Ar Aghaidh (SCEIDEAL)

16 1924


Uimhir 16 de 1924.


ACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924.


ACHT CHUN BUNUITHE AGUS CHUN MÍNITHE NA nAIRÍ AGUS NA RANNA STÁIT I SAORSTÁT ÉIREANN DO RÉIR AN BHUNREACHTA AGUS CHUN FEIDHMEANNA AGUS COMHACHTA AN PHRÍOMH-ATÚRNAE D'FHAISNÉIS AGUS CHUN COMHACHT DO THABHAIRT CHUN RÚNAITHE PÁIRLIMINTE DO CHEAPA AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [21adh Abrán, 1924.]

DE BHRÍ go n-achtuítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann go mbeidh Comhairle ann a bheidh freagarthach do Dháil Éireann, chun cabhruithe agus comhairlithe i rialú Shaorstáit Éireann, agus go ngairmfar an Ard-Chomhairle den Chomhairle sin agus go mbeidh sí có-dhéanta de sheachtar Airí an chuid is mó dhe no de chúigear Airí an chuid is 1ú dhe, Airí a bheidh ina dteachtaí de Dháil Éireann agus a ceapfar ag Ionadaí na Coróinneach ar ainmniú Uachtarán na hArd-Chomhairle le toil Dháil Éireann agus a bheidh freagarthach in éineacht i ngach cúrsa a bhaineann leis na Ranna Stáit a riarfidh Baill den Ard-Chomhairle, agus a thiocfidh le chéile agus a ghníomhóidh mar aon údarás amháin:

AGUS DE BHRÍ go bhforáltar leis an mBunreacht san go mbeidh ar na hAirí dá mbeidh an Ard-Chomhairle có-dhéanta Uachtarán na hArd-Chomhairle, Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle agus an tAire a bheidh i gceannas Roinn an Airgid:

AGUS DE BHRÍ go n-achtuítear leis an mBunreacht san, leis, go bhféadfidh Ionadaí na Coróinneach Airí seachas iad súd a bheidh ina mbaill den Ard-Chomhairle do cheapa, agus, go n-ainmneoidh Dáil Éireann gach Aire den tsórt san ar mhola Choiste de Dháil Éireann a bunófar chun na críche sin, agus go bhforáltar leis, fós, go mbeidh gach Aire den tsórt san ina cheann fhreagarthach ar an Roinn no ar na Ranna a bheidh fé n-a chúram agus go mbeidh sé freagarthach uaidh féin do Dháil Éireann amháin i riara na Roinne no na Rann ar a mbeidh sé ina cheann:

AGUS DE BHRÍ go n-achtuítear leis an mBunreacht san, leis, ná raghaidh lán-uimhir na nAirí, agus na hAirí a bheidh ina mbaill den Ard-Chomhairle d'áireamh ortha, thar dháréag, agus go bhfuighidh Airí pé luach saothair a socrófar ó am go ham le dlí, ach ná luíodófar luach saothair aon Aire i rith a théarma oifige:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Bunú na Ranna Stáit.

1. —Bunófar i Saorstát Éireann gach Roinn Stáit dá n-áiritear agus dá n-ainmnítear san aon cheann déag d'fho-mhíreanna so a leanas, agus roinnfar riara agus gnó na seirbhísí puiblí i Saorstát Éireann ortha fé mar a luaidhtear go sonnrách sna fo-mhíreanna san, agus isé duine dá gceapfar agus a riarfidh gach Roinn fé leith díobh san, agus comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna na Roinne sin, ná an tAire a hainmnítear mar cheann uirthi ina dhiaidh seo anso, sé sin le rá:—

(i) Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle 'na mbeidh ag gabháil léi an gnó, na comhachta, na húdaráis, na dualgaisí agus na feidhmeanna 'na ndintar leis an mBunreacht no le haon Acht den Oireachtas atá no a bheidh ann, no ar aon tslí eile, iad do bhronna no do thabhairt le déanamh no le cólíona don Aire ag a mbeidh oifig, agus dá ngairmfear, Uachtarán na hArd-Chomhairle no (i mBéarla) the President of the Executive Council, agus fós cimeád na n-annálacha agus na mbreacachán bpuiblí go léir agus cimeád páipéirí agus scríbhinní Stáit agus cimeád deontaisí, dintiúirí agus instruimidí eile teidil a bhaineann leis an maoin, corportha agus nea-chorportha, réalta agus pearsanta, a bheidh dílsithe i Saorstát Éireann de thurus na huaire agus cimeád breacachán na hArd-Chomhairle agus freagarthacht ionta san go léir, agus, ina theanta san, cimeád Séala na hArd-Chomhairle agus fós freagarthacht i bhfoillseacháin oifigiúla na hArd-Chomhairle agus a gcúram agus fós an smacht riaracháin agus an fhreagarthacht maidir le pé seirbhísí puiblí ná beidh de thurus na huaire fé aon Roinn Stáit dá mbunuítear leis an Acht so agus maidir leis an ngnó, na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna a bhaineann leo.

(ii) An Roinn Airgid 'na mbeidh riara agus gnó generálta airgeadas puiblí Shaorstáit Éireann ag gabháil léi agus na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna uile a bhaineann leis an gcéanna agus ar a n-áirítear go sonnrách bailiú agus caitheamh ioncumaí Shaorstáit Éireann pé as iad (ach amhain sa chás dá bhforálfidh an dlí a mhalairt), agus maoirseacht agus cúram gach ceannaigh a déanfar d'aon Roinn Stáit no thar a ceann agus maoirseacht agus cúram gach soláthar gréithre agus earraí atá aici agus riara na rudaí sin, agus fós gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna na mbrainsí agus na n-oifigeach den tseirbhís phuiblí a háirítear sa Chéad Chuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Airgid no (i mBéarla) the Minister for Finance.

