An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1924) Ar Aghaidh (CUID II. CUSTUIM AGUS MAL.)

27 1924

ACHT AIRGID, 1924

CUID I.

CAIN IONCUIM.

Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1924-25.

1. —(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, éileofar cáin ioncuim do réir cúig scillinge fén bpunt, agus éileofar barra-cháin i gcóir na bliana san do réir na rátaí seo a leanas:—

Ar scór an chéad dhá-mhíle-punt den ioncum     ...    ...    ...    ...

Dada.

Ar scór na breise os cionn dhá mhíle punt,

In aghaidh gach púint den chéad chúig-céad-punt den bhreis    ...

Scilling agus reul.

In aghaidh gach púint den chéad chúig-céad-punt eile den bhreis    ...

Dhá scilling.

In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis    ...

Dhá scilling agus reul.

In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis    ...

Trí scillinge.

In aghaidh gach púint den chéad mhíle punt eile den bhreis    ...

Trí scillinge agus reul.

In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis    ...

Ceithre scillinge.

In aghaidh gach púint den chuid eile den bhreis    ...    ...    ...

Ceithre scillinge agus reul.

(2) Na forálacha reachtúla iomdha agus na forálacha iomdha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh, i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.

Us d'íoc ar urúsanna Saorstátacha gan cáin do bhaint as.

2. —(1) Féadfidh an tAire Airgid a ordú maidir le haon urúsanna a tugadh amach roimhe seo no a tabharfar amach ina dhiaidh seo fé n-a údarás go dtuigfar iad do bheith tugtha amach no go dtabharfar iad amach fén gcoiníoll go n-íocfar an t-ús ortha gan cáin do bhaint as.

(2) An t-ús ar gach urús a tugadh amach, no a tuigfar a tugadh amach, fén gcoiníoll roimhráite, íocfar é gan cáin do bhaint as, ach beidh gach ús den tsórt san ionmhuirir fé Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus, i gcás aon chistí fé chúram aon chúirte no aon roinne puiblí do bheith súncálta in aon urúsanna den tsórt san, isé an duine 'na bhfuil na hurúsanna súncálta ina ainm an té a bheidh ionmhuirir amhlaidh ar scór an úis a bheidh ortha.

(3) I gcás ús ar aon urús d'íoc fén alt so gan cáin do bhaint as, soláthróidh gach duine le n-a n-íocfar an t-ús san, agus gach duine a gheobhaidh an t-ús san thar ceann duine atá ina shealbhóir chláruithe no inscríbhte ar an urús, agus fós gach duine a ghníomhuigh mar eadarghabhálaí i gceannach an urúis, soláthróid do sna Coimisinéirí Ioncuim nuair a iarrfid sin ortha é—

(a) ainm agus seola an té le n-ar híocadh an t-ús san, no 'na bhfuaradh an t-ús san thar a cheann, agus fios méid an úis a híocadh no a fuaradh amhlaidh, no (fé mar is gá sa chás)

(b) an té gur ceannuíodh an t-urús san thar a cheann agus fios méid an urúis sin.

(4) Cuirfar le Rial I. de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clás so a leanas, sé sin le rá:—

(g) ús ar aon urúsanna a tugadh amach fé údarás an Aire Airgid i gcásanna ina n-íocfar an t-ús san gan cáin do bhaint as.

Saoirse o cháin ar Ioncum Déarcaisí sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

3. —Deonfar saoirse—

(a) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, ar chíosanna agus profidí aon tailte, tionóntachán, ionoighreachtaí, no oighreachtaí is le haon ospidéal, scoil phuiblí, no tigh déirce sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, no atá dílsithe in iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin:

Ach in ainneoin aon tsaoirse den tsórt san do lomháil, ní déanfar glana amach ná atharú ar aon cháinmheas ar na maointe fé seach ach beidh sé i bhfeidhm agus tógfar é;

(b) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, ar aon ús, blianachtaí, dividenda no scaranna de bhlianachtaí, agus o cháin i gcóir na bliana céanna fé Sceideal D den Acht san ar aon ús bliantiúil no íocaíocht bhliantúil eile atá ina chuid d'ioncum aon chólucht daoine no iontaobhacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla amháin no nách féidir a chur ach chun crícheanna déirciúla amháin do réir na rialacha no na rialachán a bunuíodh le hAcht Páirliminte, cairt, aithne, dintiúir iontaobhachta no uacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin;

