Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

17 1924

Uimhir 17 de 1924.


ACHT GNÓTHAÍ LEICTREACHAIS (BUANÚ ÉILITHE), 1924.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO LUCHT GNÓTHAÍ ÁIRITHE REACHTÚLA CHUN LEICTREACHAS DO SHOLÁTHAR I SAORSTÁT ÉIREANN BUANA DO DHÉANAMH GO SEALADACH ÓN 31adh LÁ DE LÚNASA, 1923, AR NA MÉADUITHE ATÁ ÚDARUITHE DO dTÍ SO A DHÉANAMH AR NA hÉILITHE A DHINEANN LUCHT NA nGNÓTHAÍ SIN, AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN ATH-SCRÚDÚ DO DHÉANAMH Ó AM GO hAM AR NA hÉILITHE A DHINEANN LUCHT NA nGNÓTHAÍ SIN AGUS LUCHT GNÓTHAÍ EILE DEN tSÓRT SAN I SAORSTÁT ÉIREANN. [15adh Bealtaine, 1924.]

DE BHRÍ gur tugadh leis an Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, comhacht chun atharú sealadach do dhéanamh ar na forálacha reachtúla le n-ar regleáladh na héilithe a fhéadfadh lucht gnóthaí áirithe reachtúla dhéanamh, gnóthaí ar a n-áirítear gnóthaí chun leictreachas do sholáthar, i dtreo go n-údarófí méadú dhéanamh ar na héilithe sin:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh fén Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, sin na hOrduithe iomdha a háirítear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gur húdaruíodh leo fé seach méaduithe áirithe dhéanamh ar na héilithe a fhéadfadh lucht na ngnóthaí leictreachais a hainmnítear sa chéad cholún den Sceideal san a dhéanamh:

AGUS DE BHRÍ go ndeaghaidh na hOrduithe sin uile in éag an 31adh lá de Lúnasa, 1923:

AGUS DE BHRÍ gur lean ón 31adh lá de Lúnasa, 1923, agus go bhfuil ar leanúint fós, na nithe fé ndeár a bheith riachtanach agus ceart méadú dhéanamh ar na héilithe a fhéadfadh lucht an ngnóthaí leictreachais sin a dhéanamh, agus go bhfuil sé oiriúnach dá bhitin sin go gcimeádfí na hOrduithe sin i bhfeidhm ón 31adh lá de Lúnasa. 1923:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach, leis, forálacha dhéanamh chun athscrúdú dhéanamh, fé mar iarrfadh gach cor nua sa chás, ar na hOrduithe iomdha san a háirítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus fós ar gach Ordú a dineadh no a déanfar fén Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, sin, maidir le gnóthaí leictreachais i Saorstát Éireann:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Buanú na nOrduithe a luaidhtear sa Sceideal.

1. —(1) Fé réir na comhachta chun athscrúdú a bronntar ar an Aire leis an Acht so leanfidh i bhfeidhm fé seach, faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm, na hOrduithe iomdha a háirítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) An buanú a dintar leis an bhfo-alt san roimhe seo, sínfe sé siar chun an 31adh lá de Lúnasa, 1923 (dáta na nOrduithe sin do dhul in éag) i dtreo, chun gach críche, go dtuigfar na hOrduithe sin do leanúint i bhfeidhm ar feadh na tréimhse uile idir an dáta san agus am rithte an Achta so, agus gach gníomh agus rud a dineadh i rith na tréimhse sin agus a bheadh dleathach agus dlíthiúil dá mbeadh na hOrduithe sin no aon cheann acu i bhfeidhm an uair sin, tuigfar chun gach críche go bhfuilid agus go rabhdar riamh dleathach agus dlíthiúil.

Féadfidh an tAire Orduithe atá ann cheana d'ath-scrúdú.

2. —(1) I gcás na gcostaisí agus na n-éilithe a héilítear de bhun agus ar scór déanamh agus soláthar leictreachais ag lucht gnó leictreachas do sholáthar i Saorstát Éireann, le n-a mbaineann an Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, agus 'nar dineadh no 'na ndéanfar Ordú ina thaobh fén Acht san (pe'ca luaidhtear an tOrdú sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ná luaidhtear), má chítar agus nuair a chífar don Aire gur dineadh atharú substainteach ortha o dháta an Orduithe sin féadfidh an tAire le hOrdú na héilithe a húdaruíodh leis an Ordú céad-luaidhte d'athscrúdú agus d'atharú ar pé cuma agus fé pé coiníollacha a chífar don Aire bheith ceart agus réasúnta.

(2) Gach lucht gnótha le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo, soláthróid don Aire, aon uair iarrfidh an tAire ortha é, pé eolas, fé dheimhniú ar pé cuma, a iarrfidh an tAire o am go ham maidir le staid airgeadais an ghnótha agus leis na costaisí agus na héilithe a bheidh i bhfeidhm an uair sin de bhun agus ar scór déanamh agus soláthar leictreachais ag an lucht gnótha san.

(3) Roimh Ordú do dhéanamh fén alt so tabharfidh an tAire fógra puiblí, ar pé cuma is dó leis is fearr chun eolas do thabhairt do dhaoine 'nar dócha go mbainfidh an tOrdú leo, a rá go bhfuil sé ar intinn ceist déanamh an Orduithe sin do bhreithniú agus connus a féadfar agus cadé an aimsir gur laistigh di a féadfar aithris cúise agus cur i gcoinnibh do dhéanamh i dtaobh an Orduithe.

(4) Roimh Ordú do dhéanamh fén alt so féadfidh an tAire más rud oiriúnach le déanamh é, dar leis, a chur fé ndeár fiosrú puiblí do dhéanamh i dtaobh éinní a bhaineann le déanamh an Orduithe sin.

(5) Gach Ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so, leanfa sé i bhfeidhm faid a fhanfidh an tAcht so i bhfeidhm mara gcuirtar agus go dtí go gcurfar in ionad an Orduithe sin, Ordú a déanfar ina dhiaidh sin fén alt so.

Míniú ar théarmaí.

3. —(1) San Acht so cialluíonn an focal “Aire” an tAire Tionnscail agus Trachtála.

(2) Gach tagairt san Acht so d'Ordú (pe'ca luaidhtear é sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no ná luaidhtear) a dineadh fén Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, léireofar í mar thagairt don Ordú san fén atharú nó fén leasú a dineadh air le haon fhógra, leitir, no ordú le n-ar hatharuíodh no le n-ar leasuíodh é ina dhiaidh sin agus atá i bhfeidhm de thurus na huaire.

Gearr-theideal agus buaine.

4. —(1) Féadfar an tAcht Gnótha Leictreachais (Buanú Eilithe), 1924, do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1924, agus ragha sé in éag ansan.