(iii) An Roinn Dlí agus Cirt 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta na seirbhísí puiblí a bhaineann le dlí, ceart, ordú puiblí agus póilíneacht, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna (lasmuich de pé comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna a cimeádtar le dlí i gcóir na hArd-Chomhairle agus de pé comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna a cuirtar, leis an mBunreacht no le dlí, lasmuich d'údarás na hArd-Chomhairle no d'údarás Aire den Ard-Chomhairle) agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna na mbrainsí agus na n-oifigeach den tseirbhís phuiblí a háirítear sa Dara Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Dlí agus Cirt no (i mBéarla) the Minister for Justice.

(iv) An Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le rialtas áitiúil, sláinte phuiblí, fóirithin na mbocht, aire thabhairt do gheilteanna (agus gealtchuirpthigh d'áireamh), árachas sláinte, toghacháin i gcóir gach Tighe den Oireachtas, toghacháin i gcóir cóluchtaí agus údarásanna áitiúla, clárú vótálaithe, coinneáil-suas bóithre puiblí agus prímh-bhealaí, clárú beireataisí, básanna agus póstaíocha, agus statistíocht bheatha, agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna agus 'na mbeidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna na mbrainsí agus na n-oifigeach den tseirbhís phuiblí a háirítear sa Tríú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no (i mBéarla) the Minister for Local Government and Public Health.

(v) An Roinn Oideachais 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le hOideachas idir bhun-oideachas, meán-oideachas agus oideachas príomhscoile, tréineáil chun gairme agus tréineáil teicniciúil, scoileanna fé bhronntanas, scoileanna ceartúcháin agus scoileanna saothair, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear sa Cheathrú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Oideachais no (i mBéarla) the Minister for Education.

(vi) An Roinn Tailte agus Talmhaíochta 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le talmhaíocht agus tailte agus ar a n-áirítear cíosanna agus sealbhaíocht tailte do shocrú, tionóntaithe i seilbh do cheannach lán-únaereachta tré chistí puiblí, gabháltaisí tailimh do mhéadú agus feabhas economiciúil eile do chur ortha, talamh do cheannach chun é roinnt tré n'athdhíol, cumhangracht thuatha agus cúrsaí neamh-economiciúla dá shórt do leigheas, talmhaíocht do chur ar aghaidh tré dheontaisí oideachais, agus tré léigheachtaí ar abhair speisialta, statistíocht thalmhaíochta, foraoiseacht, seirbhísí sréidliaghachta, suirbhéireacht agus mapáil tailimh, agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí, agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear sa Chúigiú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Tailte agus Talmhaíochta no (i mBéarla) the Minister for Lands and Agriculture.

(vii) An Roinn Tionnscail agus Tráchtála 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le trádáil, tráchtáil, tionnscal, agus oibreachas, có-ghléasanna agus có-cheangail tionnscail agus tráchtála, statistíocht tionnscail agus tráchtála, iompar, loingsiú, maoin nádúrtha na tíre, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, maraon le trádáil agus tráchtáil do chur ar aghaidh tré dheontaisí oideachais, agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear sa Séú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Tionnscail agus Tráchtála no (i mBéarla) the Minister for Industry and Commerce.

(viii) An Roinn Iascaigh 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le hiascach, ar a n-áirítear iascach mara móire, iascach uiscí taoide, iascach cósta agus iascach uiscí intíre, agus tionnscail a bhaineann no a chabhruíonn leis an gcéanna, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbh ísí puiblí a háirítear sa Seachtú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Iascaigh no (i mBéarla) the Minister for Fisheries.

(ix) An Roinn Puist agus Telegrafa 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le postanna, le telegrafanna agus le telefóna, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, agus beidh ag gabháil léi go sonnrách gnó, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna brainsí agus oifigeach na seirbhísí puiblí a háirítear san Ochtú Cuid den Sceideal don Acht so, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin agus gairmfar de an tAire Puist agus Telegrafa no (i mBéarla) the Minister for Posts and Telegraphs.

(x) An Roinn Cosanta 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó Fórsaí Cosanta Mileata Shaorstáit Éireann do thógáil, do thréineáil, do chó-ghléasa, do choinneáil suas, do ghléasa, do bhainistí, do smachtú, do regleáil, agus do stiúrú do réir dlí, agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin, agus gairmfar de, an tAire Cosanta nó (i mBéarla) the Minister for Defence, agus cabhróidh Comhairle Cosanta leis fé mar a foráltar ina dhiaidh seo anso.

(xi) An Roinn Gnóthaí Coigríche 'na mbeidh ag gabháil léi riara agus gnó generálta seirbhísí puiblí a bhaineann le conbharsáidí agus gnóthaí idir Rialtas Shaorstáit Éireann agus Rialtas aon stáit no náisiúin eile, ionadaíocht diplomáideach agus chonsúlach Shaorstáit Éireann in aon tír no áit, nósmhaireacht idirnáisiúnta, pasanna agus visés le pasanna do dheona, agus gach comhacht, dualgas, agus feidhm a bhaineann leis an gcéanna, agus beidh mar cheann ar an Roinn sin, agus gairmfar de, an tAire Gnóthaí Coigríche no (i mBéarla) the Minister for External Affairs.

Beidh gach Aire ina chorporáid aon-fhir agus comhachtanna áirithe aige.