(c) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, ar aon ús, blianachtaí, dividenda no scaranna de bhlianachtaí atá in ainm iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus nách féidir a chur ach chun deisiú do dhéanamh ar árd-eaglais, coláiste, eaglais no séipeul, no ar fhoirgneamh ná húsáidtear ach chun Dia d'adhra ann, agus sa mhéid go gcuirtar an céanna chun na gcrícheanna san:

Ach ní bhainfidh an t-alt so ach le cás gur leis an ospideul, scoil phuiblí no tigh déirce sin na tailte, na tionóntacháin, na hionoighreachtaí no na hoighreachtaí roimhráite, no go rabhdar dílsithe sna hiontaobhaithe sin, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923, no le cás ina dtáinig an t-ús, na blianachtaí, na dividenda, na scaranna de bhliantachtaí, an t-ús bliantúil no na híocaíochta bliantúla eile as súncála no maoin eile a bhí ar seilbh ag an gcólucht daoine no ag an iontaobhacht no ag na hiontaobhaithe sin, no a bhí fé réir na rialacha no na rialachán san, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923.

Conas an cháin do chur ar bhónus chostas maireachtana.

4. —Chun crícheanna aon mheasa cánach ioncuim i gcóir aon bhliana, a déanfar an 13adh lá de Mheitheamh, 1924, no ina dhiaidh sin, no nár dhin de, roimhe sin, ní ná beadh dul thairis, no chun crícheanna aon luíodú mar gheall ar cháin ioncuim i gcóir aon bhliana, féadfar aon mhéadú no aon bhreis ar aon tuarastal, luach saothair, pinsean, blianacht, no dualgas, i bhfuirm bónus cogaidh, agus aon mhéadú no breis shealadach eile dá shaghas a deonadh i gcoinnibh an mhéaduithe ar an gcostas maireachtana, féadfar agus tuigfar gurbh fhéidir riamh é chur fé cháin mar thuarastal, luach saothair, pinsean, blianacht, no dualgas, pe'ca aca é, agus ní mar fhor-liúntaisí.

Faoiseamh maidir le stuic, scaranna agus cíosanna áirithe.

5. —(1) Einne gur cuireadh cáinmheas agus cáinmhuirear air i gcóir aon bhliain de sna blianta dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1924, an 5adh lá d'Abrán, 1925, agus an 5adh lá d'Abrán, 1926, fé seach, ar scór ioncuim as stuic, scaranna, no cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann fé sna rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar a leasuíodh é le halt 12 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ), agus má deir sé agus go gcuirfe sé ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, ar an gcuma a foráltar leis an alt so, iomlán an ioncuim a bhí aige as na stuic, na scaranna no na cíosanna san an bhlian sin do bheith breis agus fiche per cent. níos lú ná an meán-ioncum gur dineadh, no gur cheart go ndéanfí, cáinmheas agus cáinmhuirear do chur air dá réir ar scór na stoc, na scaranna, no na gcíosanna san, beidh teideal aige chun aisíoc oircad den cháin d'íoc sé agus is có-ionann leis an difríocht idir méid na cánach a híocadh amhlaidh agus an méid a híocfí amhlaidh dá mba do réir iomlán an ioncuim a bhí aige as na stuic, na scaranna, no na cíosanna san an bhliain sin a cuirfí cáinmheas agus cáinmhuirear air.

(2) Isé cuma ina ndéanfar gach éileamh fén alt so ná tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do chigire na gcánach agus mioninnste ann ar iomlán an ioncuim a tháinig as na stuic, na scaranna no na cíosanna san i gcóir bliain an cháinmheasa agus i gcóir gach bliain de sna trí bliana roimh bhliain sin an cháinmheasa, agus beidh teideal ag na Coimisinéirí Ioncuim chun glaoch ar pé fianaise is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a fháil amach a bhfuil na mion-innste sin fíor.

(3) Déanfar gach éileamh fén alt so laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chun athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cháinmheasa go mbeidh an t-éileamh á dhéanamh ina thaobh no laistigh de dhá mhí dhéag o dheire na bliana le n-a mbaineann an cáinmheas, pe'ca aca is déanaí.

(4) Einne a dhéanfidh éileamh fén alt so agus a bheidh míshásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim air beidh ceart aige chun athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ar an athchomharc san.

Luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc.

6. —(1) Má tá sé de chúram ar dhuine aon ús, dividenda, no íocaíochtaí bliantúla eile d'íoc is iníoctha amach as aon ioncum puiblí seachas ioncum Shaorstáit Éireann no ar scór stocanna, cistí, scaranna, no urúsanna aon chuideachtan, cumainn, fionntair no gnótha choigríche, agus go gco-líonfa sé na coiníollacha atá orduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fé fho-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , beidh teideal ag an duine sin chun pé luach saothair gur socruíodh ina chóir le Riail 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, maidir le hús, etc., 'na bhfuil sé de chúram ar dhaoine eile seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta iad d'íoc.

