22 1924


Uimhir 22 de 1924.


ACHT RÓD-CHISTE (ROIMH-ÍOCANNA), 1924.


ACHT CHUN COMHACHT A THABHAIRT CHUN SUIMEANNA DO ROIMH-ÍOC GO SEALADACH ISTEACH SA RÓD-CHISTE AS AN bPRÍMH-CHISTE, AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN NA SUIMEANNA SAN D'AISÍOC ISTEACH SA PHRÍMH-CHISTE. [28adh Meitheamh, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfar roimhíocanna do dhéanamh isteach sa Ród-Chiste as an bPrímh-Chiste.

1. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, fé réir na teorann a forchuirtear ina dhiaidh seo anso, suimeanna do roimh-íoc isteach sa Ród-Chiste as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, pé suimeanna is gá o am go ham chun an Ród-Chiste do mhéadú go sealadach fé mar a bheidh riachtanach chun go bhféadfidh an Ród-Chiste gach suim d'íoc atá anois, no a bheidh aon tráth roimh an 1adh lá d'Abrán, 1925, ina mhuirear air agus iníoctha as.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a roimh-íocfar isteach sa Ród-Chiste fén alt so, agus a bheidh gan aisíoc aon tráth, thar seacht gcéad go leith míle púnt.

(3) Gach suim a roimh-íocfar fén alt so, maraon le hús uirthi do réir pé ráta a cheapfidh an tAire Airgid, beid mar mhuirear ar an Ród-Chiste agus beid iníoctha as i pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

Féadfidh an tAire Airgid iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

2. —(1) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste fén alt san roimhe seo, no chun na suimeanna a tugadh amach amhlaidh no aon chuid acu d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun aon urrúsanna a tugadh amach fén alt so do ghlana sa mhéid ná fuil socair an glana san do dhéanamh ar aon tslí eile, féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúsanna is cóir dar leis do thabhairt amach, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Déanfar colann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so do chur mar mhuirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis agus beid iníoctha as.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Roimh-Iocanna), 1924 , do ghairm den Acht so.