2. —(1) Beidh gach duine de sna hAirí, de chinn na Ranna Stáit fé seach a luaidhtear in Alt 1 den Acht so, ina chorporáid aon-fhir fén teideal no fén ainm roimhráite sin aige (a féadfar a chur in úil go dleathach le dleathacht agus le héifeacht chó-ionann pe'ca tríd an nGaedhilg no tré a có-fhocal Béarla fé mar atáid san alt so roimhe seo a déanfar san), agus beidh síor-chombharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúntais) agus fén teideal no fén ainm roimhráite sin aige féadfa sé dul chun dlí agus (tar éis fiat an Phríomh-Atúrnae bheith deonta i ngach cás fé leith ar dtúis) féadfar dul chun dlí leis, agus féadfa sé talamh d'fháil, do shealbhú agus do chur dá láimh chun crícheanna na bhfeidhm, na gcomhacht no na ndualgaisí a bhaineann leis an Roinn Stáit gur ceann uirthi é no le haon bhrainse dhi.

(2) Ar mhola an Aire ceapfaidh an Ard-Chomhairle príomhoifigeach gach Roinne dhíobh san agus féadfaidh gach Aire dhíobh san oifigigh eile agus seirbhísigh do cheapa, fé mar a shocróidh an tAire sin le cead an Aire Airgid, chun fónamh sa Roinn gur ceann uirthi é ach gach ceapachán a déanfar fén bhfo-alt so, beidh sé fé réir forálacha Acht Rialuithe na Seirbhíse Síbhialta, 1923 (Uimh. 35 de 1923) no fé réir forálacha aon Achta a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus a cuireadh in ionad an Achta san no le n-ar leasuíodh é.

(3) Isé an tAire Airgid a cheapfaidh téarmaí agus coiníollacha ceapacháin gach oifigigh agus seirbhísigh a cheapfidh aon Aire agus amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar leis na hoifigigh agus na seirbhísigh sin pé tuarastail no luach saothair ar a socróidh an tAire Airgid o am go ham, no má bhíonn aon chiste ann is féidir a úsáid do réir dlí san íoc san is amach as an gciste sin a déanfar an t-íoc.

(4) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar costaisí gach Roinne Stáit dá mbunófar fén Acht so, oiread agus cheadóidh an tAire Airgid.

Roinnfar na Ranna Stáit ar na hAirí.

3. —(1) An té a bheidh de thurus na huaire ina Uachtarán ar an Ard-Chomhairle déanfa sé chó luath agus is féidir é tar éis é bheith ceaptha mar Uachtarán den tsórt san a shocrú agus a fhaisnéis cá mhéid, agus ce 'ca cinn, de sna Ranna Stáit a bunófar leis an Acht so, a cuirfar fé agus a riarfar ag na baill den Ard-Chomhairle a ceapfar ar ainmniú uaidh do réir an Bhunreachta.

(2) Beidh sé dleathach dhá ceann no níos mó de sna Ranna Stáit sin do chur fé éinne amháin agus sa chás san ceapfar an duine sin chun bheith ina Aire-cheann ar gach ceann fé leith de sna Ranna san.

Luach saothair na nAirí.

4. —Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar mar thuarastal le hUachtarán na hArd-Chomhairle suim bhliantúil ná raghaidh thar £2,500 agus íocfar mar thuarastal le gach duine de bhaill na hArd-Chomhairle suim bhliantúil ná raghaidh thar £1,700 agus íocfar mar thuarastal le gach Aire nách ball den Ard-Chomhairle suim bhliantúil ná raghaidh thar £1,700, ach san ar shlí ná híocfar le héinne níos mó ná aon tuarastal amháin den tsórt san.

Beidh lucht na hArd-Chomhairle freagarthach in éineacht.

5. —In ainneoin go bhféadfar baill den Ard-Chomhairle do cheapa, gach duine ina aonar, chun bheith ina nAirí, ina gcinn ar Ranna Stáit ar leithligh, ní bhainfidh éinní san Acht so ón Ard-Chomhairle bheith freagarthach in éineacht fé mar a foráltar leis an mBunreacht.

An Príomh-Atúrnae.

6. —(1) Dílseofar i bPríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann (a ceapfar ag an Seanascal ar ainmniú ón Ard-Chomhairle) an gnó, na comhachta, na húdaráis, na dualgaisí agus na feidhmeanna a bhí dílsithe roimhe seo i bPríomh-Atúrnae na hÉireann, in Atúrnae Generálta na hÉireann, i bPríomh-Atúrnae Deiscirt Éireann, in Atúrnae Generálta Deiscirt Éireann sa Chomhairleach Dlí do Lord Lieutenant na hÉireann, agus in éinne acu no san uile dhuine acu fé seach, agus a bhí á bhfeidhmiú acu san, agus riara agus stiúrú gnótha, comhachtanna, údarásanna, dualgaisí agus feidhmeanna brainsí agus oifigeacha na seirbhísí puiblí a háirítear sa Naoú Cuid den Sceideal don Acht so, agus fós riara agus gnó generálta na seirbhísí puiblí a bhaineann le hionadú Rialtas Shaorstáit Éireann agus na puiblíochta i ngach imeacht dlí chun an dlí do chur i bhfeidhm, chun ciontathóirí do phionósú agus chun cearta puiblí do dhéanamh deimhnitheach no do chosaint, agus gach comhacht, dualgas agus feidhm a bhaineann leis na nithe sin fé seach, maraon le n-a bheith de dhualgas air an Ard-Chomhairle agus gach duine de sna hAirí do chomhairliú i gcúrsaí dlí agus oipineoin dlí.

(2) Féadfaidh an Príomh-Atúrnae bheith no teacht chun bheith ina bhall de Dháil Éireann, agus más ball de Dháil Éireann é le linn a cheaptha ní bheidh sé fé aon oblagáid a shuíochán do thabhairt suas ná dul fé aththogha. Ní bheidh sé i seilbh oifige ach an fhaid a bheidh seilbh oifige ag Uachtarán san na hArd-Chomhairle d'ainmnigh é.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun Rúnaithe Páirliminte do cheapa.

7. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, ar ainmniú o Uachtarán na Comhairle, pé méid daoine is dó leis an Ard-Chomhairle is gá do cheapa chun bheith ina Rúnaithe Páirliminte don Ard-Chomhairle no d'Airí den Ard-Chomhairle, ach iad do bheith ina mbaill den Oireachtas agus gan a líon do bheith thar seachtar, agus féadfa sí aon uair aon Rúnaí Páirliminte a ceapadh amhlaidh do chur as oifig.

(2) Gach duine a ceapfar fén bhfo-alt atá díreach roimhe seo chun bheith ina Rúnaí Pháirliminte ní leanfa sé i seilbh oifige ach an fhaid a leanfa sé ina bhall den Oireachtas agus a bheidh seilbh oifige ag Uachtarán san na hArd-Chomhairle a cheap é.

(3) Fé mhola o Dháil Éireann, a cuireadh in úil le rún, féadfaidh Aire nách ball den Ard-Chomhairle duine atá ina bhall den Dáil do cheapa chun bheith ina Rúnaí Pháirliminte dho agus féadfa sé aon uair Rúnaí Páirliminte a ceapadh amhlaidh do chur as oifig.

(4) Gach éinne a ceapfar fén bhfo-alt atá díreach roimhe seo ní leanfa sé i seilbh oifige ach an fhaid a leanfa sé ina bhall den Dáil agus a leanfidh an tAire a cheap é i seilbh a oifige.

(5) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar le gach Rúnaí Páirliminte a ceapfar fén Acht so, agus ná faisneófar, tré n-a cheapa, a bheith á cheapa gan tuarastal, pé tuarastal bliantúil a shocróidh Uachtarán na hArd-Chomhairle o am go ham le haontú an Aire Airgid ach gan é bheith níos mó ná suim bhliantúil £1,200 i gcás ar bith: Ach mar sin féin ní mó ná cuig dhuine dhéag a bheidh líon iomlán na ndaoine a bheidh ag fáil tuarastal aon uair mar Airí no mar Rúnaithe Páirliminte.

(6) Ni ceapfar thar aon Rúnaí Páirliminte amháin in aghaidh aon Roinne Stáit áirithe amháin.

(7) Tré n-a cheapachán déanfar gach Rúnaí Páirliminte dá gceapfar fén alt so do cheapa chun gníomhú mar Rúnaí Páirliminte don Ard-Chomhairle no d'Aire agus beidh aige pé comhachtanna agus có-líonfa sé pé dualgaisí a bronnfar air no a ceapfar do, o am go ham, ag an Ard-Chomhairle no ag an Aire sin le toil na hArd-Chomhairle (pe'ca aca é).

Bunú na Comhairle Cosanta.

8. —(1) Beidh bunuithe agus bunuítear leis seo Comhairle Cosanta chun cabhrú leis an Aire Cosanta i riara gnó na Roinne Cosanta, gan baint, áfach, ón méid a bheidh an tAire Cosanta freagarthach don Dáil i riara agus i ngnó uile na Roinne Cosanta agus i bhfeidhmiú agus i gcó-líona gach comhachta, dualgais agus feidhme a bhaineann léi.

(2) Beidh an Chomhairle Cosanta có-dhéanta de sna baill seo a leanas, eadhon, an tAire Cosanta, a bheidh (fén teideal “Ceann an Airm”) ina Chathaoirleach ar an gComhairle Cosanta agus ceathar ball eile ar a roinnfar príomh-ranna no príomhbhrainsí gnó na Comhairle Cosanta, sé sin le rá, ball síbhialta, eadhon, ball de Dháil Éireann, a bheidh freagarthach don Aire Cosanta in airgeadas na bhFórsaí Cosanta Mileata agus in oiread de ghnó eile na Comhairle Cosanta agus a leagfidh an tAire Cosanta amach do o am go ham, agus a ghníomhóidh mar Rúnaí Páirliminte don Aire Cosanta, agus triúr ball mileata, eadhon, baill choimisiúnta de sna Fórsaí Cosanta san 'na mbeidh duine acu ina Cheann Fuirinne, duine ina Ard-Chongantóir agus duine ina Ard-Sholáthraí, agus a bheidh freagarthach fé seach don Aire Cosanta i riara an ghnótha a bhaineann le tógáil, tréineáil, có-ghléasa, roinnt, pearsanta, soláthar, gléasa, armáil, bainistí, smacht, stiúrú agus coinneáil-suas na bhFórsaí Cosanta, oiread agus leagfaidh an tAire Cosanta amach dóibh no d'éinne acu ó am go ham.

(3) Féadfaidh an tAire Cosanta aon chuid de ghnó na Comhairle Cosanta do chimeád fé n-a chúram féin ar leithligh.

(4) Gníomhóidh Rúnaí na Roinne Cosanta mar Rúnaí don Chomhairle Cosanta agus có-líonfa sé pé dualgaisí a leagfaidh an tAire Cosanta amach do ó am go ham.

(5) Beidh seilbh ag gach duine de bhaill mhileata na Comhairle Cosanta ar an oifig sin an fhaid is toil leis an Ard-Chomhairle é agus í ag gníomhú de réir mar a mholfidh an tAire Cosanta sa chás, ach ní leanfidh an tseilbh sin, i gcás ar bith, ar feadh tréimhse is sia ná trí bliana as a chéile.

(6) Tiocfidh an Chomhairle Cosanta le chéile agus gníomhóid in éineacht mar aon chólucht amháin agus beid freagarthach in éineacht don Aire Cosanta i ngach ní a cuirfar ina n-iocht mar chólucht aonair pe'ca le haon Acht den Oireachtas no ar a mhalairt de shlí.