(2) Déanfar Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léigheamh i gcomhnaí ina dhiaidh seo fé mar a hachtófaí an fo-alt san roimhe seo an uair a hachtuíodh an Riail sin 7.

(3) In ainneoin éinní contrárdha dho in aon achtachán, tuigfar Banc na hÉireann do bheith ina dhuine go bhfuil sé de chúram air dividenda d'íoc do réir brí na Rialacha a bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, maidir le hús, etc., 'na bhfuil sé de chúram ar dhaoine eile seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta iad d'íoc, agus má dhineann Banc na hÉireann gach ní go n-éilítear leis na Rialacha san go ndéanfí é ag duine go mbeadh sé de chúram air dividenda d'íoc beidh luach saothair iníoctha le Banc na hÉireann do réir forálacha Riail 5 de sna Rialacha san.

(4) Má dhineann Banc na hÉireann gach saghas ní is gá chun go bhféadfar an cháin do mheas agus d'íoc ar scór Stocanna de chuid an Rialtais Bhriotáinigh agus stocanna de chuid na hIndia atá inscríbhte ina leabhair i mBaile Atha Cliath, gheobhaidh an Banc mar luach saothair liúntas a háireofar do réir an méid dividenda a híocadh ar scór na stoc san gur baineadh an cháin asta agus a shocróidh an tAire Airgid.

(5) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm i dtosach feidhm an Achta Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , agus éifeacht do bheith aige o shin i leith.

Cuirfar Rialacha an Chéad Sceidil le Sceideal C den Income Tax Act, 1918.

7. —(1) Déanfar na Rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, i ndeire na “Rules applicable to Schedule C,” agus léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar chuid de sna Rialacha san.

(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm i dtosach feidhm an Achta Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , agus éifeacht do bheith aige o shin i leith.

Faoiseamh ar scór earráide no dul amú.

8. —(1) Einne d'íoc cáin a héilíodh fé mheas cánach ioncuim a dineadh i gcóir aon bhliana áirithe fé Sceideal D, no do réir na Rialacha a bhaineann leis an Sceideal san, má deir sé go raibh an meas ró-árd de dheascaibh earráide no dul amú éigin sa chuntas no sa ráiteas a dhin sé i gcóir an cháinmheasa, féadfa sé faoiseamh d'iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí Ioncuim aon uair nách déanaí ná trí bliana tar éis déire na bliana cáinmheasa gur dineadh an cháinmheas ina cóir.

(2) Ar fháil aon iarratais den tsórt san do sna Coimisinéirí Ioncuim féachfid isteach sa scéal agus, fé réir forálacha an ailt seo, tabharfid mar aisíoc pé faoiseamh (maraon le haon fhaoiseamh dá bharr san o bharra-cháin) is ceart agus is réasúnta ar scór na hearráide no an dul amú:

Ach ní tabharfar aon fhaoiseamh fén alt so ar scór earráide ná dul-amú maidir leis an mbun ar ar cheart fiachas an iarratasóra do chomhreamh más rud é gur dineadh an cuntas no an ráiteas ar an mbun no do réir an chleachta ba ghnáth nuair a dineadh an cuntas no an ráiteas.

(3) Ag tabhairt breithe ar aon iarratas fén alt so do sna Coimisinéirí Ioncuim, tabharfid aire do gach ní a bhaineann leis an gcás, agus go sonnrách breithneoid ce'ca thiocfadh as an bhfaoiseamh do dheona, no ná tiocfadh, go saorfí aon chuid de phrofid no d'ioncum an iarratasóra o mhuirear cánach ioncuim no barra-chánach, agus chuige sin féadfidh na Coimisinéirí fiachas an iarratasóra agus cáinmheasa a dineadh air i gcóir blianta eile do chur san áireamh.

(4) Einne ar a ngoillfidh an bhreith a thabharfidh na Coimisinéirí Ioncuim ar iarratas uaidh fén alt so, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta, tar éis fógra thabhairt i scríbhinn do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de lá is fiche tar éis dóibh-sean a mbreith do chur in úil do.

