23 1924


Uimhir 23 de 1924.


ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR)(LEASÚ), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR), 1923 . [28adh Meitheamh, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An bhrí atá le Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an t Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 (Uimh. 24 de 1923) .

Buaine an Phríomh-Achta.

2. —Athghairmtear Alt 4 den Phríomh-Acht leis seo agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh infheidhmithe go dtí an 16adh lá d'Iúl, 1925, agus go dtí san amháin, agus fé réir forálacha eile an Phríomh-Achta, an chomacht chun áitribh do thógaint, maraon leis na fo-chomhachta a ghabhann léi, a bronnadh ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn leis an bPríomh-Acht.

Gearr-theideal agus léiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1924, do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 agus 1924, do ghairm den Acht so agus den Phríomh-Acht le chéile.