(7) Féadfidh an Chomhairle Cosanta, fé réir mola an Aire Cosanta, a nós-imeachta féin agus am agus áit a cruinnithe do regleáil ach tiocfe sí le chéile aon uair a iarrfidh an tAire Cosanta uirthe é agus pé scéal é beidh cruinniú amháin ar a luíod den Chomhairle ann gach sé mhí.

Comhachta don Ard-Chomhairle i dtaobh cóluchtaí reachtúla.

9. —(1) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle—

(a) le hordú ón Ard-Chomhairle, aon Bord Coimisinéirí no cólucht reachtúil le n-a mbaineann an t-alt so do scur; agus

(b) leis an Ordú céanna, gach ceann no aon cheann d'údaráis, de chomhachta, de dhualgaisí agus d'fheidhmeanna aon Bhúird Coimisinéirí no cóluchta reachtúla, a scuirfear fén alt so, d'aistriú chun an Aire no chun na nAirí no do bhronna no d'fhorchur ar an Aire no ar na hAirí a bheidh mar cheann no mar chinn ar an Roinn no na Ranna Stáit cearta le n-a mbaineann seirbhísí puiblí an Bhúird Coimisinéirí no na coluchta reachtúla san a scuireadh agus

(c) leis an Ordú céanna no le haon Ordú ina dhiaidh sin, maidir le gach cuid no aon chuid de sna tailte, na hionoighreachtaí, na tionóntacháin agus na háitreibh, suidhte i Saorstát Éireann, agus gach maoin agus sócmhainn eile (maraon le rudaí-ar-fionnraoi) a bhí, ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, no a bheidh, le linn aon Ordú den tsórt san do bheith á dhéanamh fén bhfo-alt so, dílsithe, pe'ca le reacht, dintiúir, connra no a malairt é, in aon Bhord Coimisinéirí no cólucht reachtúil a scuireadh le hOrdú fén bhfo-alt so, no i gcimeád ar iontaoibh don chéanna, iad do dhílsiú san Aire no sna hAirí fé seach, a bheidh mar cheann no mar chinn ar an Roinn no na Ranna Stáit cearta san mar adubhradh, agus san i dtreo, fén Ordú san agus dá bhua, gan gá le haon aistriú ná sanna eile in aon chor, ach fé réir aistriú i leabhair aon bhainc, cuideachtan no corporáide más gá san, go ndílseoid agus go mbeid dílsithe san Aire sin no sna hAirí sin fé seach chun an estáit, an téarma agus an leasa go léir, no chun na n-estáití, na dtéarmaí, agus na leasanna fé seach gur chúcha a bhí an céanna, díreach roimh dhéanamh an Orduithe sin, dílsithe sa Bhord Coimisinéirí no sa chólucht reachtúil sin a scuireadh, no ar seilbh ag ceachtar acu, ach san fé réir pé iontaobhaisí agus cothromaí (más ann dóibh) 'na mbeidh baint acu leis na tailte, na hionoighreachtaí, na tionóntacháin agus na háitreibh sin agus leis an maoin agus na sócmhainní sin, fé seach, le linn an tOrdú san a bheith á dhéanamh, agus a bheidh ann, agus a féadfar a chó-líona, go dlíthiúil an uair sin; agus

(d) leis an Ordú céanna no le haon Ordú ina dhiaidh sin a shocrú agus a fhaisnéis cé 'ca Roinn no Ranna Stáit gur ceart, chun crícheanna an fho-ailt seo, údaráis, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna aon Bhúird Coimisinéirí scurtha no cóluchta reachtúla scurtha den tsórt san d'aistriú chun no do bhronna no d'fhorchur ar a hAire no a nAirí fé seach mar adubhradh; agus

(e) leis an Ordú céanna no le haon Ordú ina dhiaidh sin pé oiriúnuithe agus atharuithe is dó leis an Ard-Chomhairle is gá do dhéanamh ar no in aon Reacht Briotáineach a bhaineann le haon Bhord Coimisinéirí no le haon chólucht reachtúil eile a scuireadh fén alt so.

(2) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle—

(a) le hOrdú ón Ard-Chomhairle aon cheann d'údaráis, de chomhachta, de dhualgaisí, agus d'fheidhmeanna aon Bhúird Coimisinéirí no cóluchta reachtúla le n-a mbaineann an t-alt so d'aistriú chun aon Aire agus do bhronna no d'fhorchur air, agus a fhaisnéis gur cuid de sheirbhísí puiblí agus d'oifigigh na Roinne Stáit atá á riara ag an Aire sin no fé mar cheann uirthi, na seirbhísí puiblí agus na hoifigigh go raibh baint acu leis na húdaráis na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna gur dineadh leis an Ordú san iad a aistriú, a bhronna no a fhorchur mar adubhradh; agus

(b) leis an Ordú céanna, no le haon Ordú ina dhiaidh sin, maidir le gach cuid no aon chuid de sna tailte, na hionoighreachtaí, na tionóntacháin, agus na háitreibh, suidhte i Saorstát Éireann, agus gach maoin agus sócmhainn eile (maraon le rudaí-ar-fionnraoi) a bhí, ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, no a bheidh, le linn aon Ordú den tsórt san do bheith á dhéanamh fén bhfo-alt so, dílsithe, pe'ca le reacht, dintúir, connra no a malairt é, in aon Bhord Coimisinéirí no cólucht reachtúil den tsórt san, no i gcimeád ar iontaoibh don chéanna, agus 'na raibh baint acu le feidhmiú no le có-líona aon cheann de sna húdaráis, na comhachta, na dualgaisí no na feidhmeanna a haistreofar, a bronnfar no a forchuirfar le hOrdú fén bhfo-alt so, iad do dhílsiú san Aire no sna hAirí fé seach, a bheidh mar cheann no mar chinn ar an Roinn no na Ranna Stáit cearta san mar adubhradh, agus san i dtreo, fén Ordú san agus dá bhua, gan gá le haon aistriú ná sanna eile in aon chor, ach fé réir aistriú i leabhair aon bhainc, cuideachtan no corporáide más gá san, go ndílseoid agus go mbeid dílsithe san Aire sin no sna hAirí sin fé seach chun an estáit, an téarma agus an leasa go léir, no chun na n-estáití, na dtéarmaí, agus na leasanna fé seach gur chúcha a bhí an céanna, díreach roimh dhéanamh an Orduithe sin, dílsithe sa Bhord Coimisinéirí no sa chólucht reachtúil sin, no ar seilbh ag ceachtar acu, ach san fé réir pé iontaobhaisí agus cothromaí (más ann dóibh) 'na mbeidh baint ach leis na tailte, na hionoighreachtaí, na tionóntacháin agus na háitreibh sin agus leis an maoin agus na sócmhainní sin, fé seach, le linn an tOrdú san a bheith á dhéanamh, agus a bheidh ann, agus a féadfar a chó-líona, go dlíthiúil an uair sin; agus

