An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924) Ar Aghaidh (Cuid II. AN CHUIRT CHUARDA.)

10 1924

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924

Cuid I.

AN ARD-CHUIRT AGUS AN CHUIRT UACHTARACH.

Có-dhéanamh na hArd-Chúirte.

4. —Bunófar fén Acht so Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bheidh có-dhéanta de sheisear breithiún an chuid is mó dhe (eadhon, Uachtarán agus cúigear gnáth-bhreithiún), dá ngairmfar ina gceapacháin fé seach “Uachtarán Ard-Chúirt Bhreithiúnais Shaorstáit Éireann” no “Breitheamh d'Ard-Chúirt Bhreithiúnais Shaorstáit Éireann,” fé mar a bheidh.

Có-dhéanamh na Cúirte Uachtaraí

5. —Bunófar Cúirt Bhreithiúnais Uachtarach fén Acht so chun bheith mar Chúirt Uachtarach do Shaorstát Éireann mar a luaidhtear sa Bhunreacht agus beidh sí có-dhéanta de thriúr breithiún agus, ina gceapacháin dóibh, gairmfar “Prímh-Bhreitheamh Shaorstát Éireann” dá n-uachtarán (dá ngairmtear “an Prímh-Bhreitheamh” ina dhiaidh seo anso) agus “Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Shaorstáit Éireann” de gach duine de sna breithimh eile.

Breithimh ex-officio.

6. —Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina bhreitheamh bhreise ex-officio den Chúirt Uachtaraigh, agus beidh an Prímh-Bhreitheamh ina bhreitheamh bhreise ex-officio den Ard-Chúirt.

Suidhfidh Breithimh den Ard Chúirt sa Chúirt Uachtaraigh i gcásanna áirithe.

7. —Más rud é, toisc breitheamh den Chúirt Uachtaraigh do bheith breoite no ar aon chúis dho-sheachanta eile, ná beidh ar fáil an méid breithiún den Chúirt Uachtaraigh is gá chun gnó na Cúirte sin do dhéanamh, féadfidh an Prímh-Bhreitheamh a iarraidh ar aon ghnáth-bhreitheamh no gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt suidhe le linn éisteacht aon athchomhairc sa Chúirt Uachtaraigh agus aon bhreitheamh ar a n-iarrfar san suidhfe sé le linn éisteacht an athchomhairc sin agus beidh sé ina bhreitheamh bhreise den Chúirt Uachtaraigh i gcóir an athchomhairc sin.

Cúirt Athchomhairc Choiriúla.

8. —Féadfidh an Prímh-Bhreitheamh, o am go ham, a iarraidh ar bheirt ghnáth-bhreithiún den Ard-Chúirt suidhe in éineacht leis féin, no le breitheamh den Chúirt Uachtaraigh mar Chúirt Athchomhairc Choiriúla, agus suidhfidh na breithimh ar a n-iarrfar san, no duine acu agus Uachtarán na hArd-Chúirte, má iarrtar air é agus go dtoileoidh sé chuige, agus i gcóir na hócaide sin, is díobh-san, maraon leis an bPrímh-Bhreitheamh no leis an mBreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, a bheidh Cúirt Athchomhairc Choiriúla Shaorstáit Éireann có-dhéanta: Ach ar iarratas an Phrímh-Bhreithimh féadfidh aon bhreitheamh no breithimh sho-fhálta eile den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh beith i láthair mar bhaill den Chúirt Athchomhairc Choiriúla i gcóir na hocáide a bheidh ann.

Tosaíocht na mbreithiún.

9. —Mar leanas a bheidh tosaíocht na mbreithiún:—Beidh an Prímh-Bhreitheamh ar tosach agus tiocfidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina dhiaidh; ansan tiocfidh breithimh na Cúirte Uachtaraí, do réir ord a gceaptha, agus ina ndiaidh sin gnáthbhreithimh na hArd-Chúirte do réir ord a gceaptha.

Conus beannú.

10. —Ar an gcuma a ceapfar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so isea beannófar do bhreithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus beid chó mór comhacht agus údarás le n-a chéile ar gach slí ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt go soiléir san Acht so.

Folúntas in oifig breithimh.

