12 1924


Uimhir 12 de 1924.


ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1924.


ACHT CHUN FORÁIL DO DHÉANAMH CHUN GO mBEIDH AN tAM I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN TOSAIGH AR AM IARTHAIR NA hEURÓIPE AR FEADH TRÉIMHSE ÁIRITHE DEN BHLIAIN 1924. [12adh Abrán, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Am do chur uair chun tosaigh ar feadh ama shamhraidh.

1. —(1) Beidh an t-am i Saorstát Éireann uair chun tosaigh ar am Iarthair na hEuróipe chun crícheanna generálta ar feadh tréimhse an ama shamhraidh sa bhliain 1924.

(2) In aon chás ina bhfuil tagairt do phonc ama in aon achtachán, Ordú i gComhairle, Ordú, rialachán, riail, fo-dhlí, cairt, fógra no scríbhinn ar bith eile, tuigfear, ar feadh tréimhse an ama shamhraidh sa bhliain 1924 agus gan dochar dá bhforáltar 'na dhiaidh seo, gurb é am an t-am dá dtagartar ná an t-am fé mar a socruítear é chun crícheanna generálta leis an Acht so.

(3) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so cur isteach ar úsáid ama Iarthair na hEuróipe chun crícheanna réalt-eolais, méteoraíochta, nó mairnéalachta, ná cur isteach ar léiriú aon scríbhinne a luadhann no a thagrann do phonc ama i dtaobh aon chríche dhíobh san.

Teoranta tréimhse ama shamhraidh.

2. —Chun críche an Achta so isé rud é tréimhse an ama shamhraidh i gcóir na bliana 1924 ná an tréimhse a thosnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an 13adh lae d'Abrán, 1924, agus a chríochnóidh ar a dó a chlog, am Iarthair na hEuróipe, ar maidin an 21adh lae de Mheadhon Fhoghmhair, 1924.

Míniú ar am Iarthair na hEuróipe.

3. —San Acht so cialluíonn an focal “am Iarthair na hEuróipe” meadhon-am Greenwich.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht um Am Samhraidh, 1924 , do ghairm den Acht so.