(c) leis an Ordú céanna, no le haon Ordú in a dhiaidh sin, a shocrú agus a fhaisnéis ce'ca Roinn no Ranna Stáit gur ceart, chun crícheanna an fho-ailt seo, údaráis, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna aon Bhúird Coimisinéirí no cóluchta reachtúla d'aistriú chun no do bhronna no d'fhorchur ar a hAire no a nAirí fé seach mar adubhradh; agus

(d) leis an Ordú céanna, no le haon Ordú in a dhiaidh sin, pé oiriúnuithe agus atharuithe is dó leis an Ard-Chomhairle is gá do dhéanamh ar no in aon Reacht Briotáineach a bhaineann le haon Bhord Coimisinéirí no cólucht reachtúil gur dineadh le hOrdú fén bhfo-alt so a n-údaráis, a gcomhachta, a ndualgaisí agus a bhfeidhmeanna, no aon cheann acu, d'aistriú, do bhronna no d'fhorchur.

(3) Faid a bheidh ar bith aon Bhord Coimisinéirí no cólucht reachtúil le n-a mbaineann an t-alt so, agus go dtí go scuirfear an céanna fén alt so, beidh, agus fanfidh, fé stiúrú agus fé smacht an Aire a bheidh mar cheann ar an Roinn Stáit cheart 'na mbeidh baint aici le seirbhísí puiblí an Bhúird Coimisinéirí no an chóluchta reachtúla san, údaráis, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna an Bhúird Coimisinéirí no an chóluchta reachtúla san, no pé cinn de sna húdaráis, na comhachta, na dualgaisí agus na feidhmeanna san ná beidh dí-dhílsithe ná aistrithe ón mBord Coimisinéirí ná ón gcólucht reachtúil sin le haon Ordú fén alt so, agus a bhfeidhmiú agus a gcó-líona san, agus beidh an tAire sin freagarthach i riara seirbhísí an Bhúird Coimisinéirí no an chóluchta reachtúla san, agus má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca Aire an tAire, no ce'ca Roinn Stáit an Roinn cheart, le n-a mbaineann aon tseirbhís phuiblí chun crícheanna an fho-ailt seo, isé Uachtarán na hArd-Chomhairle a réiteoidh an cheist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

(4) Siad Búird Coimisinéirí agus cóluchtaí reachtúla le n-a mbaineann an t-alt so ná gach Bord Coimisinéirí reachtúil agus gach bord agus cólucht reachtúil eile a fheidhmíonn aon fheidhm rialtais no a chólíonann aon dualgaisí puiblí a bhaineann le riara puiblí i Saorstát Éireann, agus fós aon Bhord Coimisinéirí a bunuíodh le hOrdú ón Ard-Chomhairle fé Alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), ach ní feidhmeofar an t-alt so ná ní dhéanfa sé aon difir maidir le haon phríomhscoil a bunuíodh le Cairt Ríoga ná le haon chólucht corporuithe a bunuíodh ar an gcuma gcéanna chun glaca-isteach, cáilíocht, agus iompar lucht aon ghairme no gnótha do regleáil, in ainneoin an phríomh-scoil no an cólucht san do bheith ina chólucht reachtúil ar shlite eile.

Costaisí seirbhísí puiblí a híoctar as cistí speisialta.

10. —I gcás costaisí no aon chuid de chostaisí aon tseirbhíse puiblí, a ceaptar leis an Acht so no fé d'aon Roinn Stáit, do bheith iníoctha fé láthair amach as aon chistí áirithe roinne no cistí puiblí eile seachas an Prímh-Chiste no airgead a sholáthródh an tOireachtas, no sa chás gur féidir aon chistí áirithe roinne no cistí puiblí eile seachas mar adubhradh do chur chun costaisí no aon chuid de chostaisí aon tseirbhíse puiblí den tsórt san d'íoc i bpáirt no go hiomlán, beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle gach ní no éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh le hOrdú:—

(a) socrú dhéanamh chun go leanfar d'aon chostaisí den tsórt san roimhráite no aon chuid acu d'íoc amach as na cistí go bhfuil an céanna iníoctha amach asta anois no atá ionchurtha anois chun an céanna d'íoc i bpáirt no go hiomlán;

(b) gach roinnt a dhéanamh ar chistí puiblí is gá a dhéanamh de dheascaibh cuideanna difriúla d'aon tseirbhís phuiblí den tsórt san do bheith roinnte ar Ranna Stáit difriúla do réir an Achta so;

(c) socrú dhéanamh chun go nglanfar suas agus chun go n-íocfar isteach sa Stát-Chiste, no go socrófar chun tairfe don Stát-Chiste, ar pé slí a cheapfidh an tAire Airgid, an t-iomlán no aon chuid de sna cistí áirithe roinne no de sna cistí puiblí eile go bhfuil na costaisí sin no aon chuid acu iníoctha amach asta go dtí so no atá ionchurtha go dtí so chun na costaisí sin no aon chuid acu, mar adubhradh, d'íoc i bpáirt no go hiomlán, agus a fhaisnéis gur amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí sin ina dhiaidh seo.