11. —Féadfar oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh d'fholamhú tríd an mbreitheamh féin d'éirghe aisti le scríbhinn uaidh fé n-a láimh, agus folamhófar oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt nuair a ceapfar an breitheamh san mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, agus ansan no aon uair a bheidh oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh folamh féadfar breitheamh nua do cheapa in áit an bhreithimh sin. Tuigfar na Cúirteanna san do bheith bunuithe go cuibhe le linn agus d'ainneoin aon fholúntais den tsórt san, agus aon dualgaisí a ceapadh go speisialta d'aon bhreitheamh a thiocfidh fé mhí-chumas tré bhreoiteacht, no ná féadfidh suidhe, no 'na mbeidh a oifig folamh, déanfidh pé breitheamh eile de sna Cúirteanna san a bheidh le fáil iad do chó-líona le linn na breoiteachta, an mhí-chumais no an fholúntais sin.

Aois chun dul as oifig.

12. —Is 72 bhliain an aois chun dul as oifig do bhreithimh uile na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.

Luach saothair.

13. —Mar leanas a bheidh luach saothair breithiún na hArd Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí:—

Gheobhaidh Uachtarán na hArd-Chúirte £3,000 per annum, agus gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt sin £2,500 per annum, agus gheobhaidh an Prímh-Bhreitheamh £4,000 per annum, agus gach breitheamh den Chúirt Uachtaraigh £3,000 per annum.

Pinsean.

14. —Gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh, a imeoidh as oifig tar éis seirbhís 15 mblian no níos mó sna cúirteanna san no in aon cheann acu, deonfar do pinsean a leanfidh aige go deire a shaoil agus a bheidh co-ionann le dhá dtrian an tuarastail a bhí dho le linn do scur de bheith ag gníomhú mar bhreitheamh. Gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh a fhágfidh a oifig mar gheall ar aostacht no easláinte bhuan tar éis cúig bliana no breis agus cúig bliana seirbhíse agus fé bhun cúig mblian ndéag seirbhíse do chríochnú deonfar do pinsean a háireofar do réir an séú cuid den tuarastal a bhí dho le linn do a oifig d'fhágaint, maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal san aige in aghaidh gach bliana iomlán seirbhíse sa bhreis ar chúig bliana den tsórt san, agus leanfidh an pinsean san aige go deire a shaoil.

Beidh muirear an luach saothair agus an phinsin ar an bPrímh-Chiste.

15. —Ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc an luach saothair agus an phinsin is iníoctha le gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh fén Acht so. Tuitfidh an luach saothair agus an pinsean san dlite o ló go ló ach isé am ina mbeidh sé iníoctha leis na daoine 'na mbeidh teideal acu chuige no le n-a seiceadúirí no a riarthóirí ná ar na gnáth-laetheanta ráithiúla íocaíochta no i gceann pé tréimhsí eile i ngach bliain a shocróidh an tAire Airgid o am go ham.

Cáilíocht i gcóir ceapacháin.

16. —Ní ceapfar éinne mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ná den Chúirt Uachtaraigh maran rud é, ar dháta a cheaptha, gurb abhcóide ag cleachta a ghairme é agus seasamh dhá bhliain déag ar a luíod aige no gur bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn é, tráth, no Breacthóir no Breitheamh Cúirte Contae in Éirinn no Breitheamh den Dáil-Chúirt Uachtaraigh mar a mínítear san in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no Coimisinéir Breithiúnais a ceapadh fén Acht san, ach chun críche na forála so tuigfar gur cleachta ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais Chuarda i Saorstát Éireann agus áireofar an tseirbhís sin mar sheirbhís do réir brí alt 14 de seo i gcás Breithimh Chuarda a ceapfar mar bhreitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh.

Údarás na hArd-Chúirte.

17. —Beidh an Ard-Chúirt ina cúirt breacacháin árd-chéime agus pé údarás bunaidh aici a horduítear leis an mBunreacht, agus, fé réir a bhforáltar san Acht so, aistreofar chun na hArd-Chúirte an t-údarás a bhí dílsithe i sean-Ard-Chúirt Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no in aon roinn no breitheamh di, no a bhí infheidhmithe ag an gcéanna i dtosach feidhm an Achta so.

Údarás na Cúirte Uachtaraí.

18. —Beidh an Chúirt Uachtarach ina cúirt breacacháin árdchéime agus pé údarás athchomhairc aici a horduítear leis an mBunreacht, agus, fé réir a bhforáltar san Acht so, aistreofar chun na Cúirte Uachtaraí an t-údarás a bhí dílsithe i seana-Chúirt Athchomhairc Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no in aon bhreithimh no breitheamh di, no a bhí infheidhmithe ag an gcéanna i dtosach feidhm an Achta so.

