7 1924

Uimhir 7 de 1924.


ACHT CHUN TOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚLA DO CHLÁRÚ, 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE hULLAMHÚ CLÁR NA dTOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LE CLÁRÚ NA dTOGHTHÓIRÍ SIN. [21adh Márta, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimhir 12 de 1923);

cialluíonn an focal “toghthóir rialtais áitiúla” duine i dteideal vótála i dtoghachán ball no baill de chomhairle chontae, contaebhuirge, baile-cheanntair no tuath-cheanntair, de bhórd chaomhnóirí do bhoicht, no de bhórd choimisinéirí aon bhaile;

gach focal agus abairt atá san Acht so agus a húsáidtear leis sa Phríomh-Acht beidh aca san Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, an brí céanna atá aca sa Phríomh-Acht.

Toghthóirí rialtais áitiúla do bheith sa dara clár de thoghthóirí.

2. —An dara clár de thoghthóirí atá le hullamhú do réir an Phríomh-Achta, sé sin le rá an clár de thoghthóirí atá cáilithe ar an 15adh lá de mhí na Samhna, 1923, beidh ann, sa bhfuirm orduithe, i dteanta na nithe a horduítear leis an bPríomh-Acht no fé, ainmneacha na ndaoine uile atá, fén dlí atá ann do réir mar leasuítear é leis an Acht so, cáilithe ar an 15adh lá de mhí na Samhna, 1923, chun bheith cláruithe mar thoghthóirí rialtais áitiúla.

An tréimhse cháilíochta do thoghthóirí rialtais áitiúla d'atharú.

3. —(1) Ath-ghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (11) d'alt 44 den Representation of the People Act, 1918, le n-a n-achtuítear gur tréimhse shé mhí dar críoch an 15adh lá d'Iúl an tréimhse cháilíochta agus ina ionad san achtuítear leis seo gur tréimhse shé mhí dar críoch an 15adh lá de mhí na Samhna, agus an lá san d'áireamh, an tréimhse cháilíochta do thoghthóirí rialtais áitiúla.

(2) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar an 14adh lá d'Iúl, 1923, agus ón lá san amach.

An tAcht Timpeal Toghachán 1923, do chur i mbaint le clárú toghthóirí rialtais áitiúla.

4. —(1) Bainfidh Codanna II. agus VIII. agus Sceidil I. agus IX. den Phríomh-Acht le clárú toghthóirí rialtais áitiúla sa chuma chéanna ina mbainid le clárú toghthóirí Dála ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha:—

(a) ní bheidh baint ag na forálacha i dtaobh liost postvótáluithe d'ullamhú; agus

(b) i dteanta na ndualgaisí a cuirtear air le Riail 22 de Sceideal I. déanfidh an t-oifigeach clárathachta pé atharuithe agus ceartuithe is riachtanach leis ar liostaí na dtoghthóirí i dtreo nách baol go gclárófar éinne níos mó ná aon uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúla in aon líomatáiste toghacháin chontae, cheanntair, bhuirge, dhlí na mbocht ná bhaile.

(2) Aon chuid d'aon achtachán a bhaineas le clárú toghthóirí rialtais áitiúla agus atá buniscionn le Codanna II. agus VIII. agus Sceidil I. agus IX. den Phríomh-Acht ní bhainfe sí feasta le clárú toghthóirí rialtais áitiúla.

Oiriúnú ar achtacháin a bhaineas le toghthóirí rialtais áitiúla.

5. —(1) Féadfidh an tAire le hordú pé oiriúnuithe agus atharuithe a chífar do a bheith riachtanach do dhéanamh ar aon achtachán a bhaineas le clárú toghthóirí rialtais áitiúla (maraon leis an bPríomh-Acht mar a chuireann an tAcht so i mbaint é) chun toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú sa cheart do réir an Achta so, ach iad san do dhéanamh i dtreo ná hoibreoidh aon oiriúnú ná atharú den tsórt san chun an ceart chun bheith cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla do thabhairt d'aon duine ná do bhaint de.

(2) Bainfidh Alt 64 den Phríomh-Acht le gach ordú a déanfar fén alt so.

Gearr-theideal.

6. —Féadfar an tAcht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 , do ghairm den Acht so.