ar an gcuma ná do réir an nós-imeachta a horduítear le dlí a tugadh an t-údarás.

(4) Ní luighfidh aon aiscean ná imeacht, pe'ca mar fhurmhuirear é ná mar éinní eile, i gcoinnibh aon údaráis áitiúla ná i gcoinnibh aon bhaill de ná aon oifigigh do, ná i gcoinnibh aon iontaobhaí údaráis áitiúla i dtaobh ná ar son aon áistriú, fáltas no íocaíocht a faisnítear leis an alt so a bheith éifeachtach.

(5) Ní bhaineann an t-alt so ach le haistrithe cistí a dineadh i rith na tréimhse idir an 31adh lá de Mhárta, 1920, agus an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do réir rúin a rith údarás áitiúil.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Udarásanna Áitiúla (Slánaíocht), 1923 do ghairm den Acht so.