Comhacht d'Aire feidhmiú tré Aire eile.

11. —Beidh sé dleathach d'aon Aire, do réir aon tsocrú no aon réitigh a húdaruíodh roimh ré le hOrdú ón Ard-Chomhairle, aon cheann de dhualgaisí no de sheirbhisí puiblí aon Aire eile d'fheidhmiú no do chó-líona mar ghníomhaire don Aire eile sin ach gan freagarthacht an Aire eile sin i riara na seirbhíse puiblí sin do thógaint de.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun seirbhísí puiblí d'athroinnt ar Airí.

12. —(1) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle ó am go ham le hOrdú a ordú go ndéanfar gach ceann no aon cheann de sna Ranna Stáit sin agus gnó agus riara an chéanna do chó-ghléasa ar aon tslí a chífar don Ard-Chomhairle bheith oiriúnach no ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht agus, go sonnrách, aontáin riaracháin dá ngairmfar oifigí (ranna no brainsí) do chruthú, aontáin a bheidh iomlán ionta féin no gan bheith amhlaidh, fé mar a dheabhróidh bheith oiriúnach agus Orduithe dhéanamh a leanfadh de bharr aon scéime có-ghléasa den tsórt san no is gá chun an scéim sin do chur in éifeacht, pé Orduithe is dó leis an Ard-Chomhairle is oiriúnach no is ceart: Ach mar sin féin i gcás aon Roinne Stáit nach ball den Ard-Chomhairle de thurus na huaire an tAire a bheidh os a cionn ní déanfar aon Ordú den tsórt san gan aontú an Aire sin d'fháil ar dtúis.

(2) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle ó am go ham le hOrdú gach ceann no aon cheann de sna seirbhísí puiblí agus na hoifigigh, agus riara, údarás, comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna an chéanna, d'ath-roinnt ar na hAirí agus na Ranna Stáit uile no ar éinne acu in aon tslí is dó leis an Ard-Chomhairle is oiriúnach no is ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht agus Orduithe dhéanamh a leanfadh de bharr na hath-roinnte sin no is gá chun an ath-roinnt sin do chur in éifeacht, pé Orduithe is dó leis an Ard-Chomhairle is oiriúnach no is ceart.

Leagfar Orduithe na hArd-Chomhairle fé bhráid gach Tighe den Oireachtas

13. —Gach Ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é láithreach, agus mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leagtha an Orduithe sin fé n-a bhráid, rún do rith chun an tOrdú san do chur ar nea-mbrí, beidh éifeacht ag an Ordú san fé mar a hachtófí san Acht so é, ach ní oibreóidh aon rún den tsórt san chun dochair do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén Ordú san.

Roinnt cistí ar Airí

14. —Má eiríonn agus nuair eireoidh aon cheist no amhrus i dtaobh roinnt aon tailte, airgid, cistí, no maoine eile a thiocfidh chun bheith ionaistrithe chun aon bheirt Airí no níos mó no chun bheith indílsithe ionta fén Acht so no fé aon Ordú a déanfar fé no de bhua ceachtar acu san, isé an tAire Airgid a réiteoidh an cheist no an t-amhrus san agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

Scríbhinní oifigiúla do dheimhniú.

15. —(1) Nuair a cuirfar ar aon instruimid no scríbhinn é, déanfar séala gach Aire fé leith a bheidh ina cheann ar Roinn Stáit a bunófar fén Acht so do dheimhniú le sighniú an Aire sin no le sighniú duine éigin go mbeidh údarás chuige sin aige ón Aire sin.

(2) Gach scríbhinn a bheidh in ainm bheith ina hordú, no ina hinstruimid eile, a tugadh amach ag Aire atá ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh fén Acht so, agus in ainm bheith séaluithe le séala an Aire sin fé dheimhniú ar an slí roimhráite, no bheith sighnithe ag an Aire sin, glacfar i bhfianaise í agus tuigfar gurb é an tOrdú no an instruimid sin í gan a thuille cruthúnais, mara gcruthuítear a mhalairt.

(3) Má dheimhníonn Aire fé n-a láimh gur ag an Aire sin, no ag an Roinn Stáit a bheidh ceaptha dho de thurus na huaire, no ag aon bhrainse no oifigeach den Roinn sin, a dineadh no a tugadh amach aon ordú no instruimid eile a bheidh in ainm bheith déanta no tugtha amach amhlaidh, beidh an deimhniú san in fhianaise dho-chlaoite ar an ní a deimhníodh amhlaidh.

(4) Chun dleathacht do thabhairt d'aon ordú no instruimid eile (nach dintiúir, leithliú ná instruimid eile nár mhór do réir dlí é shéalú le séala an té a dhéanfadh é dá mba dhuine nár chorporáid a dhéanfadh é) a dhéanfidh Aire a bheidh ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh fén Acht so ní bheidh sé riachtanach de bharr éinní san Acht so, séala oifigiúil an Aire sin do chur ar an ordú no ar an instruimid sin, agus, mara n-iarrtar go soiléir le haon reacht a leithéid sin d'ordú no d'instruimid eile bheith fé shéala is leor mar dheimhniú ar é bheith údarásach sighniú an Aire sin do bheith leis no sighniú an rúnaí, no an oifigigh eile den Roinn Stáit sin, a bheidh údaruithe go cuibhe ag an Aire sin chun orduithe agus instruimidí den tsórt san do dheimhniú.