Údaráis a haistreo-ar chun an Phrímh-Bhreithimh.

19. —(1) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus beidh infheidhmithe aige gach údarás i gcúrsaí gealtachta agus i gcúrsaí mion-aoiseach a bhí á fheidhmiú le déanaí ag Tiarna Seansailéir na hÉireann agus atá á fheidmhiú, le linn rithte an Achta so, ag Tiarna Prímh-Ghiúistís na hÉireann. Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcóinnibh an Prímh-Bhreithimh d'fheidhmiú an údaráis a haistrítear leis an alt so.

(2) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus beidh infheidhmithe aige gach údarás i dtaobh atúrnaethe a bhí á fheidhmiú le déanaí ag Tiarna Seansailéir na hÉireann agus atá á fheidhmiú, le linn rithte an Achta so, ag Tiarna Prímh-Ghiúistís na hÉireann.

(3) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus dílseofar ann an chomhacht chun nótairí puiblí agus coimisinéirí mionn do cheapa.

An Coiste Aithcheiste fén Finance (1909-10) Act, 1910.

20. —O thosach feidhm an Achta so agus dá éis beidh an Coiste Aithcheiste do Shaorstát Éireann, a luaidhtear i bhfo-alt (5) d'Alt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, mar a hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , beidh sé có-dhéanta den Phrímh-Bhreitheamh, d'Uachtarán na hArd-Chúirte, agus de Chathaoirleach Fúndúireacht na Suirbhéirí (an Brainse Éireannach), in ionad na ndaoine a luaidhtear sa bhfo-alt san.

Gnó atá ar fionnraoi d'aistriú,

21. —Na húdaráis uile a haistrítear leis an Acht so chun na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus an Phrímh-Bhreithimh scuirfid de bheith á bhfeidhmiú ach ag an Ard-Chúirt agus ag an gCúirt Uachtaraigh agus ag an bPrímh-Bhreitheamh fé seach o thosach feidhm an Achta so agus dá éis: Ach i ngach imeacht a bheidh éistithe go hiomlán ach ná beidh breith tugtha ann no, ar bheith tugtha dhi, ná beidh sí críochnuithe ar an am a ceapadh i gcóir tosach feidhm an Achta so, féadfar an bhreith sin do thabhairt agus do chríochnú fé seach tar éis tosach feidhm an Achta so, in ainm na cúirte céanna agus na mbreithiún gcéanna agus na n-oifigeach gcéanna agus go generálta fé is dá mba ná rithfí an tAcht so; agus beidh éifeacht ag an mbreith sin fé mar a críochnófí í go cuibhe roimh thosach feidhm an Achta so, agus gach ordú a dhin aon chúirt no breitheamh 'na ndintar leis seo a údarás d'aistriú chun na hArd-Chúirte no chun na Cúirte Uachtaraí no chun an Phrímh-Bhreithimh (má críochnuíodh an t-ordú san go cuibhe aon uair roimh thosach feidhm an Achta so), féadfidh an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach agus an Prímh-Bhreitheamh fé seach é chur i bhfeidhm agus in éifeacht agus, más gá é, é leasú no é chur ar neamhní díreach fé is dá mb'ordú é a dhéanfadh an Ard-Chúirt no an Chúirt Uachtarach no an Prímh-Bhreitheamh, agus gach imeacht, síbhialta no coiriúil, a bheidh gan críochnú, le linn tosach feidhm an Achta so, sna cúirteanna 'na n-aistrítear a n-údarás mar adubhradh, leanfar díobh mar leanas (ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so go soiléir), sé sin le rá, i gcás imeachta athchomhairc a bheith gan críochnú sa tseana-Chúirt Athchomhairc leanfar díobh i láthair na Cúirte Uachtaraí, agus i gcás gach imeachta eile (lasmuich d'imeachta i gcúrsaí nithe a haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh roimhe seo anso) leanfar díobh i láthair na hArd-Chúirte, agus i gcás gach imeachta i gcúrsaí nithe a haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh roimhe seo anso, leanfar díobh i láthair an Phrímh-Bhreithimh. Beidh ag na cúirteanna san agus ag an bPrímh-Bhreitheamh fé seach, maidir leis na himeachta san go léir, an t-údarás céanna a bheadh acu dá dtosnuítí na himeachta san ina láthair fé seach agus go leanfí dhíobh fé seach síos go dtí an puínte ina ndéanfar an t-aistriú, agus chó fada is bhaineann le nós-imeachta leanfar de sna himeachta san no d'aon cheann acu ar an gcuma gcéanna, no ar chuma den tsórt chéanna, ina leanfí dhíobh sna cúirteanna fé seach o n-a n-aistreofar iad, mar adubhradh thuas, no do réir cúrsa na gcúirteanna fé seach chun a n-aistreofar iad, sa mhéid go mbainfidh an céanna leo.

