An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Scála de Rátaí Diúité Estáit.)

27 1924

ACHT AIRGID, 1924

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha a cuirfar leis na Rialacha a bhaineann le Sceideal C.

Rialacha i dtaobh úis, &c., is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann tré Bhanc Náisiúnta na Talmhan.

1. Maidir le haon ús, blianachtaí, dividenda, no scaireanna de bhlianachtaí, is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann agus a tugadh do Bhanc Náisiúnta na Talmhan le híoc no le roinnt, seachadfidh an Banc san do sna coimisinéirí speisialta, nuair a bheidh aon íoc dlite, cuntaisí fírinneacha i leabhair a soláthrófar i gcóir—

(a) gach úis, blianachta, dividenda, no scair de bhlianacht a tugadh do le n'íoc leis na daoine go bhfuil teideal acu chuige;

(b) suim na cánach is ionmhuirir ar gach ceann de sna rudaí sin do réir an ráta a bheidh i bhfeidhm am an íoctha gan baint aisti ach fé mar a ceaduítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim.

2. Sna cuntaisí sin déanfar cuntas fé leith gach duine d'idirdhealú.

3. Beidh gach comhacht riachtanach ag na coimisinéirí speisialta maidir le scrúdú, iniúcha, seiceáil agus réiteach na leabhar agus na gcuntaisí roimhráite, agus déanfid an t-ús, na blianachtaí, na dividenda agus na scaireanna de bhlianachtaí do cháinmheas agus do mhuirearú do reir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm am an íoctha ach suim na saoirsí a lomhálfid (má lomhálaid iad) de luíodú ortha, agus tabharfid fógra do Bhanc Náisiúnta na Talmhan i dtaobh an mhéid a cáinmheasadh agus a muirearadh amhlaidh.

4. Sara ndinidh Banc Náisiúnta na Talmhan aon íoc cimeádfidh an Banc méid na cánach chun críche na nAchtanna Cánach Ioncuim.

5. Tuigfar cimeád an mhéide sin do bheith ina íoc cánach a dhin na daoine go raibh teideal acu chun an úis, na mblianacht, na ndividenda, no na scaireanna de bhlianachtaí, agus lomhálfa siad-san é nuair a gheobhaid iarsma na nithe sin agus tabharfar adhmáil agus saora do Bhanc Náisiúnta na Talmhan ar shuim is ionann agus an méid a cimeádadh fé is dá n-íoctí an tsuim sin dáiríribh.

6. Íocfar leis an Ard-Chuntasóir Ioncuim aon airgead a cuirfar i leataoibh agus a cimeádfar amhlaidh.