Beidh séala ag an Ard-Chomhairle

16. —(1) Beidh ag an Ard-Chomhairle séala oifigiúil go dtabharfar áird air go hoifigiúil agus i gcúrsaí breithiúnais.

(2) Nuair a cuirfar ar aon instruimid no scríbhinn é deimhneofar séala na hArd-Chomhairle le sighniú Uachtarán na hArd-Chomhairle no le sighniú an Leas-Uachtaráin no le sighniú rúnaí no oifigigh eile den Ard-Chomhairle go mbeidh údarás chuige sin aige o Uachtarán na hArd-Chomhairle.

(3) Gach scríbhinn a bheidh in ainm bheith ina hOrdú no ina hinstruimid eile, a thug an Ard-Chomhairle amach, agus bheith séaluithe le séala na hArd-Chomhairle fé dheimhniú ar an slí roimhráite, glacfar i bhfianaise í agus tuigfar gurb é an tOrdú no an instruimid sin í gan a thuille cruthúnais, mara gcruthuítear a mhalairt.

(4) Má dheimhníonn Uachtarán no Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle fé n-a láimh gurb í an Ard-Chomhairle a dhin no a thug amach aon Ordú no instruimid eile a bheidh in ainm bheith déanta no tugtha amach amhlaidh beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar an ní a deimhníodh amhlaidh.

Cruthúnas ar Orduithe oifigiúla etc.

17. —Féadfar fianaise prima facie ar aon Ordú, rialachán no instruimid oifigiúil eile, a dineadh no a tugadh amach ag an Ard-Chomhairle, no ag aon Aire a bheidh ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh fén Acht so, do thabhairt i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí ar gach slí no ar aon tslí dá luaidhtear ina dhiaidh seo anso, sé sin le rá:—

(a) tré chóip den Iris Oifigiúil go mbeidh an tOrdú, an rialachán no an instruimid sin in ainm bheith inti do thabhairt i láthair; no

(b) tré chóip den Ordú, rialachán no instruimid sin a bheidh in ainm bheith clóbhuailte fé mhaoirseacht no fé údarás Oifig an tSoláthair do thabhairt i láthair; no

(c) tré chóip no sliocht a thabhairt i láthair a bheidh in ainm bheith deimhnithe mar chóip no mar shliocht dílis, i gcás Ordú, rialachán no instruimid a dhin an Ard-Chomhairle no a thug sí amach, ag rúnaí no oifigeach eile go mbeidh údarás chuige sin aige ó Uachtarán na hArd-Chomhairle, agus i gcás Ordú, rialachán no instruimid a dhin Aire no a thug sé amach, ag rúnaí an Aire sin no na Roinne Stáit gur ceann uirthi é, no ag oifigeach éigin eile go mbeidh údarás chuige sin aige ón Aire dá mbeidh an Roinn Stáit sin ceaptha de thurus na huaire, agus ní bheidh sé riachtanach in aon chás díobh san cruthúnas do thabhairt ar shighniú an rúnaí no an oifigigh sin ná ar é bheith ina rúnaí mar sin dáiríribh ná ar an údarás roimhráite a bheith aige dáiríribh.

Tagairt d'Airí in Achtanna atá ann cheana.

18. —Gach luadh no tagairt atá no a bheidh in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimh an Acht so no a rithfar sa tSiosón so den Oireachtas, no in aon Ordú, riail no rialachán a dineadh no a déanfar fé aon Acht den tsórt san, agus gur luadh é no tagairt d'éinne de sna hAirí a luaidhtear sa chéad cholún den Deichiú Cuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, léireofar é agus ragha sé in éifeacht mar luadh no mar thagairt don Aire, atá ina cheann ar Roinn Stáit a bunuíodh fén Acht so, agus a luaidhtear sa dara colún den Deichiú Cuid sin den Sceideal san os coinne an Aire a luaidhtear sa chead cholún san.

Tuarasgabhála do leaga fé bhráid an Oireachtais.

19. —In aon chás ina n-iarrtar le haon dlí atá ann fé láthair go ndéanfadh aon Bhord Coimisinéirí reachtúil no bord no cólucht reachtúil no puiblí eile no údarás puiblí eile aon tuarasgabháil bhliantúil no tuarasgabháil eile do thíolaca don Lord Lieutenant no don Pháirlimint no do cheann Pháirliminte aon Roinne Stáit tar éis rithte an Achta so déanfar gach tuarasgabháil den tsórt san do thíolaca i dtosach báire don Aire a bheidh ina cheann ar an Roinn Stáit go mbeidh baint aici de thuras na huaire le seirbísí no le feidhmeanna an bhúird, an chóluchta no an údaráis sin, agus más Aire den Ard-Chomhairle de thuras na huaire an tAire sin tíolacfa sé an tuarasgabháil don Ard-Chomhairle, agus cuirfidh an Ard-Chomhairle fé ndeár an tuarasgabháil do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ach marab Aire den Ard-Chomhairle de thuras na huaire an tAire sin cuirfe sé féin fé ndeár an tuarasgabháil do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

20. —(1) Chun gach críche féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i bhfeidhm pé lá a ceapfar le hOrdú ón Ard-Chomhairle go generálta no i gcóir aon fhorála áirithe den Acht so agus féadfar laetheanta difriúla do cheapa chun crícheanna difriúla agus i gcóir forálacha difriúla den Acht so.

(3) I ngach cás, más rud é, sarar ritheadh an tAcht so, go raibh éinne ag gníomhú mar aon Aire no Rúnaí mar a bunuítear leis an Acht so agus ag có-líona na bhfeidhmeanna a ceaptar leis an Acht so dá leithéid, beidh a ghníomhartha chó dleathach agus chó héifeachtúil agus dá mbeadh an tAcht so rithte cheana féin nuair a bhí sé in ainm bheith ag gníomhú amhlaidh.