Is do réir rialacha cúirte a feidhmeofar údarás.

22. —Chó fada is bhaineann le pléideáil, cleachta agus nósimeachta i gcoitinne, maraon le fiachas costaisí, ar an gcuma a forálfar le pé rialacha cúirte a déanfar do réir na Coda so den Acht so isea a feidhmeofar an t-údarás a dílsítear san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtaraigh agus sa Phrímh-Bhreitheamh fé seach agus a haistrítear chúcha fé seach, agus mara mbeidh aon fhoráil ina thaobh in aon rialacha cúirte den tsórt san agus faid ná beidh aon riail ann ina thaobh, isé cuma ina bhfeidhmeofar é ná chó geairid agus is féidir don chuma ina bhfeidhmeofí é ag na cúirteanna fé seach o n-ar haistríodh an t-údarás san leis an Acht so.

Róta breithiún i gcóir athchomharcanna toghacháin.

23. —Na breithimh a cuirfar ar an róta chun achuingheacha toghacháin i Saorstát Éireann do thriail gach bliain fé fhorálacha an Parliamentary Elections Act, 1868, roghnófar iad as breithimh na hArd-Chúirte ar pé cuma a forálfar le haon rialacha cúirte a déanfar chuige sin, agus idir an dá linn agus fé réir na rialacha san roghnófar iad as breithimh na hArd-Chúirte fé mar a roghnuítí iad as breithimh Roinn Bhinnse an Rí d'Ard-Chúirt an Bhreithiúnais in Éirinn.

Beidh údarás ag na breithimh chun gach cás d'éisteacht, ach ní éistfidh aon bhreitheamh athchomharc i gcoinnibh ordú a dhin sé féin

24. —Beidh údarás ag gach duine de bhreithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí (ar a n-áirítear an Prímh-Bhreitheamh) chun aon chás, síbhialta no coiriúil, i gcothrom no sa dlí choitiann no fé reacht, d'éisteacht agus breith do thabhairt air: Ach mar sin féin ní shuidhfidh aon bhreitheamh ar éisteacht athchomhairc in aicsean a trialadh ina láthair, pe'ca i dteanta no d'éamais coiste dháréag é, ná ar éisteacht athchomhairc i gcoinnibh breith no ordú a dhin sé féin, no ina raibh sé páirteach pe'ca aontú no easaontú leis a dhin sé.

Aicsin do chur no d'aistriú o chúirt go cúirt eile.

25. —Nuair a bheidh ar bun san Ard-Chúirt aon aicsean d'fhéadfí a thosnú sa Chúirt Chuarda, féadfidh aon pháirtí san aicsean san, aon uair roimh sheirbheáil fógra trialach ann, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-aicsean do chur no d'aistriú chun na Cúirte Cuarda agus, leis sin, más dó leis an gcúirt gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt féadfa sí an t-aicsean san do choinneáil san Ard-Chúirt no, más rud é nách dó léi gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt, féadfa sí an t-aicsean san do chur no d'aistriú chun na Cúirte Cuarda no (sa chás ina bhféadfí an t-aicsean do thosnú sa Chúirt Dúithche) chun na Cúirte Dúithche, chun é do phlé i láthair an Bhreithimh a ceapfar do pé Cuaird no (marab é sin é) i láthair an Bhreithimh a ceapfar do pé Dúthaigh a dheabhróidh don Ard-Chúirt bheith oiriúnach agus comhgarach, ar pé téarmaí, in aon chás díobh san, agus fé pé coiníollacha, i dtaobh costaisí no éinní eile, a dheabhróidh bheith cóir:

Ach beidh údarás ag an Ard-Chúirt aon aicsean do chur no d'aistriú chun cúirte eile, pé méid a heilíodh go fuirmeálta san aicsean, má sé tuairim na cúirte nách san Ard-Chúirt ba cheart an t-aicsean do thosnú ach sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche má ba cheart é thosnú in aon chor.

Athchomharc i gcás iarratas chun aicsean d'aistriú.