(5) Leis sin déanfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-athchomharc d'éisteacht agus breith do thabhairt air do réir na bprínsiobal is inleanta ag na Coimisinéirí Ioncuim agus iad ag tabhairt breithe ar na hiarrataisí fén alt so agus fé réir na bprínsiobal san, agus déanfid san fé mar a déanfí é i gcás athchomhairc a déanfí chúcha i gcoinnibh cáinmheasa fé Sceideal D agus na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a leithéid d'athchomharc (áirítear ortha san na forálacha a bhaineann le cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ar phonc dlí ach ní háirítear ortha forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918) bainfid leis an gcás dá réir sin ach pé atharuithe is gá do dhéanamh ortha:

Ach ní bheidh ceart ag an athchomharcach ná ag na Coimisinéirí Ioncuim chun a éileamh go ndéanfí cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ach ar phonc dlí a eireoidh maidir le profid no ioncum do chomhreamh.

Leasú ar alt 8 den Acht Airgid, 1923 .

9. —Léireofar alt 8 den Acht Airgid, 1923 , agus beidh éifeacht aige, agus tuigfar gur léiríodh riamh é agus go raibh éifeacht riamh aige, fé is dá gcuirtí na focail “tax upon” ann roimh an bhfocal “such” sa dara háit ina bhfuil an focal san san alt san.

Leathanú ar bhaint alt 149 den Income Tax Act, 1918.

10. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, bainfidh alt 149 den Income Tax Act, 1918, le breith o bhreacthóir no o bhreitheamh cúirte contae do réir alt 196 den Acht san fé mar a bhaineann sé le breith o sna coimisinéirí generálta no o sna coimisinéirí speisialta.

(2) I ngach cás ina n-éileoidh éinne ar bhreacthóir no ar bhreitheamh cúirte contae fé údarás an ailt seo cás d'aithris agus do shighniú chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil air, cuirfidh an duine sin chun clárathóir an bhreacthóra no an bhreithimh chúirte contae an fógra i scríbhinn nách foláir a chur chun cléireach na gcoimisinéirí fé mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918.

(3) In aon chás den tsórt san roimhráite íocfar le clárathóir an bhreacthóra no an bhreithimh chúirte contae an táille nách foláir a íoc le cléireach na gcoimisinéirí fe mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918.

(4) Léireofar fo-alt (4) den alt san 149 agus beidh éifeacht aige fé mar a cuirfí isteach sa bhfo-alt san—

(a) na focail “or the determination of the recorder or county court judge” tar éis an fhocail “commissioners,” agus

(b) na focail “or has” tar éis an fhocail “have.”

(5) Na focail “and his determination thereon shall be final and conclusive” atá i bhfo-alt (2) d'alt 196 den Income Tax Act, 1918, scuirfid d'éifeacht do bheith aca chó fada is táid buniscionn leis an alt so ach ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile.

Comhacht don bhailitheoir chun dlí do chur mar gheall ar cháin ioncuim i gcásanna áirithe.

11. —(1) Sa chás nách mó ná £300 an tsuim atá dlite ar scór cánach a cáinmheasadh go cuibhe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfidh bailitheoir na gCoimisinéirí Ioncuim, no oifigeach eile dhóibh dar húdaruíodh go cuibhe an cháin sin do bhailiú, féadfa sé dlí do chur ina aimn féin sa Chúirt Chuarda, ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid II. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , chun an tsuim sin atá dlite amhlaidh d'fháil mar fhiacha atá dlite don Aire Airgid.

(2) Sa chás nách mó ná £25 an tsuim atá dlite ar scór cánach a cáinmheasadh go cuibhe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim féadfidh bailitheóir na gCoimisinéirí Ioncuim, no oifigeach eile dhóibh dar hudaruíodh go cuibhe an cháin sin do bhailiú, féadfa sé dlí do chur ina ainm féin sa Chúirt Dúithche, ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , chun an tsuim sin atá dlite amhlaidh d'fháil mar fhiacha atá dlite don Aire Airgid.

(3) In aon imeacht a bhunóidh bailitheoir no oifigeach eile fén alt so, má tugtar i láthair dúbláid an bhailitheora den cháinmheas no cóip den dúbláid sin atá in ainm bheith deimhnithe mar fhíor-chóip ag oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim beidh san ina fhianaise dhochlaoite ar an gcáin do bheith cáinmheasta go cuibhe.

(4) Beidh costaisí aon imeachta den tsórt san roimhráite fé réir na dlí agus an chleachta a bhaineann le costaisí a leithéid eile sin d'imeacht chun gnáthfhiacha síbhialta den mhéid chéanna do bhaint amach sa Chúirt chéanna.