26. —Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh na hArd-Chúirte i ngach cás i gcoinnibh deona no eiteach aon iarratas a dineadh chun aon aicsean do chur no d'aistriú ón Ard-Chúirt chun na Cúirte Cuarda, agus i gcoinnibh an Ard-Chúirt no aon bhreitheamh di do dhéanamh a rogha rud sa scéal.

Ní gairmfar Ard-Choiste chun díotála do bhreithniú.

27. —O thosach feidhm an Achta so agus dá éis, ní gá aon díotáil do chur fé bhráid Ard-Choiste ná ní gá d'Ard-Choiste aontú le díotáil, agus ní gairmfar aon Ard-Choiste chun na Príomh-Chúirte Coiriúla ná chun aon Chúirte den Chuaird Ard-Chúirte chun díotála do bhreithniú, ach déanfar gach díotáil do leaga díreach fé bhráid an choiste dháréag a thrialfidh an duine cúisithe.

I mBaile Atha Cliath a shuidhfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla; aon bhall amháin a chraobhscaoilfidh an bhreith.

28. —I mBaile Atha Cliath a shuidhfidh Cúirt Athchomhairc Choiriúla Shaorstáit Éireann, ach amháin i gcásanna ina dtabharfidh an Prímh-Bhreitheamh ordú speisialta í shuidhe ina mhalairt d'áit, agus pé ball dá mbeidh i láthair agus teideal aige chun tosach a bheith aige ar na baill eile isé bheidh ina Uachtarán ar an gcúirt, agus do réir tuairim furmhór na mball a bheidh i láthair isea réiteofar gach ceist a bheidh os cóir na cúirte ach, mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt isé Uachtarán na Cúirte a chraobhscaoilfidh breith na cúirte, no pé ball eile den Chúirt a ordóidh an tUachtarán, agus ní dhéanfidh aon bhall eile den chúirt ina aonar aon bhreith i dtaobh réiteach aon cheiste do chraobhscaoile.

Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Athchomhairc Choiriúla ach amháin ar dheimhniú ón bPríomh-Atúrnae.

29. —Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Athchomhairc Choiriúla ar aon athchomharc ná ar éinní eile 'na bhfuil comhacht aici chun breith do thabhairt air, agus ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh na cúirte sin mara ndeimhnighidh an chúirt sin no an Príomh-Atúrnae go bhfuil fighte leis an mbreith ponc dlí le n-a mbaineann tácht phuiblí nea-ghnáth agus gur mhaith an rud, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, athchomharc do bhreith chun na Cúirte Uachtaraí, agus sa chás san féadfar athchomharc do thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí agus ní bheidh dul thar breith na cúirte sin.

Beidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla ina cúirt breacacháin árd-chéime.

30. —Beidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla ina cúirt breacacháin árd-chéime, agus, chun crícheanna agus fé réir forálacha an Achta so, beidh lán-chomhacht aici chun aon cheisteanna do réiteach is gá réiteach chun ceart do dhéanamh sa chás a bheidh os a cóir.

Athchomharc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus o Chúirt den Chuaird Ard-Chúirte.

31. —Einne a ciontófar ar dhíotáil i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no i láthair aon Chúirte den Chuaird Ard-Chúirte, féadfa sé fén Acht so athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla fé sna coiníollacha so a leanas:—

(i) má gheibheann an t-athchomharcach ón mbreitheamh a thriail é deimhniú gur cás oiriúnach chun athchomhairc an cás;

(ii) i gcás an deimhniú san d'eiteach air, má dhineann an Chúirt Athchomhairc Choiriúla de bharr athchomhairc i gcoinnibh an eiteachais sin cead athchomhairc do dheona.

Cead athchomhairc i gcásanna áirithe.

32. —Deonfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla cead athchomhairc i gcásanna le n-a bhfuil ponc dlí fighte dar leis an gcúirt no ina bhfeictar don chúirt go raibh an triail nea-shásúil, no ina bhfeictar don chúirt aon scór eile is leor chun athchomhairc, agus beidh comhacht ag an gcúirt chun gach ordú iarmarta is oiriúnach léi do dhéanamh, orduithe ar a n-áirítear ordú chun an t-athchomharcach do leigint amach ar bhannaí go dtí go dtabharfar breith ar a athchomharc.

Eisteacht an athchomhairc.

33. —Má deontar an deimhniú no an cead athchomhairc sin déanfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla an t-athchomharc d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar thuairisc o luathscríbhneoir a bhí i láthair ar triail an athchomharcaigh, ach beidh comhacht ag an gcúirt chun fianaise nua no bhreise d'éisteacht agus chun éinní do chur chun an bhreithimh gur trialadh an cás ina láthair chun tuairisc air d'fháil uaidh.

Údarás chun ciontú do dhaingniú no do chlaochló.

34. —Beidh údarás ag an gCúirt Athchomhairc Choiriúla chun an ciontú do dhaingniú no do chlaochló i bpáirt no go hiomlán, agus chun an daora do mhaitheamh, no do luíodú, no do mhéadú no d'atharú ar aon tslí eile agus, go generálta, chun pé ordú do dhéanamh, maraon le haon ordú i dtaobh costaisí, a bheidh riachtanach chun ceart do dhéanamh sa chás a bheidh i láthair na cúirte.

An t-athchomharcach ciontach ach é as a mheabhair.

35. —Má dintar athchomharc do réir deimhniú no cead a deonadh, mar adubhradh thuas, agus go bhfeicfar don Chúirt Athchomhairc Choiriúla, cé go raibh an t-athchomharcach ciontach sa ghníomh no sa bhfaillí i n-ar cúisíodh é, go raibh sé as a mheabhair le linn an gníomh no an fhaillí a bheith á dhéanamh, i dtreo ná raibh sé freagarthach ina ghníomhartha do réir dlí, féadfidh an chúirt an daora a tugadh sa triail do chur ar neamhní agus a ordú go gcoinneofar an t-athchomharcach i gcimeád mar ghealt choiriúil, díreach fé mar a thabharfadh an coiste dháréag breith sa chéill sin.

Rialacha Cúirte.

36. —Uair ar bith agus o am go ham tar éis rithte an Achta so agus roimh thosach a fheidhme no dá éis sin, ach le toil an Aire Airgid i dtaobh éinní a bhainfidh le hioncum no le caiteachas puiblí, féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacha dá ngairmfar “Rialacha Cúirte” do dhéanamh chun Cuid I. den Acht so do chur in éifeacht (maraon le héisteacht athchomharc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda agus éisteacht cásanna aithriste ón gCúirt Dúithche) agus na rialacha san do chur ar nea-mbrí no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh. Féadfar go sonnrách rialacha dhéanamh i gcóir gach ní no éinní dhíobh so a leanas:—

(i) pléideáil, cleachta agus nós-imeachta i gcoitinne (maraon le breith d'iontráil agus breith ar an slí achmair do dheona i gcásanna oiriúnacha) i ngach cás síbhialta, maraon le cásanna ioncuim agus imeachta i dtaobh dleathacht aon dlí fé sholus forálacha an Bhunreachta agus imeachta i bhfuirm achuinghe cirt;

(ii) pléideáil, cleachta agus nós-imeachta i gcoitinne i ngach cás coiriúil i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no aon chúirt den Chuaird Ard-Chúirte no na Cúirte Athchomhairc Choiriúla;

(iii) Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte do chur amach ar pé uaire, go pé áiteanna agus i gcóir pé ceanntracha có-nasctha a chífar a bheith oiriúnach;

(iv) suidheanna na Príomh-Chúirte Coiriúla do Bhaile Atha Cliath agus do pé contaethe comhursanachta a ceapfar leis na rialacha san agus na cásanna a chríochnóidh sí, ar a mbeidh gach cás ná beidh críochnuithe ag Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte no in ar haistríodh ionad a thrialta chun na Príomh-Chúirte Coiriúla ar iarratas an Phríomh-Atúrnae no an duine chúisithe;

(v) teanga náisiúnta Shaorstáit Éireann d'úsáid sna cúirteanna san;

(vi) an cuma ina mbeannófar do sna breithimh agus na róbaí agus an gléas éadaigh oifigiúil a bheidh le caitheamh ag na Breithimh agus ag na hAbhcóidí;

(vii) tosach agus faid na suidheanna agus na n-aimsir shaoire;

(viii) táillí do cheapa agus do bhailiú;

(ix) an t-oiriúnú no an t-atharú is gá a dhéanamh ar aon reacht chun aon chríche de chrícheanna an Achta so agus gach mion-rud a bhaineann leis sin.

Furmhór coiste a bheidh có-dhéanta de bhreithimh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte, d'Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, agus de bheirt abhcóidí a chleachtann a ngairm, as Barra na sinsear agus na sóisear fé seach, agus a roghnófar ag Comhairle Bharra na hÉireann, is le n-a dtoil sin amháin a déanfar no a cuirfar ar neambrí no a hatharófar na rialacha cúirte sin.